Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
á sheoladh being launched
" Tá an leabhar seo á sheoladh go luath an mhí seo chugainn (5 Meitheamh).
á soláthar being provided
" • Siamsaíocht d'ardchaighdeán i nGaeilge a bheith á soláthar ag na forais chuí stáit.
á theilgean aici being projected by her
" Arae mhuise, nach álainn go deo an rud é an chéad chuach a chloisteáil thar na garrantaí agus í ag fógairt thráthnóntaí breátha fada an tsamhraidh! Agus nach binn agus nach bog an blaoch ag teacht uaithi, an mantra "cu cúú… cu cúú…" á theilgean aici go hard san aer.
go rabhthas i gcónaí ag faire ort that you were always being watched
" Bhí náire ormsa ach bhí an chuma ar an scéal nár chuir an easpa príobháideachta isteach ar dhuine ar bith eile! Ag caint ar a bheith ag brath go rabhthas i gcónaí ag faire ort: tá pictiúir den réabhlóidí Che Guevara, a throid le Castro i réabhlóid na gcaogaidí, le feiceáil ar fud na háite.
spás atá á 'roinnt' space being 'shared'
" net/)) ag cuir an choincheapa de spás atá á 'roinnt' ag daoine éagsúla i bhfeidhm.
á lámhach being shot
" Is éard atá i gceist agam ná an líon mór fear dubh atá á lámhach agus a marú ag na póilíní, fir, go minic, nach mbíonn fiú armtha.
le teacht i bhfeidhm come into being
" com" cláraithe anois, tá scata ainmneacha fearainn nua le teacht i bhfeidhm ag deireadh na bliana.
á bhforbairt being developed
" Is léir go bhfuil na cumainn charthannachta ag caitheamh an-dua lena gcuid suíomh gréasáin, agus is maith an rud é nach ar mhaithe le brabús amháin atá suímh á bhforbairt.
á chraoladh being broadcast
" " Bhí tréimhse ann nuair a bhí "Cúrsaí" á chraoladh cúig oíche sa tseachtain.
á forbairt being developed
" Níl aon straitéis á forbairt ach oiread leis an scéal a leigheas.
á n-oiliúint being trained
" Cé gur léir gur féidir an locht a chur ar dhrochphleanáil an cheardchumainn féin agus na Roinne Oideachais nach bhfuil go leor múinteoirí á n-oiliúint, tá seans ann gurb í an Ghaeilge a bheas thíos leis má éistítear le Joe O'Toole agus a leithéidí.
cuma na hainnise the appearance of being tight
" Cibé, mar a dúirt Cian, "Níl a dhath níos measa ná cuma na hainnise a bheith ar dhuine.
á ofráil being offered
" Iarphríosúnaigh ======= Meastar go bhfuil ceann de a rudaí is mo a chuireann déistin ar lucht tacaíochta an RUC á ofráil sa cháipéis a eiseoidh an dá rialtas ag tús na míosa seo.
cuma na hainnise the appearance of being tight
" Cibé, mar a dúirt Cian, "Níl a dhath níos measa ná cuma na hainnise a bheith ar dhuine.
á mheas being assessed
" Fuair siad dearbhuithe ó Sir Ronnie go raibh sos cogaidh an UDA á mheas "ar bhonn laethúil", agus d'imigh an toscaireacht léi sona sásta.
á gcomhlíonadh being fulfilled
" Níl na gealltanais a tugadh dóibh á gcomhlíonadh.
á thoghadh being elected
" Ní théann sé riamh go beár na Dála agus deir sé nach dtiocfaidh an lá riamh a dtabharfaidh sé vóta do Theachta ó cheann de na mórpháirtithe nuair a bheas Taoiseach á thoghadh.
