Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bídís líofa nó ar bheagán Gaeilge whether they be fluent or speak only a little Irish
" Oscailte do gach duine - bídís líofa nó ar bheagán Gaeilge.
atá ar bheagán Gaeilge who know very little Irish
" **Antaine:** Agus céard faoi dhaoine a bheadh ag teacht isteach ón taobh amuigh atá ar bheagán Gaeilge? **Neansaí:** Go dtí seo ní raibh aon deacrachtaí againn.
ag géilleadh beagán ar an phointe stretching the point
" B'fhéidir go bhfuil mé ag géilleadh beagán ar an phointe a bheith ag cur asal faoi agallamh, ach ní chluintear a léitheid go minic ar an BBC nó RTÉ.
ag déanamh an mhóir den bheagán making a mountain out of a molehill
"ag déanamh an mhóir den bheagán".
ar bheagán airgid with little money
" Cén fáth ar bunaíodh é? Cionn is go raibh tromlach mór na nGaelscoileanna ó thuaidh taobh amuigh den chóras ag an am sin, iad ar bheagán airgid agus beagán áiseanna.
ar bheagán airgid with little money
" Cén fáth ar bunaíodh é? Cionn is go raibh tromlach mór na nGaelscoileanna ó thuaidh taobh amuigh den chóras ag an am sin, iad ar bheagán airgid agus beagán áiseanna.
beagán níos casta a little more complicated
" Is scéal beagán níos casta é, a deir siad.
beagán faoisimh some relief
" Laigí: Tá easpa spáis san Áras i láthair na huaire, cé go mbeidh beagán faoisimh againn ón bhfadhb seo go luath de bhrí go bhfuil muid ag athchóiriú Choláiste Cholumba, foirgneamh atá in aice an Árais, a ceannaíodh cúpla bliain ó shin, agus tá súil againn aistriú ann tar éis na Nollag.
ar bheagán Béarla not knowing much English
" Thig linn a bheith cinnte gur thug cuid de na hÉireannaigh a n-aghaidh ar Mheiriceá ar bheagán Béarla i rith na mblianta sin.
atá ar bheagán Gaelainne who have very little Irish
" "Sin iad na mná a théann isteach go dtí na scoileanna ag cabhrú leis na leanaí atá ar bheagán Gaelainne.
beagán dochair some damage
" Dúirt ceann eile go ndéanfadh sé beagán dochair don tír.
atá ar bheagán Gaeilge who speak very little Irish
" " Ní chiallaíonn an polasaí seo nach mbeidh siad sásta freastal ar Bhéarlóirí gan Ghaeilge nó iadsan atá ar bheagán Gaeilge.
beagán le cois a little over
" Tá sé beagán le cois dhá bhliain ó bhain Timor Thoir neamhspleáchas amach agus tá deireadh tagtha freisin leis an tréimhse 500 bliain a raibh an tír faoi chúram dream éicint eile - an Phortaingéil ar feadh i bhfad, an Indinéis ó 1975 agus na Náisiúin Aontaithe ó 1999.
beagán fiántais a little bit of wildness
" Ardaíonn sé seo rithim an cheoil agus tugann sé beagán de luascadh dó agus beagán fiántais! **An tiún v an glór v an duine:** Bíonn na trí rud seo i láthair nuair atá portaireacht ar siúl.
beagán brabúis some profit
" De ghnáth, faigheann an t-aerfort táille tuirlingthe ón aerlíne gach uair a thuirlingíonn eitleán nó gach uair a imíonn paisinéir, ach déanann tú beagán brabúis freisin ó na carrchlóis, agus ó na siopaí a dhíolann deochanna agus cumhráin leis na paisinéirí.
ar bheagán oideachas with little education
" Bhain Gardaí lofa mí-úsáid as daoine leochaileacha (go minic ar bheagán oideachas) ar mhaithe le hardú céime a bhaint amach.
