Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
comhlachtaí baincéireachta banking companies
" Mar gheall ar an méid comhlachtaí a thug morgáistí do cheannaitheoirí tí a raibh fadhbanna creidmheasa acu, agus nach féidir leo na morgáistí úd a íoc anois, tá earnáil na tithíochta ag titim as a chéile agus comhlachtaí baincéireachta ag titim i bhféimheacht dá réir.
stair na baincéireachta the history of banking
" Ní fada ó rinne Royal Bank of Scotland (banc a bhí ar an dé deiridh scór bliain ó shin) an táthcheangal is mó i stair na baincéireachta nuair a cheannaigh siad ABN Amro ar $99.
córas baincéireachta banking system
" Cé go bhfuil neart ábhair éadóchais ann faoi láthair, agus córas baincéireachta na tíre faoi scamall náire, tá sé tábhachtach go ndéanfaí ciorruithe sna háiteanna cuí seachas creimeadh a dhéanamh ar sheirbhísí riachtanacha.
Córas Baincéireachta banking system
" An Córas Baincéireachta ============= Roimh 1998, is ó thaiscí a gcuid custaiméirí is mó a d’aimsigh bainc na tíre an t-airgead lenar thugadar iasachtaí.
baincéireachta banking
" Tá an tír tite leis an gcóras baincéireachta.
cliseadh baincéireachta banking collapse
" (Is cosúil nach cuimhin leo an cliseadh baincéireachta a bhuail a dtír féin fiche bliain ó shin agus a spreag iad chun teacht isteach san AE).
theip ar chóras baincéireachta na hÉireann the Irish banking system failed
" Nuair a theip ar chóras baincéireachta na hÉireann sa bhliain 2008 léiríodh dúinn na lochtanna a bhain le rialachas geilleagair na tíre – go raibh an rialtóir airgeadais mífheidhmiúil, go raibh an roinn airgeadais féin neamhinniúil, agus nach raibh spéis ag baill sinsir an rialtais i gcúrsaí geilleagair, agus dá mbíodh, nach raibh sé ar a gcumas iad a thuiscint nó a stiúradh.
fuascailt na faidhbe baincéireachta the alleviation of the banking problem
" Dar le Ferguson, ní féidir fuascailt na faidhbe baincéireachta a dh’fháilt trí fhiacha nua a ghineadh ná trí dhiansmacht a chur ar na bancanna ach an oiread.
ar chliseadh baincéireachta about the banking failure
" ”* Ba chóir do shaoránaigh na hÉireann éisteacht go géar leis sa léacht seo, ach go háirithe nuair a bhaineann sé úsáid as staidéar Walter Bagehot ar chliseadh baincéireachta, Lombard Street (1873).
ar bhaincéireacht a dhéanfaidh díobhail don about banking which would damage
" Agus beidh lucht tacaíochta Fianna Fáil ag guí nach nochtófar a dhath san fhiosrúchán ar bhaincéireacht a dhéanfaidh díobhail don pháirtí.
taobh thiar den iompar baincéireachta behind the banking behaviour
" Ní ‘culture’ amháin ná eile a bhí taobh thiar den iompar baincéireachta in Éirinn agus níor chaipitleachas é ach an oiread.