Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bhronn a bhaintreach Sheila an trófaí ar na buaiteoirí, his widow Sheila presented the trophy to the winners,
" Bhí beirt mhac de chuid Peel, William agus Thomas, ar fhoireann amháin agus bhronn a bhaintreach Sheila an trófaí ar na buaiteoirí, Cream, i The Picket, roimh cheolchoirm le Pete Wylie agus The Mighty Wah! “Ceann de na spriocanna atá againn ná daoine a thabhairt le chéile tríd an cheol,” a dúirt Phil liom agus ba é Billy Bragg an chéad cheoltóir a sheinn sa Picket nua i mí Feabhra 2006 mar chuid de Hope not Hate, camchuairt in aghaidh an chiníochais.
Bhronn treibh Mhaorach, A Maori tribe bestowed,
" Bhronn treibh Mhaorach, ar a dtugtar Ngati Tuwharetoa, Tongariro ar an stát agus bhí sé ar gcéad pháirc náisiúnta sa tír.
bhronn sí a fabhair she bestowed her favour
" Bhí clú ar Pihanga de bharr a háilleachta, agus bhronn sí a fabhair ar na ceithre shliabh a bhí á mealladh: Taranaki, Tongariro, Tauhara agus Putauaki.
bhronn é ar charthanachta Caitliceacha agus Protastúnacha, he gave it to Catholic and Prodestant charities
" Níor choinnigh sé an t-airgead a fuair sé as an duais ach bhronn é ar charthanachta Caitliceacha agus Protastúnacha, gníomh praiticiúil éacúiméineach.
bhronn presented
" Dúirt sé gur bhronn Dia sciar cothrom aeir, spéire agus gréine ar dhaoine.
bhronn gave
" Le déanaí, mar shampla, bhí an cluiche sraithe iománaíochta idir Corcaigh agus an Clár á thaispeáint ar TG4 agus bhronn an réiteoir poc saor slat is fiche díreach os comhar chúl an Chláir ar fhoireann Chorcaí.
Bhronn bestowed
" Bhronn Ollscoil Bar-Ilan Duais Caomhnóir an tSíón, a Bhronntar ar Ghiúdaigh a thacaíonn le stát Iosrael, ar Podhoretz i 2007 sa bhliain chéanna inar fhoilsigh sé World War IV: The Long Struggle Against Islamofascism.
bhronn presented
" Cónaím sa bhaile le mo mhuintir agus tugann mo mháthair agus m’athair an-aire dom! Agus tá gluaisteán nua agam a bhronn an chuideachta Toyota orm.
níor bhronn didn't present, give
" ie a chur ar bun?** Tháinig deireadh leis an iris Cuisle agus bhí comórtas ansin ann le hiris eile a chur ina háit agus chuir Liam (Ó Cuinneagáin) agus duine nó beirt eile isteach ar an chonradh sin agus níor bhronn Foras na Gaeilge an conradh ar dhream ar bith, ach bhí Liam den tuairim go n-éireodh go maith le hiris idirlín, mar nach mbeadh na costaisí céanna i gceist.
bhronn presented
" "Óir, an rud a bhí in easnamh le 50 bliain de réimeas Stormont ná rannpháirtíocht ghníomhach mórchuid mhór den phobal náisiúnach agus ní thiocfadh leis a bheith buan mar gur séanadh cumhacht polaitiúil ar an mheánaicme Chaitliceach ach inniu tá an stát ó thuaidh buanseasmhach cionn is gur bhronn an mheánaicme sin buanseasmhacht air agus iad sáite go fonnmhar in oibríochtaí an stáit," ar sí.
bhronn Corcaigh orthu Cork gave them
" Thug an léasadh a bhronn Corcaigh orthu mar sin ceacht an-tábhachtach dóibh: mura mbíonn an intinn dírithe i gceart ar chluiche, is furasta cailleadh.
bhronn gave
" Is é sin, ghlac sé le dochar chomhlachtaí príobháideacha agus bhronn airgead orthu, airgead a shaothraigh an t-oibrí.
bhronn presented
" Is siocair mórtais san Iorua go bhfuil an longbhád ag dul ar an turas farraige seo agus mar aitheantas don obair a rinne an tOllamh Stephen Harding, bhronn Rí na tíre, Harald V, ridireacht air i Mí Eanair - Ridire Den Kongelige Norske Fortjensteorden is ea é anois!
sinne a bhronn an stádas sin orthu we gave them that status
" Leanaí lasmuigh den dlí iad, agus sinne a bhronn an stádas sin orthu.
