Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Bhíothas ag lorg láithreora a presenter was being sought
" Bhíothas ag lorg láithreora do chlár Gaeilge ar RTÉ, "Ecu! Ecu!", agus mhol beirt a bhí sna Fánaithe leis, agus a bhí bainteach leis an chlár, go dtabharfaí an post do Dhiarmuid.
Bhíothas ár mbodhrú we were being annoyed/deafened
" Bhíothas ár mbodhrú ar chuile thaobh le fógraí le haghaidh deochanna nua alcólacha agus bhí tuilleadh airgid inár bpócaí le hiad a cheannach.
a bhíothas a thuar which was being predicted
" Cuir i gcás go ndeachaigh Trimble chun tosaigh agus cur i bhfeidhm iomlán an Chomhaontaithe, a bhíothas a thuar ar an Mháirt, 21 Deireadh Fómhair, a chur os comhair an phobail aontachtaigh, cad é a bhí le cailleadh aige? Aithním na fadhbanna inmheánacha agus seachtracha a bhí ag David Trimble, ach dá ndéanfadh sé a leithéid, bheadh cruth eile ar fad ar an toghchán atá le theacht.
bhíothas ag lorg cóipe a copy was being sought
" Ina gcás siúd, bhíothas ag lorg cóipe den ghrianghraf a bhí istigh leis an iarratas bréige a líomhnaítear a rinne Frank Connolly ar phas.
faoi mar a bhíothas ag súil go n-oibreodh sé as it was expected to work
" Is léir, áfach, go raibh cnámh lom na fírinne á hinsint ag an Ombudsman nuair a dúirt sí nach bhfuil an tAcht um Shaoráil Faisnéise ag feidhmiú faoi mar a bhíothas ag súil go n-oibreodh sé nuair a achtaíodh é.
nuair a bhíothas ag dáileadh na bpostanna when the jobs were being distributed
" Go deimhin, táthar ann a deir go bhfuil na hionaid a roghnaíodh ag teacht salach ar an Straitéis Náisiúnta Spásúlachta mar nár cloíodh leis na “lárionaid chónaithe” atá leagtha síos ann nuair a bhíothas ag dáileadh na bpostanna.
bhíothas ag súil go bhfoilseofaí a tuarascáil it was hoped that her report would be published
" ” Tá Ombudsman na Póilíneachta, Nuala O’Loan, ag fiosrú líomhaintí McCord Snr agus bhíothas ag súil go bhfoilseofaí a tuarascáil i mí Mheán an Fhómhair.
a bhíothas ar tí a dhíshealbhú. who were about to be evicted.
" Thug sé cuairt ar mhuintir Ghleann Cailbhidh, atá ceangailte le Strathcarron, a bhíothas ar tí a dhíshealbhú.
bhíothas ag súil was expected
" Cén fáth a mbreathnódh siad ar scannán Gearmáinise nó Fraincise ach ní ar scannán Gaeilge?” Fuarthas an t-airgead agus rinneadh an scannán agus anois tá ardmholadh á fháil aige – i bhfad níos mó na mar a bhíothas ag súil leis.
bhíothas ag tuar it was forecast
" Maidir leis an gcéad chiste a luadh, Fís agus Fuaim, bhíothas ag tuar ag am a bhunaithe go n-athródh sé an earnáil léirithe neamhspleách ó bhonn, an earnáil léirithe Ghaeilge ach go háirithe.
bhíothas ag ceiliúradh 300 bliain ó síníodh Acht an Aontais there was a celebration of 300 years since the Act of Union
" Ar an chéad lá den mhí sin bhíothas ag ceiliúradh 300 bliain ó síníodh Acht an Aontais ach trí lá ina dhiaidh sin bhí stádas an Achta chéanna curtha i mbaol ag bua an SNP i dtoghchán na Parlaiminte.
mar a bhíothas ag súil leis, as was expected
" Tá an t-olltoghchán thart, na vótaí comhairthe agus, mar a bhíothas ag súil leis, tháinig athrú ar rialtas na hAstráile den chéad uair ón mbliain 1996.