á fhulaingt being suffered
" Nuair a cuireadh tús leis an phróiseas síochána sa chéad chuid de na nóchaidí cuireadh brú ar an IRA deireadh a chur leis an bhriseadh croí a bhí á fhulaingt ag gaolta na n-íospartach.
dá sá being shoved
" "Bhí Marrowfat faoi ionsaí ag cúpla míle tuairisceoir ó gach tír ar domhan, micreafóin dá sá isteach ina aghaidh, agus iad ag iarraidh a fháil amach an raibh aon bhaint aige leis an tragóid i Meiriceá," a deir Balor na Súile Glinne Nimhe.
atá á gcruthú that are being created
" " Cé go bhfuil líon na mac léinn ag méadú go mór i ngach roinn san ollscoil, is beag postanna breise atá á gcruthú.
á gceiliúradh being celebrated
" Agus an chéad chúig bliana á gceiliúradh, ní miste cuimhneamh ar na daoine a chaith blianta ag plé leis an Fheachtas Náisiúnta Teilifíse, iad ag obair ó dhubh go dubh go minic.
á mbánú being emptied
" " An fhís atá ag Ó Cuív ná cabhrú leis na ceantair atá á mbánú ag an imirce forbairt agus fás.
ní fhéadfaí Tadhg an dá thaobhachas a chur ina leith they couldn't be accused of being two-faced
" D'fheicfí go raibh an Lucht Oibre ag tabhairt teachtaireacht shoiléir don phobal agus ní fhéadfaí Tadhg an dá thaobhachas a chur ina leith.
leas fadtéarmach long-term well-being
" Ach ní hé an straitéis is fearr do leas fadtéarmach an pháirtí.
an mholadh atáthar a thabhairt dó the praise that he's being given
" Mí ó shin, d'fhóirfeadh toghchán go mór don DUP ach leis an ghníomh díchoimisiúnaithe an mhí seo caite, má thógann David Trimble ar an mholadh atáthar a thabhairt dó faoi láthair, seans mór go mbainfidh an UUP na vótairí a thréig iad, a bhuíochas sin ar an imní agus an mhímhuinín a bhí á spré ag an DUP.
á spré being spread
" Mí ó shin, d'fhóirfeadh toghchán go mór don DUP ach leis an ghníomh díchoimisiúnaithe an mhí seo caite, má thógann David Trimble ar an mholadh atáthar a thabhairt dó faoi láthair, seans mór go mbainfidh an UUP na vótairí a thréig iad, a bhuíochas sin ar an imní agus an mhímhuinín a bhí á spré ag an DUP.
á bhfoinsiú being sourced
" "Beidh seirbhís ar ardchaighdeán againn i gcónaí," a dúirt Tomás Mac Con Iomaire, "ach ní féidir a rá nach mbeidh bearnaí nó poill anois ann, le cláracha ar nós "Nuacht an Lae" imithe, chomh maith le cláracha a bhí á bhfoinsiú taobh amuigh den stáisiún.
á thairiscint go dátheangach being offered bilingually
" Is chuige seo atá ár bpacáiste ríomhthráchtála á thairiscint go dátheangach.
faoi chaibidil being debated
" Ach ní cúrsaí spóirt a bhí faoi chaibidil sa bhliain 2001 ach cúrsaí polaitíochta agus iad casta go maith freisin.
á sárú being violated
" Níl an rialtas toilteanach ainmneacha na ndaoine atá i bpríosún a chur ar fáil, ar eagla is dócha go bhfaigheadh an pobal amach cé hiad na daoine seo a bhfuil a gcuid ceart á sárú de bharr nach bhfuil cead tugtha dóibh labhairt le habhcóide, i measc rudaí eile.
ba á dtiomáint cows being driven
" Éinne a chaitheann a saol sa chathair, lena mór-is-fiú, lena brú tráchta agus a brú daonna, is milis léi boladh na móna agus comharthaí sóirt an tseanchultúir - seandaoine scéalacha, naomhóga, ba á dtiomáint síos na bóithríní - ach ní ar aislingí amháin a mhaireann na daoine.
