Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag iarraidh an bhanríon a chosaint trying to protect the queen
" Nuair a chuaigh mé anonn le scrúdú a dhéanamh air, chonaic mé gur scaoth beach a bhí ann, iad ar fad i mbun a chéile, ag iarraidh an bhanríon a chosaint agus iad á bogadh go nead eile.
Óráid na Banríona the Queen's Speech
" Ní raibh rud ar bith mar gheall uirthi in Óráid na Banríona (an óráid ina leagann an rialtas amach an clár parlaiminte don bhliain atá le theacht) i mí na Samhna agus de réir Tim Carter, urlabhraí ó Pháirtí an Lucht Oibre, ní bheidh an rialtas ag athrú an dlí.
Ollscoil na Banríona Queens University
" Bhí suim an-mhór ag a athair sa Ghaeilge mar d'fhreastail sé ar léachtaí ar an tSean-Ghaeilge a thug an tOllamh Ó Briain do na mic léinn in Ollscoil na Banríona.
an Bhanríon Eilís Queen Elizabeth
" Anois, cá huair atá an Bhanríon Eilís ag teacht? *Is iriseoir leis an *Irish News* i mBéal Feirste é Robert McMillen.
deirtear gur chuir Máire, Banríon na hAlban, é. it is said that Mary Queen of Scots planted it.
" Tá sceach ársa le feiceáil taobh amuigh de Choláiste Naomh Muire, agus deirtear gur chuir Máire, Banríon na hAlban, é.
aontú na banríona royal assent
" Tugann sé aontú na banríona ar reachtaíocht úr (sin é, dearbhaíonn sé go bhfuil an bhanríon sásta le pé reachtaíocht is mian leis an rialtas a rith), socraíonn sé na ceapacháin is sinsearaí sna príomhúdaráis náisiúnta agus feidhmíonn sé mar ardcheannasaí ar fhórsaí cosanta na hAstráile.
go bhfuil an-mheas ag muintir na hAstráile ar bhanríon reatha na Ríochta Aontaithe that the people of Australia have a lot of respect for the current queen of the UK
" Tuigeann Rudd freisin go bhfuil an-mheas ag muintir na hAstráile ar bhanríon reatha na Ríochta Aontaithe, ach nach bhfuil an meas céanna acu ar an duine a thiocfaidh i gcomharbacht uirthi: a mac.
banríon na gcat. the queen of the cats
" Insíonn an reacaire dúinn láithreach faoi Lios na gCat – áit fhantaiseach atá faoi smacht Bhess, banríon na gcat.
Banríon an Bháis the Queen of Death
" Ar cheart go n-athainmneofaí an 11 sráid atá baiste as Banríon an Bháis, Victoria? Nó Chichester Street, a ainmníodh as Sir Arthur Chichester, fear a dúirt gur chóir úsáid a bhaint as gorta leis na hÉireannaigh a chloí mar nach raibh a gclaimhte gasta go leor.
Banríon na Breataine the British Queen
" Ní raibh iontas ar bith ar Bhalor i ndiaidh dó a fháil amach gurb í Banríon na Breataine a bheas á fhógairt seo nuair a thabharfaidh sí cuairt ar Íosa Mhic Giolla Mháire in Áras an Uachtaráin ar an mhí seo chugainn.
Ionadaí na Banríona Viceroy
" Tá ráite aici féin faoi rún le Balor nach mbeidh spéis dá laghad aici fanacht san Áras mar Ionadaí na Banríona in Éirinn, ach go bhfuil cara aici a mbeadh spéis mhór aige sa phost sin, mar atá an Seanadóir Dáithí Ó Norrissa.
cuairt na banríona the Queen’s visit
" Cloisim daoine ar RTÉ ag plé cuairt na banríona ar Éirinn roimh i bhfad, ach ní chloisim éinne i mbun scagtha faoi ról an teaghlaigh ríoga sa mharú in Afganastáin agus i dtíortha eile.
banríon queen
" Fuair siad cead ó Edelfrida ansin, banríon Mercia i dtuaisceart Shasana, dul i dtír ag Wirral.
bhanríon queen
" Is í an bhanríon Eilis Príomh-Choirnéal The Irish Guards agus beidh sí ar cuairt ar Éirinn an mhí seo, ar 17ú Bealtaine.
