Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bileog bholscaireachta publicity leaflet
" Cúrsaí ama arís! **(c)** Tá bileog bholscaireachta dhátheangach curtha i gcló agus á scaipeadh i measc thuismitheoirí Naíonraí, Gaelscoileanna agus tuismitheoirí sna hospidéil máithreachais.
bileog eolais information leaflet
" "This programme will identify and meet the needs of Great Britain-based victims of the Northern Ireland Troubles," a deir bileog eolais a thug siad dom.
bhileog leaves
" Bhí an mugairle Mhuire sona, faoi mar a bhí an tseamair Mhuire, an tseamróg sin a raibh na ceithre bhileog uirthi.
scaipeadh bileoga flyers were distributed
" Ag deireadh mhí Aibreáin, scaipeadh bileoga ar thithe sa cheantar ag iarraidh ar bhunadh na háite bata agus bóthar a thabhairt do Chaitlicigh a bhí ina gcónaí in árasáin i gCearnóg Whitehall.
ag tabhairt amach bileog handing out flyers
" Bhí daoine ag tabhairt amach bileog ag achan uile choirnéal, ag fógairt ceolchoirmeacha.
bileog eolais leaflet
" Ní raibh ach beirt chuairteoirí eile ann, agus freastalaí i mbothán beag a thug bileog eolais dom.
bileoga leaflets
" Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar an tsúil a chaith Máire Geoghegan orm nuair a chonaic sí mé ag tabhairt amach bileoga do Pheadar Mac an Iomaire taobh amuigh den halla i gCarna.
bileoga leaflets
" Cuireadh bileoga abhaile le daltaí scoile ar fud dheisceart Chonamara ionas go mbeadh a fhios ag a dtuismitheoirí conas teacht ar an gcomhartha teilifíse, a bhí ag teacht ó bharr Chnoc Mordáin.
bileoga eolais information leaflets
" Tá muid á dhéanamh seo le bileoga eolais, suíomh gréasáin cuimsitheach, agus fógra teilifíse atá le craoladh ó oíche Shamhna ar aghaidh.
bileoga dátheangacha bilingual leaflets
" Bhí bileoga dátheangacha ar fáil freisin a bhain le tithe stairiúla agus mar sin de.
neart bileog plenty of leaflets
" Ar an bhealach isteach san ionad oidhreachta, tá siopa beag a bhfuil neart bileog le fáil ann faoi ghnéithe éagsúla den tseanmhainistir agus faoi na manaigh is clúití.
neart bileog plenty of leaflets
" Ar an bhealach isteach san ionad oidhreachta, tá siopa beag a bhfuil neart bileog le fáil ann faoi ghnéithe éagsúla den tseanmhainistir agus faoi na manaigh is clúití.
neart bileog plenty of leaflets
" Ar an bhealach isteach san ionad oidhreachta, tá siopa beag a bhfuil neart bileog le fáil ann faoi ghnéithe éagsúla den tseanmhainistir agus faoi na manaigh is clúití.
foilsítear formhór na mbileog vótála most of the election leaflets are published
" Faoi láthair foilsítear formhór na mbileog vótála i Meiriceá go dátheangach, as Béarla agus as Spáinnis, chun spreagadh a thabhairt do chainteoirí Spáinnise a vótaí a chaitheamh i dtoghcháin.
mórán bileog eolais many information leaflets
" Bhí sí tógtha arís faoin ócáid agus bhí mórán bileog eolais aici.
ag scaipeadh bileog giving out leaflets
" Bhí siad i mbun aisteoireachta ar ardáin bheaga, ag scaipeadh bileog nó ag seinm ceoil.
bileoga sheets
" Tugtar bileoga amach agus focail “Mo Ghile Mear” orthu.
bileoga eolais information sheets
" Tar éis do Te Taura Whiri (Coimisiún Teanga na Maoirise) bileoga eolais a eagrú, foghlaimíodh na focail.
ar bhileog stocaireachta on a canvassing leaflet
" "Labour isn't Working", a dúradh ar bhileog stocaireachta de chuid an Pháirtí Choimeádaigh a scaipeadh roimh olltoghchán na Bealtaine sa bhliain 1979.
bileog eolais information sheet
" D'fhoilsigh siad bileog eolais a bhí dírithe ar ghnáth daoine, a bhfuil rudaí mar, “*Don't let them con you*”, scríofa uirthi.
na bileoga the leaflets
" Ach ní féidir dul i bhfeidhm ar na daoine sin i réimsí éagsúla mura féidir ábhar a chur ar fáil dóibh – na bileoga agus araile a bhíonn de dhíth le himeachtaí a reáchtáil le linn na féile, cuir i gcás.
