Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
beart parcel
" " An chéad lá eile, nuair a tháinig mo Neain bhí beart mór á iompar aici.
beart frithchoireachta anti-crime measures
" Bhí siad araon ag iarraidh cánacha níos ísle, seirbhísí níos fearr, fás geilleagrach níos láidre, príobháidiú, níos mó beart frithchoireachta, agus polasaithe níos déine chun déileáil le hinimirce mhídhleathach.
an dara beart díchoimisiúnaithe the second decommissioning act
" Dúirt ceannaire an UUP go mbeadh cibé maitheas a chothaigh an dara beart díchoimisiúnaithe curtha ó mhaith dá mb'fhíor do na líomhaintí thuasluaite.
faoi chúinsí áirithe thar na bearta in certain extreme circumstances
" Tá sé deacair acu glacadh leis go bhféadfadh duine ar bith againn, faoi chúinsí áirithe thar na bearta, an rogha mhícheart a dhéanamh.
beart action
" Dhúnmhaigh Ollannach fir 33 bliana d'aois an polaiteoir conspóideach tar éis dó agallamh raidió a thabhairt; níl sé curtha in iúl ag an dúnmharfóir fós cén fáth a ndearna sé an beart seo.
beart dearfach positive action
" Caithfear beart dearfach a dhéanamh go luath ar son na teanga.
beart action
" "Duine amháin a bhí ag éisteacht go géar leis an Uachtarán is ea an tAire Aindlí agus Ceirte, Micheál Ó Diúil, agus tá beart déanta aige de réir bhriathar Íosa.
beart a dhéanamh de réir a mbriathar to fit their actions to their words
" Anois, tá eagraíocht curtha ar bun chun brú a chur ar rialtais na dtíortha forbartha beart a dhéanamh de réir a mbriathar.
beart plan
" Ní hé gur rúndiamhair Fatima eile é an beart a bhfuiltear ag obair air - gairm toghcháin an fómhar seo, barantáis ó na haontachtaithe nach scorfar an Tionól, an dímhíleatú (nó an normalú) ó thaobh Arm na Breataine de agus gníomh eile díchoimisiúnaithe ar a laghad ón IRA.
an beart the deed
" Theip ar na polaiteoirí an beart a dhéanamh nuair a bhí an deis ann teanga oifigiúil a dhéanamh den Ghaeilge san Eoraip.
beart bundle
" beart, b'in deich scilling.
tionchar thar na bearta too great an influence
" Deir siad go bhfuil an iomarca cumhachta ag comhlachtaí ar nós Microsoft agus McDonald's, agus go bhfuil dea-ainm agus dea-cháil Mheiriceá millte ag grúpa beag "*neocons*", nó fíorchoimeádaithe, atá á maoiniú ag na hollchorporáidí agus a bhfuil tionchar thar na bearta acu ar pholasaithe an Tí Bháin.
bheart díchéillí foolish act
" Agus Bush ag tumadh sna pobalmheasanna, áfach, is é an cheist atá ann ná an ndéanfaidh sé aon bheart díchéillí an samhradh seo agus é ag iarraidh an taoide a chasadh arís.
beart deed
" Mura n-éiríonn léise maolú a dhéanamh ar an ghéarchéim atá sa chóras sláinte, is beag seans go n-éireoidh le duine ar bith eile an beart a dhéanamh.
ní dhearna siad beart de réir a bhriathair they didn't act as he told them to
" Nuair a labhair Balor Fáidh leo níor éist siad lena fhírinne ghlan, agus ní dhearna siad beart de réir a bhriathair, agus chruaigh siad a gcroí agus chaith maslaí leis agus clocha agus cnagáin cháidheacha as cairn aoiligh.
beart cróga brave action
"beart cróga déanta ag an Bhord Pleanála leis na cinntí a ghlac siad le déanaí maidir le trí fhorbairt chonspóideacha a bhí beartaithe i gConamara agus i gCorca Dhuibhne.
suim thar na bearta a great deal of interest
" suim thar na bearta ======= Fiú i laethanta sin m’óigese, nuair nach raibh teilifís ag mórán daoine, bhí tarraingt agus mealladh ag sacar Shasana ar dhaoine in Éirinn, nó i mBaile Átha Cliath ar aon nós.