beagán míshuaimhneach a little bit uneasy
" Tá cearta agamsa fós ar an ainm sin!” Ag breathnú siar anois air, áfach, tá an fear ag a bhfuil an t-ainm "Teilifís na Gaeilge" beagán míshuaimhneach faoin stáisiún a tháinig óna chuid stocaireachta.
ar bheagán oideachas with little education
" Bhain Gardaí lofa mí-úsáid as daoine leochaileacha (go minic ar bheagán oideachas) ar mhaithe le hardú céime a bhaint amach.
beagán draíochta a little bit of magic
" I dtosach báire, caitheamh aimsire a bhí ann don bheagán daoine a bhí go maith as; caitheamh aimsire a bhí ceannródaíoch agus a raibh beagán draíochta ag baint leis, ag tabhairt chun beatha íomhánna airgid as dorchadas an tseomra phróiseála.
beagán den ádh lena chois a little bit of luck as well
" An grianghrafadóirí níos fearr anois muid? Go bunúsach, ní hea! Tá an teicneolaíocht ann le cuidiú linn agus le féidearthachtaí a chur ar fáil dúinn, ach is é breithiúnas na súile oilte le treoir agus le taithí, agus beagán den ádh lena chois, a chruthaíonn grianghraf maith.
beagán draíochta a little bit of magic
" I dtosach báire, caitheamh aimsire a bhí ann don bheagán daoine a bhí go maith as; caitheamh aimsire a bhí ceannródaíoch agus a raibh beagán draíochta ag baint leis, ag tabhairt chun beatha íomhánna airgid as dorchadas an tseomra phróiseála.
beagán den ádh lena chois a little bit of luck as well
" An grianghrafadóirí níos fearr anois muid? Go bunúsach, ní hea! Tá an teicneolaíocht ann le cuidiú linn agus le féidearthachtaí a chur ar fáil dúinn, ach is é breithiúnas na súile oilte le treoir agus le taithí, agus beagán den ádh lena chois, a chruthaíonn grianghraf maith.
ag maireachtáil ar bheagán living on very little
" Tá cuid de na fostóirí seo sásta i bhfad níos lú ná an pá íosta a íoc leis na heachtrannaigh; tá siad sásta iad a chaitheamh isteach i dtithe gan teas nó compoird an tsaoil, ceathrar go minic i seomra codlata amháin agus iad ag maireachtáil ar bheagán.
beagán reatha a dhéanamh to do some running
" Anois is arís, déanann siad iarracht beagán reatha a dhéanamh, ach gearrann siad cúinní agus ar éigean a chríochnaíonn siad an cúrsa, go fiú agus iad ag siúl.
ar bheagán slí badly off
" Ar an scéalta a bhaineann leis an bPápa agus KUL, táthar an-cheanúil ar cheann faoina thuarastal ollscoile bheith á thabhairt ag Karol Wojtyla do mhic léinn a bhí ar bheagán slí.
ar bheagán slí badly off
" Ar an scéalta a bhaineann leis an bPápa agus KUL, táthar an-cheanúil ar cheann faoina thuarastal ollscoile bheith á thabhairt ag Karol Wojtyla do mhic léinn a bhí ar bheagán slí.
beagán feabhais a little bit of improvement
" Dhéanaimis dianchleachtadh roimh chomórtais agus cinnte chuidigh an cleachtadh linn beagán feabhais a chur ar ár seinnt ach i ndáiríre ní mórán a bhí ann.
beagán místuama a little clumsily
" Lena lámh chlé rug m’athair ar lámh dheis mo mháthar agus chas siad beirt taobh le chéile, beagán místuama, isteach doras na cistine, áit ar slogadh iad—bhí siad ceangailte le chéile ag na cluasáin, dhá phéire acu sáite isteach sa seinnteoir dlúthdhioscaí i bpóca ghúna mo mháthar.