Bhanríon queen
" Trí choischéim bheaga ar chúl do bhean - cromadh cinn ollmhór do Bhanríon.
Bhanríon queen
" Is léir go bhfuil móramh mhuintir na hÉireann sásta an líne mheafarach sin sa ghaineamh ar a raibh gach tráchtaire teilifíse ag caint le linn chuairt Bhanríon Shasana, a tharraingt.
Bhanríon queen
" Ach tá Balor Bocht faoi gheasa droma draíochta ag an eagarthóir Ó Slua Muirí gan a bheith ag scríobh faoi Bhanríon Shasana (eagarwhore: .
banríon na gcomharsan the neighbours’ queen
" An mbeidh an chéad uachtarán eile sách tuisceanach ar an dá thaobh ó thuaidh le go bhféadfaí tógáil ar an obair thábhachtach sin? Ba é buaicphoinnte a huachtaránachta, gan amhras, gur éirigh le Mary Mc Aleese, banríon na gcomharsan a mhealladh le cúpla lá a chaitheamh inár measc, níos túisce i mbliana.
B’éigean don bhanríon the Queen was forced
" B’éigean don bhanríon cur suas le go leor i rith a saoil fhada, agus ansin agus í i ndiaidh seasca bliain a chaitheamh ag obair, cuireadh tuilleadh brú ar an bhean bhocht le linn na míosa seo a chuaigh thart.
Arbh í Ériu a mbanríon was É. Their queen
" Arbh í Ériu a mbanríon? Cá bhfios ach mothaím go láidir an nasc sin idir mo cheantar dúchais inniu agus bunadh na háite san aimsir anallód.
Banríon na Maighdean Mara the Mermaid Queen
" Le cabhair óna chara, an rón, tagann sé ar a athair ach chun go ligfí ar ais chuig a theaghlach é bíonn ar Chillian margadh truachroíoch a dhéanamh le Banríon na Maighdean Mara.
Banríon na Scláraí Éireannacha the queen of Irish hackers
" Más mian leat tuilleadh a chloisteáil faoi na mbealaí ina bhfuil daoine ag scláradh a dtimpeallachta, beidh Banríon na Scláraí Éireannacha, Jane Ní Dhulchaointigh, ag déanamh cur i láthair mar chuid de (Tedx Dublin)(http://www.
Bhanríon na hEorpa the Queen of Europe
" Bhí a fhios agaibh go raibh Balor calma curata, a chairde, ach an raibh barúil ar bith agaibh díreach cé chomh cróga is atá laoch na litríochta? Bhuel, ag deireadh na míosa seo caite thug sé cuairt neamhoifigiúil ar Bhanríon na hEorpa, Angela Regina Merkel (ARM mar ghiorrúchán) ceannaire neamhthofa na hEorpa.
go raibh páirt nach beag ag an Bhanríon Angela B. A. played a large part
" I gcás ar bith, i bhfianaise na deacrachta ar fad a bhain d’Éirinn le cúpla seachtain anuas, agus de bhrí go raibh páirt nach beag ag an Bhanríon Angela sa scéal sin, chinn Balor ar chuairt a thabhairt uirthi ina caisleán saoire i ndorchadas na foraoise i sléibhte na Baváire.
