Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
faoi bhagairt under threat
" Ar thaobh amháin, tá daoine saor ó bhrúidiúlacht - is féidir siúl de ló nó d'oíche, gan brath faoi bhagairt, murab ionann agus i gcathracha eile - ach ar an taobh eile bhraith sí go raibh srianta uafásacha ar mhná pósta.
ag bagairt ar threatening
" Cén fáth? An raibh an foirgneamh i mbaol titim? An raibh galar tógálach, marfach ag bagairt ar mhuintir na scoile? An raibh a bpáistí i gcontúirt? An raibh an áit ar snámh le francaigh? Ní raibh.
faoi bhagairt under threat
" Réimse eile ina mbíonn an phríobháideacht faoi bhagairt ná nuair a bhíonn earraí á gceannach nó gnó bainc á dhéanamh thar an idirlíon.
bagartha threat
" Ní thig leat? Sin mar bhí an RUC le linn na bagartha seo, mar sin a bhí ann - foláireamh do Chaitlicigh agus do Rialtais na hÉireann agus na Breataine go raibh an tsíocháin faoi chomaoin ag an UDA agus nach bhféadfadh nó nach dtiocfadh leis an RUC cur ina éadan.
bagairt threat
" Nuair a chuala na paisinéirí nua é seo, rinne siad bagairt ar an gcaptaen agus dúirt siad nach dtiocfaidís ar ais go dtí an Indinéis.
ag bagairt threatening
" Ní cúis iontais é na heolaithe a bheith ag iarraidh a fháil amach an bhfuil sé ag bagairt arís.
bagairt threat
" Ní bhraitheann na hIodálaigh bagairt rómhór go fóill ach d'fhéadfadh sin athrú sa todhchaí.
ag bagairt threatening
" Anois tá focal úr a thosaíonn le D ag bagairt bac a chur ar an phróiseas achrannach síochána - *disbandment*.
bagairt threat
"bagairt eile ann sa mhéid is go bhféadfadh conraitheoir tógála teacht isteach sa gceantar agus slám mór tithe a thógáil agus go mbeadh an Béarla i réim.
ag bagairt chogaidh threatening war
" Tá SAM ag bagairt chogaidh ar an Iaráic.
bagairt threat
" Dúirt sé fosta go bhfuair sé bagairt roimh an ócáid ó na faisistithe, ach is léir go ndeachaigh siad i bhfolach nuair a chuala siad ceol na mbannaí ag druidim leo.
ag bagairt orainn threatening us
" Páistí ag éirí níos raimhre i mórán chuile thír atá "forbartha", agus fadhbanna móra sláinte ag bagairt orainn amach anseo.
bhagairt threat
" Nuair a chuirtear san áireamh na nithe atá curtha in iúl ag Daily, tá go leor daoine i Nua-Eabhrac ag cur ceiste an bhfuil grúpa mar VOTF, a bhfuil moltaí chomh réasúnta sin acu, ina bhagairt chomh mór sin ag an Eaglais Chaitliceach, i ndáiríre.
bhagairt ar threat against
" Dúirt an Príomh-Aire John Howard i dtosach nach raibh aon rabhadh faighte ag an rialtas faoi bhagairt ar Bhali.
bagairt threat
" Ní dóigh liom go bhfuil bagairt mhór ar bith air, amach ó bhagairt an Bhéarla.
luathscor a bhagairt air threatening him with early retirement
" Ní mó ná sásta a bhí an tEagarthóir Ó Doornail le Fathach na Súile Nime le tamall anuas agus bhí sé i ndiaidh luathscor a bhagairt air.
bhagairt threat
" Ní náisiúnaithe atá á rá seo - tá an bhagairt ag teacht uathu sin atá ag tabhairt seanmóirí dúinn ar thosaíocht a thabhairt don phróiseas daonlathach.
atá á bhagairt which is being threatened
" Tá deighilt mhór i bpobal na hAstráile faoin gcogadh seo atá á bhagairt.
