Pota Focal Intergaelic
ata | baa | bala | bara | basa
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a thug bata agus bóthar do Ceausescu that sent Ceausescu packing
" Cad a tharla do *people power*, an chumhacht ollmhór sin a bhris riail iarainn an Cumannachais agus a thug bata agus bóthar do Ceausescu, do Hoenniger, don iliomad deachtóir, beag agus mór, in oirthear na hEorpa? Cá bhfuil sé i dtuaisceart na hÉireann? Tá an oiread sin eagla ar dhaoine roimh an dream eile - agus sin gach aicme den tsochaí - nach bhfuil siad sásta bata agus bóthar a thabhairt don tseicteachas.
bataí adhmaid wooden sticks
" Gan choinne, tá an triúr timpeallaithe ag cúig óganach déag, cuid acu agus *balaclavas* orthu, gléas troda ag an uile dhuine, bataí adhmaid, maidí *baseball* agus maidí gailf.
an bata scoir the tally stick
" Mar shampla, bhíodh an bata scoir ag na Lacótá mar a bhíodh in Éirinn.
bata draighin blackthorn stick
" Bhí mé ciaptha ag Éamon Ó Caoimhnis, Aire na Galltachta, a bhí ag dul thart ar chairrín gailf, stoc fógartha i láimh amháin aige agus bata draighin sa láimh eile, é ag croitheadh an bhata os a chionn agus ag cleachtadh a óráide os ard.
Tugadh bata is bóthar dóibh They were sent packing
ag fáil bata agus bóthair getting the sack
" Dá bhrí sin tá go leor in éad leis agus ba mhaith leo é a fheiceáil ag fáil bata agus bóthair agus tá seans go bhfaighidh siad a mian go fóill.
bata agus bóthar a thabhairt do Chaitlicigh to drive out Catholics
" Ag deireadh mhí Aibreáin, scaipeadh bileoga ar thithe sa cheantar ag iarraidh ar bhunadh na háite bata agus bóthar a thabhairt do Chaitlicigh a bhí ina gcónaí in árasáin i gCearnóg Whitehall.
buailtear le bata iad they are hit with a cane
" Foghlaimíonn na páistí gach rud de ghlanmheabhair agus, muna mbíonn sé i gceart acu, buailtear le bata iad.
buailtear le bata iad they are hit with a cane
" Foghlaimíonn na páistí gach rud de ghlanmheabhair agus, muna mbíonn sé i gceart acu, buailtear le bata iad.
Bata agus bóthar the sack
" * Gluais • Glossary úrscéalnovel gráinhatred shamhlaigh séhe imagined údar bróidreason to be proud brúpressure déistindisgust ní túisceno sooner scíthrest Bata agus bótharthe sack cloí leis an spriocto stick to deadlines sobalcólaísoapaholic mealltabeguiled sáiteengrossed fuil ina chuisleblood in his veins anáil ina pholláiríbreath in his nostrils ruaig séhe banished néaróganerves mírpiece airdattention torann ceolmhar an fhóinthe musical noise of the phone a leannán nuaher new boyfriend lán de chacfull of shit giúmar an leithristoilet humour dleachtaroyalties go borbabruptly go searbhasachsarcastically ag caint seafóidetalking rubbish sáiteánjibe otharpatient a ainm baistehis first name gearáncomplaint údarreason chaon duineeach of us ciontachguilty tostsilence mar is iondúilas usual cruógachbusy garmhacgrandson cionaffection a d’aimsigh an galar sinwho discovered the disease in éindí léialong with her sách ísealin a low voice béimstress ar bís le thú a fheiceáildying to see you tá do thuairisc á cur aicishe's asking for you dearmadachforgetful contúirteachdangerous d’fhéadfadh sí an teach a lasadhshe could set the house alight airecare go mífhoighdeachimpatiently aird iomlán a dhíriú ar a chuid oibreto fully concentrate on his work díomhaoinidle docharharm cuideachtacompany aghaidh a phróiseálaí focalin front of the word processor dá dtiocfadh an crú ar an tairneif the worst came to the worst curtha amúwasted leath a dhóthain ama dóhalf enough time to him coscban seafóidrubbish iarrachteffort chéad Chomaoineachfirst hold Communion ag tnúth leis an lá mórlooking forward to the big day an mac drabhlásachthe prodigal son brionglóiddream den seandéanamhof the old kind greamaithe lena rúitín le sreang leictreachaistied to his ankle with an electric cable deisopportunity smaoineamhidea ar scáileánon screen aiféalaregret an cailín ba thaitneamhaí sa sobaldrámathe most likeable girl in the soap opera in ainm is a bheith ag réiteachsupposed to be preparing greimbite ag béiceach agus ag screadaílshouting and screaming i mbun trodaengaged in fighting iontas na n-iontassurprise surprise iriseoirjournalist taithíexperience comhiriseoirfellow journalist mionsciortamini-skirt beannacht a bhí ceilte air go dtí sina blessing in disguise ar mhaithe lena cheirdfor the sake of his trade

" Bhí muid ciaptha ag an Aire Éamon Ó Caoimhnis a bhí ag dul thart ar chairrín gailf le stoc fógartha i láimh amháin agus bata draighin sa láimh eile, é ag croitheadh an bhata os a chionn agus ag cleachtadh a óráide os ard.
