Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bhain an Mhí geit cheart as Áth Cliath Meath shocked Dublin
" Tharla sin i 1983 agus sa chraobhchomórtas an bhliain sin bhain an Mhí geit cheart as Áth Cliath nuair a bhí comhscór eatarthu.
bhain sé geit as it shocked him
" ” Droch-chaoiNuair a thosaigh Krauss ag déanamh staidéir ar theangacha Alasca ar dtús, bhain sé geit as chomh holc is a bhí cúrsaí, i gcomparáid le hÉirinn, an Íoslainn agus na hOileáin Fharó.
frása a bhain geit as Mallie a phrase which gave Mallie a start
" Agus é ag caitheamh bricfeasta le Paisley, dúirt an t-iriseoir Éamon Mallie gur dhúirt an Fear Mór i gcogar leis: “I want to fix Northern Ireland,” frása a bhain geit as Mallie mar go léiríonn sé go bhfuil Dr No dáiríre faoin socrú úr.
Baineann sé geit as daoine go fóill it still gives people a start
" Baineann sé geit as daoine go fóill mórcharachtair na linne a fheiceáil agus iad ina mbeatha: an Coileánach ag bailiú síntiús don Iasacht Náisiúnta i 1919 agus scuaine de phearsana móra ag teacht chuige, leithéidí Griffith, Desmond Fitzgerald agus Joseph McGuinness.
Baineadh geit as go leor daoine le déanaí A lot of people were astounded
" Baineadh geit as go leor daoine le déanaí nuair a d’fhógair Google go raibh siad chun níos mó béime a chur ar sheirbhísí soghluaiste.
Baineadh geit as were startled
" Baineadh geit as oifigigh Pharlaimint na hEorpa ar na mallaibhnuair a nocht an t-ealaíontóir, David Cerný, a dhealbh dar teideal ‘Entropa’, a chruthaigh sé go speisíalta mar chomóradh ar uachtaránacht Phoblacht na Seice ar an Aontas Eorpach.
bhain sí geit agus scéin as daoine people were taken aback
" I ngeall ar an eachtra is déanaí seo a bheith ar taispeáint ‘beo’ ar an teilifís, bhain sí geit agus scéin as daoine.
baineadh geit as achan duine everyone was shocked
" Bhí sé i gceist aici taighde a dhéanamh ar an chóras imdhíonachta agus ar mhianach na gcorp seo ag an tús, ach baineadh geit as achan duine nuair a thosaigh roinnt cealla ag nascadh in áit a bheith ag troid i gcoinne a chéile agus is ar an chomhtharlúint neamhghnách seo atá an saothar bunaithe.
baineadh geit as were shocked
" Nuair a theilg na Naitsithe na mílte buamaí anuas ar shráideanna Béal Feirste 70 bliain ó shin an mhí seo caite - maraíodh suas le míle duine - cuireadh páistí amach chun na tuaithe le hiad a choinneáil slán, ach baineadh geit as muintir na tuaithe nuair a chonaic siad cad é chomh lag, gannchothaithe is a bhí na páistí, bhí déistin orthu.
Baineadh geit as was startled
Bhain an radharc geit as the sight startled him
" Bhain an radharc geit as agus thosaigh sé ag críth le himní, nuair a mhothaigh sé scread an nádúir.
a bhaineadh geit as a chairde which would amaze his friends
" Ba é a athair siúd a bhíodh de shíor ag tathant air gléas de shaghas éigin a chruthú a bhaineadh geit as a chairde.
Baineadh geit as he was shocked
" Baineadh geit as nuair a fuair sé amach go raibh sé ag gabháil i dtreo an ghoile thrasna, cineál 2, agus shocraigh sé cúrsaí a chur i gceart.