Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bharúil opinion
" Is é mo bharúil go bhfuair na daoine i mBostún Theas níos mó den mhilleán ná mar a bhí tuillte acu.
den bharúil láidir of the strong opinion
" Tá Balor s'againne den bharúil láidir nach mbíonn a dhath ar bith eile le déanamh ag na daoine sin a scríobhann isteach go rialta chuig Clár Plé *Beo ar Éigean*; agus ar mhaithe le rud inteacht cruthaitheach a thabhairt dóibh le déanamh iarann sé moltaí fá choinne ainm úr Farmleigh.
Do bharúil? Do you think so?
" " "Do bharúil?" arsa Sinéad.
barúlacha opinions
" Glacann páistí barúlacha agus luachanna a dteaghlaigh ach múnlaíonn siad iad de réir a n-eispéiris féin.
den bharúil of the opinion
" Deir sí nach maith léi an léamh a dhéanann criticeoirí áirithe ar a saothar - tá sí den bharúil go bhfuil cuid de na nithe atá scríofa acu ina thaobh mícheart amach is amach.
bharúil opinion
" Ach tá an seandearcadh ag na heasaontóirí poblachtánacha go fóill agus is é mo bharúil go bhfuil siad ag dul suas caolsráid chaoch (mar a déarfá sa Bhéarla) agus má leanann siad ar aghaidh go mbeidh níos mó fulaingthe neamhriachtanaí ann.
cad é a mbarúil faoi what they thought of it
" " An chéad lá sa scoil, léigh an múinteoir Béarla, Tomás Breathnach, sliocht as leabhar agus d'fhiafraigh sé de na daltaí cad é a mbarúil faoi.
barúlacha binbeacha venomous opinions
" Cúis iontais dúinn uilig gur thug an t-eagarthóir, Éamonn Ó Doornail, cead a cinn don chailleach cháidheach a cuid barúlacha binbeacha a scaipeadh fríd an liarlóg leamh seo.
bharúlacha opinions
" Loighciúil? B'fhusa Trimble a thuigbheáil da mbeadh sé cothrom ina bharúlacha.
barúlacha a mhúnlú to shape opinions
" Ní raibh sé ábalta barúlacha a mhúnlú i dtreo a pholasaithe féin agus chaill sé an cath ina pháirtí féin.
barúil níos fearr a better sense
" Seans dá ndéanfadh muid an méid sin, go mbeadh barúil níos fearr againn cé muid féin, fiú sa náisiún seo ina bhfuil daoine chomh scaipthe sin, agus ina bhfuil na roghanna seo gan teorainn maidir le stíl mhaireachtála, roghanna a bhíonn go minic ina mbac ar dhaoine.
barúil idea
" Praghas: €25 (clúdach crua)* Gluais • Glossary beathaisnéis údaraitheauthorized biography a dialanna pearsantapersonal diaries páipéir phríobháideachaprivate papers go dtí gur insealbhaíodh í ina hUachtaránuntil she was installed as President bailithe le chéilegathered together bhriseadh lárthéarmamid-term break ghuigh Patrick oíche mhaith ar gach duinePatrick bade everyone goodnight as go brách leisoff he went ina sámhchodladhsound asleep clagarnachclatter liúigh Patrick féinPatrick himself yelled den chosán bristeof the broken pavement foscadhshelter tolgcouch phléasc gloine fhuinneoga an doraisthe glass of the windows in the door exploded rinne lámhachánshe crawled dallógablinds leathorlachhalf an inch grúpa confachan angry group idirboth ag béiceachshouting casúrhammer tairnínails cláir adhmaidwooden boards gráscardisorderly mob bosca na bhfiúsannathe fuse box lúth na ngéagthe power in her limbs marbhintinneach le heaglamentally paralysed with fear crógachtbravery cinnireachtleadership fuaraigeantacool-headed ag síneadh na sreinge thart an coirnéalextending the chord around the corner ag stiúradh cúrsaí cosantadirecting defence matters as a támhnéal faitísfrom her trance of fear ag breith ar dhá chamángetting hold of two hurleys shín amach a cosshe extended her leg Baineadh tuisle as an bheirt acuBoth of them tripped a fhad a mhair an t-ionsaías long as the attack lasted i mbaol a mbáisin danger of being killed scanraithe as a mbeathascared to death trost na mbrógthe tramp of the shoes carr coimhthíoch bána strange white car go tráthrialtaregularly nach ndéanfadh Paddy iarracht teacht abhailethat Paddy wouldn't try to come home róchontúirteachtoo dangerous í ar a díchealldoing her best ag iarraidh an tocht a cheilttrying to hide the emotion leis an mhinicíocht raidió sinwith that radio frequency barúilidea gluaiseachtaímovements i bhfianaisein light of nach bhfuil an dara rogha aici ach a admháilthat she has no choice but to admit drogallreluctance an t-aon chosaintthe only protection
bharúlacha opinions
" Ós rud é go dtig linn a rá go mbeidh an cogadh thart nuair a bheas poblachtánaigh óga sásta (nó nuair a bheas cead acu) dul isteach sa tseirbhís phóilíneachta, is ceist an-tábhachtach í cén fháilte a chuirfear roimh bharúlacha agus thraidisiúin Chaitliceacha, phoblachtánacha féin, i gcroí an PSNI.