Bhíothas ag lorg láithreora a presenter was being sought
" Bhíothas ag lorg láithreora do chlár Gaeilge ar RTÉ, "Ecu! Ecu!", agus mhol beirt a bhí sna Fánaithe leis, agus a bhí bainteach leis an chlár, go dtabharfaí an post do Dhiarmuid.
an teachtaireacht atá á craobhscaoileadh the message being given
" Nuair a chuirtear le chéile an dá ghné seo de pholasaithe an Rialtais is é an teachtaireacht atá á craobhscaoileadh ná gur tábhachtaí airgead agus scéimeanna móra ar nós "Babhla Bhertie" ná spórt ag an leibhéal is bunasaí i measc an phobail.
á ghríosadh being urged
" Féile thrastíre atá i gceist le Seachtain na Gaeilge agus is féidir a rá, go fiú, go bhfuil an pobal Gaelach ar fud an domhain á ghríosadh chun páirt a ghlacadh inti.
á gcruthú being created
" Seo an córas daonlathais ag oibriú in Éirinn ach is léir go bhfuil níos mó fadhbanna á gcruthú ná a réiteach!
a réiteach being solved
" Tá an freasúra ag maíomh nár cheart go mbeadh aon reifreann ann, gur féidir na fadhbanna a réiteach le reachtaíocht Oireachtais.
á dtairiscint being offered
" Tá scoth na dtithe ósta agus na dtithe lóistín sa pharóiste agus conarthaí go leor á dtairiscint ag Gaelsaoire ((www.
á soláthar being provided
" Tá seirbhís den scoth, ag tógaint easpa foirne agus easpa airgid san áireamh, á soláthar againn do scoileanna agus don phobal le blianta fada.
á chraoladh being broadcast
" Bhí clár á chraoladh againn mar gheall ar Choláiste na bhFiann - bhí mise á léiriú agus ag ligean do na déagóirí an chaint a dhéanamh.
á dtairiscint being offered
" 55% á dtairiscint ag na hinstitiúidí éagsúla.
á dhearadh being designed
" Mar sin, nuair atá suíomh gréasáin á dhearadh is fearr i gcónaí gach eolas tábhachtach (agus fiú amháin na nascanna ó áit amháin ar an suíomh chuig áit eile) a bheith priontáilte go soiléir sa phríomhchuid den téacs ar an leathanach.
ar adhastar aige being led by him
" Arabach ag ól todóige agus leathghloine Jameson ina ghlac, beirt striapacha ar adhastar aige.
atá á chosaint go tréan which is being strongly protected
" Fiafraím díom féin, an bhfuil an "cultúr" Lár-Atlantach (atá á chosaint go tréan ag Bush agus Blair sa "chogadh" seo), an bhfuil an "cultúr" sin ag dul i bhfeidhm ar na hArabaigh? Féachaim ar chréatúr acu.
i gcontúirt a mharaithe in danger of being killed
" Síleann sé anois go bhfuil sé i gcontúirt a mharaithe ag dílseoirí faoi stiúir an Bhrainse Speisialta.
á chur amú being wasted
" De réir staidéir a rinne an NUT anuraidh (le cuidiú ón Ollamh Smithers) tá £100 milliún á chur amú gach bliain ar chúrsaí oiliúna do mhúinteoirí nach bhfuil sásta dul isteach sa seomra rang ag múineadh tar éis a gcúrsa a chríochnú.
á dtachtadh being choked
" Go mbeadh athrú bunúsach ar an gcuraclam meánscoile a ligfeadh do scoláirí an teanga a fhoghlaim seachas an cur i gcéill atá anois ann, go fiú leis na scoláirí is fearr agus iad á dtachtadh le cúrsaí a d'fheilfeadh sna hollscoileanna! Go mbeadh Bille Cearta na Gaeilge rite agus i bhfeidhm agus go bhféachfaí ar an bpobal Gaelach mar dhream ar chóir meas a bheith orthu ar an gcaoi chéanna le mionlach ar bith eile sa stát bréagliobarálach seo.
