Pota Focal Intergaelic
bua | buaigh | bhur | abhus | ba | bh- | buac
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bhua victory
" Ceapadh Letizia Moratti mar Aire Oideachais tar éis bhua na heite deise le teacht i gcomharbacht ar Luigi Berlinger agus tá sise ag féachaint le leasuithe a chur i bhfeidhm sa chóras scolaíochta chun go mbeadh rian d'idé-eolaíocht na heite deise le brath níos mó air.
bhua an Rí Liam King William's victory
" Go híorónta, mar gheall ar an 12 Iúil agus ceiliúradh bhua an Rí Liam ag Cath na Bóinne, bhí Mullach na Seangán tréigthe.
bhua a gcuid mionúr the victory of their minors
" Bhí imirt Chill Chainnigh ar fheabhas an lá sin agus i rith na bliana agus tar éis bhua a gcuid mionúr níl aon dabht ná gurb iad Cill Chainnigh foireann na bliana seo.
bhua victory
" Scóráil sé ina chéad chluiche ansin in aghaidh Southampton agus bhí sé go hiontach an chéad séasúr eile, 1987-88, nuair a fuair sé 26 cúl agus bhuaigh Liverpool an chraobh.
bhua gearrthéarmach short-term victory
" Cuirtear an dara moladh as an áireamh, is é sin dlí mhíleata a chur i bhfeidhm, le cuirfiú agus córas cártaí aitheantais, ar an mbonn go bhféadfadh sé a bheith ina bhua gearrthéarmach.
an díombuadh a fháisceadh as an bhua dhoiléir to wring defeat from the vague victory
" Dia ar sábháil, nár admhaigh an t-easaontóir is mó sa pháirtí, David Burnside, gur "gníomh substaintiúil díchoimisiúnaiathe" a bhí déanta ag an IRA ag deireadh na míosa seo caite? Cuir i gcás nár theip ar fhéinmhuinín an UUP agus nár éirigh leo - ní den chéad uair - an díombuadh a fháisceadh as an bhua dhoiléir a thug an IRA dóibh.
bhua cáiliúil famous victory
" " Dúradh sa tuairisc chéanna: "Thosaigh na caismirtí Dé Luain i gceantar Ard Eoin i dtuaisceart Bhéal Feirste agus fir Oráiste Phrotastúnacha ag máirseáil tríd an cheantar le ceiliúradh a dhéanamh ar bhua cáiliúil ar na Caitlicigh ar an mhachaire catha breis is 300 bliain ó shin.
bhua virtue
" Táimid ag iniúchadh chóras Fhleadh Cheoil na hÉireann - bíonn ort an chéad nó an dara háit a bhuachan i bhfleadh chúigeach i dtús báire sula n-imíonn tú go dtí an chéad leibhéal eile.
ag ceiliúradh do bhua celebrating your victory
" “Cad é atá ar siúl agatsa anseo, a Mháire Uí Ruairc? Nach cóir duit bheith sa bhaile ag ceiliúradh do bhua san ainmniúchán a fuair tú don chéad olltoghchán eile?” “B’fheidir gur chóir,” arsa an seanseanadóir scagbhéalach, “ach ní dhéanfaidh mé riamh dearmad ar an fheall a imríodh orm san olltoghchán deiridh.
bhua talent
" Fiú amháin, tar éis dó a bheith bainteach le foireann bhuach Cheanada sna Cluichí Oilimpeacha ceithre bliana ó shin, bhíodar ann a d’amharc air mar stiúrthóir in ainm amháin.
tar éis an bhua iontaigh after the great victory
" Dá bhrí sin, i bPáirc Dr Cullen ar an 1 Bealtaine, is beag nach raibh deora i súile lucht saothair na hiomána as Baile Átha Cliath nuair a d’ardaigh captain fhoireann Choláistí Átha Cliath, Conor Ó Conghaile, Corn an Chrócaigh tar éis an bhua iontaigh ar fhoireann Choláiste Naomh Flannáin leis an scór 1-11 i gcoinne 0-11.
i bhfianaise an bhua in light of the victory
" D’fhéadfaí a rá, i bhfianaise an bhua i gcluiche ceannais na hÉireann, go bhfuil an sprioc sin bainte amach.
trí bhua shuntasacha three remarkable victories
" Taca an ama seo anuraidh is beag duine a cheapfadh go mbeadh trí bhua shuntasacha bainte amach ag foirne as Baile Átha Cliath.
eochair an bhua a aimsiú to find the key to victory
" Mar a tharla, nuair a tháinig foireann níos sciliúla ina gcoinne, is é sin Maigh Eo, ní raibh siad in ann eochair an bhua a aimsiú agus chruthaigh Maigh Eo go raibh laigí ar fhoireann Átha Cliath a thiocfadh idir iad agus a sprioc.
an dá bhua ba shuntasaí the two most prominent victories
" Is dóigh gurb iad bua Shligigh i gCraobh Chonnacht agus bua na Mí ar Thír Eoghain an dá bhua ba shuntasaí i mbliana.
ag dúil leis an bhua. expecting to be victorious.