é a leathnú amach beagán to broaden it a bit
" An ag cur leis an méid sin a bheas tú, nó an bhfuil i gceist agat dul treo eile?* TC: Tá mé chun é a leathnú amach beagán an uair seo agus cuid d’oirthear an Chláir a thógáil isteach anois.
atá ar bheagán Béarla who speak little English
" Tá go leor dúchasach i dtuaisceart na hAstráile atá ar bheagán Béarla nó nach bhfuil Béarla ar bith acu.
beagán searbhasach a little bit bitter
" Ar nóta íseal, ní fhéadfá an milleán a chur ar dhuine a bheith beagán searbhasach faoin lucht tacaíochta a bhíonn ag Baile Átha Cliath i bPáirc an Chrócaigh.
beagán le cois a little over
" Bhreathnaigh beagán le cois cúig mhilliún duine ar an fhístéip seo ar an chéad lá a raibh fáil air ar an idirlíon agus tháinig athrú ó bhonn dá bharr ar an chéad mhórscéal nuachta i 2007.
tá an ceol éirithe beagán tuirseach. the music has become a little tired.
" Níos tábhachtaí fós, b’fhéidir, tá an ceol éirithe beagán tuirseach.
beagán nearly
" Mar is iondúil, beidh toghchán ar siúl le haghaidh na suíochán go léir i dTeach na nIonadaithe agus le haghaidh beagán níos mó ná leath na suíochán sa Seanad.
obair chrua ar bheagán airgid hard work for little money
" Bhí a fhios agam go mbeadh obair chrua ar bheagán airgid i gceist, ag déanamh ceapairí do na “Gaeilgeoirí” nó ag glanadh suas ina ndiaidh.
ar bheagán airgid, on little money
" Ceoltóirí oilte agus daoine áille atá iontu – daoine a thug a gcuid ama dom ar bheagán airgid, nó saor in aisce.
beagán beag draíochta a small little piece of magic
" Bhí beagán beag draíochta ag baint le gach ócáid taifeadta agus le gach uair a chan nó a sheinn duine éigin ar an albam.
ar bheagán airgid. on little money
" Rinne sé amhlaidh le léargas a fháil ar na deacrachtaí a bhíonn ag inimircigh agus ag cuid mhór daoine eile sa tír seo agus iad ag iarraidh maireachtáil ar bheagán airgid.
ar bheagán airgid on little money, i.e. low budget
" Ba ar bheagán airgid a rinneadh an ceoldhráma seo, arb iad na príomhcharachtair ann ná ceoltóir sráide (Hansard) agus inimirceach Seiceach (Irglova) a bhfuil féith an cheoil inti chomh maith.
ar bheagán Béarla. with little English.
" Bhí Gaeilge ag go leor de na hÉireannaigh a tháinig chun na hAstráile go luath i stair na coilíneachta, cuid nach beag acu a thug a n-aghaidh ar an tír ar bheagán Béarla.
I mbeagán focal, in short, in a few words
" I mbeagán focal, is criú teilifíse ann féin é! Ach ar ais go Cliara.
beagán ama a bit of time
" Ní raibh mé in ann focal a rá! Bhí faitíos orm mo bhéal a oscailt! Ach thosaigh mé ag éisteacht agus chuaigh mé ar ais agus cheannaigh mé cúpla leabhar an-bheag agus tar éis tamaill dúirt mé liom féin, ‘Mo chaithim beagán ama leis seo, beidh mé chomh maith le Liam.
ar bheagán taithí. inexperienced
" Léiriú uaillmhéine ab ea é go ndeachaigh King i mbun sraithe mar seo agus é ar bheagán taithí.
beagán stró a little bit of work
" Mar sin, tá beagán stró i gceist mar go mbíonn ort a bheith ag aistriú idir suíomh abair.
cailíní ar bheagán éadaí scantily dressed girls
" I halla ollmhór ar dheis bhí comórtas *Poker* ar siúl, na céadta imreoir ina suí go ciúin chun boird, cailíní ar bheagán éadaí (na "Borgata Babes") ag siúl timpeall ina measc le tráidirí beorach agus fuisce.