á thréigean being abandoned
" Gealltanais á dtabhairt, póstaeir á gcrochadh, leanaí á bpógadh: damhsa traidisiúnta na bpolaiteoirí agus na n-iriseoirí, iad chomh gafa sin lena chéile nach dtugann siad faoi deara go bhfuil an halla á thréigean ag an lucht féachana.
ómós á thaispeáint respect being shown
" Déarfainn féin gur ócáid an-speisialta ar fad a bheas ansin agus is deas an rud é a fheiceáil go bhfuil ómós á thaispeáint do cheoltóirí agus d'fhonnadóirí sinsearacha mar iad.
á ndícheannú being beheaded
" Cheapfá go raibh scata cearc á ndícheannú nó drochobair éigin ar siúl.
á gcraoladh being broadcast
" Deir sé go bhfuil an t-aschur cláracha ag laghdú go leanúnach dá bharr seo, ó thaobh caighdeáin agus ama, agus gur cúis náire é, mar shampla, a laghad cláracha Éireannacha do pháistí a bheith á gcraoladh.
á rialú ag being ruled by
" Ó dheireadh 1999 tá an tír á rialú ag na Náisiúin Aontaithe.
á meas being assessed
" Tá moltaí le haghaidh sraitheanna úra teilifise á meas ag bainisteoirí na seirbhíse sin faoi láthair agus tá forbairtí eile le cur i gcrích gan mhoill ar shuíomh gréasáin s'againn ag www.
á séanadh being denied
" Tá cearta an Ghaeilgeora á séanadh go fóill, mar a bhí nuair a bhí ar sheanóirí na Gaeltachta i 1926 an sagart paróiste nó an múinteoir scoile a bheith leo agus iad ag lorg phinsean an stáit, agus gan duine ná deoraí eile sa cheantar a bhí i bpost le haon saghas stádais nó tionchair in ann Gaeilge a labhairt.
á ngrinndearcadh being scrutinized
" Cré-earraí glónraithe á ngrinndearcadh againn agus sinn suite ar an urlár.
Bhíothas ár mbodhrú we were being annoyed/deafened
" Bhíothas ár mbodhrú ar chuile thaobh le fógraí le haghaidh deochanna nua alcólacha agus bhí tuilleadh airgid inár bpócaí le hiad a cheannach.
á phlé being discussed
" Níl sé seo amhlaidh d'fhonn is go bhféadfadh an Ghaeilge dul leis an nua-aimsear; tá an Ghaeilge gach aon phioc chomh nua-aimseartha is atá aon teanga eile atá á labhairt, mar gach aon rud atá sa saol atá inniu ann, tá sé á phlé go nádúrtha ag cainteoirí na teangan.
á dtairiscint being offered
" Seachas airgead stáit, cad iad na foinsí eile airgid atá agaibh? An fhoinse airgid is tábhachtaí ná díolachán na n-earraí is na seirbhísí atá á dtairiscint againn.
ag feannadh lit. flaying, but means being extremely negative and censorious
" "Órú eist linn inár suí anseo ag feannadh agus an péire bocht sin i ndeallraí an ghrá.
i mbaol báite in danger of being drowned
" Bhí sé i gcontúirt i 1998 nuair a bhuail gála é taobh thoirthuaidh den Astráil a d'fhág i mbaol báite sa bhfarraige é.
atá dá síorfhulaingt that is being continually suffered
" Is iad na dochtúirí is cúis leis an phian sa tóin choiteann chultúrtha náisiúnta atá dá síorfhulaingt ag muintir na hÉireann.