ní bhíonn barúil agam I don't have a clue
" "Uaireanta, ní bhíonn barúil agam cad é le déanamh," a deir Séigheann, "ach tosaím ag gearradh ar scor ar bith agus tógann an píosa a chruth féin.
barúlacha opinions
" Ar tharla sé riamh in iarthar Bhéal Feirste gur nocht ball de chuid an RUC a anam do phobal mór náisiúnach? Ainneoin gur carachtar i ndráma é an t-iarphóilín, dearbhaíonn McKeown agus Campbell go bhfuil siad dílis do na barúlacha a fuair siad agus iad ag plé le fíorbhaill den RUC.
barúil opinion
" Ach níor ghin briseadh ar bith acu an oiread poiblíochta domhanda agus a ghin briseadh na míosa seo caite … Cé nó cad é a bhí taobh thiar de bhá long cháiliúil na teilifíse réadúla "Cabin Fever" amach ó chósta Thoraí, oileán dúchais Bhalor, áit a raibh dún agus mún a mhuintire ó thús ama? Sin ceist chrua na míosa seo, ceist nach furasta freagra a fháil uirthi nó ní lia cloch ar dhuirlingí Thoraí ná barúil i dtaca leis an cheist chasta chiapach chéanna.
bharúil opinion
" Tá siad siúd atá i bhfábhar an dlí ag rá gur sotalach an mhaise do lucht caite tobac a bheith den bharúil go bhfuil sé de chead acu sláinte daoine eile, na hoibrithe beáir go háirithe, a chur i mbaol.
den bharúil of the opinion
" D'fhéadfadh gunnaí agus armlón bogadh an bealach céanna, ach dealraíonn sé go bhfuil David Trimble den bharúil go bhfuil éachtaí ag dul a theacht ó phoblachtánaigh sna seachtainí atá romhainn.
do bharúil your opinion
" Is féidir leat do bharúil a chur in iúl don rialtas ag (www.
barúil clue
" Duine ab ea í a bhí ar tinneall agus ní raibh barúil ar bith aici cén dóigh le déileáil le hoibrí sealadach.
den bharúil sin go coitianta generally of that opinion
" Táim féin sásta a rá anois go bhfuil an fhoireann seo ar cheann de na foirne is fearr a bhí riamh ann agus go mbeifear den bharúil sin go coitianta taobh istigh de chúpla bliain eile.
bharúlacha opinions
" Ach d'aonghuth a bhronn na moltóirí an bonn óir agus Gradam an Iompaithe Ghasta ar iomaitheoir uimhir a sé mhíle naoi gcéad nócha is a naoi, an tAire Spóirt, Seán Ó Dunno Who, as a bharúlacha éagsúla dochta daingne faoi cén bhliain go díreach a bhainfeadh Éireannach bonn óir eile sna Cluichí Oilimpeacha.
bharúil opinion
" Sin an bharúil atá ag formhór na ndaoine sa cheantar seo, déarfainn.
den bharúil of the opinion
" Faoi láthair, tá suas le 60 duine ag fanacht ar shaothar uaithi - rud atá dúshlánach go leor nuair a chuireann tú san áireamh nach mbíonn Marla ag péinteáil ach ar feadh uair an chloig, trí lá sa tseachtain! Páiste faoi leith ======= Tá roinnt daoine den bharúil gur páiste faoi leith, cineál *prodigy*, í Marla ach diúltaíonn a tuismitheoirí glacadh leis sin; tá siad sásta a admháil go bhfuil bua aici ach, taobh amuigh de sin, deir siad gur gnáthpháiste atá inti.