ag bagairt ar an Astráil threatening Australia
" Tá daoine míshásta freisin go bhfuil an iomarca airde ag an rialtas ar an Iaráic, tír nach bhfuil ag bagairt ar an Astráil.
luathscor a bhagairt air threatening him with early retirement
" Ní mó ná sásta a bhí an tEagarthóir Ó Doornail le Fathach na Súile Nime le tamall anuas agus bhí sé i ndiaidh luathscor a bhagairt air.
faoi bhagairt anois í féin under threat itself
" Chíonn siad sin atá bainteach leis an chlár seo an íoróin atá ag baint leis an dóigh a bhfuil áit atá in ainm is faoiseamh a thabhairt ón sceimhlitheoireacht faoi bhagairt anois í féin ag foréigean den chineál céanna.
atá á bhagairt which is being threatened
" "Faoi láthair níl mé róbhuartha faoin chogadh atá á bhagairt i gcoinne na hIaráice," a dúirt Ciara Walsh óna teach cónaithe i mBéal Feirste.
go dtiocfaidh maolú ar an bhagairt seo that this threat will abate
" Tá Cummiskey, mar aon le go leor daoine eile, ag súil go dtiocfaidh maolú ar an bhagairt seo, sa dóigh is gur féidir leis an páistí ó Bhéal Feirste agus iad siúd atá ag tabhairt aire dóibh sult a bhaint as a n-am luachmhar le chéile.
ag bagairt ar sheandaoine threatening old people
" Nuair a d'eisigh na Coimisinéirí Ioncaim litreacha ag bagairt ar sheandaoine agus ag cur ina leith go raibh cuntais rúnda bainc acu, chuaigh daoine i dteagmhail leis an chlár.
bhagairt ollmhór a great threat
" Cuireann siad ceist atá simplí go leor: Céard a tharlóidh má thagann sé chun solais an t-am sin gur cuireadh tag bréagach ar bheithíoch chun é a dhíol? Nach bhfuil sé beagáinín rómhall le bheith buartha faoi? Go híorónta, tá préamhacha an aighnis sa ngalar crúibe is béil a bhí ina bhagairt ollmhór ar gheilleagar na tíre tá dhá bhliain ó shin.
bagairt eile another threat
" Níor gortaíodh Gina Adair ná na páistí, Natalie (16), Chloe (8) agus Jay (4) san ionsaí, agus cé gur eisigh an UFF bagairt eile in aghaidh an teaghlaigh an lá dár gcionn, dúirt na póilíní i mBolton nach raibh cúis scaoill ann.
bagairt threat
" Chonacthas domsa gur bagairt a bhí anseo; d'eisigh an NATFHE agus UNISON ráiteas faoin chás roimh an Nollaig ach sheol sé ríomhphost chugamsa amháin.
bhagairt threat
" An teoiric atá aige ná go bhfuil tréimhse ama ar an taobhlíne níos fearr mar bhagairt in aghaidh mí-iompair ná cárta buí leis féin toisc go dtéann pionós láithreach ar an imreoir a dhéanann feall "gairmiúil" cuir i gcás.
bagairt threat
" D'inis mé an scéal an mhí seo caite faoi mo chás dlí in aghaidh Skelmersdale College; mhaslaigh bainisteoir de chuid an choláiste na hÉireannaigh ag cruinniú ag tús mhí na Nollag seo caite agus thug Ian Farmer tacaíocht dósan agus rinne sé bagairt ormsa nuair a rinne mé gearán faoin mhéid a tharla.
faoi bhagairt under threat
" Bhíodh an clár i gcónaí faoi bhagairt chuile uair a cuireadh sceideal nua na gcláracha i bhfeidhm.
leis an bhagairt a threisiú to make the threat stronger
" Bhí siad chomh corraithe agus chomh dáiríre sin is gur thiontaigh siad ar an Bhéarla leis an bhagairt a threisiú.
bagairt threat
" Tá an foréigean ag leanstan ar aghaidh, tá bagairt an fhoréigin i gcónaí san aer ach ar scála i bhfad níos lú.
faoi bhagairt threatened
" Nuair a bhíonn tú faoi bhagairt san obair, éiríonn tú tinn de sin.