bhí muid ar bheagán taithí ó thaobh an ghnó de we were very inexperienced with regard to the business
" Bhí *deal* faighte againn le Island Records, ach bhí muid ar bheagán taithí ó thaobh an ghnó de – níor thuig muid nach raibh ionainn ach uain i measc na sionnach.
ar bheagán cothromais with little equity
" Níl aon taithí ag mórchuid na glúine sin ar dhífhostaíocht nó ar shochar leasa shóisialta, gan trácht ar easnamh cothromais – rud atá i ndán go cinnte don dream donasach sin a cheannaigh tithe le bliain anuas ar bheagán cothromais agus ar mhorgáistí móra.
dhaoine a bhí ar bheagán airgid people who had little money
" Dála nósanna na maidine – scuabadh na bhfiacla; cóiriú na leapa – ba chuid normálta dár lá é cúnamh a thabhairt do dhaoine a bhí ar bheagán airgid nó dóibh siúd a bhí scoite amach ón bpobal ar bhealach éigin.
dhaoine ar bheagán taithí people with little experience
" Nuair a thosaíonn na ranganna i mí Mheán Fómhair, bíonn meascán de thosaitheoirí agus de dhaoine ar bheagán taithí i láthair.
dóibh siúd atá ar bheagán airgid to those who don't have much money
" D’fhéadfaí deontas a chur ar fáil dóibh siúd atá ar bheagán airgid.
siúd a bhí ar bheagán Gaeilge who had little Irish
" Ach bhí sé an-deacair; theip ar chuid mhór daoine, go háirithe orthu siúd a bhí ar bheagán Gaeilge.
ar bheagán taithí, inexperienced or with little experience
" Táim go láidir den tuairim go bhfuil cuid de na cláracha a chraoltar ar Raidió na Life ar comhchaighdeán le cláracha a chloisfeá ar aon seirbhís phroifisiúnta ach, dar ndóigh, mar gheall ar go bhfuil daoine áirithe ar bheagán taithí, déantar botúin in amanna.
an beagán éadaí agus riachtanas eile the little bit of clothes and other necessities
" Os rud é go n-iompraíonn formhór na n-oilithreach an beagán éadaí agus riachtanas eile a thugann siad leo ar a ndroim, is de réir praiticiúlachta, seachas faisin, a roghnaíonn siad a mbíonn ina gcuid málaí.
Bíonn blas ar an bheagán a morsel tastes good
" I dtaca leis an Guinness, is é a deir sé: “Bíonn blas ar an bheagán, go háirid ar an bheagán a bhímse in ann a cheannach ar an tuarastal suarach a fhaighim ó Beo Ar Éigean! ón am ar tháinig Sturmbanfuhrer Josef Mac Slua Muirí mar eagarthóir ar an liarlóg seo.
ar beagán deontais on a very small grant
" Nuair a d’éirigh Peadar Ó Ceallaigh as a fhoilsiú, thóg Comharchumann Chois Fharraige an nuachtán ar láimh agus foilsíodh é ar feadh roinnt blianta ar beagán deontais.
ar beagán lacking in
" Ní hamháin go raibh tonntracha ollmhóra ag briseadh ar an trá, ach bhí comharthaí ar fud na háite: "Feachtaí Cuilitheála Contúirteacha! Más ar beagán taithí thú, ná gabh ag snámh anseo! Fuair daoine bás ag snámh amuigh anseo!" (http://en.
ag déanamh beagáin dhóib féin belittling themselves
" Tá siad ag déanamh beagáin dhóib féin.
ar beagán bunúis on a weak basis
" Lena chois sin, níor mhór idirdhealú a dhéanamh idir na staitisticí a phléitear sa tuarascáil seo agus an chuid eile den staidéar nach bhfuil ann ach tuairimíocht, ar beagán bunúis dar liom.
beagán tuarastail small wage
" Daoine neamhthairiseacha a fheicfeas muid ar na sráideanna don chuid is mó ar an 15ú Aibreán, iad dífhostaithe nó ar beagán tuarastail.
