Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bhain sé feidhm as he used
" D’fhás sé suas i mbailte Giúdacha i gceantar Nua-Eabhrac, agus bhain sé feidhm as a mhuintearas le Giúdaigh chun leanacht ar aghaidh leis.
baineadh feidhm as were used
" uk/pr_disturbances_portadown_301109) Ní raibh clog ag bualadh i bPort an Dúnáin ach sa 21ú haois seo, baineadh feidhm as téacsanna gutháin póca le drong dílseoirí a bhailiú le chéile agus é mar aidhm acu "to show republicans that we will not tolerate their behaviour or presence in our area.
Bainfear feidhm as an chóras seo this system is used
" Bainfear feidhm as an chóras seo i dtús barra agus is í an chéad aibítir a bhíonn le foghlaim ag daltaí scoile.
Baintear feidhm as is used
" Baintear feidhm as an mhoncaí i mbéaloideas Mheicseiceó mar chomhartha drúise (ar nós an choinín abhus faoi bhualadh craicinn, b’fhéidir), ach léiríonn sí mar ainmhithe boga, cosantacha iad.
mbainfí feidhm as cuid den bhrabús some of the profit would be used
" Ceadaíodh meaisíní cearrbhachais sna clubanna sóisialta in *New South Wales* (NSW) i dtús báire sa bhliain 1956, ar an gcuntar go mbainfí feidhm as cuid den bhrabús le tairbhí don chomhphobal a mhaoiniú.
baineadh feidhm as íomhánna grafacha scéiniúla frighteningly graphic images were used
" Anuas air sin, mhaoinigh siad fógraí sna meáin inar baineadh feidhm as íomhánna grafacha scéiniúla le rabhadh a thabhairt do chaiteoirí faoin gcineál dochair a dhéanann tobac don cholainn.
bhainidís feidhm as dóiteoireacht rialta they used regular burning
" Ní raibh an céachta acu, leoga, ach bhainidís feidhm as dóiteoireacht rialta leis an fhásra a dhó chun sealgaireacht a éascú agus le lusanna áirithe fónta a chur chun cinn.
bhain mé feidhm go neamartach as I mistakenly used
" Caithfear a admháil gur bhain mé feidhm go neamartach as na focail ‘sealgairí/cnuasaitheoirí’ le cur síos ar shaíocht thraidisiúnta an mhuintir dhúchais go minic, ach is léir dom anois go gcuireann an leagan seo in iúl gur saíocht mhothaolach a bheadh i gceist.
mbainfeadh sé feidhm as he’d use
" Amhábhar Luachmhar ======== Is ansin a rith an smaoineamh leis go dtógfadh sé áit agus go mbainfeadh sé feidhm as ábhar tógála an-neamhchoitianta – brící déanta de nótaí euro bainc a díchoimisiúnaíodh agus a stialladh.
cé gur bhain sé feidhm as although he used
" ” B’shin cur chuige an Uachtaráin freisin, cé gur bhain sé feidhm as foinsí stairiúla difriúla.
Baineadh feidhm as an gcúnamh airgeadais the financial assistance was used
" Baineadh feidhm as an gcúnamh airgeadais a thug an Astráil don chúige le scoileanna nua go leor a thógáil, ach tá a bhformhór acu folamh mar gheall ar ghanntanas múinteoirí.
Ar bhain tú feidhm as did you use
" An tOideachas Speisialta ========= **SMM: Ar bhain tú feidhm as an cheol leis an rang sin?** Ray Mac Mánais: Bhain! Agus níor bhain mé feidhm ar bith as an Ghaeilg mar ní raibh Gaeilg ar an chlár do na daoine seo.
baineadh feidhm as an mana maslach seo this insulting motto was used
" Tugadh an Yellow Peril ar an bhfaitíos céanna sna Stáit Aontaithe um an dtaca sin agus baineadh feidhm as an mana maslach seo go minic sna díospóireachtaí faoi chúrsaí inimirce abhus.
go mbainfear feidhm as it shall be used
" Tá an baol ann fosta go mbainfear feidhm as le ceisteanna cigilteacha a chur ar an mhéar fhada.
an t-aon uair amháin a baineadh feidhm as aistritheoir Gaeilge the one and only time an Irish translator was used
" Bhí páirt bheag agam mar aistritheoir Gaeilge i dtriail an fhir Éireannaigh a cúisíodh as an gcoir, an t-aon uair amháin a baineadh feidhm as aistritheoir Gaeilge i gcás cúirte san Astráil.
a bhain feidhm as saothar who used the work(s)
" Ó Crualaoich an fear a bhain feidhm as saothar Mháirtín Uí Chadhain chun laigeachtaí na sean-nósanna stairiúla a bhéimniú, ach go háirithe teipeanna éagsúla an chur chuige stairiúil sin a chuireann an iomad béime ar thionchuir sheachtaracha.