bagairt threat
" Tá Sinn Fein in éadan úsáid ar bith nó bagairt ar bith fórsa le haghaidh cúiseanna polaitiúla, a dúirt sé.
faoi bhagairt under threat
" Bhíodh an clár i gcónaí faoi bhagairt chuile uair a cuireadh sceideal nua na gcláracha i bhfeidhm.
faoi bhagairt under threat
" Stáidéar daonna a bhí ann agus rith sí ina threo ag screadaíl, "Tá sé graosta!" Tá an taispeántas faoi bhagairt agus an saothar á chosaint ag gardaí ó shin i leith.
bagairt na sceimhlitheoireachta the threat of terrorism
" Is é an tátal a bhaineann siad as an staidéar ar fad ná gur mó i bhfad an chontúirt do shlándáil náisiúnta na Stát Aontaithe a eascraíonn as athruithe san aeráid ná bagairt na sceimhlitheoireachta, agus gur chóir do na Stáit Aontaithe déileáil leis mar ghéarchéim shlándála - ní mar argóint theibí idir an lucht glas agus lucht na dtionscal mór.
faoi bhagairt under threat
" Ní hamháin sin ach tá teagascóirí, bainisteoirí agus lucht eagraithe foirne faoi bhagairt agus faoi bhrú le faitíos go ndéanfaidís rud ar bith as bealach, cuma cé chomh beag.
ag bagairt foréigin threatening violence
" Duine é a d'fhág ina dhiaidh clúid an bhaile agus, a luaithe a bhí sé ina aonar, a lig scread as a mheabhródh ainmhí dúinn: madra a mbeadh fearg air agus a bheadh ag bagairt foréigin ar an saol, nó a bheadh i bpianaigh, nó an dá rud.
bagairt threat
" Ach, ó thaobh na n-aontachtach de, is bagairt é Caitliceach ar bith a bheith ina chónaí i gceantar s'acu.
faoi bhagairt under threat
" " Bíonn leithéidí an IDA ag baint úsáide as nathanna ar nós "*going up the food chain*" agus iad ag iarraidh a thabhairt le fios gur cheart do chomhlachtaí níos mó béime a chur ar an taighde agus ar an bhforbairt, agus earraí nó seirbhísí costasacha a sholáthar seachas leanacht leis an múnla traidisiúnta atá faoi bhagairt mar gheall ar iomaíocht ó oirthear na hEorpa agus ón Áis.
ag bagairt an domhain threatening the world
" Bhain sé sin go háithrid leis an eolas a cuireadh ar fáil faoi na "hairm ollscriosta" a dúradh a bhí ag an Iaráic agus a bhí ag bagairt an domhain.
ag bagairt brandishing
" Rith beirt ghadaithe isteach sa iarsmalann díreach roimh mheán lae agus, a fhad is a bhí duine acu ag bagairt gunna ar na gardaí agus ar na cuairteoirí, bhí duine eile acu ag tarraingt na bpictiúr *An Scréach *agus *Madonna *anuas ón bhalla.
bhagairt báis death threat
" Cháin an t-údar an marú agus bhí uirthi féin an Iordáin a fhágáil faoi dheifir tar éis bhagairt báis.
ag bagairt go n-aistreoidh siad threatening that they'll move
" Go hiorónta, bíonn na bainisteoirí céanna de shíor ag gearán faoi chostas na hoibre (tuarastail, árachas sláinte, srl) a bheith i bhfad ró-ard sa nGearmáin agus iad ag bagairt go n-aistreoidh siad go Poblacht na Seice nó áit ar bith eile a mbeidh an obair níos saoire - rud atá á dhéanamh acu go fonnmhar le blianta beaga anuas.