Beart místuama imprudent action
" Beart místuama a bhí ann do na heagrais fheirmeoireachta tacú le McSharry i mo thuairimse.
beart transaction
" Bhíodh an beart déanta, ní bhíodh a fhios ag na híospartaigh cé a d’fhuadaigh iad agus bhíodh carn mór airgid faighte ag McBratney agus a chomhpháirtithe.
beart policy
" Rud amháin don Aire is ea fadhb a aithint ach ceist eile is cosúil beart dearfach éigin a dhéanamh ina leith.
beart action
" Tuigim gur beart iontach dian a bheadh anseo agus gurb iad na hothair féin a bheadh thíos leis.
beart action
" Ní dóigh liom go bhfuil mé ag dul thar fóir nuair a deirim go bhfuil Éire ag cuidiú leis na Stáit Aontaithe beart atá go huile is go hiomlán mídhleathach a chur i gcrích.
achan bheart gnó every business transaction
" Anuas air sin, tá an bheatha daor agus ní mór síntiús agus cáin a íoc ar bheagnach achan bheart gnó.
bearta bunúsacha basic policies
" Chuir an rialtas nua (treoraithe ag an gComhaontas Glas) bearta bunúsacha i bhfeidhm: cosc ar ghluaisteáin le paisinéir amháin ar roinnt de na príomhbhóithre ag an mbroidtráth; páirceanna rothar i bhfad níos fearr in aice le stáisiúin agus stadanna bus; fáinne carrchlósanna “*Park and Ride*” timpeall na gcathracha; traenacha dhá urlár ag dul go dtí na bruachbhailte; comhartha leictreonach ag gach stad bus ag tabhairt amanna na gcéad bhusanna eile; faoiseamh cánach dóibh siúd a cheannaigh rothar; agus táillí plódaithe tráchta (is gá íoc chun tiomáint sna cathracha idir 7 a.
bearta measures
" Faoi na bearta seo, díolann an rialtas “morgáiste” le comhlachtaí príobháideacha a thógann otharlanna nó scoileanna.
tuiscint thar na bearta ag Mick don cheol áitiúil a great appreciation for the local music
"tuiscint thar na bearta ag Mick don cheol áitiúil agus is suimiúil uilig dul chun cainte leis chun stádas an cheoil sa cheantar a phlé.
tuiscint thar na bearta ag Mick don cheol áitiúil a great appreciation for the local music
"tuiscint thar na bearta ag Mick don cheol áitiúil agus is suimiúil uilig dul chun cainte leis chun stádas an cheoil sa cheantar a phlé.
mura ndéanfar beart gan mhoill if action isn't taken soon
" Is cinnte, áfach, mura ndéanfar beart gan mhoill go dtiocfaimid go dtí an pointe nach mbeidh an córas inleigheasta.
beart deed
" ” Ach in ainneoin an léargais sin, i ndeireadh na dála cuireann O’Toole an milleán ar an IRA Sealadach – beart údaraithe dá gcuid, dar leis.
beart údaraithe authorized action
" ” Ach in ainneoin an léargais sin, i ndeireadh na dála cuireann O’Toole an milleán ar an IRA Sealadach – beart údaraithe dá gcuid, dar leis.
spéis thar na bearta a great deal of interest
" Ní annamh a mhaítear gur daoine iad muintir na hÉireann a bhfuil spéis thar na bearta acu i stair a dtíre féin.
beart action
" Tá dath an tírghráthóra curtha ar an mbeart ag Fine Gael ó shin.
beart greamaitheoirí a parcel of stickers
" Fómhar na bliana 1982, agus mé i rang a ceathair, lá amháin thug cailín sa rang beart greamaitheoirí isteach.
beart plan
" Níl aon amhras ach go raibh beart den chineál sin de dhíth go práinneach ar an cheantar le faillí na mblianta a chúiteamh.
beart críonna wise plan
" Cailleadh go leor postanna ar an Eastát Tionsclaíochta i nGaoth Dobhair le dornán blianta anuas agus beart críonna é an acmhainn is mó atá sa cheantar a úsáid agus postanna teangalárnaithe a chruthú ann.
an ndéanfadh Paisley an beart? would Paisley do the deed?