Bíonn Blas ar an mBeagán good goods in small parcels
" Bíonn Blas ar an mBeagán ========== **BD: An bhfuil barraíocht leabhar á gcur i gcló i nGaeilge?** MÓC: Tá barraíocht leabhar nach bhfuil rómhaith á gcur i gcló i nGaeilge.
I mbeagán focal in short
" I mbeagán focal, aithníonn an Conradh nach tráchtearraí indiúscartha iad imircigh ach daoine daonna a bhfuil cearta acu is a bhfuil soghontacht faoi leith ag baint leo toisc iad bheith lasmuigh dá stáit dhúchais.
I mbeagán focal in short
" I mbeagán focal, ba chóir go mbeadh ról ní ba láidre ag baill tofa na n-údarás (in áit na mbainisteoirí ag a bhfuil gach cumhacht feidhmeannach faoi láthair), ba chóir roinnt mhaith comhairlí a chónascadh, agus ba chóir go mbeadh méara tofa ag na cathracha (ní hamháin Baile átha Cliath mar atá le teacht an bhliain seo chugainn.
I mbeagán focal in short
" I mbeagán focal, fuair siad amach go bhfuil droch-chaint agus an íde béil dírithe ar réiteoirí agus ar oifigigh eile níos coitianta ar pháirceanna CLG ná mar atá ar pháirceanna Chumann Rugbaí na hÉireann, an IRFU.
ar beagán páighe on small pay
" Bhí Fianna Fáil in ann cluain a chur ar fheilméirí beaga in iarthar na tíre agus ar an aicme oibre sna cathracha is sna bailte, a bhí ag streachailt leis an saol ar beagán páighe.
beagán taighde a little research
" As an gcomhrá sin bheartaigh mé beagán taighde (agus tabhair beagán air) a dhéanamh ar an ábhar agus chuige sin scrúdaigh mé na nuachtáin (an Irish Times, an Irish Examiner, an Irish Independent agus Foinse) i lár na seachtaine go bhfeicfinn an raibh mórán scéalta faoi shárimreoirí na spórt páirce is mó, an pheil Ghaelach, iománaíocht, sacar agus an rugbaí, a bheith gortaithe.
tabhair beagán air call it so
" As an gcomhrá sin bheartaigh mé beagán taighde (agus tabhair beagán air) a dhéanamh ar an ábhar agus chuige sin scrúdaigh mé na nuachtáin (an Irish Times, an Irish Examiner, an Irish Independent agus Foinse) i lár na seachtaine go bhfeicfinn an raibh mórán scéalta faoi shárimreoirí na spórt páirce is mó, an pheil Ghaelach, iománaíocht, sacar agus an rugbaí, a bheith gortaithe.
ar beagán páighe on small pay
" Bhí Fianna Fáil in ann cluain a chur ar fheilméirí beaga in iarthar na tíre agus ar an aicme oibre sna cathracha is sna bailte, a bhí ag streachailt leis an saol ar beagán páighe.
mórán briathra agus le beagán beart much talk about nothing
" Faoi dheireadh na gcaogaidí, bhí bunús tacaíochta faoin pháirtí ar fud na tíre a bhí bunaithe ar dhearcadh maoth pobalach: thaobhaigh siad le cúis na poblachta le mórán briathra agus le beagán beart; bhí tuiscint shimplí shoineanta acu ar an tsaol faoin tuaith; mhaígh siad go raibh siad ag seasamh ar son lucht oibre na gcathracha – rud a raibh craiceann na fírinne air ón uair a thug siad faoi shlumaí suaracha Bhaile Átha Cliath a fheabhsú agus a ghlanadh sna tríochaidí.
ar an bheagán daoine one the few
" Bhí an t-eacnamaí John Maynard Keynes ar an bheagán daoine a chreid gur cheart níos mó airgead a chur isteach sa gheilleagar nuair a bhí rátaí dífhostaíochta go hard, ní a mhalairt.
beagán faoi bhun slightly under
" Íocadh amach beagán faoi bhun €700,000 anuraidh ar an scéim le teaghlaigh sa Ghaeltacht.