Thagair sé do bhagairt a deineadh ar a bheatha he referred to a threat to his life
" Thagair sé do bhagairt a deineadh ar a bheatha, agus d'oifig a fhoirne i gCarraig Fhearghusa i gContae Aontroma a dódh cúpla bliain ó shin.
bagairtí threats
" Ach tá contúirtí i ndán di agus í ag dul i ngleic leis an iniúchadh; agus i ngan fhios dá fear céile, Pat, tá bagairtí eile ag méadú ar a ngrá pósta.
cloigíní bagartha alarm bells
" Bhí na cloigíní bagartha ag bualadh i gcaint a bhí le tabhairt ag an Státrúnaí Paul Murphy ag Ardfheis Pháirtí Lucht Oibre na Breataine.
bagairt threat
" Is léir go ndeachaigh bagairt an rialtais i bhfeidhm go mór ar dhaoine a bhfuil morgáistí acu.
bagairt threat
" Tá sé deacair a thuiscint nach bagairt é an dátheangachas nó nach ndéantar damáiste do cheachtar teanga.
ag bagairt ar threatening
" Nuair a bhí tuilte móra ag bagairt ar an chathair, thóg an t-easpag a ráca agus d’athraigh sé cúrsa na habhann.
bagairt threat
" Is cosúil gurb é an chosaint a bheas acu go ndearnadh bagairt go marófaí a muintir mura mbeidís sásta na drugaí a iompar.
fógraí bagartha threatening signs
" Agus cad atá le tairiscint againne in Éirinn ach sconsaí, sreang deilgneach agus fógraí bagartha? Ní fiú cac an diabhail cosáin siúlóide na hÉireann.
bhagairtí dlí legal threats
" Chuirfeadh sé sin na feirmeoirí ar a suaimhneas faoi bhagairtí dlí.
faoi bhagairt under threat
" Tá an Astráil faoi bhagairt ag namhaid nua ach ní gunna ná buama atá i gceist ach víreas.
bhagairt threat
" Mar sin féin, níor mhiste i mo thuairimse srian a chur ar chuairteoirí ar bhonn sealadach go dtí go gcuirfear an bhagairt faoi smacht.
bagairtí threats
" Ba bheag le Balor a chuid bagairtí agus ar *Beo ar Éigean* ar dtús a léigh an domhan mór is a mháthair gur gháir Keano oíche amháin.
bagairt threat
bagairt threat
" Tá borradh faoin pháirtí faoi láthair agus bagairt dá réir ann do Fhianna Fáil agus don Lucht Oibre ach go háirithe.
ag bagairt ar chearta daonna threatening human rights
" Ba í an teachtaireacht bholscaireachta ba dhuibhe a bhí ag na Liobrálaigh ná gur dhream iad Harper agus an eite dheas atá ag bagairt ar chearta daonna trí shrian a chur le saoirse mhná a hintinn féin a dhéanamh suas faoi ghinmhilleadh agus trí cheist cead pósta a bheith ag lánúineacha aeracha a athoscailt.
bagairt threat
" Mhaígh an tAire ag an am go raibh láncheart aige an comhad seo a sceitheadh mar gur mheas sé gur bagairt do shlándáil an Stáit a bhí i gceist.
bagairt threat
" Fiú má bhaineann an GPA a gcuid aidhmeanna amach ach gan íocaíocht ar son imeartha ina measc, an mbeidh suim ag an chéad ghlúin eile d’imreoirí sa chúis? Cibé scéal é, tá uachtarán nua-tofa CLG ag tabhairt le fios go bhfuil sé féin an-dáiríre faoin mbagairt, mar a fheiceann sé é, ón GPA maidir le himreoirí ag fáil íocaíochta as ucht imirt dá gcontae.
ag bagairt ar threatening
" 8 milliún, anois os cionn líon na ndaoine gorma, agus táthar ag rá nach fada anois go mbeidh siad ag bagairt ar na "hAngla-Mheiriceánaigh" go polaitiúil.
ag baint suilt as na bagairtí enjoying the threats
" Scrios siad Páirtí Aontachtach Uladh agus David Trimble – agus tá siad anois ag fanacht leis na chéad scoilteanna i monailit an DUP a fheiceáil (agus tá siad le feiceáil cheana), agus iad ag baint suilt as na bagairtí atá Peter Hain a dhéanamh.