" B’fhéidir go n-imeodh Ian Óg slán ach bhuaigh an UUP suíochán ar Chomhairle Dhroichead na Banna nuair a bhí an DUP ag dúil leis an bhua.
dhá chloch bhua two stones of destiny
" Bhí lúireach agus dhá chloch bhua – ar a tugadh Urim agus an Thummim – curtha san áit chéanna agus d’úsáid Smith na rudaí seo leis an téacs a bhí scríofa ar na plátaí órga a aistriú ó Éigiptis go Béarla.
ag treabhadh leo i dtreo an bhua. ploughing away towards victory.
" Tá siad anois san áit a shantaigh siad, lámh acu ar stiúir na cumhachta – i gcuideachta a gcomhghleacaithe – agus iad ag treabhadh leo i dtreo an bhua.
a mheasann an dá thaobh a bheith ina bhua dóibh féin. which the two sides regard as a victory for themselves.
" Is gá go mbeadh an toil pholaitiúil ann agus bealach éalaithe a mheasann an dá thaobh a bheith ina bhua dóibh féin.
bhua victory
" bhuail mé le hIvana Bacik i dTeach Laighean ar Shráid Chill Dara le déanaí, áit a bhfuil sí ina Seanadóir neamhspleách ag Ollscoil Bhaile Átha Cliath ó 2007.
de bhua ag are able
" " Is mairg le húdair an leabhair go bhfuil Éire na fáilte is na teolaíochta chomh marbh le hArt! Ar ndóigh tá sé de bhua ag na húdair go bhfuil siad ag amharc isteach orainn ón taobh amuigh agus gur barúil oibiachtúil trí shúile an eachtrannaigh atá á nochtadh acu.
stoc an bhua victory’s trumpet
" Ar ndóigh, tá conspóid go leor dúisithe faoin mbeartas faoi láthair, le daoine ag rá gurbh é Ioslam ba chúis leis an ionsaí, agus nach mbeadh sa mosc ach séideadh stoc an bhua do "creideamh an fhuatha", mar a thugann Jim Riches, leascheannaire Sheirbhís Dóiteáin Nua-Eabhrac, air.
bhua gift(s)
" Agus feictear domhsa go bhfuil dhá bhua ar leith riachtanach don té a thugann droim láimhe don mbealach inste traidisiúnta.
Bhí sé de bhua ag had the advantage of
" Bhí sé de bhua ag Janus go raibh an dá aghaidh ar a chloigeann: ceann ag amharc chun tosaigh agus an ceann eile ag amharc siar.
cúl an bhua a bhaint to get the winning goal
" Mar a dúirt Seamus Brennan, go ndéana Dia grásta air, is “iománaíocht sinsir” an cluiche polaitiúil ag an leibhéal seo, agus d'fhág na Glasaigh ródhéanach é le cúl an bhua a bhaint.
tá sé de bhua aige he has an ability
" Fear deisbhéalach é Noonan agus tá sé de bhua aige go dtig leis dul i ngleic go han-ghasta le fadhbanna agus le dúshláin úra.
an-bhua a great gift, talent
" Bhí an-bhua ag an bhean a bhí i mbun na scoile.
bhua victory
" Ba í 1938 an bhliain deiridh ar ardaigh iománaithe Átha Cliath Corn Mhic Cárthaigh agus ba í 1961 an bhliain deiridh ar shroich an fhoireann iomána cluiche ceannais sinsearach na hÉireann agus ar bhuaigh an fhoireann shinsearach Craobh Laighean.
bhua den scoth an exceptional victory
" Cé nár bhua den scoth a bhí ann in éagmais an leagan amach ghlan a chinnteodh a leithéid, lean ceiliúradh mór bua Mhic Giolla Chomhaill i measc mhuintir Mhaigh Eo ach go háirithe.
lucht an bhua the victors
" Ní hí an stair amháin a scríobhann lucht an bhua, ach scríobhann siad an nuacht chomh maith.