Cad é do bharúil? What do you think?
" "Cad é do bharúil? Tá cuma dheas air agus tá sé i ndeas d'achan rud.
Bhéarfaidh sin barúil mhaith duit that will give you a good idea
" Bhéarfaidh sin barúil mhaith duit cén cineál grá atá aige don teanga, don Chonradh, agus d’Éirinn, agus an dlúthcheangal atá aige leo.
Bhur mbarúil do you think
"Bhur mbarúil an scaoilfí mise isteach in Odious Gael?” “Seans ar bith!” a mhaígh Naomh Iosaf Ó hUiginn, a bhí i ndiaidh bogadh píosa maith isteach ón imeall.
barúil clue
" ” I rannóg na n-iontaobhas, bhíodh siad ag tabhairt aire do dhaoine a bhí an-saibhir ar fad nach raibh barúil acu cén chaoi lena gcuid airgid a infheistiú i gceart.
barúil clue
" Seo cuid den mhéid a bhí le rá aige: … níl barúil agam cad é a dhéanfaidh mé i mí Dheireadh Fómhair nuair a bheas an clár sin (an clár faisnéise) críochnaithe mar, más fíor, ní bheidh aon airgead eile ar fáil i mbliana.
bhur mbarúil do you think
" Ach, bhur mbarúil an raibh Éamonn Ó Doornail, eagarthóir *Beo Ar Éigean*, sásta íoc as ceithre shuíochán bheaga bhídeacha in eitleán de chuid Aero Lingo chun corp collaideach caomh an iriseora mhóir a iompar trasna na farraige chun an Oileáin Úir? Bealach ar bith! Cad é eile a mbeadh sibh ag súil leis? Ach, ar an dea-uair, tharla go roinnt spáis fágtha ar an eitleán lasta ab éigean d’Fhoraois na Gaeilge a fháil ar cíos chun an fíor-Joe Mac Donnchadha a iompar anonn.
barúil opinion
"barúil ag go leor daoine go bhfuil Seirbhís Phóilíneachta Thuaisceart Éireann (PSNI) ag tabhairt rith an bhealaigh don UVF.
bharúil opinion
" An bharúil a bhí acu ná go raibh náire ar rialtas an lae inniu mar gheall ar fhoréigean 1916 agus gurbh fhearr leo dearmad a dhéanamh ar an chuid sin de stair na hÉireann.
barúil opinion
" Bhí tréimhse chomhairliúcháin ag an Roinn Sláinte go dtí 5 Meán Fómhair agus, le barúil mhuintir Learphoill a chur in iúl don Aire Sláinte, Patricia Hewitt MP, chuir níos mó ná 12,000 duine cárta poist ó Smoke Free Liverpool chuici ag iarraidh cosc iomlán ar chaitheamh tobac i ngach áit phoiblí faoi dhíon.
chomh daingean ina bharúlacha opinionated
" Anois, cén t-ainm seo arís atá ar an tráchtaire sin atá chomh daingean ina bharúlacha a mhaíonn gurb eisean an t-aon duine sa lá atá inniu ann atá toilteanach fimíneacht agus ainbhearta a nochtadh? An duine sin, a mbíonn sé féin agus Clooney de shíor in adharca a chéile? Ó, sea, Bill O’Reilly ó Fox News.
barúil idea
" Anois tá siad ag rá nach sábhálfaidh tada é ach míorúilt agus níl barúil ar bith acu cé as a dtiocfaidh an mhíorúilt sin.
in ainneoin na barúla coitianta despite popular opinion
" Ach, in ainneoin na barúla coitianta, tá boige ag baint le Balor fosta, agus bíonn sé fial flaithiúil lena chuid bronntanas am seo na Nollag.
an bharúil chéanna the same opinion
" Níl a fhios agam an bhfuil an bharúil chéanna ag Comhairle Contae Shligigh faoi Andy “the Bull” McSharry.