" Cuireadh an cheist go minic an ndéanfadh Paisley an beart? Bhí siad ann a chreid nach ndéanfadh sé choíche, choíche, choíche é – frása a bhí i litir Stone chuig an *Belfast Telegraph*.
aon bheart any policy
" Níor chuir an rialtas aon bheart chun cinn dá bharr.
a chuireann bearta i gcrích who take measures
" Anuas air sin, ba cheart go dtabharfaí dreasachtaí airgid dóibh siúd a chuireann bearta i gcrích le fuinneamh a shábháil agus go ngearrfaí pionóis ar dhaoine a chuireann fuinneamh amú go fánach.
beart mór smaointe, a big parcel of ideas,
" Agus é trí bliana is fiche – aimsir an dara Cogadh Domhanda – siar leis go Conamara ar thóir fonn agus amhrán lena rothar, a pheann, beart mór smaointe, a théagar fireann agus a nádúr caoin.
ar an mbeart a bhí curtha i bhfeidhm acu on the policy which they had implemented
" “Ní hamháin sin, beidh cuntais ar stailceanna ocrais a raibh éifeacht mhór leo thall agus abhus; an chríochdheighilt a tharla i 1947 san Ind, a múnlaíodh, de réir cosúlachta, ar an gcríochdheighilt sin, ar an mbeart a bhí curtha i bhfeidhm acu in Éirinn.
chuiridís bearta chugainn they used to send us parcels
" “Bhí a lán cairde ag mo theaghlach sa Ghearmáin agus chuiridís bearta chugainn ina mbíodh nithe mar bhananaí agus nutella, rudaí nach bhfaighfeá sa Pholainn ag an am ar ór nó ar airgead.
beart dlúthpháirtíochta an act of solidarity
" Is beart dlúthpháirtíochta é, an beart deireanach den chineál sin acu, b’fhéidir.
bearta scanraithe scare tactics
" Ach bhain sé sárúsáid as bearta scanraithe le heagla a chur ar vótálaithe comhlúthacha a raibh sé ar intinn acu tacaíocht a thabhairt don ALP.
nach ndéanann beart de réir a briathair. who don't do as she told them to
" Gan paidir capaill a dhéanamh de, seo mar a nochtaíodh dó: Go luath i mí na Samhna, ceapfar Twink mar bhainisteoir ar fhoireann sacair Phoblacht na hÉireann, cionn is go dtuigeann sí an dóigh le labhairt le fir nach ndéanann beart de réir a briathair.
Tá ag éirí thar na bearta they are getting on great
" " Tá ag éirí thar na bearta leis an ngrúdlann ó shin i leith.
misneach agus muinín thar na bearta great hope and confidence
" Ar an chéad ásc, tá misneach agus muinín thar na bearta in Albain faoi láthair.
a leithéid de bheart that sort of policy
" Deir daoine eile go gcruthódh a leithéid de bheart a lán deacrachtaí mar go mbeadh na Gardaí níos toilteanaí dul i muinín arm láithreach, seachas réiteach níos síochánta a aimsiú.
de bheart gnó of a business transaction
" Fuarthas amach go bhfuair Strong seic – arbh fhiú $1 milliún é – ó Park mar chuid de bheart gnó, ach shéan Strong go raibh a fhios aige cé as ar tháinig an t-airgead.
nuair a dhéanfaidh sé beart de réir a bhriathair. when he acts according to his word
" Creidfidh mé John Gormley nuair a dhéanfaidh sé beart de réir a bhriathair.
bearta laochais heroic deeds
" Chuireadh scéalta ar nós Luaithríona, Na Leanaí sa Choill, Cochaillín Dearg, Alaidín, Robin Hood gliondar ar do chroí agus bhaineadh idir óg agus aosta sult as oíche a bheadh lán craic, ceoil, grinn agus magaidh – gan trácht ar an scéal! Théadh gach cailín óg abhaile ag deireadh an tseó ag brionglóidigh faoi bheith ina banphrionsa deas dóighiúil agus an mac rí is dathúla ar domhan ar a ghlúin roimpi agus gach buachaill beag á shamhailt féin ina rí ar thír nach bhfuil aon trácht ar chailíní óga ann ach atá lán d’óglaigh chalma nach bhfuil a dhath ar a n-intinn ó mhaidin go hoíche acu ach gníomhartha gaisce agus bearta laochais.
an beart is feidhmiúla the most effective action
" Is é an beart is feidhmiúla ná go dtabharfaí cúnamh praiticiúil do dhaoine a d'fhulaing nó ar bhain tráma dóibh de dheasca na dtrioblóidí.
cruadh-bhearta eacnomaíochta difficult economic problems
" Cuid de na tíortha is neartmhaire ar Mhór-Roinn na hEorpa tá siad i gcogadh le chéile; agus, ins an am chéadna, tá ceisteanna troma poilitíochta agus cruadh-bhearta eacnomaíochta le réiteach againn féin annseo sa bhaile.