ag tabhairt bata agus bóthair giving the sack (getting rid of)
" Ach is é seo an cor is déanaí sa scéal, go bhfuil tabhairní ag tabhairt bata agus bóthair do na grúdlanna móra agus ag grúdú a mbeoracha féin.
níl bata agus bóthar tugtha ag scríbhneoirí dóibhsean. writers haven't gotten rid of them
" Ach, murab ionann agus go leor ceoltóirí, níl bata agus bóthar tugtha ag scríbhneoirí dóibhsean.
mar bhata cruicéid as a cricket bat
" Bhí buachaillí óga le feiceáil timpeall na tíre ag baint úsáide as a gcuid camán mar bhata cruicéid agus as a gcuid sliotar mar liathróid chruicéid, ar feadh scaithimh i rith an tsamhraidh ar aon nós! Maidir le 2008, beidh le feiceáil cé acu an bhfuil sé de chumas ag lucht an chruicéid teacht i dtír ar an aird agus ar an dea-thoil a tugadh dó in 2007 nó nach bhfuil.
bata agus bóthar a thabhairt do Staunton. to send Staunton packing.
" Táthar den tuairim go mb’fhéidir gur thairg O’Brien an bronntanas agus Steve Staunton fós ina bhainisteoir, rud a chiallódh go raibh brú áirithe ar an FAI bata agus bóthar a thabhairt do Staunton.
agus bata ina lámh aige with a stick in his hand
" Ach ní hé go raibh cigire ag dul timpeall agus bata ina lámh aige lena chinntiú go raibh an teanga á labhairt ag gach uile dhuine: ba í an sprioc a bhí leis ná spraoi agus siamsaíocht a chur ar fáil – agus diabhlaíocht a chothú! “Bhí réimse leathan imeachtaí ar siúl sa phuball – fíbíní cleamhnais, seónna puipéad, fuirseoireacht agus ceachtanna inar múineadh do dhaoine conas eascainí a ligean trí Ghaeilge! I measc na n-imeachtaí ba mhó ar éirigh leo, dar liomsa, bhí imeacht ar ar bhaist muid Cáirióice CLG.
bataí sticks
" Thug sé aghaidh amach le barr faitís faoina bheirt mhac i ndiaidh do dhrong dílseoirí theacht isteach i gceantar na n-Ard/The Heights i gCúil Raithin, buidéil, bataí agus casúir ar iompar acu agus goimh mharfach orthu.
bata tomhais a cur ar to measure
" Shocraíos isteach i seanbhruíon mhaorga na mbrionglóidí ar Shráid an Mhargaidh chun bata tomhais a cur ar obair l’enfant terrible cineama na Breataine sna seascadaí, Ken Loach.
tugadh bata is bóthar given marching orders
" Agus ansin tugadh bata is bóthar do PC Steve Bettley, Merseyside Police, os rud é go raibh sé ina bhall den BNP.
Tugtar an bata they're beaten
bata is bóthar marching orders
" Ach, cé gur imir gach fear ar fheabhas agus thar barr agus gur ‘thugadar go fial dúinn a raibh acu le tabhairt’ (John Spillane/Louis de Paor agus Madraí an Bhaile, 2002, Réalta) níor leor é agus ní raibh de luach saothair acu ach ‘bata is bóthar is fonn abhaile’.
bata agus bóthar do sent him packing
" Thug Abbott bata agus bóthar do Macfarlane mar urlabhraí i dtaca le hathrú aeráide ina chomhaireacht chúil nua agus cheap sé ina ionad an Seanadóir Nick Minchin.
bata leadóige tennis racquet
" De mhuintir bhocht é nár imir aon spórt eile ach sacar ina óige mar, mar a d’inis sé féin, ní raibh bata leadóige aige chun leadóg a imirt, ná maidí gailf chun galf a imirt, ach, mura raibh, bhí liathróid de shaghas éigin i gcónaí ar fáil chun peil a imirt.
bata agus bóthar marching orders
" Tháinig athrú suntasach ar chúrsaí polaitíochta na hAstráile ar 24 Meitheamh nuair a thug Páirtí an Lucht Oibre bata agus bóthar dá gceannaire, an Príomh-Aire Kevin Rudd, agus toghadh Julia Gillard i gcomharbacht air d’aon ghuth.