barúil clue
" Tá an chuma ar Oifig Thuaisceart Éireann, Príomh-Aire na Breataine agus ar an Príomh-Chonstábla Hugh Orde nach bhfuil barúil acu cad é tá ag titim amach.
den bharúil of the opinion
" ” “Tá daoine den bharúil gurbh iad na *Jesuits* a chum an nath, ach tá dul amú orthu; na mná rialta ar dtús a dúirt: “Tabhair dom lámh an linbh le é a bhualadh le rialóir agus tabharfaidh mise duitse an duine fásta.
an bharúil the opinion
" Ba é an bharúil a bhí aige ná go raibh na póilíní ag lorg eolais fá dtaobh díomsa, ní faoi na dílseoirí, agus go mbeadh sé níb fhearr gan iad a ligean isteach i mo theach.
den bharúil of the opinion
" Roimh theacht na déabhlóide, gan mórán cumhachta acu, bhí na páirtithe Albanacha den bharúil gurb é tuilleadh maoinithe rialtais réiteach gach faidhbe.
den bharúil of the opinion
" Roimh theacht na déabhlóide, gan mórán cumhachta acu, bhí na páirtithe Albanacha den bharúil gurb é tuilleadh maoinithe rialtais réiteach gach faidhbe.
cén bharúil what opinion
" ” Níl a fhios agam an bhfuil “a chomrádaithe agus a chairde” fós beo agus, má tá, cén bharúil atá acu den drochchaoi atá ar an áit a bhfuair sé bás.
an bharúil the opinion
" Is é an bharúil atá ag sléibhteoirí in Éirinn agus sa Bhreatain ná gur chóir duit a bheith ábalta do shlí féin a aimsiú le léarscáil agus compás, gan a bheith ag brath ar mharcanna agus fógraí.
an bharúil the opinion
" Ach, ag an am chéanna, agus muid anois ag amharc siar ar an rud, tá cosaint le déanamh ar an bharúil nach mbeadh oiread bainte amach ach go b’é go raibh foréigean nó bagairt an fhoréigin ann agus b’fhéidir go bhfuil sé sin fíor fosta.
a barúil her opinion
" I leabhrán a d’ullmhaigh an léachtóir le dlí in Ollscoil na hÉireann Gaillimh, an Dr Máire Mac Conghaíl, do Chumann Nuachtán Náisiúnta na hÉireann ar fheidhmiú an Achta, thug sí le fios gurb í a barúil gur cheart go mbeadh iriseoirí ar thóir eolais go rialta faoin ASF.
barúil bhunadh na tuaithe agus na cathrach the opinion of country people and city people
" Ach is mór an difear idir barúil bhunadh na tuaithe agus na cathrach ar an cheist achrannach seo.
a leithéid de bharúil the same opinion
" Leis an bhfírinne a rá, níor chuir dearcadh an fhir ró-iontas orm nó bhí a leithéid de bharúil cloiste agam go mion minic roimhe sin; go deimhin déantar talamh slán de i measc an aosa léinn.
barúlacha éagsúla different opinions
" Costas ard maireachtálaTá barúlacha éagsúla á nochtadh ar cad atá taobh thiar den chinneadh anseo i dtuaisceart na hÉireann.
Mo bharúil féin my own opinion
" Mo bharúil féin ná go mbuafaidh Ciarraí an chraobh arís.
den bharúil of the opinion
" Ach laistigh de cheithre lá tháinig claochlú ar thuairim roinnt mhaith de phobal na cruinne agus iad den bharúil nach gníomh cóir a bhí sa chrochadh ach linseáil sheicteach an daoscarshlua.
a mbarúil a nochtadh to give their opinion
" Is éard is *weblog* nó blag ann ná dialann phearsanta nó pholaitiúil ina ndáiltear eolas agus ina dtugtar cuireadh do dhaoine eile a mbarúil a nochtadh faoina bhfuil ann.
barúil opinion(idea)
" Bhí barúil agam agus mé á rá nach réiteodh mo ráiteas le dearcadh an bhráthar ná le hethos na scoile.
dá mbeadh barúil aige if he had any idea
" Cúis mhórtais do Bhalor a cháil mar thuairisceoir tuisceanach agus mar fhiosraitheoir fáidhiúil, agus dá mbeadh barúil aige faoi na scéalta móra nuachta sular thit siad amach ar chor ar bith, ní bheadh tuairisceoirí an *Sindo* agus an *Star*, an *Mirror* agus an *Messenger of the Sacred Heart* ach in áit na leathphingne i gcomparáid lenár laoch.
teacht ar an bharúil chéanna. come to the same opinion
" An rud ba mhó faoin alt seo a chuir olc orthu thall ná gur thóg sé seachtain ar iriseoirí na Breataine teacht ar an bharúil chéanna.