bheart slánaithe a salvage plan
" Má chreideann an pobal gur mó de bheart slánaithe na n-Amhantraithe Réadmhaoine an Áisíneacht Bhainistíochta - ‘Drochbhanc’ an Rialtais - ná gléas fuascailte na géarchéime creidmheasa, ní fios an slad a imreofar ar Fhianna Fáil agus ar an gComhaontas Glas sna toghcháin Áitiúla agus Eorpacha le teacht.
beart a dhéanamh de réir act accordingly
" Mhaígh sé nach raibh an darna suí sa bhuaile aige ach peann a chur le pár agus rabhadh a thabhairt do mhuintir na hÉireann faoina bhfuil i ndán dóibh mura n-éiste siad go cúramach le soiscéal Naomh George Lee agus David Beannaithe McWilliams, agus beart a dhéanamh de réir a mbriathar siúd.
beart deed
" Seo mar a bhí beartaithe: 2009 Annus mirabilis na Gaeilge: Foilsíonn an Rialtas a straitéis 20 bliain don teanga agus a phlean tarrthála don Ghaeltacht.
bearta diana severe measures
" Ní bheadh sé ciniciúil mar sin buille faoi thuairim a thabhairt go ndearna an tSín áibhéil ar nasc a bheith idir Gluaiseacht Ioslamach na Turcastáine Thoir agus Al Qaeda le go mbeadh údar acu bearta diana a chur i bhfeidhm i gcoinne scarúnaithe Uígireacha.
thar na bearta immense
" Tubaiste thar na bearta do chine Gael ab ea meath na Gaeilge agus ní foláir nó gur thuig daoine é sin san am.
bheart deed
" org/wiki/David_Blunkett) Ach an raibh a bheart de réir a bhriathair? Nuair a chuir mé scairt ar Roinn Oideachas inniu (14.
bheart plan
" Ach an bhfuil aon chiall ag baint leis na hOgiek a aslonnú más rud é go mbeartaítear iad a thabhairt ar ais? Fiú dá mbeadh ciall lena leithéid de bheart, fágann taithí stairiúil na nOgiek go bhfuil siad amhrasach faoi ghníomhartha na n-údarás.
Beart a deed
" Beart a fhágann an lia san otharlann.
beart fealltach foul deed
" Cén seans mar sin a bheas ag na nuachtáin bheaga, Gaeilge a bhfuil laincisí go leor agus ráchairt theoranta orthu? Ceann de na léitheoirí ba dhílse a bhí ag an seanleagan de Foinse ab ea an carachtar Tadhg Ó Direáin ó Ros na Rún agus ba ghnách leis a bheith ag scansáil an chóip is deireanaí ar an chuntar fad is a bhíodh sé ag pleanáil beart fealltach éigin nó ag díspeagadh na gcomharsan.
bhearta plans
" Tuigeann siad go bhfuil an lucht vótála eolach ar cheist na haeráide agus go bhfuil daoine báúil do bhearta a rachadh i ngleic leis an fhadhb.
thar na bearta par excellance
" Tá líofacht thar na bearta bainte amach ag roinnt daoine agus tá go leor díobh ina múinteoirí teanga anois, nó tá siad páirteach i gcláracha teanga nó reáchtálann siad cúrsaí samhraidh agus a leithéid.
bearta policies
" Ach a mhalairt ar fad de thír atá ann, ar ndóigh, agus ligeann stádas seo na Rohingya do na húdaráis bearta tarcaisneacha táiriúla a chur i gcrích i gcoinne an mhionlaigh Mhoslamaigh seo.
beart de réir a bhriathair action as promised
" Ba léir go ndearna sé beart de réir a bhriathair, tráth ar foilsíodh na meastúcháin ag deireadh na bliana mar go raibh buiséad agus cúraimí leagtha síos don Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.
bearta cuíchóirithe properly planned policies
" Thiocfadh an rud céanna a rá faoi chomhdhlúthú na gcoistí pobail agus eagrais phobail áirithe atá faoi lán seoil ag Roinn na Gaeltachta faoi láthair, siocair go raibh fógra tugtha ag an Aire Ó Cuív le fada go raibh géarghá le bearta cuíchóirithe dá leithéid.