ag déanamh na bagartha domhanda sceimhlitheoireachta making the global terrorism threat
" D’fhoilsigh rialtas Mheiriceá Measúnú Náisiúnta Faisnéise le déanaí ag tabhairt le fios go raibh an cogadh san Iaráic ag tabhairt ugaigh d’antoiscigh timpeall an domhain agus ag déanamh na bagartha domhanda sceimhlitheoireachta ní ba mheasa.
fógraí bagartha threatening notices
" Ní fheiceann tú na fógraí bagartha atá coitianta in Éirinn, a bhfuil cuid acu déanta ag eagraíochtaí feirmeoireachta mar an ICMSA.
bagairt an fhoréigin the threat of violence
" Ach, ag an am chéanna, agus muid anois ag amharc siar ar an rud, tá cosaint le déanamh ar an bharúil nach mbeadh oiread bainte amach ach go b’é go raibh foréigean nó bagairt an fhoréigin ann agus b’fhéidir go bhfuil sé sin fíor fosta.
bainteach leis an mbagairt involved in the threat
" D’fhógair coimisinéir na bpóilíní go rabhthas ag fiosrú an bhféadfaí cás ceannairce a thabhairt in aghaidh Bainimarama agus aon duine eile a bhí bainteach leis an mbagairt in aghaidh an rialtais.
bagairt a dhéanamh go n-athróidís dath a gcuid léinte threatening that they'd change the colour of their shirts
" freagra sin, mar aon le cuid mhór *fecks* agus *jaysuses*, i ndiaidh do mhuintir Fhianna Fáil sa bhaile beag Galltachta sin bagairt a dhéanamh go n-athróidís dath a gcuid léinte mura bhfaighidís cinneadh de réir a dtola? Bhuel, a Éamó? Fírinne ar bith?” “Céad slán le Bóthar Lansdún, leis an áit sin a ghineadh agus a ghineann fós amhras agus meascán mearaí faoi Éirinn, faoi Phoblacht na hÉireann, faoi *Norn Ire’and*, agus faoin teorainn féin – go ndéana Dia grásta uirthi.
faoi bhagairt under threat
" Cén fáth a bhfuil an teanga áirithe sin faoi bhláth agus an Ghaeilge faoi bhagairt mar theanga phobail?“Ní raibh an Ghaeilge ach céim amháin, ó thaobh na tíreolaíochta de, ar shiúl ón mBéarla, agus bhí sí faoi dhorn Shasana.
bagairt bháis death threat
" Chuir Kirkham agus a chomhghleacaithe an plean faoi bhráid an Choimisiúin Neamhspleách Faireacháin (CNF) ach ní luaithe a bhí cruinniú eatarthu ná fuair Kirkham bagairt bháis ón UDA “maith”, an dream a bhfuil an rialtas ag déileáil leo.
mar gheall ar bhagairt an Naitsíochais, because of the threat of Nazism,
" Is garmhac é de sheanmháistir na síceolaíochta Sigmund Freud agus, cé gur saolaíodh i mBeirlín i 1922 é, bhog an teaghlach go Londain i 1933 mar gheall ar bhagairt an Naitsíochais, agus is i Sasana a fuair sé a chuid oiliúna agus a bhfuil cónaí air go fóill.
an bhagairt is mó the biggest threat
" “Is é an t-arm is géire in armlann Gharage, an bhagairt is mó a d’fhéadfadh Ó Mórghuth a chur ar dhuine ar bith, ná go gcaithfeadh sé uair a chloig ag caint leis nó léi mura gcaithfidís vóta dó.
bagairt threat
" Téann siad sa tóir ar chontúirt, agus taitníonn aon ghníomhaíocht leo a bhfuil baint aici le téististéarón – bíodh sé gnéas nó bagairt ar shaol.
ní hamháin mar gheall ar na bagairtí báis a fuair mé, not only because of the death threats that I received
" Bhraith mé go mór faoi ionsaí – ní hamháin mar gheall ar na bagairtí báis a fuair mé, ach mar gheall ar gur bhraith mé gur loic m’fhoireann eagarthóireachta orm go huile is go hiomlán.