I mbeagán focal in short
ar beagán cumhachta disempowered
" Ar nós seanóirí eile ar beagán cumhachta, tá Mija iarrachtín tréshoilseach.
ar beagán gluaisteachta barely moving
" Tugaim é sin faoi deara go háirithe nuair a bhainim díom leathmhiotóg chun grianghraf a tharraingt agus m’órdóg bailithe in eanglach agus ar beagán gluaisteachta.
I mBeagán Focal in short
" I mBeagán Focal ======= Tá ceist na Gaeilge an-simple go deo.
beagán náire sa dá shúil a touch of shame evident
" ‘Polish very good,’ a deir sé, agus ansin, idir magadh agus dáiríre, ‘Polish no good,’ beagán náire sa dá shúil, ach é bródúil go leor as an dá fhocal Béarla.
beagán achair roimhe a short while prior
" Bean a raibh airgead aici fós beagán achair roimhe sin ba léir.
beagán le cois an extra little bit
" Ach ar ndóigh, ghéill an Lucht Oibre don mhaistíneacht ó Fhine Gael, a thug geallúint sollúnta dá lucht tacaíochta nach n-ardófaí na rátaí cánach ar an dream siúd atá ar ardioncam! Bhí alt ag Vincent Browne ar an Irish Times an 23 Samhain a thug le fios go bhfuil beagán le cois 190,000 duine nó cúplaí ar comh-mheasúnú cánach le ioncam ag £80,000 nó níos mó agus gurb é an meánioncam atá acu ná €143,390, Ní íocann siad ach 33% de sin leis na Coimisinéirí Cánach.
beagán brabúis little profit
" Arís eile, chomhairligh John Bruton, go raibh an baol ann go raibh an comhlacht ag iarraidh barraíocht forbartha a dhéanamh cé nach raibh ach beagán brabúis déanta acu.
beagán uaignis ar suffered a little loneliness
" Cé go raibh beagán uaignis ar Dhaithí ar dtús agus gur bhraith sé uaidh bia blasta a mháthar, taitníonn Memphis agus saol na hollscoile leis: “bíonn an aimsir go breá agus níl mórán brú ná strus ag baint leis an saol ann”.
bheagán mheancóg small mistake(s)
" Gníomh suarach a bhí ann ach bhí sé ar an bheagán mheancóg atá déanta ag an Ardmhéara Sinn Féineach 25-bliana d'aois - an tArdmhéara is óige riamh i stair na cathrach - ach má tá ciall ar bith leis an fhocal "athmhuintearas" is ins na gníomhartha beaga seo a chruthófar iad.
ar beagán oideachais with a smattering of education
" Cuireann bodacht, mímhúinteacht agus maistíneacht Waltz alltacht ar a bhean Winslet, agus chuir riamh, ach nár fhéad sí é sin a chur in iúl go dtí gur thug an chogaíocht bhinbeach go léir agus na taoscáin fuisce misneach di; tiomáineann géilliúlacht agus filistíneacht Reilly a bhean mhóiréiseach Foster thar imeall na foighne freisin ; pléascann Reilly chomh maith céanna – scread príomhordúil an fhir chéile, an *‘regular guy’* ar beagán oideachais ag cur suas thar na blianta fada le mustar, soncanna beaga agus tón ardmhórálta na soithe ardnósaí a phós sé fada siar, céastóir néaróiseach a bhíonn de shíor ag sodar i ndiaidh na barántúlachta agus na bréag-ghalántachta araon.
den bheagán cathracha sin of those few cities
" Tá Nua-Orléans ar cheann den bheagán cathracha sin a ligeann do dhaoine ól ar an tsráid agus feictear mar sin buíonta ag siúl ar fud an bhaill le gloiní móra deochanna meisciúla ina nglaic acu.
bhí beagán imní orm I was a little concerned
" Cuireamar siar é go dtí 2012 agus bhí beagán imní orm ag tús na bliana seo go mb’fhéidir nach dtarlódh sé mar gheall ar chúrsaí airgid ach tháinig muid thart air sin.
a mhaolú beagán to diminish slightly
" Ba gheall le holagón é ach ní raibh ann ach iarracht ar an dobrón a luigh ar chroí ’ch éinne acu a mhaolú beagán.