Mar a bhíothas ag tuar, as was predicted
" Mar a bhíothas ag tuar, agus na vótaí caite, ba é an Democratic Unionist Party an páirtí ba mhó sa Tionól agus 36 suíochán bainte amach acu.
bhíothas sa tóir ar thallann úr new talent was being sought
" Bhí tús agus deireadh maith i gceist, ach bhí an chuid sa lár cineál *shit*!” Ag an am sin – sa bhliain 1997 – bhíothas sa tóir ar thallann úr i mBaile Átha Cliath mar go raibh ráchairt as cuimse i ndiaidh a bheith ar fhuirseoirí Éireannacha sa Bhreatain.
Bhíothas ag iarraidh an chéad ghlúin eile a chothú. They was an effort to bring and the next generation
" Bhíothas ag iarraidh an chéad ghlúin eile a chothú.
Bhíothas den tuairim it was thought
" Bhíothas den tuairim abhus gur bhuail sé léi as cúirtéis amháin.
bhíothas ag caint faoi he was talked about
" An turas seo, ón uair a thug Barack Obama móróráid ag coinbhinsiún an Pháirtí Dhaonlathaigh sa bhliain 2004, bhíothas ag caint faoi mar iarrthóir intofa.
bhíothas ag súil go forleathan it was widely hoped or expected
" Dá bhrí sin, bhíothas ag súil go forleathan abhus go mbuafadh na hAstrálaigh níos mó bonn ná mar a bhain siad.
Bhíothas ag súil it was expected
" Bhíothas ag súil an t-am sin go ndúnfaí na bearnaí seo faoi dheireadh.
bhíothas ag iarraidh there was an attempt
" Deich mbliana ó shin agus mé ag obair do nuachtán in iarthar Bhéal Feirste, hiarradh orm scairt ghutháin a chur ar pholaiteoir Aontachtach ar Bhóthar na Seanchille le ceist a chur air an mbeadh sé sásta dá mbogfaí an balla síochána siar mar bhíothas ag iarraidh tuilleadh tithe ‘Caitliceacha’ a thógáil i gceantar Chluain Ard ach nach raibh an spás ann dóibh.
bhíothas ag iarraidh there was an attempt
" Dúradh gur chéim mhór chun cúil a bheadh anseo ag am nuair a bhíothas ag iarraidh stad a chur le meath na Gaeltachta.
Bhíothas ag súil le it was expected
" Bhíothas ag súil le feachtas as an ghnáth, feachtas a mbeadh an t-ionracas agus an fhírinne ann, feachtas nach mbraithfeadh ar na sean-nósanna.
Bhíothas ag dúil it was hoped
" Bhíothas ag dúil agus ba é aidhm Thuairisc Patten ar an Phóilíneacht, go mbeadh ionadaíocht Chaitliceach sa PSNI tuairim's ar 33%.
Bhíothas ag déanamh machnamh was being considered
" Bhíothas ag déanamh machnamh dáiríre ar seo ar feadh tamaill.
Bhíothas ag fógairt it was being announced
" Bhíothas ag fógairt go raibh eitleán tar eis dochar a dhéanamh d'fhoirgneamh i Nua-Eabhrac.
Bhíothas ag súil it was hoped
" Bhíothas ag súil ag an am go mbeadh clár an athmhuintearais i gcrích faoin mbliain 2001, mar lármhír i measc na n-imeachtaí ceiliúrtha a bhí beartaithe le céad bliain bhunú an náisiúin a chomóradh.
bhíothas ag bagairt it has been threatened
" Níl an tAontas Eorpach (AE) sona sásta leis an mbealach ar caitheadh léi, ná baol air, agus bhíothas ag bagairt go ndéanfadh 27 coimisinéir an AE baghcat ar an gcomórtas dá dheasca.