bata agus bóthar do sent packing
" 
Thug Conor Murphy bata agus bóthar do cheathrar ball den bhord i ndiaidh fiosrúcháin ar chúrsaí bronnta conartha agus d’ainmnigh sé ceathrar eile ach ba léir go raibh an eagraíocht mhífheidhmiúil i bhfad sular thit an chéad sneachta.
scéal i mbarr bata éigin cock and bull story
" Mura dtapaíonn an feachtas an deis a spriocanna a chur i gcrích agus aird an phobail ar an scéal, is lú arís an t-ionchas go dtabharfaidh siad an bua leo níos déanaí, agus na meáin dulta ar aghaidh chuig an chéad eachtra eile, nó chuig scéal i mbarr bata éigin.
bata agus bóthar a thabhairt to expel
" Ar fud na hAfraice Thuaidh tá saoránaigh ag baint úsáide as na meáin sóisialta chun iad féin a eagrú d’fhonn bata agus bóthar a thabhairt dá gceannairí uathlathacha, agus cé nach bhfuil torthaí an scéil fós ar eolas againn tá sé soiléir go mbeidh cumhacht an phobail ag dul ó neart go neart de réir mar a théann cumhacht chumarsáid an idirlín i dtreis.
tugadh bata agus bóthar don was run out of town
" 
Ní nach ionadh, tugadh bata agus bóthar don Dr Brian Crowe, ar iar-Mhinistir lánaimseartha in Eaglais na hÉireann é.
mhol sé go barr bata he highly praised
" Ba ríogaí amach is amach é Robert Menzies, Príomh-Aire na hAstráile an tráth sin, agus mhol sé go barr bata tionchar na camchuairte ar mhuintir na hAstráile.
bata agus bóthar marching orders
" Tháinig sé aniar aduaidh ar mhuintir na hAstráile nuair a thug feisirí Pháirtí an Lucht Oibre bata agus bóthar do Kevin Rudd, a bhí ina Phríomh-Aire ag an am, i mí an Mheithimh 2010 (Eagrán 111, Iúil 2010).
bata tomhais rule of thumb, measure
" Nuair is cuma leat fúthu, bíonn cead na gcos aon uair agat le linn na taispeána, agus, d’réir bata tomhais na gcaighdeán stiúrthóireachta a roinn Polanski go minic orainn cheana, fiú más beag féin í, is teip dó an cead imeachta sin atá againn.
bata mór le brú a chur orthu a big stick to pressurise them
" Ni thig linn siúl isteach thar an táirseach le bata mór le brú a chur orthu.
bata agus bóthar garbh don altra (sends) the nurse packing unceremoniously
" Agus nuair a thugann Georges bata agus bóthar garbh don altra (tá feidhm phlota le seo nach léir dúinn san am), tá an lámh shantach sínte amach arís eile.
bata dár naimhde le muid a bhualadh a stick for our enemies to hit us with
" Ar an gcaoi sin ní hamháin go bhfuil cur amú airgid i gceist ach tá cur amú cumais chomh maith agus tugann sé bata dár naimhde le muid a bhualadh.
bheartaigh mé siúl le cuidiú bata I planned to walk with a stick
" Don chéad uair i mo shaol bheartaigh mé siúl le cuidiú bata de bharr a ghéire is a bhí uillinn na malaí agus muid ag teacht anuas.
thug siad bata agus bóthar do Gillard they sent G. packing
" Ní raibh aon leisce orthu, mar sin, an cinneadh a dhéanamh a leas féin a chur chun cinn ar dhílseacht agus thug siad bata agus bóthar do Gillard.
Bata is Bóthair sent packing
" Bata is Bóthair ====== Ach bíonn deacrachtaí le hantoisceacht i gcónaí.
An Bata Draíochta the magic wand
" Trí dhuais, cóip an duine den leabhar seo ón Ghúm: **An Bata Draíochta** le Irene Ní Mhuireagáin / Fintan Taite.
tugadh bata agus bóthar don was sent packing
" Ar tugadh bata agus bóthar don gcailín bocht aimsire úd a luaitear? ’Bhfuil a cnámha siúd caite i gcúinne éigin den chill chéanna? Gach seans go bhfuil.
bataí leadóige tennis sticks
" Dúshlán eile a bhí ansin mar go mb’éigean sconsaí a thógáil i ngáirdín duine éigin as aon saghas ábhair a bhí ar fáil - seanchathaoireacha, cathaoireacha gréine, brícíní móna, camáin, rothair, maidí, bataí leadóige, rópaí, boscaí, buicéid, báisín uisce (sconsa uisce).
Níor scéal i mbarr bata was no cock and bull story
" Níor scéal i mbarr bata léim Felix Baumgartner, mar a samhlaíodh do roinnt bheag daoine, ach éacht agus céim mhór chun cinn ag an duine a bhí ann dar le Ciarán Mac Aonghusa.