Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Ionnach nár bhain an dath buí a bhí ar bhallaí an halla radharc na súl de Nell the yellow colour on the hall wall almost blinded Nell
" Ionnach nár bhain an dath buí a bhí ar bhallaí an halla radharc na súl de Nell.
de réir an dlí mar a bhaineann sé le dídeanaithe. according to the law as it pertains to refugees
" Locht mór eile atá ar an bpróiseas seo ná an sainmhíniú atá ar “theaghlach” de réir an dlí mar a bhaineann sé le dídeanaithe.
níor bhain mé méar de mo ghaosán I didn't hesitate
" Bíonn an séasúr damhsa seo ag an amharclann gach samhradh mar pháirt don “Les étés de la danse de Paris”, a mhaireann ar feadh trí seachtaine i mí Iúil; agus níor bhain mé méar de mo ghaosán gur cheannaigh mé ticéad.
bhainfeadh an bonn de cut from the roots, base
" Clár sceanairte a bhí molta ag Tuarascáil An Bord Snip Nua don teanga, a bhainfeadh an bonn de thionscail fhadbhunaithe Ghaeltachta agus de struchtúr riaradh na Gaeilge in aon scríob amháin.
an lánúin a baineadh de the couple he lost
" Ní léir ar bhain Vidal úsáid as an scríbhneoireacht mar áis leithleach, chun díoltas a bhaint amach ar an saol mór de dheascaibh an mháthar bhrúidiúil a tugadh dó, nó/ agus an lánúin a baineadh de.
baineadh an chumacht de power was taken from him
" Ghlac Éire le lucht tacaíochta an tseanrí Idris nuair a baineadh an chumacht de i Libia, agus ghlac Éire chomh maith le ‘muintir na mbád’, mar a tugadh orthu, as Vítneam nuair a theith arm Mheiriceá as an tír sin agus a thréig iad.
bhain sé luas de he reached a speed
" Ar an bhealach anuas bhain sé luas de 833 msu amach – níos gasta ná luas na fuaime – agus rinne sé beagnach 120,000 troithe de shaorthitim sular oscail sé a pharaisiút.
bhain deacracht leis de dheasca there were problems with it because of
" Bhain an stiúrthóir, Niall Henry, feidhm as stíl shimplí ach sílfeá scaití go raibh cuma amaitéarach uirthi, ach bhain deacracht leis de dheasca dhearadh simplí an tseit agus an easpa spás cúlstáitse sa Project Arts Centre.
bhain sé le cur i gcéill de shaghas éigin it was some kind of pretence
" Mhothaíomar go raibh rud éigin beagáinín bréagach ag baint leis, gur bhain sé le cur i gcéill de shaghas éigin maidir le ‘treisiú foirne’ san ionad oibre.
de chineál éigin bainte amach of sorts achieved
" Tá cothromaíocht de chineál éigin bainte amach ag náisiúntóirí agus ní chaithfidh siad vóta atá in éadan a leasa geilleagair.
ar dhóigh a mbainfidh páistí scoile de gach aois taitneamh astu in a way in which school children of all ages can can enjoy
" Cuireann sí amhráin a bhí againn uilig ar an scoil ar fáil arís ar dhóigh a mbainfidh páistí scoile de gach aois taitneamh astu.
cluasa bainte de mhuintir Vítneam ears cut of off Vietnamese people
" Mheabhródh sé do dhuine fear de chuid an NCT ag gearradh scornach saighdiúra ag doras otharlainne i Libia agus ag baint an chloiginn de, ní a mheabhródh cluasa bainte de mhuintir Vítneam ag saighdiúirí Mheiriceá, cloigne bainte de mhuintir na Cóiré ag Sasanaigh, cloigne bainte de mhuintir na hAilgéire ag Francaigh, agus folt agus plaitín bainte de chéadmhuintir Mheiriceá ag an fhear gheal srl.
cloigne bainte de heads cut of
" Mheabhródh sé do dhuine fear de chuid an NCT ag gearradh scornach saighdiúra ag doras otharlainne i Libia agus ag baint an chloiginn de, ní a mheabhródh cluasa bainte de mhuintir Vítneam ag saighdiúirí Mheiriceá, cloigne bainte de mhuintir na Cóiré ag Sasanaigh, cloigne bainte de mhuintir na hAilgéire ag Francaigh, agus folt agus plaitín bainte de chéadmhuintir Mheiriceá ag an fhear gheal srl.
Is mór an rírá a bhaineann de ghnáth leis there’s generally a great hubbub at
" Is mór an rírá a bhaineann de ghnáth leis an Biennale di Venezia, an taispeántas ealaíne is mó ar domhan, a tharlaíonn achan dara bliain i Veinéis agus atá ar siúl i gCathair na nDroichead faoi láthair.
Bhainfeadh sé siar as cuid mhaith de mhuintir na tíre a lot of people would be taken aback
" Bhainfeadh sé siar as cuid mhaith de mhuintir na tíre nuair a chuimhnítear siar gur choir é a bheith aerach go dtí an bhliain 1993, nuair a thug an Seanadóir David Norris rialtas na hÉireann chun cúirte.
Nach mbainfeadh sé sin an tart de dhuine ar bith anyone would lose their thirst
" Nach mbainfeadh sé sin an tart de dhuine ar bith? Is léir nár bhain sé aon rian den tart de Fingers Fingleton.
Níor bhain an gadaí deireadh dúile de the thief has never lost a desire for
" Níor bhain an gadaí deireadh dúile de do rothar go fóill.