Fear nach raibh barúil ina cheann aige A man who has no clue in his head
" Fear nach raibh barúil ina cheann aige faoi roghnú imreoirí nó iad a chur in áit cheart ar an pháirc imeartha, agus fuair sé €700,000 mar bhronntanas scoir.
an bharúil the opinion
" Maíonn na náisiúnaithe gurb í Alba an t-aon tír riamh a d’éirigh níos boichte i ndiaidh d’ola a bheith faighte inti! Ach maireann an bharúil i Sasana go bhfuil Alba ag dul i dtreise trí theacht i dtír ar a seanchéile comhraic agus gur beag a mbuíochas, ach a mhalairt.
mo bharúil féin my own opinion
" B’fhéidir leagan beacht atá caillte ag an aoisghrúpa seo a athbheochan? Nó meascán de gach rud? Ar chóir dúinn Gaeilge mhianaidhme a úsáid ar an teilifís, agus glacadh leis go mbeidh sé deich mbliana eile sula mbeidh naíonáin an lae inniu ina ndéagóirí agus ag súil go mbeidh siad ag caint mar sin? An bhfuil cumhacht ag lucht scripte ár modh cainte a athrú? Tá mo bharúil féin agamsa.
ní raibh barúil ar bith agam I had no idea
" Tuigim anois gur liamhán gréine a bhí ann, ach ní raibh barúil ar bith agam faoina leithéid ag an am sin.
a bharúlacha his opinions
" Bhí alt thar a bheith suimiúil sa *Guardian *ag deireadh mhí na Bealtaine inar nocht Sir Hugh Orde, Ardchonstábla Sheirbhís Póilíneachta Thuaisceart na hÉireann, a bharúlacha mar gheall ar an sceimhlitheoireacht.
Bhíos den bharúil I was of the opinion
" Bhíos den bharúil go bhféadfainn aon rud a dhéanamh.
chomh fada le mo bharúil as far as I know
" Níor luaigh sé, áfach, chomh fada le mo bharúil, go raibh rainse 139,000 acra aige sna Stáit Aontaithe chomh maith.
barúil láidir strong opinion
" ’ Is éard atá i gceist leis sin ná go dtugtar cead a chinn don duine is mó a bhfuil barúil láidir aige faoi cheist ar leith.
bharúil opinion
" Seo thíos an bharúil a nocht an ECFE i ngrinnstaidéar a rinne siad sa bhliain 2006 ar an chóras oideachais in Éirinn: “Beidh cuid mhaith infheistíochta breise de dhíth chun fís an rialtais a bhaint amach i réimse an ardoideachais.
nó ní raibh barúil dá laghad agam because I had absolutely no idea
" Thug an suth thart ar an choláiste muid agus b'fhiú go mór an turas a rinne muid nó ní raibh barúil dá laghad agam cén dóigh a n-oibríonn rudaí ar ollscoil.
do bharúil your opinion
" Cad é do bharúil de ‘Leaid sa Leaba’?” “An as do mheabhair atá tú? An Leaid sa Leaba? Cén sórt colúnaí a cheapann tú atá ionam?” “Anois, a Phóil,” a dúirt sí go séimh, “caithfidh tú forbairt mar iriseoir.
bharúil opinion
" Má bhíonn gach duine thíos agus iad go léir buailte go dona, bíonn daoine den bharúil gurb ionann an cás don iomlán acu.
den bharúil of the opinion
" Bhí ionracas ann agus bhí sé den bharúil gur chóir meas a bheith ag an arm ar an chumhacht shibhialta, in ainneoin ghéarchéim an chogaidh.
bharúil opinion
" Cad é do bharúil d’iarrachtaí na hÉireann, nó an bhfuil iarracht ar bith ar siúl ag rialtas s’againne ar chor ar bith? Beairic: Níl dabht ar bith orm ach go bhfuil an fear ceart san áit cheart ag muintir na hÉireann chun déileáil leis an ghéarchéim gheilleagrach seo.