Cuireadh an fhianaise seo faoi bhráid fhear ionad na Banríona this evidence was sent to the Viceroy
" Cuireadh an fhianaise seo faoi bhráid fhear ionad na Banríona in Éirinn, an Iarla Spenser, (sin-seanuncail leis an Bhanphrionsa Diana), ach thug sé an chluas bhodhar don achainí.
banríon an phopcheoil í féin the queen of pop herself
" ’ I measc na ndaoine eile a mealladh le haithris a dhéanamh ar *Gangnam Style*, bhi Príomh-Aire na Breataine, David Camshrón, Boris Johnson, Ard-Mhéara Londain, Madonna – banríon an phopcheoil í féin chomh maith le hArd–Rúnaí na Náisiúin Aontaithe, Ban Ki-Moon a dúirt go raibh an t-amhrán chomh bríomhar sin go dtiocfadh leis an domhan a spreagadh chun síochána.
ní cuimhin leo réim na banríona they don’t remember the queen’s reign
" Duine ar bith os cionn an dá scór más ea, ní cuimhin leo réim na banríona ná urlabhra na ríochta.
bhur mbanríon sásta libh your queen happy with you
" An síleann tú go bhfuil bhur mbanríon sásta libh?** Cú Chulainn: Tá mé cinnte go bhfuil a maorgacht an Bhanríon Eilís a Dó – fad saoil di – thar a bheith sásta linn.
Léirigh cuairt na Banríona the Queen’s visit demonstrated
" Léirigh cuairt na Banríona sa bhliain 2011 a fhaide is chuamar chun cinn, agus thuig muintir na tíre seo gur stairiúil an ócáid í.
Banríon draig drag queen
" Banríon draig atá ann agus is iontach an fear é.
banríon draig drag queen
" Is cinnte go bhfuil toradh an lipéidithe, ina ghníomh agus ina phointe sainmhínithe seo le feiceáil go soiléir i gcás bheirt ealaíontóirí le deireanas; Ani DiFranco, amhránaí Meiriceánach feimineach, ar tugadh an lipéad ‘chiníoch’ uirthi, agus Miss Panti Bliss, banríon draig Éireannach, atá lipéadaithe mar bhéadchainteóir.
garda cosanta na banríona household guard(s)
" Ní saighdiúirí ar fiannas a bhí iontu ach ceoltóirí agus garda cosanta na banríona ach d’fhan ionsaí Hyde Park sa chuimhne.
ghlac an bhanríon the queen accepted
" D’fhógair sé freisin gur ghlac an bhanríon lena mholadh an teideal dáma a bhronnadh ar Ard-Ghobharnóir na hAstráile, Quentin Bryce, a d’éirigh as an bpost an lá céanna, agus an teideal ridire a bhronnadh ar a comharba, an Maorghinearál Peter Cosgrove.
Mhínigh an Bhanríon the Queen explained
" Mhínigh an Bhanríon Beití dó go raibh an Rolls Royce as feidhm agus nach raibh ar fáil ach an seancharbad capaill.
mháthair Bhanríon na Spáinne á ngléasadh the queen mother of Spain being outfitted
" Scaip cáil Balenciaga i gcéin is i gcóngar agus bhí leithéidí mháthair Bhanríon na Spáinne á ngléasadh agus ina chleithiúnas aige roimh i bhfad.
ionadaí Bhanríon na Ríochta Aontaithe representative of the Queen of the United Kingdom
" Déanann Bearnaí Ó Doibhlin cur síos ar ról ard-ghobharnóir na hAstráile, an té a fheidhmíonn mar ionadaí Bhanríon na Ríochta Aontaithe thall.
Banríon an Bháis the Queen of Death
" Fiafraíonn Robert McMillen, ar cheart go n-athainmneofaí an 11 sráid atá baiste as Banríon an Bháis, Victoria? Ceart nó mícheart, cuireadh Niall Mac Auslainn a bhundún dearg amach, ní eisean a bheas ina thrúig bháis ag teanga na Gaeilge, a deir Robert.
Banríon Queen
" Ógánaigh amhulchacha dífhostaithe gríosaithe faoin teideal *‘Irish’* le daoine a mharú i sráidbhailte bochta na hIaráice agus na hAfganastáine? An mar sháirsint earcaíochta a rachaidh Banríon Shasana ar cuairt go hÉirinn a fhiafraíonn Tony Birtill?