Dé réir na mbileog ildaite according to the colourful handouts
" Dé réir na mbileog ildaite atá curtha ar fáil leis na cártaí "simplí" don bhus a mhíniú dúinn, tá gá leis na ticéid nua chun gur féidir linn taisteal ar an mbus agus ar an traein araon agus iad inár seilbh againn.
bileoga leaflets
" Is líonmhaire ar an bpost chugainn bileoga Gaeilge agus bileoga dátheangacha ná mar a bhíodh.
bileog eolais an information leaflet
" Thug sé bileog eolais dom dar teideal 'Drug Driving- you're done if you do.
bhileog leaflet
" Má bhíonn ceolchoirm ar na bacáin acu, is féidir leo na códanna gearra a bhaineann le hamhrán ar leith a thaispeáint ar scáileán nó a dháileadh ar bhileog rud a ligeann dóibh airgead a dhéanamh láithreach ar an gceol atá á sheinnt: “An maith leat an t-amhrán seo? Seol music 3076 go 57501 chun é a cheannach anois!” Agus munar leor sin, tugtar aon díol ar an suíomh seo san áireamh i gcruthú na gcairteanna ceoil in Éirinn.
bhileoga leaflets
" Bunaíodh Cartlann: *An Irish Political Archive* i Sasana i Mí Bealtaine 2001 chun ábhar a bhain leis an fheachtas abhus (i Sasana), mar bhileoga, dialanna, leabhair, póstaeir , agallaimh ar téip agus mar sin de, a bhailiú agus a chaomhnú.
bileoige a leaflet
" Fadhb Scolaíochta ========= Tharla go raibh mé ag léamh bileoige a scríobh mo sheanathair Shán Ó Cuív sna tríochaidí faoin teideal *“The Problem of Irish in the Schools”* le gairid.
bileoga pamphlets
" Bhí m'athair ann leis, bhíodh seisean ag tabhairt rudaí ar ais ón iarsmalann istoíche, bileoga Christies agus eile, agus bhímisne ag breathnú tríothú sin, ar na pictiúirí a bhí ar díol.
bhileog ghlan new page
" Ar bhealach, táimidne, ar nós DeValera sa bhliain 1937, ag amharc ar an bhileog ghlan agus muid ag féacháint le cruth na poblachta úire a dhréachtú.
bhileog ticket
" De réir an eolais a bhí ar mo bhileog, ní raibh agam i mBúdaipeist idir an traein ón Rómáin isteach agus an traein go Prague amach ach…dhá nóiméad déag.
bhileog ghuthaíochta ballot paper
" Is tostach an té a sheasfas i scuaine fada lena bhileog ghuthaíochta a chartadh isteach i mbosca na vótála ar nós burla páipéir a theilgfí sa bhosca bruscair.
bileoga aonteangacha monolingual brochures
" Ní ghá dhuit ach breathnú ar na bileoga aonteangacha agus na foirmeacha iarratais aonteangacha, atá ag cuid mhaith de na coláistí lena thuiscint nach le freastal ar dhaoine le Gaeilge atá na coláistí ann.
D'fhoilsigh muid bileog dar teideal we published a pamphlet entitled
" " "D'fhoilsigh muid bileog dar teideal *A Scenario for Peace* agus phléigh é le ceardchumannaithe, leis an chléir agus le daoine eile agus uaidh sin tháinig doiciméad eile amach Towards a Lasting Peace in Ireland.
bileoga beaga amaideacha foolish little leaflets
" Tá an baothgháire bréige bliantúil déanta faoi na ceisteanna beaga amaideacha ar na bileoga beaga amaideacha a bhíonn taobh istigh de na pléascóga beaga amaideacha a ceannaíodh Tigh Lidl agus Tigh Aldi.
bileog eolais an information leaflet
" Agus fuair mé bileog eolais san óstán maidir le lucht capall.