ag déanamh dóigh dá mbarúil jumping to conclusions
" Cad tuige mar sin nach bhfuil aon suim ag fir tabhairt faoin cheird? CMÉ, Mary Hanafin agus FG ag déanamh dóigh dá mbarúil? Deir múinteoirí áirithe go bhfuil siad buartha go gcuirfear ina leith gur péidifiligh iad.
smaointí agus barúlacha an duine human thoughts
" Agus é ag labhairt ar an fhealsúnacht san eacnamaíocht, ’sé sin an tionchar a bhíonn ag smaointí agus barúlacha an duine ar an gheilleagar, dúirt sé gur cheart dúinn uile go léir ár gcuid teilifíseán a mhúchadh agus éirigh as a bheith ag léamh scéalta nuachtáin faoin gcruachás ina bhfuil muid faoi láthair.
bharúil opinion
" Cad é do bharúil féin faoin dearcadh sin? Tuigim.
Bhítheas den bharúil people were of the opinion
" Bhítheas den bharúil go dtiocfadh le ‘míghnaoi’ an chailín óig seo cur isteach ar chustaiméirí leochaileacha agus iad ag déanamh gur créacht fhuilteach a bhí ann.
barúil opinion
" Is deacair tuiscint cheart nó fiú barúil ar bith a bheith ag duine ar mhéid na suime sin.
barúlacha opinions
" Tráchtairí Tomhaiste? Is doiligh, áfach, gan aird a thabhairt ar na barúlacha atá nochtaithe ag tráchtairí níos tomhaiste ar an ábhar.
Cad é do bharúil what do you reckon
" Cad é do bharúil, a Bhaloir? Bíodh seanfhocal ag gach seanbhuachaill! Is iomaí rud a thiocfadh linn a chur i gcrích dá mbeadh fiche míle ball de na Léinte Glasa ag siúl thart le camáin ina ndóideanna.
Tá barúil agam I figure
" Tá barúil agam nár leor Gaeilge lofa (ooooops! Gabh mo leithscéal: Gaeilge líofa) Liatroma fá choinne an phoist.
is í mo bharúil féin as I see it, I reckon
" Ach is í mo bharúil féin, nach dtig le ríomhleabhar áit an ghnáthleabhair a ghlacadh go sásúil.
barúil opinion
" Tá mé ag iarraidh a thuigbheail, - b’fhéidir go bhfuil barúil agat féin cad é an fáth a bhfuil siad á dhéanamh - ní fhéadfadh siad a bheith á dhéanamh le drochrud, ach mar sin féin, tá siad ag déanamh dochair.
bhur mbarúil d'you reckon
" com/watch?v=r_e1Ughougc&feature=related) Ceist ag Balor an Bleachtaire oraibh, a léitheoirí cliste: bhur mbarúil cad tuige gur roghnaíodh an dá áit sin? Bhur bhfreagraí, le bhur dtoil, scríofa go soiléir ar nóta caoga Euro chuig Balor an Fiosraitheoir Fiafraitheach Fáidhiúil faoi dheireadh na míosa seo, le bheith istigh ar sheans duais mhór a bhaint: deireadh seachtaine Gaeltachta san Iarthar.
barúlacha opinions
" Bhí muid ag brath ar bhlagadóirí agus ar chláracha plé éagsúla, ach dá fheabhas an díospóireacht agus na barúlacha spéisiúla a nochtaíodh orthu, ní raibh iontu i ndeireadh ama ach tuairimíocht seachas tuairisceoireacht, údarásach, neamhchlaonta.
bharúil opinion
" Is é mo bharúil féin go raibh cuid áirithe de mhuintir na tíre seo, is é sin mná céile go leor, breá sásta le toradh an chluiche, ach scéal eile é sin.
bharúil opinion
" Ba í an bharúil a bhí ag lucht pleanála na gcathrach ná go mbeadh cumhacht aibhléise agus breosla measartha saor i gcónaí.
barúlacha opinions
" ” Cinnte, bhí a barúlacha maidir le homaighnéasaigh doghlactha ach chreid sí go diongbháilte gur theagasc Íosa Críost di go raibh an homaighnéasachas “*abominable*.