bheart act
" Agus tá ’s ag éinne againn atá ar an eolas, nach múchfar an splanc sin go dtí go dtiomáinfidh siad isteach i gcith marfach piléar an luíocháin ‘gabhála’ ar deireadh, i Model ‘A’ Ford, más buan mo chuimhne - cith piléar a réitigh an Texas Ranger Frank Hamer mar bheart díoltais is mar mharbhna comhcheoil dóibh araon.
iontas thar na bearta a miracle
" An dream mór seo, theastódh iontas thar na bearta gach eagrán lena dtarraingt chuig seilf siopa le nuachtán Gaeilge a cheannach.
bhearta policies
" Ainmníodh duine amháin sa bhfiosrúchán cheana, amadán óg sa chomhlucht, darb ainm Fabrice Tourre, a chuir síos ar féin mar "*The Fabulous Fab*" agus a bhí chomh soineanta sin gur úsáid sé a chuntas ríomhphoist chun litreacha faoi na bhearta a sheoladh chuig a chairde.
beart deed
" Tar éis an tsaoil, rinne Maradona beart de réir a bhriathair ar an ábhar gur gheall ag tús a réimis go mbeadh ainm na hAirgintíne sa bpota don chomórtas mór.
thar na bearta magnificent
" Neamhaird ar Scoth na nImreoirí === Murab ionann is Veron, tá Zanetti fós ag imirt ag an leibhéal is airde agus níl a shéanadh air ach gur thug sé cinnireacht thar na bearta le linn séasúr fada strócánta Inter agus iad sa tóir ar thrí chorn mhóra a bhreith leo.
bearta policies
" Thit an lug ar an lag ar Rudd nuair a mheas sé go gcuirfeadh Abbott bearta scanraithe corraithe in éadan na scéime i bhfeidhm le linn an fheachtais olltoghchánaíochta i mbliana.
bearta actions
" Ins an aitheasc thuasluaite, mhaígh an Coimisinéir Teanga gurb é “an rud atá le déanamh anois ná dul tuilleadh den bhóthar ón reitric, ón teoiric agus ón teibíocht agus díriú níos mó ná riamh ar an réaltacht, an fheidhmiúlacht agus an ghníomh; feoil a chur ar an gcnámh; bearta a dhéanamh de réir na mbriathra.
bearta parcels
" D'úsáideadar códfhocail eatarthu féin, agus d'fhágadar bearta dá chéile i dtaiscí rúnda timpeall na tíre agus curtha faoin talamh.
ní maith an beart it’s not a good plan
" Más é Craobh na hÉireann an sprioc sin, ní maith an beart a bheith rómhór chun cinn ar fhoirne róluath sa bhliain.
beart de réir a mbriathair act as they said
" Níl aon amhras dá mbeadh móramh glan acu, go ndéanfadh Fine Gael beart de réir a mbriathair.
thar na bearta terrible
" Níl aon amhras ach gur tubaiste thar na bearta do sheasamh na Gaeilge in Éirinn a bheadh ann dá gcuirfí moladh Fhine Gael i bhfeidhm.
thar na bearta top class
" Bhí luas lasrach faoi troid Chraoibhe le Dong chomh maith agus cruinneas thar na bearta glan feiceálach ann.
bheart díoltais act of revenge
" Fógraíodh a bhás ar an mbealach teilifíse Al Jazeera i mí Iúil seo caite mar bheart díoltais, a dúirt AQMI, ar ruathar a thug airm na Fraince agus na Máratáine ar champa de chuid an AQMI.
an beart ciallmhar the sensible thing
" Dein an beart ciallmhar, agus ceannaigh *‘Let the Right One In’*, an leagan Súlainneach, ar DVD nó ar Blu Ray, in ionad bacaint leis an gceann eile.
an beart a dhéanamh to do the deed
" Díreach agus Ibrahim ar tí an beart a dhéanamh, taibhsíodh dó an t-ardaingeal Gaibriéil a dúirt leis go raibh muinín ag Dia ann agus nár ghá dó a mhac a íobairt.
