Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Bainim leas as I use
" * Bainim leas as an triúr sin i gcónaí agus molaim go mór na buanna éagsúla atá ag baint leis an triúr acu.
is mó a bhainfidh leas as an teip seo who will benefit most from this failure
" Is iad Sinn Féin agus an DUP is mó a bhainfidh leas as an teip seo.
Bhain Hitler leas as Hitler took advantage of, used
" Bhain Hitler leas as cluichí na bliana 1936 mar ghléas bolscaireachta do na Naitsithe agus mar ardán le forlámhas an chine Airiasaigh a léiriú (cé gur chruthaigh Jesse Owens a mhalairt!) Rinne an Éigipt, an Iaráic agus an Liobáin baghcat ar Chluichí Melbourne sa bhliain 1956 de bharr ionradh Iosrael ar Éigipt.
baineadh leas as was taken advantage of
" Ag dumpáil ar an tSomáil Níl aon rialtas láir sa tSomáil ón mbliain 1991 i leith, ó treascraíodh rialtas Mohammed Siad Barre ag an am agus baineadh leas as an easpa rialtais sin le hacmhainní luachmhara mara na Somáile a ghoid.
bainfear leas as shall be used
" Anois is annamh nach séideann an ghaoth ar El Hierro ach sa chás nach féidir na muilte gaoithe a fheidhmiú ar chúis éigin, bainfear leas as an uisce sa taiscumar chun tuirbíní hidrileictreacha a chur ag obair.
baineadh leas as was used to advantage
" Deirtear gur baineadh leas as an ghréasán sna muirthéachtaí Arabacha i dTuaisceart na hAfraice le gairid.
bhain sé leas as he used the benefit
" Duine de bhunaitheoirí Chraobh Melbourne de Chonradh na Gaeilge a bhí ann, agus díreach cosúil lena chomhghleacaithe in Éirinn, bhain sé leas as an nuachtán chun a smaointe a chraobhscaoileadh: d’oibrigh sé mar eagarthóir ar “Our Gaelic Column” sa nuachtán The Advocate, ó 1902-1912.
bhain sé leas as coincheap he used the concept
" In agallamh leis cúpla bliain ó shin, dúirt Jim gur bhain sé leas as coincheap na gcoláistí samhraidh ina chuid oibre ar son na ndaoine óga sin.
mbainfí leas iomlán as cruthaíocht na cathrach the city’s creativity would be used to full advantage
" au) ba ríléir go ndearna sí beart de réir briathair agus go mbainfí leas iomlán as cruthaíocht na cathrach sa bhliain chomórtha.
a mbainfidh siad leas as chun cur síos a dhéanamh ar which they’ll use to describe
" Má fhaigheann siad Tickets chun freastal ar cheolchoirm, is é an focal cool a mbainfidh siad leas as chun cur síos a dhéanamh ar na Songs ar fad.
bhain sé féin leas as he used it
" Thuig Benito Mussolini an méid sin agus bhain sé féin leas as an Biennale le taispeántas mór bolscaireachta faisisteach a dhéanamh sna 30í.
a bhaineadh leas as who used to use it
" Ceachtanna Gaeilge ar an Idirlíon ============ Tá an uirlis nua seo ó Google pléite agam le cúpla duine a bhaineadh leas as agus an rud a dúirt roinnt díobh ná céard faoi fhadhbanna teicniúla? Más ea, tá rathaíocht ann go bhfaightear táillí ar ais muna bhfuil an dalta sásta.
Baineadh leas as were used
" Baineadh leas as na logainmneacha, sloinnte agus araile chun a mhíniú gur de shliocht na nGael na pobail éagsúla agus nach raibh seilbh nó úinéireacht ag dream seachas a chéile ar an oidhreacht seo.
baineann gach feirmeoir leas as every farmer benefits from
" Déanann a lán feirmeoirí airgead as lóistín do thurasóirí, ach baineann gach feirmeoir leas as turasóireacht tríd na síopaí agus trí ghnóthaí eile faoin tuath a bheadh dúnta murach na turasóirí.