barúil opinion
" " Is mairg le húdair an leabhair go bhfuil Éire na fáilte is na teolaíochta chomh marbh le hArt! Ar ndóigh tá sé de bhua ag na húdair go bhfuil siad ag amharc isteach orainn ón taobh amuigh agus gur barúil oibiachtúil trí shúile an eachtrannaigh atá á nochtadh acu.
barúil opinion
" Deir daoine áirithe gur dream dúchais iad, ach tá barúil ag daoine eile go bhfuil na Rohingya síolraithe ó dhaoine a bhain Arakan amach le linn don áit a bheith faoi shúiste na Breataine ó 1824 go 1948.
tuairimí a dhéanamh dá mbarúil going on guesses
" Má theastaíonn ó Chumann Múinteoirí na hÉireann cás a dhéanamh do mhaoiniú san oideachas, ba cheart é sin a rá amach glan in ionad tuairimí a dhéanamh dá mbarúil, tuairim nach dtagann leis an tsochtheangeolaíocht mar is eol do lucht an réimse sin eolais.
bharúil view
" Bhí an bharúil seo le cluinstin ó thús ré na hathbheochana i leith.
mbarúil opinion
" Cuirtear go mór leis an mbarúil seo nuair a leagann rialtas ag leibhéal amháin an milleán ar rialtas ag leibhéal eile as drochsheirbhísí poiblí.
Do bharúil (what's) your opinion
" BD: Do bharúil faoi staid na Gaeilge is na Gaeltachta faoi láthair? PÓC: Chuala mé an Coimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin ag rá le déanaí go raibh seasamh na teanga ag an leibhéal náisiúnta “níos daingne ná ag aon tréimhse eile le deireanas” ach go raibh an Ghaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht ag leibhéal an-leochaileach.
den bharúil of the opinion
" Táim den bharúil go mbeidh olltoghchán ann in earrach na bliana seo chugainn.
den bharúil of the opinion
" Ó na hochtóidí i leith, bhí ceardchumainn na seirbhíse poiblí ag iarraidh go gcealófaí córas na marcanna breise d’arduithe céime siocair go raibh cuid dá mbaill nach raibh cáilithe do na marcanna seo den bharúil go raibh leatrom á imirt orthu.
Caidé mo bharúil what do I think
" Caidé mo bharúil den chluiche leis na All Blacks??? Siúr ní raibh aon chluiche ann.
is é mo bharúil I reckon
" Dearbhán, Cinnte! ======== Caithfidh mé a rá gur fearr liom i bhfad dearbhán bronntanais leictreonach mar seo mar is é mo bharúil go mbíonn sé i bhfad níos éasca nasc a cliceáil i rphost ná cinntiú go bhfuil an dearbhán i do phóca is tú ag tabhairt faoin mbaile mór.
bharúil opinion
" Bhí siad den bharúil go dtí bliain ó shin gur chóir é a athleasú ach de réir a chéile, ó lár na bliana seo caite, thiontaigh géarchéim an gheilleagair ina géarchéim pholaitíochta.
den bharúil láidir convinced
" Agus ós ag caint dúinn ar chluichí, tá Balor den bharúil láidir go mba chóir go mbeadh a fhios ag daoine roimh an olltoghchán cén cluichí a imríonn polaiteoirí na hÉireann.
Is é mo bharúil I reckon
" Ach Danny Kennedy? Is é mo bharúil go bhfuil seal den bhualadh craicinn 'blaisín beag daor'.
den bharúil of the opinion
" Ach le blianta beaga anuas tá siad den bharúil go bhfuil an tAontas ag cur bac ar an Ghearmáin.
Is í mo bharúil it’s my opinion
"Is í mo bharúil féin, i bhfíorphoblacht, tá an saol chomh maith agus is féidir bunaithe ar chearta.
bhur mbarúil do you think
" Tá Balor ag smaoineamh ar dhul in éineacht leo, ach bhur mbarúil an dtiocfadh leis cuma easpaig a chur air féin? Táthar ann a deir go bhfuil a bholg agus a thóin in oiriúint don bhréagriocht áirithe sin agus go mbeadh sé i measc daoine a bhfuil an spéis chéanna acu san ithe agus san ól.