Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag beartú a chlaímh brandishing his sword
" Tá an rí ag beartú a chlaímh inár dtreo.
ag beartú ar planning
" Beidh Joe Burke agus Anne Conroy ag seinm ceoil ansin agus tá Ronnie Drew ag beartú ar a theacht san earrach.
na smachtbhannaí a bhí á mbeartú aige the sanctions he was considering
" Ní fios cad é an modh a socraíodh idir an IRA agus an Ginearál de Chastelain, ach thug sé deis don DUP a rá gur "stunt" a bhí ann agus an lá ina dhiaidh thug David Trimble le fios go mbeadh sé ag leagan síos spriocama eile - Feabhra 2002 - do chríochnú an díchoimisiúnaithe, agus d'fhiafraigh de Tony Blair cad é na smachtbhannaí a bhí á mbeartú aige do dhream ar bith nár dhíchoimisiúnaigh.
ag beartú devising
" Más ag beartú uirlisí úra foréigin a bhí siad, is droim láimhe é do na náisiúnaithe sin a raibh an dóchas acu go raibh deireadh ag teacht le lámh láidir na bpoblachtánach.
a bheartú to decide
" Is faoin gcoiste seo a bheidh sé a bheartú cad í an chéad chéim eile ba chóir a ghlacadh.
ag beartú athchomharc a dhéanamh planning to appeal
" Tá an tUasal McKevitt cheana féin ag beartú athchomharc a dhéanamh.
á mbeartú being planned
" Ní bheidh an córas "*chip and PIN*" in úsáid le gnó ar líne, agus is cosúil go bhfuil scéimeanna eile á mbeartú chun dul i ngleic le caimiléireacht ar an idirlíon.
ag beartú a gcuid piostal wielding their pistols
" Chuir na Caitlicigh Éireannacha agus na Daonlathaigh an argóint chun cinn, gan amhras, go raibh baint láidir ag na hOráistigh, go háirithe iadsan a bhí ag beartú a gcuid piostal, leis an fhoréigean fosta.
ag beartú resolving
" Sa lá atá inniu ann, beirtear an tríú cuid de leanaí lasmuigh den phósadh, agus cé go bhfuil líon na ndaoine a phósann sa tír seo fós ard, tá níos mó agus níos mó daoine ag beartú gan pósadh ach cónaí le chéile, bídís heitrighnéasach nó hómaighnéasach.
ag beartú planning
" Tá Páirtí an Lucht Oibre ag beartú airgead a bhaint de na hoibrithe is boichte sa tír, £1,000 sa bhliain uathu sin atá ag déanamh obair “shuarach,” ar mná iad den chuid is mó.
ag beartú planning
" Beidh Aer Lingus ag cur eitiltí ar fáil go Heathrow as Béal Feirste, in áit na Sionainne; tá Fianna Fáil ag beartú iarrthóirí a chur chun cinn sna toghcháin ó thuaidh; eagraíodh an fhreagairt ar ghéarchéim an ghalair crúibe agus béil ar bhonn uile-Éireann.
ag beartú deciding
" Tá a fhios againn fosta, ó na cáipéisí thuasluaite, go bhfuil an roinn agus an t-aire araon ag beartú an curaclam a fhorordú anois.
ag beartú planning
" Is léir gur bac agus dídhreasacht é an coinníoll teanga d’fhorbróirí a bheadh ag beartú eastáit a thógáil sa Ghaeltacht.
beartú árasán planning flats
" Táthar ag beartú árasán, Páirc Eolaíochta Thuaisceart Éireann, Coláiste úr Tríú Leibhéal agus Tionscadal Turasóireachta £12 mhilliún agus go leor eile ar an suíomh 185 acra.
beartú to plan
" Is é seo an cineál eolais atá de dhíth má táimid lenár scéal a mheas, beartú i gceart dá réir agus a theacht ar an mbuille ceart righin tomhasta le sinn a thabhairt as an ghá a bhfuilimid ann le cúig ghlúin anuas go dtínár linn féin.
á bheartú planned
"á bheartú ag Fondúireacht na Gaeilge Tionscadal16, Lárionad Gaeilge do Bhaile Átha Cliath a fhorbairt le bheith réidh d’ócáid chomórtha 1916.
beartú plan
" Ba theip a bhí i ndán don seanpháirtí ón uair sin ar aghaidh, go dtí go raibh sé de mhisneach againn líne a tharraingt agus beartú ar thús úrnua.
ag beartú planning
" Ar ndóigh, ní cúrsaí airgid atá mar thosaíocht cuid mhór tuismitheoirí agus iad ag beartú an t-oideachas is fearr a sholáthar dá gclann.
beartú planning
" Agus dea-nuacht do thomhaltóirí Mhinnesota - seans maith go mbainfidh an Mall of America an chéad áit amach arís i gceannasaíocht na siopalainne - táthar ag beartú ‘Mall of America - Céim a Dó.
bheartú to plan
" Faoi mar atá i láthair na huaire, bíonn bainisteoirí ina ndeachtóirí beaga go minic a deir le coistí contae, le clubanna, le himreoirí, le scoileanna agus le coláistí cén uair atá nó nach bhfuil cead acu cluichí a imirt agus a bheartú.
ag beartú aistriú tí planning a house move
" ” An Uachtaránacht =========== Labhair muid faoi Barack Obama, faoi na haiséirithe sa Mheánoirthear - tá sé ceart sibhialtaigh a chosaint ach tá an chontúirt ann go dtarraingfear an tIarthar isteach i gcoimhlintí inmheánacha na dtíortha atá corraithe - agus labhair muid ar go leor eile ach anois agus gan cúraimí Dála air, tá Michael D ag beartú aistriú tí - go dtí Áras an Uachtaráin, mar iarrthóir tofa Pháirtí an Lucht Oibre.
ag beartú deireadh a chur le planning to finish
" Is é atá ann, i ndáiríre, ná go bhfuil Foraois na Gaeilge ag beartú deireadh a chur le bunmhaoiniú bliantúil d’eagraíochtaí áirithe Gaeilge, agus córas a chur ar bun ina áit sin faoina n-iarrfar tairiscintí ar scéimeanna trí bliana i réimse teoranta gníomhaíochtaí.
easaontóirí ag beartú scliúchas le fáil amach dissidents planning a rumpus to find out
" Agus ní chuirfeadh sé iontas orm dá mbeadh easaontóirí ag beartú scliúchas le fáil amach an mbeidh an cur chuige céanna ag an PSNI in Ard Eoin is a bhí acu in oirthear na cathrach.
ag beartú planning, considering
" Tá comhairle ag Antaine Ó Faracháin don té a bheadh ag beartú dul chuig an bhFleadh.
atá á mbeartú that are being considered
" Tá athruithe móra á ndéanamh ar dhlíthe clúmhillte na tíre seo den chéad uair le daichead bliain anuas, ach, mar a mhíníonn Dónall Ó Maolfabhail, níl na hiriseoirí róshásta le cuid de na hathruithe atá á mbeartú.
á bheartú being planned
" D’fhoilsigh Rialtas na hAlban a bplean do thodhchaí na Gàidhlige ar na mallaibh, ach is mór idir an straitéis seo agus a bhfuil á bheartú don Ghaeilge in Éirinn dar le Breandán Delap