á hurrú ag being sponsored by
" Cuirtear imeachtaí eile pobail ar bun agus tá scéim spreagtha pobail i bhfeidhm atá á hurrú ag Údarás na Gaeltachta.
tar éis a mbuailte after being defeated
" Rud eile ná go raibh briseadh deas cúpla seachtain chun traenála agus pleanála ag an gClár, ag Tiobraid Árann agus ag Corcaigh tar éis a mbuailte ach b'éigean d'Áth Cliath, do Loch Garman, don Mhí agus d'Uíbh Fhailí dul chun páirce arís sé lá tar éis dóibh cluiche a chailleadh.
á réiteach being prepared
" Shílfeá, dá mbeifeá searbhasach faoi, go raibh an bóthar á réiteach i gcónaí do na foirne atá láidir go traidisiúnta - Corcaigh, Tiobraid Árann, Cill Chainnigh - agus go raibh ar na contaetha eile glacadh leis an sop in áit na scuaibe.
ar na bacáin in the course of being done
" " Tá go leor ar na bacáin ag Ó Searcaigh faoi láthair.
á bhfoilsiú being published
" Shíl mé ar dtús nach dtógfadh sé ach leathbhliain orm an leabhar a chríochnú, ach tá an scéim seo ar na bacáin i gcónaí, ó tá leabhartha nua suimiúla as Gaeilge nó fá dtaobh den teanga á bhfoilsiú go tiubh an t-am ar fad, agus mise róchíocrach chun gach líne a léamh.
á bhánú being emptied
" Go deireadh na seascaidí, bhí cuid mhór imirce ón taobh seo tíre go Sasana agus go Meiriceá ach níl an oiread sin ag dul thar lear anois, gidh go bhfuil an ceantar á bhánú mar nach bhfuil aon tionscal lonnaithe anseo atá fóirsteanach do dhaoine a bhfuil oideachas tríú leibhéal orthu.
i mbaol a dúnta in danger of being closed
á dhearadh being designed
" "Bhí Tadhg tógtha leis an smaoineamh go raibh suíomh á dhearadh d'amhránaí sean-nóis.
na táillí a bhí á ngearradh the fees being charged
" Cúpla bliain ó shin is minic a bhíodh daoine le feiceáil ag caitheamh T-léinte leis na focail "puttan-tour", léarscáil den chathair orthu, aird tarraingthe ar na ceantair is mó striapacha agus na táillí a bhí á ngearradh.
á bhforbairt being developed
" Is é argóint na hAstráile go bhfuil airm ollscriosta ag an Iaráic, nó á bhforbairt acu, agus go bhfuil sárú déanta acu ar rúin na Náisiún Aontaithe.
comhaid á roinnt ar ríomhaire lárnach files being shared on a central computer
" Is airgead é sin is fiú a chaitheamh, go háirithe i gcomhlachtaí ina mbíonn ceangaltáin á seoladh siar is aniar tríd an ríomhphost agus comhaid á roinnt ar ríomhaire lárnach.
a bhí á n-iompar which were being carried
" Thosaigh sé leis na léirithe a bhí ar na drumaí móra a bhí á n-iompar ag an Strabane Memorial Flute Band, a tháinig ó Thír Eoghain go speisialta don ócáid.
cad a bhí á chur in a leith what he was being accused of
" Ach níor insíodh dó riamh cad a bhí á chur in a leith.
go raibh sé á scor that he was being dismissed
" Ar an lá sin insíodh do de Róiste go raibh sé á scor as an arm "ar an gcúis gurb é leas na seirbhíse é a scor".
á lua leis féin being mentioned to himself
" Deir de Róiste gur cuimhin leis an t-ainm á lua leis féin go minic freisin.
Táthar ag tuar toirní thunder is being forecast
" "Táthar ag tuar toirní," a dúirt Dónall.
