Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bhiaiste na dturasóirí the tourist season
" Tá roinnt daoine ag gabháil do chúrsaí farantóireachta ar na báid a thugann cuairteoirí go dtí an mBlascaod le linn bhiaiste na dturasóirí.
biaiste a plentiful supply
" Ní raibh deacracht ar bith an mhí seo áfach agus biaiste na hiomána idirchontae díreach thart agus ba é sin oirbheart agus gaisce iománaithe Chill Chainnigh a mholadh agus a mhóradh tar éis dóibh an ceathrú craobh shinsear iomána uile-Éireann as a chéile a ghnóthú.
biaiste season
"biaiste peile eile faoi lán seoil san Astráil anois agus sinn ag druidim le deireadh an tsamhraidh.
dheireadh na biaiste the end of season
" Is léir anois agus le roinnt blianta anuas, nach i mí Bhealtaine, mí Mheitheamh ná i mí Iúil féin a imrítear na cluichí móra, cinniúnacha a shocraíonn cé a bheas san iomaíocht faoi dheireadh na biaiste.
biaiste na mbád cúrsála the cruise boat season
" Chomh maith leis sin, ar an 12ú de mhí Aibreáin, in ómos na tubaiste, cuirfear tús le biaiste na mbád cúrsála a stopann ag cuan na cathrach i rith na bliana.
bhiaiste na bhfámairí mara the marine tourist season
" Déanann na línéir ollmhóra (leithéidí an Costa Concordia) ar phort na cathrach i rith bhiaiste na bhfámairí mara, agus tá de rogha ag lucht spraoi an bháid cúpla uair an chloig a chaitheamh ar tír mór más áil leo.
lá tosaigh bhiaiste na toghchánaíochta the first day of the electoral season
" Cé go bhfuil a fhios againn ó mhí Aibréain amach gurb é Mitt Romney iarrthóir na bPoblachtánach agus gurb é Barack Obama iarrthóir na nDaonlathach, is iad na coinbhinsiúin lá tosaigh bhiaiste na toghchánaíochta.
Níl an bhiaiste ach ina tús the season has just started
" Ach cá bhfios? Níl an bhiaiste ach ina tús go fóill, ach is cosúil cheana féin go mbeidh na vótóirí ag roghnú idir dhá rud shimplí i ndeireadh báire: “gearradh rialtais, agus ceannasaíocht an mhargaidh” (na Poblachtaigh) nó “fan an cúrsa, agus bíodh dóchas agat i dtéarnamh” (na Daonlathaigh).
dhá bhiaiste peile anuas two last football seasons
" Ní aistear mín, réidh, a bhí ag Jim Mac Géibheannaigh agus ag foireann Thír Chonaill le dhá bhiaiste peile anuas áfach.
uair sa bhiaiste once per term
" Eagraítear Lá Gaelach uair sa bhiaiste agus mar chuid de seo, bíonn deis ag scoláirí agus ag pobal na háite blaiseadh den Ghaeilge a fháil i rang do thosaitheoirí agus i seisiún amhránaíochta.
biaiste na mórshiúlta the marching season
" An mbeidh an aicme oibre - an dream is mó a d’fhulaing le linn na dTrioblóidí - in ann theacht ar straitéis nach bhfuil ar chumas pholaiteoirí meánaicmeacha? Agus anois tuar na haimsire: cith agus dealán go dtí biaiste na mórshiúlta, ansin d'fhéadfadh stoirmeacha, toirneach agus tintreach a bheith forleathan, go háirithe i mBéal Feirste.
ba cheart go mbeadh brabach beag thar an bhiaiste there should be a small profit over the season
" Ar an gcaoi sin, ba cheart go mbeadh brabach beag thar an bhiaiste, ina imrítear 380 cluiche.
agus muid ag tarraingt ar bhiaiste na máirseálacha as we draw towards the marching season
" Tá an tOrd Flannbhuí ag rá go bhfuil teannas ag méadú agus muid ag tarraingt ar bhiaiste na máirseálacha agus iad ag cur an loicht ar Éirinn agus ar a bhean (a fear?) seachas iad féin.
Buaic na Biaiste the season’s climax
" Buaic na Biaiste ===== Ach is gearr a bhíonn an samhradh ag imeacht agus na cluichí á n-imirt agus níl fágtha le himirt anois ach na cluichí ceathrú ceannais, leathcheannais agus ceannais sa pheil agus na cluichí leathcheannais agus ceannais san iomáint.
cluiche ar bith i mbiaiste any game in the season
" Mar shampla, níor chaill siad cluiche ar bith i mbiaiste 1888-89, nuair a bhain siad an ‘ceann dúbailte’.
bheith leo d’aon chuid den bhiaiste idirchontae being with them for any of the inter-county season
" ’ Tá an chuma ar an scéal nach mbeadh trácht ar Gooch a bheith leo d’aon chuid den bhiaiste idirchontae gan trácht ar Chraobhchomórtais Chlubanna na Mumhan.
biaiste season
" Is é biaiste mhór na peile san Astráil é anois teacht an Fhómhair acu ó dheas.
sa bhiaiste leabhar in regard to the type of books
" D’éirigh foilsitheoirí an-éisealach le blianta anuas sa bhiaiste leabhar a chlóbhuailfidís, agus tá Gabriel Rosenstock den tuairim mar gheall ar an athrú iompair sin gur ‘gaire cabhair an fhéinfhoilsithe ná an doras’.