rud éigin ina bhagairt do shíocháin dhomhanda, something which is a threat to world peace
" Measaim go mbíonn sé de cheart ag an stát úsáid a bhaint as foréigean i gcúinsí áirithe – má tá rud éigin ina bhagairt do shíocháin dhomhanda, cuir i gcás.
ar an chineál bagartha agus sceoin on the kind of threat and terror
" Athrá a bhí sa tuairimíocht seo ar an chineál bagartha agus sceoin a cuireadh os ár gcomhair le linn an fheachtais roimh an dara reifreann ar Chonradh Nice.
bagairt threat
" ” Chomh maith leis sin, mar gheall ar go ndealraíonn sé go bhfuil na caighdeáin maidir le hinrianaitheacht bó agus cosaint in aghaidh galar easnamhach sa Bhrasaíl, d’fhéadfadh ainmhithe de chuid na tíre sin a bheith ina mbagairt do bheostoc Eorpach.
gurbh éigean don bhrúghrúpa pleanála Airdeall an dlí a bhagairt ar Chomhairle Contae na Gaillimhe that the planning pressure group Airdeall had to threaten legal action against Galway County Council
" ” Tuigtear dom gurbh éigean don bhrúghrúpa pleanála Airdeall an dlí a bhagairt ar Chomhairle Contae na Gaillimhe ar chúpla ócáid nuair nach raibh siad sásta an socrú dlí a shíniú, ainneoin go raibh an forbróir sásta a leithéid a dhéanamh.
stop a chur leis an bhagairt mhór don teanga to stop the big threat to the language
" D’éirigh leis go pointe stop a chur leis an bhagairt mhór don teanga ó chomaitéirí as baile isteach.
faoi bhagairt an fhoréigin under threat of violence
" Ba í an teachtaireacht eile a theastaigh uathu a chur in iúl ná nach bhfuil comhionannas iomlán bainte amach acu san Astráil sa chaoi is go mbítear ag déanamh leithcheala orthu go fóill agus go mbraitheann cuid acu faoi bhagairt an fhoréigin in amanna.
bagairt threat
" Mhaígh na póilíní, a bhí ag faire orthu ar feadh bliana, go raibh campaí traenála á reáchtáil acu i bhforaoiseacha na hUreweras, sa Bay of Plenty, agus go raibh bagairt ann go bhfeallmharófaí George W.
ag teacht i dtír ar bhagairt na sceimhlitheoireachta támhshuanaí. taking advantage of the threat of narcotic terrorism.
" Thart faoin am seo, agus bagairt na Sóivéadach ag dul i léig, thosaigh rialtas Reagan-Bush ag teacht i dtír ar bhagairt na sceimhlitheoireachta támhshuanaí.
bagairt na Sóivéadach ag dul i léig, the threat of the Soviets receding,
" Thart faoin am seo, agus bagairt na Sóivéadach ag dul i léig, thosaigh rialtas Reagan-Bush ag teacht i dtír ar bhagairt na sceimhlitheoireachta támhshuanaí.
bagairt na n-easaontóirí the threat from dissidents
" Ar ndóigh, ní thiocfaidh deireadh le gach trioblóid, ní ann d’útóipe áit ar bith ar domhan agus tá bagairt na n-easaontóirí poblachtacha ó thuaidh ag dul i méid an t-am uilig.
bagairt na n-easaontóirí poblachtacha the threat of the republican dissidents
" Ar ndóigh, ní thiocfaidh deireadh le gach trioblóid, ní ann d’útóipe áit ar bith ar domhan agus tá bagairt na n-easaontóirí poblachtacha ó thuaidh ag dul i méid an t-am uilig.
bagairtí threats
" Chuir imeacht Bertie Ahern agus ceapachán Brian Cowen isteach go mór air chomh maith agus ligeadh do ghrúpaí éagsúla – feirmeoirí agus ceardchumainn áirithe, cuir i gcás – an feachtas a thruailliú le bagairtí agus agóidí nár bhain leis an Chonradh.