Baineadh feidhm as an gcur chuige foighneach seo this patient approach was used
" Baineadh feidhm as an gcur chuige foighneach seo thar tréimhse roinnt blianta leis an áit nádúrtha is íocónaí sa tír, Ayers Rock, a athrú ar ais go Uluru (Eagrán 113, Meán Fómhair 2010).
bhain sé feidhm as a bharantás taistil he used his travel warrant
" Níor chuir Seirbhís Náisiúnta stad le ceol Sheáin, mar bhain sé feidhm as a bharantás taistil ón RAF le dul ar ais go Co.
bhain me feidhm as cosán nua I used a new path
" I mbliana mar shampla, bhain me feidhm as cosán nua ar an chósta idir Villajoyosa agus Benidorm.
má bhaineann siad feidhm as bréaga if they tell a lie
" Murab ionann is gort na moráltachta gona rialacha dochta daingne, cuirim i gcás, ní lochtaítear polaiteoirí i gcónaí má bhaineann siad feidhm as bréaga, deargbhréaga nó ‘bréaga amhra’ Platónacha, fiú, d’fhonn aidhmeanna polaitiúla a bhaint amach.
baintear feidhm as na foirgnimh sin those buildings are used
" Thóg siad mainistir agus scoil chónaithe ann agus baintear feidhm as na foirgnimh sin leis na himeachtaí staire thuasluaite a reáchtáil.
bhain sé feidhm as a shaoirse he used his freedom
" Cé gur theip air, bhain sé feidhm as a shaoirse mar chúlbhinseoir le labhairt amach ar ábhair éagsúla, lena ainm a choimeád in airde ach gan aon dúnghaois de chuid an rialtais a cháineadh go poiblí.
baineann siad feidhm as cleas amháin go sonrach they use one trick particularly
" Tá amhráin ghreannmhara agus manaí cliste acu agus baineann siad feidhm as cleas amháin go sonrach ina gcuid spochadóireacht ar na hAstrálaigh.
bhain siad feidhm as raidiónna they used radios
" Bhain an drong póilíni feidhm as carr RUC le cinntiú nach raibh Arm na Breataine sa cheantar; bhain siad feidhm as raidiónna an RUC le teagmháil lena chéile agus bhí éadaí an RUC orthu faoina gcuid *boiler suits*.
an fheidhm a bhaineadh sé as a theanga dhúcháis the way he used his native language
" Ní hamháin sin ach mhol sé an fheidhm a bhaineadh sé as a theanga dhúcháis, an Ghaeilge ar ndóigh, agus é ag canadh in éineacht leis an cheol: “Tá lúcháir orm a bheith in ann a rá go bhfuil tóir an cheoil ort mar chláirseoir Éireannach.
a bhain feidhm as an dtéarma who used the term
" Forbairt na Fantasmagoria ============= B’fhéidir gurbh é Thomas Walgensten a bhain feidhm as an dtéarma Laterna Magica den chéad uair.
baineadh feidhm as roinnt some was used
" Thug mé faoi deara an méid breochloiche a bhí le feiceáil i Norfolk- baineadh feidhm as roinnt mar mhaisiúchán ar bhallaí eaglaisí agus bhí cnapáin mhóra ina luí thart san ollscoil a chuir an ceann ón séadchomhartha, Cnóbha sa Mhí, i gcuimhne dom.
bhain mé feidhm as an leabhar sin mar chleachtadh I used that book as practice
" Níl labhairt na hIodáilise go líofa agam, ach bhain mé feidhm as an leabhar sin mar chleachtadh le mo chuid Iodáilise a fheabhsú.
bhain siad feidhm as mionlach they used a minority (population)
" Is iondúil gur thug tír Eorpach faoi cheantar éicint eile, sa chéad seo chuaigh thart agus gur bhain siad feidhm as mionlach a bhí sa tír cheana féin le comhoibriú leo i smachtú an mhóraimh.
Baintear feidhm as slite éagsúla various ways are used
" Baintear feidhm as slite éagsúla le líon na n-ainmhithe sa tuaisceart a laghdú agus ní chothaíonn a ndealú aon chonspóid.