bileog mailíseacha malicious leaflets
" Ba iad a chuir amach an 40,000 bileog mailíseacha ag maíomh gur brathadóir a bhí i Naomi Long agus go bhfuair sí féin agus a páirtí réidh leis an *Union Jack*, a stróiceadh ó Halla na Cathrach, ráiteas chomh cóngarach do ghríosú chun foréigin agus a dtiocfadh leat a shamhlú.
bileog leaflet(s)
" Ach i ndiaidh iad an lasair a chur sa bharrach lena 40,000 bileog, tá an DUP agus an UUP dóite ag an phléasc a tháinig mar thoradh ar an ghníomh dhíchéillí agus tá siad go hiomlán in aimhréidh, an UUP ach go hairithe faoi stiúir Mike uafásach Nesbitt agus an locht á chur orthu sin ag an aicme oibre as an drochbhail ina bhfuil siad.
an bhileog the leaflet
" Grianghrafadóir agus línitheoir den scoth ab ea Máirín nó ‘Mo’ (nach maireann), bean Proinsias, agus bhí an bheirt acu iontach ag déanamh cártaí, féilirí agus mar sin de don chraobh, chomh maith leis an bhileog don tSlí Oidhreachta Éireannach i Learpholl (Beo, eagrán 23, Márta 2003).
as bileog eolais from an information leaflet
" ”* Freagracht Lucht na Meán agus na Polaitíochta ========== Léigh sí slíocht dúinn as bileog eolais de chuid an English Defence League (EDL) a rinne cur síos ar *‘the scrounging Irish,’* ach mhaígh sí go bhfaigheann siad spreagadh ó na ráitis sna meáin agus ó na polaiteoiri.
comharthaí agus bileoga signs and handouts
" Bhí mé in ann doiciméid, comharthaí agus bileoga Béarla a léamh.
bileoga eolais information leaflets
" ’Sé cúlra an scéil seo ná gur thionscain iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Tomás Mac Ruairí athbhreithniú breithiúnach i 2011 le go gcuirfí i bhfeidhm treoir de chuid an Aontais Eorpaigh, ina raibh sé de dhualgas ar Éirinn agus ar gach ballstát eile lipéadú a dhéanamh i ngach teanga oifigiúil dá gcuid ar chógais agus ar na bileoga eolais a théann leo (Airteagal 63 de Threoir 2001/83/EC).
in uachtar ar an mbileog at the top of the page
" É leagtha ar bhord, fráma air, é scríofa go slachtmhar, agus an scríbhinn seo a leanas in uachtar ar an mbileog: do Chór na bhFear, Blaenporth (Ceredigion) ó Chór Fear na nDéise, an 26ú Mí na Samhna 2013.
ag scaipeadh bileog spreading leaflets
" Ní fáidh fear ina dhúiche féin, áfach: is cuimhin lena mhac an uair ar briseadh Pól as a phost mar bhainisteoir ar an gcomharchumann áitiúil, agus go raibh daoine ag scaipeadh bileog ag an séipéal áitiúil agus iad ag iarraidh an pobal a ghríosadh chun fear Dhúrlas Éile a ruaigeadh amach as an áit.
Tugadh bileog dóibh they were given a leaflet
" Tugadh bileog dóibh le gach sonrú a bhí ag baint leis an teach.
ar bhileoga on fliers, handouts, posters
" Feictear iad i bhfuinneoga siopaí, ar fhógraí tráchtála, ar bhileoga, ar fhógraí oifigiúla agus ar chomharthaí tráchta idirnáisiúnta.
tháinig bileog bheag daite chugam a small coloured leaflet arrived
" Nuair a bhí an mustar agus mórdháil a bhain le cuairt oifigiúil Uachtarán na hÉireann ar an Bhreatain in ard a réime an mhí seo caite, tháinig bileog bheag daite chugam sa phost.
bileog á scaipeadh ar the leaflet being spread around
"bileog á scaipeadh ar na iarrthóirí ag an gConradh faoi láthair ina bhfuil dhá cheist curtha.
bhileog leaflet
" Sách dona agus mar bharr ar an donais is i mBéarla, cé is moite d’abairtín fánach amháin, a bhí an bhileog faoi Matt Carthy a scaipeadh ar thithe anseo i nGaeltacht Chonamara.