á nochtadh being revealed
" " Dúirt an dlíodóir atá i mbun na cúise i gcoinne Shanley, Michael Dowd, le nuacht WB 11 an mhí seo caite gur cheart do chuid de na ceannairí eaglasta is sinsearaí san Oirthuaisceart - Daily i mBrooklyn, an Cairdinéal Law i mBostún, William Murphy i Long Island, agus fiú an tArdeaspag Egan - glacadh le cuid den mhilleán i gcás na scéalta atá á nochtadh faoin eaglais.
á scaoileadh being shot
" Léirigh sé féin sampla den rud seo nuair a dúirt sé in agallamh go raibh an dóigh a bhfaca sé trí dhuine dhéag á scaoileadh le linn Dhomhnach na Fola ar cheann de na heachtraí is mó a chuaigh i bhfeidhm air ina shaol.
a bhfuiltear in amhras orthu gur baill iad den IRA who are suspected of being members of the IRA
" Sna suiteálacha *They're All the Same* (1991) agus *Same Difference *(1990) ardaíonn sé ceisteanna faoin tslí a dtig le teanga dul i bhfeidhm orainn agus ár dtuiscint a mhúnlú, sa chás seo íomhá meáin de bheirt a bhfuiltear in amhras orthu gur baill iad den IRA.
á theagasc being taught
" Seo ceist nó dhó ar féidir le léitheoirí *Beo!* a machnamh a dhéanamh orthu: Cén dóigh a dtig linn athrú a dhéanamh i measc pobal, a bhfuil nós labhairt na Gaeilge beagnach caillte ag an ghlúin déagóirí atá iontu faoi láthair? Cén dóigh ar féidir athrú meoin a chur i bhfeidhm i gcás tuismitheoirí atá ag labhairt Béarla lena gclann agus nach bhfuil ag glacadh aon chinneadh teanga ar thaobh na Gaeilge? Cén dóigh a dtig linn na bunscoileanna sa Ghaeltacht a fhorbairt mar scoileanna lán-Ghaeilge san dóigh is go mbeidh na páistí ag súgradh sa chlós i nGaeilge agus achan ábhar á theagasc go hiomlán trí mheán na teanga? Níl iontu seo a trí cheist shimplí.
táthar ag tuar it is being predicted
" Ar ndóigh, caithfidh muid fanacht go dtí an chéad olltoghchán eile, ach meastar go mbeidh seasamh láidir Trimble in éadan Shinn Féin ina chuidiú aige sa choimhlint leis an DUP agus táthar ag tuar go mbeidh an dá pháirtí aontachtacha cothrom i ndiaidh an toghcháin sin.
á chraoladh being broadcast
" Fhad is a bhí an clár teilifíse Big Brother á chraoladh ar Channel 4, chaith cuid mhaith oibrithe tréimhsí fada ag féachaint ar shuíomh gréasáin an chláir sin - rud a chosain thart ar Stg£300,000 ar fhostóirí gach lá, dar le taighde a rinne Websense.
á chailliúint being lost
" Is toisc go bhfuil airgead á chailliúint go bhfuil fostóirí ag cur spéise san ábhar seo le gairid.
á sárú being broken
" Ar ndóigh, ní i gcomhlachtaí amháin a bhíonn na fadhbanna seo - in ollscoileanna, go háirithe, caithfear a chinntiú nach bhfuil aon dlíthe á sárú ag úsáideoirí agus nach bhfuil táillí na mac léinn ag íoc as caitheamh aimsire ar-líne mionlaigh.
iomrá na truaighe a reputation for being sympathetic
" Ní raibh iomrá na truaighe ar Nóirín ariamh agus níor dhúirt sí ach "Órú, croith thú féin suas.