Tá an beart déanta the job is done
beart an action
" Tá Assange é féin ar a theitheadh, ar bhealach, gan cinnteacht aige an é feallmharú atá i ndán dó, beart atá molta ag ceannairí polaitiúla áirithe.
bhearta comhshaoil environmental plans
" ” Mar dhuine a d'oibríodh taobh istigh de CGFÉ, agus a scríobh preasráitis dhiúltacha ar a shon i gcoinne bhearta comhshaoil eile, is deacair neamhaird a dhéanamh dá thuairim.
beart a dhéanamh de réir briathair to do as promised
" Neosfaidh an aimsir an n-éireoidh leis beart a dhéanamh de réir briathair.
dá bheart the two actions
" D'aontaigh roinnt acu go raibh géarchéim gheilleagair rompu, ach - múinteoirí? "Cén fáth nach ndéanfaí sin?" a fhiafróidh múinteoirí na hÉireann, ar ndóigh, a chaill airgead agus cumhacht go leor i gComhaontú Pháirc an Chrócaigh, ach an difríocht is mó idir an dá bheart ná go ndearna rialtas agus ceardchumainn na hÉireann margadh lena chéile.
mórán briathra agus le beagán beart much talk about nothing
" Faoi dheireadh na gcaogaidí, bhí bunús tacaíochta faoin pháirtí ar fud na tíre a bhí bunaithe ar dhearcadh maoth pobalach: thaobhaigh siad le cúis na poblachta le mórán briathra agus le beagán beart; bhí tuiscint shimplí shoineanta acu ar an tsaol faoin tuaith; mhaígh siad go raibh siad ag seasamh ar son lucht oibre na gcathracha – rud a raibh craiceann na fírinne air ón uair a thug siad faoi shlumaí suaracha Bhaile Átha Cliath a fheabhsú agus a ghlanadh sna tríochaidí.
beart a deed, something
" D'fhreastail sé ar an Seanad arís ó 1983 go dtí 1987 nuair a fuair sé an lámh in uachtar ar Coogan an iarraidh seo agus ar ais leis chun na Dála, ag gnóthú aireachta dó féin, Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus é i gceannas air nuair a bunaíodh Teilifís na Gaeilge (TG4 inniu) i 1996, beart a bhfuil sé an-mhórtasach as.
an beart the job
" Ba thomhaiste freisin an fháilte a d’fhear mo chomharsa ag bun staighrí na heitleoige ríoga roimpi - rinne an Tánaiste an beart le dínit.
beart déanta job done
" An beart déanta, thug Banríon na Breataine trí choischéim bheaga i ndiaidh a cúil.
ina beart by her deed
" (Mo thrua nach raibh ceamaraí againn ar lucht athscríofa na staire, pé áit a rabhadar, nuair a d’aithin an Bhanríon Eilís a Dó, ina beart sa Gháirdín Cuimhneacháin Náisiúnta, nár choirpigh, ach saighdiúirí in Arm na Poblachta na fir sin a d’fhear Cogadh na Saoirse agus Éirí Amach na Cásca ar an Choróin).
gur treise beart ná focal that deeds speak louder than words
" Páirc an Chrócaigh ========== Más fíor gur treise beart ná focal, agus creidim gur fíor, labhair na bearta beaga le líofacht láidir.
beart éigin some move, action
" Níl sé as an gceist go ndéanfainn beart éigin sa réimse sin go fóill cé go bhfuil mé ar scor agus mo shaol oibre mórán ag teacht chun deiridh.
grá thar na bearta an immeasurable love
"grá thar na bearta aige don dís mac – ach ní thig leis go minic an grá sin a thaispeáint.
beart a chuirfidh something which shall put
" Ach tá rún sceonmhar ag an ngarmhac ar tí a scaoilte, beart a chuirfidh saol Mija in aimhréir.
seafóideach an beart a foolish act
" B’fhéidir go ndéarfadh daoine gur seafóideach an beart a bhí ann, ach ní dóigh liom féin gur féidir linn breith a thabhairt muna bhfuil muid féin ar an bhfód céanna.
bheart caomhnaitheachta conserving action
" Ní féidir leis an rialtas aon bheart caomhnaitheachta a chur i bhfeidhm, áfach, mar go dtiocfadh a leithéid salach ar choinníollacha a gcomhaontuithe saorthrádála.
bearta i bhfeidhm actions into effect
" Nuair a ghlac an rialtas le cabhair ón CAI, thiomnaigh siad go gcuirfí bearta i bhfeidhm a chinnteodh go bhfaighfí luach maith i gceannach seirbhísí dlí.
bearta deeds
" Tá sé in am againn dearmad a dhéanamh den Straitéis Fiche Bliain; de na pleananna agus na bearta agus na scéimeanna.
bearta bundles
" Bhí sé ina shuí taobh thiar de dheasc a bhí clúdaithe le bearta cáipéisí a raibh na focail FÓS LE FIOSRÚ scríofa orthu i mbloclitreacha móra i ndúch dearg.