Bhíothas ag siúl it was expected
" Bhíothas ag siúl go mbeadh trúpaí Astrálacha ar fiannas san Afganastáin go ceann dhá bhliain eile ar a laghad, ach mhaígh Karzai ar na mallaibh go raibh a chuid fórsaí féin réidh le freagracht a ghlacadh as an tslándáil i gceantair áirithe na tíre.
Bhíothas ag súil go forleathan it was widely expected
" Bhíothas ag súil go forleathan roimh an olltoghchán go mbeadh an ceann is fearr ag an bhfreasúra, Páirtí an Lucht Oibre.
Bhíothas ag súil it was thought
" Bhíothas ag súil nach mbeadh éinne in innimh taisí an cheithearnaigh a dhí-adhlacadh as olluaigh go deo, ach d’éirigh le seandálaithe a chnámharlach a aimsiú dhá bhliain ó shin, ag baint feidhme as eastóscadh aigéid núicléasaigh.
bhíothas ag súil it was expected
" Nuair a bhuail an t-anfa sinn, bhíothas ag súil go gcuirfí ag smaoineamh sinn ar nithe atá i bhfad níos bunúsaí agus níos tábhachtaí.
bhíothas den tuairim people were of the opinion
" Cé go gceaptar go bhfuil móramh coimeádach sna naonúr, bhíothas den tuairim go raibh cúigear acu báúil don áiteamh.
Bhíothas ag súil it was expected
" Súil Uí Dhubhda ====== Bhíothas ag súil go líonfadh athbhreithniú an Gharda ar an chás cuid de na bearnaí maidir leis an bhaint a bhí acusan le teip an cháis choiriúil.
a bhíothas a iarraidh orthu a dhéanamh which they were being asked to do
" Uair a chloig Breise sa tSeachtain ================= Is léir nach bhfuil aon ghoile ag formhór na meánmhúinteoirí don uair a’ chloig breise sa scoil a bhíothas a iarraidh orthu a dhéanamh chuile sheachtain, le go mbeidís ar fáil le freastal ar na cruinnithe éagsúla.
bhíothas ag déanamh ciorruithe ar cutbacks were being made
" *’ Ní bheadh aon ghlacadh ag an phobal i gcoitinne le tuilleadh airgid a chaitheamh ar Phlean den chineál sin ag am nuair a bhíothas ag déanamh ciorruithe ar sheirbhísí riachtanacha.
is ina chéadchodáin a bhíothas ag tagairt dóibh were being referred to in percentages
" An méadú agus an laghdú sin, is ina chéadchodáin a bhíothas ag tagairt dóibh sna meáin, rud ab fhusa ná trácht ar na figiúirí féin is dóigh.
Bhíothas ag súil leis was expected
" Bhíothas ag súil leis an chuairt seo tar éis cuairt na Banríon Eilís ar Éirinn sa bhliain 2011, nuair a thosaigh sí a haitheasc i gCaisleán Bhaile Átha Cliath leis na focail: “A Uachtaráin agus a chairde…” Samhaltas a bhí ann, ár ndóigh, mar lean sí ar aghaidh i mBéarla, agus dúirt: *“What were once only hopes for the future have now come to pass; it is almost exactly 13 years since the overwhelming majority of people in Ireland and Northern Ireland voted in favour of the agreement signed on Good Friday 1998, paving the way for Northern Ireland to become the exciting and inspirational place that it is today.
bhíothas ag iarraidh dealbh a thógáil trying to erect a statue
" Anuas ar sin, bhíothas ag iarraidh dealbh a thógáil i nGaillimh dornán blianta ó shin in onóir Che Guevara siocair go bhfuil seans ann go raibh ceangail aduain éigin ag a shin-seanmháthair leis an chathair.
Bhíothas ag tuar it was being predicted
" Bhíothas ag tuar sular foilsíodh torthaí dhaonáireamh na Sé Chontae go dtitfeadh líon na bProtastúnach faoi 50%, ach ní hamhlaidh a bhí an scéal.