an aitheantas a bhronn EOECNA the recognition given by UNESCO
" Maíodh ag an am go raibh baint ag an pholaitíocht leis an aitheantas a bhronn EOECNA ar shuíomh na heaglaise.
bhronn presented
" *The Ireland Cup*, nó Corn na hÉireann, an t-ainm atá ar an réad agus bhronn céad ambasadóir na hÉireann chun na hAstráile, an Dochtúir TJ Kiernan, an corn ar Chlub Gailf Canberra Ríoga (Royal Canberra Golf Club) le linn a thréimhse sa phríomhchathair sna 1940í.
leanfaidh an teideal oidhreachta a bhronn ceannairí aontachtacha orthu the hereditary title which the unionist leaders presented to them shall continue
" 
 Cúpla lá roimhe rinne an tOrd Oráisteach géarcháineadh ar shagart na paróiste, ag baint díoltais amach sular tharla a dhath mar sin is léir go mbeidh an tOrd ag gníomhú mar pháiste millte le linn an tsamhraidh, compordach go leanfaidh an teideal oidhreachta a bhronn ceannairí aontachtacha orthu leis na cianta ar aghaidh go deo na ndeor.
ar neamhchead do cén foras a bhronn an pár céime no matter what institution presented the degree parchment
" Mura bhfuil an vóta ag céimí ó DCU nó Ollscoil Luimnigh nó DIT, ní ar an Seanad atá an locht ach chuile rialtas a bhí i gcumhacht le 34 bliain anuas, nár ghníomhaigh lena chinntiú go ndéanfaí do réir toil na ndaoine, agus an vóta a thabhairt do gach céimí, ar neamhchead do cén foras a bhronn an pár céime.
Bhronn presented, gave
" Bhronn Comhairle Contae na Gaillimhe cead pleanála ar an togra ach rinne roinnt daoine áitiúla mar aon le An Taisce achomharc ina éadan.
bhronn Conradh Amsterdam cumhacht reachtach the A. Treaty presented legislative power(s)
" Tá an tAontas Eorpach (AE) ag iarraidh comhbheartas inimirce a fhorbairt ó 1999 nuair a bhronn Conradh Amsterdam cumhacht reachtach ar an Aontas sa ghort seo, is é sin, teacht isteach san AE daoine nach saoránaigh de chuid an AE iad, nó náisiúnaigh tríú tíortha mar a thugtar orthu go hoifigiúil.
cé a bhronn croí orthusan who presented them with a heart
" Chun teacht chomh fada le comhrá fiúntach beidh ort treabhadh tríd na daoine gáifeacha ar fad nach bhfuil suim acu in aon duine seachas iontu féin, ach a mbíonn a méaracha greamaithe do chnaip an chroí ionas go mbeidh a fhios acu cé a bhronn croí orthusan.
Bhronn sí cóip she presented a copy
" Bhronn sí cóip dá beathaisnéis údaraithe, le May Mac Ránais, ar gach duine sa lucht féachana, agus trí cinn an duine dóibh le tabhairt abhaile leo chun an tine a lasadh.
a bhronn orainn who gave us
" An bhuncheist domsa, an mbeidh aon tuiscint aige ar na deacrachtaí a bhaineann leis an teanga a choinneáil beo sa nGaeltacht? Tá faitíos orm go mbeidh sé ag brath an iomarca ar na státseirbhísigh sa Roinn, mar a bhí Dinny roimhe, a bhronn orainn Acht Uafásach na Gaeltachta 2012.
bhronn presented
" Nuair a tháinig deireadh le saol Robyn in am a breithe, sular cuireadh tús leis, bhronn Féileacáin bosca cuimhneacháin ar mo dheirfiúr, bosca lán earraí úsáideacha mar chúnamh le tuismitheoirí an linbh.
ní fios a leath eile a bhronn siad ar you wouldn’t know the half of what they gave to
" Thug na damhsóirí óga thart timpeall anseo, an-lear éadaí, bréagán agus ní fios a leath eile a bhronn siad ar an dream thall.
bhronn sé cead coise agus eite ar he freed
" An bhfuil Seán Greif ag iarraidh aos grá ealtaí is ainmhithe a chur le craobhacha, óir bhronn sé cead coise agus eite ar a pheata coiligh le taobh Loch Malawi.
an dream bocht a bhronn the poor things who presented
" Rianaíonn Ciarán Mac Aonghusa an drochobair a d’fhág cuid Pháidín den mheacan ag móramh an domhain, an dream bocht a bhronn na billiúin ar thoicí nár shaothraigh é.