Na Milliúin Caite ar Beagán Tairbhe millions spent for little benefit
" Na Milliúin Caite ar Beagán Tairbhe ================ Gheall Gillard go dtabharfadh an Astráil $100 milliún do rialtas na hAfganastáine in aghaidh na bliana go ceann trí bliana, agus $250 milliún gach bliain as sin amach, de réir foráil amháin den chomhaontú thuasluaite.
beagán dul chun cinn some small progress
"beagán dul chun cinn déanta ag an rialtas i dtaobh mhaoiniú na bpáirtithe.
Beagán le cois a little over
" Dírithe ar Bhéarlóirí atá na Coláistí Gaeilge ================ Beagán le cois €4 milliún a íocann an stát leis na mná tí gach samhradh.
ar beagán Ghaeilge go bunúsach who have little Irish basically
" Tá na Coláistí Gaeilge dírithe ar dhaoine gan Ghaeilge nó ar beagán Ghaeilge go bunúsach.
cuimsithe sa mbeagán focal sin encompassed in those few words
" Fogha agus cúlú, cosaint agus cos i dtaca: tá cuid mhór d’imeachtaí an oileáin ó thús ama cuimsithe sa mbeagán focal sin.
ar bheagán tairbhe of little benefit
" Tá an baol ann mar sin nach mbeidh sa Chomhdháil ach ardán scaothaireachta eile ar bheagán tairbhe.
go snasta agus i mbeagán focal in few words and sophisticatedly
" ) Chas Rossa an cúiseamh trom faoi ‘chinedheighilt’ thart ar fad, go snasta agus i mbeagán focal, ar an té gan ainm a scríobh an t-alt san IT.
I mbeagán focal in short
" I mbeagán focal, scriosfaí an radharc nuair nach mbeadh le feiceáil soir nó siar ach muilte móra millteacha.
Lagaigh an bháisteach beagán the rain weakened somewhat
" Lagaigh an bháisteach beagán thart fán méanoíche, agus thosaigh an ghaoth ag teacht i bputhanna amháin.
ar beagán airgid on small earnings
" “Is éigean é a dhéanamh, ar son na bpáistí, tá a fhios agat, is cuma faoin chostas” an dearcadh atá ag daoine atá ar beagán airgid agus dóibh siúd agus dóibh sin a bhfuil a gcuid postanna i mbaol, tá rudaí ag dul in olcas.
an-chuid a dhéanamh ar beagán a lot for very little
d’fhógair i mbeagán focal announced in short
" Labhair an SB (Stiúrthóir Bainistíochta) go tromchúiseach, agus d’fhógair i mbeagán focal go raibh deireadh á chur leis an tionscnamh mór AXE-N.
Beagán Canúnachais a touch of dialect
" Na Muimhnigh agus na Laighnigh abú! Beagán Canúnachais ====== Ach ní ar mhaithe leis an rugbaí a bhí suí déanta agam sa mbistro cluthar seo.
tá beagán tuiscint agus cur amach againn féin we have some understanding and capability ourselves
" Agus tá beagán tuiscint agus cur amach againn féin ar ghraithí raidió, bhí mo bhean féin anseo ag obair le raidió ar feadh na mbliantaí.
I mbeagán focal in short
i mbeagán focal in short
" Is é is brí leis sin, i mbeagán focal, ná go réitíonn sé leis an Aontas go gcuirfeadh Maracó constaicí i mbealach na ndaoine ón bhFo-Shahára a dteastaíonn uathu dul isteach san Aontas gan cead.