Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bhonneagar infrastructure
" Tá go leor deacrachtaí ag Árainn Mhór ó thaobh bhuanú na teanga, bhonneagar na háite, agus fostaíochta de ach tá spiorad iontach le sonrú sna daoine.
bhonneagar infrastructure
" Is mór an t-údar díomá é, áfach, go bhfuil an dara páipéar seo ag teacht salach ar an gcéad cheann, mar maíonn na húdair ann nach bhfuil na spriocanna fuinnimh in-athnuaite atá leagtha amach ag an rialtas réalaíoch ar chor ar bith! Tá an rialtas ar tí na billiúin Euro a chaitheamh ar bhonneagar fuinnimh na tíre, agus más mall is mithid.
bhonneagar cuí proper infrastructure
" Bhí sé ina cheann foirne sna Stáit Bhalcánacha, tráth a raibh an OSCE ag reachtáil toghchán mar níorbh ann don bhonneagar cuí toghcháin a reáchtáil i ndiaidh na coimhlinte ansin.
bhonneagar infrastructure
" Chaithfeadh an tír airgead an cháiníocóra ar bhonneagar, fuinneamh gaoithe agus gréine, scoileanna, agus ar thacaíocht dífhostaíochta maille le giorrúcháin cánach $800 do theaghlaigh.
bhonneagar infrastructure
" Ní hann do bhonneagar stáit a chuirfeadh taca míochaine ar fáil, gan trácht ar thacaíocht aigneolaíoch.
bhonneagar úr new structure
" Ins an cháipéis a dhéanann beachtú ar an bhonneagar úr, déantar tagairt arís is arís eile do 'na heagrais (iar)-bhunmhaoinithe.
bhonneagar infrastructure
" Dhéanfaí príobháidiú ar chomhlachtaí stáit agus ní dócha go gcaithfí oiread airgid ar chúrsaí oideachais agus cultúir is a chaitear anois, cé go ndéanfaí tuilleadh infheistíochta sa bhonneagar.
bhonneagar na sochaí social infrastructure
" Tháinig borradh an-mhór faoi dhaonra Shasana agus tháinig athrú mór ar bhonneagar na sochaí féin.
bhonneagar structure
" Is beag athrú a cuireadh ar bhonneagar an rialtais áitiúil sa tír seo ó bunaíodh an córas níos mó na céad bliain ó shin.
bhonneagar uisce water infrastructure
" 
An ainnise seo, is díol deirce é dóibh sin atá ag iarraidh táillí uisce a thabhairt isteach ó thuaidh, cás láidir a dhéanamh go bhfuil an t-airgead breise riachtanach le go gcuirfear feabhas ar an bhonneagar uisce.
bhonneagar infrastructure
" Cailleadh a lán ainmhithe agus rinneadh dochar millteanach do bhonneagar na habhantraí.
chuid de bhonneagar do bheithe part of the infrastructure of your being
" “Má tá na healaíona agus an cultúr le bheith mar chuid de bhonneagar do bheithe, den dóigh a fhorbraíonn muid ár bpearsantacht ar bhonn pearsanta agus sa phobal, caithfidh tú a bheith ag riar air beagnach mar cheart.
bhonneagar infrastructure
" Gearrfar siar ar chaiteachas ar an oideachas, ar an taighde, agus ar an bhonneagar.
bhonneagar sásúil satisfactory infrastructure
" Ní raibh sé furasta comhlachtaí a mhealladh chuig cuid de na ceantair is imeallaí agus is scoite amach sa tír, gan bhonneagar sásúil, ach fríd is fríd, d'éirigh go seoigh leis an Údarás sa réimse seo.
bhonneagar na tionsclaíochta seo this industrial infrastructure
" D’eascair an borradh teicneolaíochta agus an timpeallacht nua oibre seo ó na hathruithe a tháinig ar bhonneagar na tionsclaíochta seo.