a bhí ina mbagairt don chomhshaol which were a threat to the environment
" I rith na comhdhála, labhair Strong faoi théamh domhanda agus faoi nithe eile a bhí ina mbagairt don chomhshaol.
bagairtí threats
" ”Um an dtaca sin, níorbh iad bagairtí na sárchumhachtaí amháin a bhí ina n-údar imní do mhuintir na hÉireann.
bagairtí báis death threats
" Seoladh bagairtí báis chuige féin, bagraíodh ar a bhean chéile agus ar a pháistí agus sa deireadh, bhí an oiread sin eagla air gurbh éigean dó Léim a Mhadaidh a fhágáil.
bagairt threat
" Ba bheag dream a bhí ní ba ghlóraí ag cáineadh na Rúiseach ná ceannairí na Stát Aontaithe agus na Breataine, na tíortha céanna a raibh baint acu le bás na gcéadta míle duine de dheasca an ionraidh a rinneadh ar an Iaráic, tír atá i bhfad i gcéin uathu agus nach raibh ina bagairt ar bith dóibh.
bhagairt to threaten
" Ní mó ná sásta a bhí an t-eagarthóir úr eatramhach le Fathach na Súile Nimhe le tamall roimhe sin agus bhí sé i ndiaidh luathscor a bhagairt ar Laoch na Litríochta mura dtiocfadh feabhas ar a chuid scríbhneoireachta.
bagairt ar shlandáil a security threat
" In ainneoin reitrice Iosrael faoi Hamas a bheith ina eagraíocht sceimhlitheoireachta atá ina bagairt ar shlandáil na tíre, is amhlaidh gur thug Iosrael cúnamh díreach do Hamas sna hochtóidí.
bagairt threatening
" Áthas orm go rabhas mícheart agus ní mar gheall ar an gcúpla euro a shaothraigh mo gheall le Betfair ar Obama, ach mar gheall go bhfuil cur chuige nua agus smaointí nua ag teastáil, má táthar leis na fadhbanna ollmhóra atá ag bagairt ar an domhan a réiteach.
faoi bhagairt threatened
" Nuair a d’fhógair an comhlacht Total, a raibh brabach €14 billiún aige in 2008, go raibh sé i gceist fáil réidh le níos mó ná 500 post sna scaglanna ola atá acu sa Fhrainc, thug an tAire Stáit i Roinn na Fostaíochta, Laurent Wauquiez, le fios gur mhór an oilbhéim a leithéid de chinneadh agus gur cheart do Total dearcadh níos freagraí a ghlacadh i leith na n-oibrithe a raibh a gcuid postanna faoi bhagairt.
bagairt láidir a serious threat
" Ba cheart go mbeadh rudaí eile ag dó na geirbe aige, shílfeá, in Aibreán na bliana 1940, agus an Eoraip á réabadh ag an Dara Cogadh Mór agus bagairt láidir ann go n-ionsafaí Éire fosta.
bhagairt threat
" Ba ghá neart poiblíochta a thabhairt don bhagairt: plaisteach dubh ag geata do chuid talún, slán le deontas REPS.
bagairt ar bith no threat
" Is iomaí duine a dhéanann iontas den tslí a chuirtear dallamullóg go héasca ar mhuintir Mheiriceá dul i mbun cogaidh i gcoinne 'namhad' mór an lae, in ainneoin na bhfíricí a léiríonn don domhan mór nach bagairt ar bith don impire dochloíte é.
bhagairt threat
" Leis na dúnmharuithe is déanaí ó thuaidh, is léir go bhfuil an tiomantas atá ann i measc na ngnáthdhaoine agus i measc na bpolaiteoir níos daingne ná aon bhaol nó aon bhagairt.
bagairt threat
" Bhí feachtas olltoghchánaíochta faoi lán seoil ag an am san Astráil agus mhaígh an príomhaire, John Howard, agus triúr de na hairí is sinsearaí ina chomhaireacht, go ndearna cuid de na paisinéirí bagairt go gcaithfidís a gcuid páistí i bhfarraige mura dtógfaí ar bord na loinge iad.