á múscailt being woken
" Ach bhí suim agam i dteangacha nuair a bhí mé óg, agus cé go n-oibrím mar chláraitheoir ríomhaireachta, bhí an tsuim sin á múscailt arís.
mar atáthar ag moladh as is being recommended
" Is dóigh liom gur buille tubaisteach a bheadh ann don Ghaeilge dá gcuirfí deireadh (mar atáthar ag moladh) le deontas labhairt na Gaeilge.
a tionchar á mhothú its influence being felt
" An é go bhfuil an sneachta geanmnaíochta ag titim ar mhuintir na hÉireann faoi láthair? Tá an Eaglais Chaitliceach ar cheann de na fórsaí is cumhachtaí sa tír seo agus a tionchar á mhothú i ngach réimse den tsochaí, ón bhunscolaíocht go dtí an pobal is imeallaí sa tír.
tá líomháintí á ndéanamh allegations are being made
" Ach fós, gach uile sheachtain beagnach, tá líomháintí á ndéanamh i gcoinne Teachta Dála éigin agus amhras á chaitheamh ar a ionracas.
amhras á chaitheamh suspicion being cast
" Ach fós, gach uile sheachtain beagnach, tá líomháintí á ndéanamh i gcoinne Teachta Dála éigin agus amhras á chaitheamh ar a ionracas.
á dteagasc being taught
" Tá go leor míshásta leis an Roinn Oideachais mar gheall ar an éagothroime atá sa chóras oideachais, a fhágann go bhfuil páistí a bhfuil tuismitheoirí saibhre acu á dteagasc i scoileanna breátha galánta agus páistí eile á múineadh i mbothanna bréana a bhfuil an braon anuas iontu.
tá iarracht ar bun an effort is being made
" Ba bhreá liom cónaí i nGaeltacht uirbeach anseo agus tá iarracht ar bun chun Ceathrú Gaeltachta a chur ar bun, rud a thugann spreagadh mór dom.
á úsáid ar chúiseanna polaitiúla being used for political reasons
" Dallamullóg ======= Is léir go bhfuil an PSNI á úsáid ar chúiseanna polaitiúla.
á shárú being infringed
" " Ní hamháin, mar sin, go bhfuil an bunreacht á shárú, ach is léir ó phobalmheas a rinne an Irish Times le gairid go bhfuil formhór phobal na tíre seo i gcoinne ionsaí ar An Iaráic agus, dá réir, i gcoinne aon tacaíocht a thabharfadh Rialtas na tíre seo dá leithéid.
á lorg being sought
" Ardú €43 (ó €107 go €150 sa bhliain) atá á lorg acu.
á n-íoc being paid
" Ní dóigh le Mícheál Ó Grádaigh go mbeidh imreoirí gairmiúla á n-íoc sa CLG toisc nach bhfuil an t-airgead ann chuige.
i mbéal an phobail being talked about
" Tá an clár taistil "Amú Amigos", a chraoltar ar TG4, go mór i mbéal an phobail le déanaí.
atá fós ar bhéalaibh daoine which are still being spoken of
" Tair agus fiafraigh dúinn mar gheall ar Thig Mhóire, ar "Bhád na nGort nDubh", ar an "Santa Maria de La Rosa", ar "Dhóiteán Bhailícín" agus na gnéithe sin ar fad de shaol agus de stair an pharóiste atá fós ar bhéalaibh daoine.
á bhfoilsiú being published
" An é go bhfuil ár gcóras polaitíochta imithe ar strae, nach ndéanann muid an rogha cheart agus muid ag toghadh ár gcuid polaiteoirí? An é nach gcaitheann na daoine a mbíonn orthu fanacht i scuainí ospidéil a vóta nó an é nach dtugtar rogha cheart dóibh ar aon chuma? Tá litreacha á bhfoilsiú go laethúil ar leathanach an eagarthóra san *Irish Times* ag moladh leasainmneacha do shnáthaid shnasta seo Shráid Uí Chonaill.
tá iarracht ar bun an effort is being made
" Ba bhreá liom cónaí i nGaeltacht uirbeach anseo agus tá iarracht ar bun chun Ceathrú Gaeltachta a chur ar bun, rud a thugann spreagadh mór dom.