mar bharr ar an dá bhua san as well as her two virtues
" Ach mar bharr ar an dá bhua san, chum an tsamhlaíocht fís leathan Éireorpach, a shásódh riachtanais na mblianta atá romhainn amach.
a ndúil sa choimhlint agus sa bhua their interest in the contest and the win
" Tá siad i mbarr a sláinte agus a n-aclaíochta i gcónaí agus más dada é is ag dul i bhfeabhas agus in aibíocht atá siad ar nós an fhíona mhaith, gan aon lagú ná maolú tagtha ar a gcuid imeartha ná ar a ndúil sa choimhlint agus sa bhua.
gur bhua (it) was a victory
" ” Sílim féin go bhfuil sé sin róláidir ach is cinnte gur bhua do phoblachtánaithe a bhí ann - ina n-ainneoin féin.
bhua victory
" Ar an 12ú mí Lúnasa 1969, bhí Ó hEára i measc scaifte ógánach ag bacán ag bun Shráid Liam nó *William Street* ag déanamh agóide in éadan mhórshiúl na bprintíseach a dhéanadh ceiliúradh bliantúil ar bhua na bProtastúnach le linn Imshuí Dhoire i 1689 ach a aithníodh mar mhasla ag pobal Caitliceach Dhoire.
lena bhua for his victory
" Séard ba mhó ba chúis lena bhua ná laige iarrthóir na bPoblachtánach, Mitt Romney.
bua i ndiaidh bhua one victory after another
" Le fada anois tá drochghníomhartha agus míchleachtais, ó thaobh spóirt de, curtha i leith Armstrong agus ar deireadh, agus gan an dara suí sa bhuaile aige dáiríre, d’admhaigh sé go raibh na líomhaintí fíor: gur bhain sé áirge as drugaí, cógais agus as cleachtais a bhí cosctha ag na húdaráis spóirt agus a chuidigh leis bua i ndiaidh bhua a bhaint amach i spórt na rothaíochta.
an bhua i gcoinne na Breataine Bige the victory against Wales
" Ghortaigh sé sin Ó Drisceoil déarfainn agus ní dhearna sé maith don fhoireann ach oiread dar liom, cé nach gceapfá sin i ndiaidh an bhua i gcoinne na Breataine Bige.
ar bhua a bhí acu i gcoinne on a win they had against
" Bhí an tuairim sin bunaithe ar chur chuige na n-imreoirí san ullmhúchán agus ar bhua a bhí acu i gcoinne Chill Chainnigh i gcluiche dúshláin.
is mór an teist ar bhua Átha Cliath Dublin’s win is a great testament
" Is é an dearcadh agus an cur chuige sin a sheas do Chill Chainnigh bliain i ndiaidh bliana agus is mór an teist ar bhua Átha Cliath orthu gur éirigh le fir na hardchathrach an lámh in uachtar a fháil don chéad uair ó 1942 ar shár-iománaithe Chill Chainnigh.
cúl an bhua á sholáthar aigesiúd he providing the winning goal
" Bhuadar Corn an UEFA i 2002, cúl an bhua á sholáthar aigesiúd.
Leis an bhua seo ina seilbh aige with this win under his belt
" Leis an bhua seo ina seilbh aige, tá a ainm curtha le liosta na gcuradh, ina measc Noel Furlong, Liam Flood, Joe Beevers, Neil Channing, James Mitchell, Kevin Vandersmissen agus Ian Simpson.
an bhua dochreidte seo this incredible win
" Coinnigh an Cloigeann ======== Agus an bhua seo aige bhí mé fiosrach an raibh a sheal pócair tugtha aige anois nó an bhfuil níos mó pócar ar intinn aige? “Bhuel is dóigh le dhá bhliain anuas tá mé ag feidhmiú go leathphroifisiúnta ach leis an bhua dochreidte seo tá i bhfad níos mó deiseanna curtha ar fáil dom páirt a ghlacadh i gcúrsaí pócair go hidirnáisiúnta agus a bheith fostaithe go lánaimseartha le cluiche a chuireann gliondar i mo chroí i gcónaí.
tar éis a bhua after his win
" Thug na nuachtáin de chuid News Corporation tacaíocht thar na bearta do pháirtí Abbott le linn an fheachtas olltoghchánaíochta anuraidh, ach tar éis a bhua chinn Abbott ar an alt conspóideach a leasú seachas é a aisghairm.
ar an bhua on the talent
" Foilsíodh leabhar le gairid a thugann léargas ar an bhua ó thaobh na healaíne de a bhí ag Sylvia Plath, an scríbhneoir cráite Meiriceánach a chuir lámh ina bás féin ag tús na seascaidí.