Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
barúlacha binbeacha venomous opinions
" Cúis iontais dúinn uilig gur thug an t-eagarthóir, Éamonn Ó Doornail, cead a cinn don chailleach cháidheach a cuid barúlacha binbeacha a scaipeadh fríd an liarlóg leamh seo.
don bhithiúnach binbeach bladarach to the venomous, flattering scoundrel
" Is dócha nach nglacfaidh an slíbhín sleamhain slíoctha le mo chomhairle, agus is dócha faoin am a bheidh an liarlóg seo i gcló go mbeidh a fhios ag madaí an bhaile nár ghlac; ach bhéarfaidh mé cur síos achomaireach do mo chuid léitheoirí dílse ar an mhéid a mhol mé don bhithiúnach binbeach bladarach," a deir Balor an Blaoscánach.
go binbeach venomously
" Fear a labhraíonn go binbeach fá Chaitlicigh, agus fán chultúr Éireannach, an fear a dúirt gur teanga leipreachán a bhí sa Ghaeilge, a thug "leadbelly" ar Alex Maskey i ndiaidh do dhílseoirí é a scaoileadh sa bholg, an fear a dúirt gurb é Cumann Luthchleas Gael eite spóirt an IRA.
go binbeach venomously
" Tá ráflaí cloiste agamsa, mar shampla, go raibh an tAire Airgeadais (Charlie McGreevy), go raibh sé go binbeach in aghaidh TG4 an chéad uair riamh.
chomh binbeach as venomous
" Ní raibh a chuid babhtaí argóna le Pól Ó Foighil chomh binbeach an tréimhse seo is a bhíodh san am a chuaigh thart.
go binbeach venomously
" B’fhéidir go mbeidh an deis sin fós ann ach ar an ábhar gur chríochnaigh cúrsaí go searbh agus go binbeach, tá seans nach nglacfaidh sé leis an testimonial a tairgeadh dó.
binbeach sharp
"binbeach i reilig Mt Jerome i ndeisceart na cathrach, in aice na canála.
binbeach sharp
"binbeach i reilig Mt Jerome i ndeisceart na cathrach, in aice na canála.
naimhdeas binbeach venomous hostility
" Ach b’fhéidir fosta nach mbeadh an dara suí sa bhuaile aige agus gurbh fhusa i bhfad dó dúshlán a thabhairt do cheannairc agus é ina Thánaiste! Corrlach Paddy Power: FG/LO/Na Glasaigh 9/4; FG/LO/PD 14/1 Fianna Fáil agus an Lucht Oibre Tá naimhdeas binbeach idir Pat Rabbitte agus Fianna Fáil ach b’amhlaidh an cás sa Ghearmáin idir na Daonlathaigh Shóisialta agus na Daonlathaigh Chríostaí.
go binbeach. venomously
" Reáchtáladh cruinniú poiblí i mBéal Feirste an tseachtain seo caite inar cháin poblachtánaigh easaontacha seasamh Shinn Féin go binbeach.
binbeach bitter
" Tá sé binbeach fán dóigh ar caitheadh leis mar dhuine agus fán treo ina bhfuil Sinn Féin ag dul.
ba bhinbí agus ba ghlóraí most catty and vocal
" Bhí roinnt ministrí eaglasta i measc na ndaoine ba bhinbí agus ba ghlóraí i gcoinne na Manainnise.
binbeach vicious
" Éinne gur cuimhin leo feachtas binbeach grúpa an Independent i gcoinne bhunú Theilifís na Gaeilge (>TG4), thuigfidís a laghad measa atá acu ar an Ghaeilge.
is binbí most bitter
" Ní thiocfadh leis an chancrán is binbí a bheith míshásta leis an úsáid a baineadh as scairdeitleán an rialtais le déanaí leis an oibrí cabhrach Sharon Commins a thabhairt ar ais abhaile tar éis di 107 lá a chaitheamh i ngéibhinn sa tSúdáin.
tsoiniciúlacht bhinbeach bitter cynicism
" Is riachtanach an tseift í sin chun dul i ngleic leis an tsoiniciúlacht bhinbeach a spreagann teorainn reatha na Gaeltacht.
go binbeach sharply
" Má bhí an freasúra ag easaontú go binbeach le chuile rud a dúirt Brian Lenihan ina ráiteas faoin staid airgeadais, bhíodar tríd is tríd ag aontú le gach rud sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.
easaontas binbeach bitter disagreement
" Bhí cur agus cúiteamh mór agus easaontas binbeach uaireanta i measc an phobail (nó i measc na ndaoine fásta a bhí timpeall ormsa agus mé ag fás aníos ar aon nós).
bhinbeacha vitriolic
" An liobrálach in éide bunchreidmheach é nó bunchreidmheach in éide liobrálach é? An cadhan aonair é i bpáirtí ina bhfuil Sammy Wilson, Gregory Campbell, Nigel Dodds? Thug an triúr sin aithisc bhinbeacha, ag lascadh poblachtánach agus rialtas na hÉireann as a bhfaillí, ach ní raibh gíog astu faoin ról a bhí acu i dteip fhuilteach an Stáit ó thuaidh.
bhinbeach venomous
" Cibé taispeántas a chuireann Tóibín i dteannta a chéile, is cuma an é an aithris scanrúil sin a dhéanann sé ar Bhrendan Behan i mBorstal Boy, nó an tráchtaireacht shóisialta bhinbeach sin ina chuid oícheanta cáiliúla sa Cork Opera House sa 80idí, teilgeann sé pearsa sholasmhar ar an ardán.
chogaíocht bhinbeach bitter warring
" Cuireann bodacht, mímhúinteacht agus maistíneacht Waltz alltacht ar a bhean Winslet, agus chuir riamh, ach nár fhéad sí é sin a chur in iúl go dtí gur thug an chogaíocht bhinbeach go léir agus na taoscáin fuisce misneach di; tiomáineann géilliúlacht agus filistíneacht Reilly a bhean mhóiréiseach Foster thar imeall na foighne freisin ; pléascann Reilly chomh maith céanna – scread príomhordúil an fhir chéile, an *‘regular guy’* ar beagán oideachais ag cur suas thar na blianta fada le mustar, soncanna beaga agus tón ardmhórálta na soithe ardnósaí a phós sé fada siar, céastóir néaróiseach a bhíonn de shíor ag sodar i ndiaidh na barántúlachta agus na bréag-ghalántachta araon.
binbeach vitriolic
" Cearrbhaigh nach mBearrfadh go Domhain ================= Tá cuid eile urchóideach, binbeach, áirím cinneadh Chomhairle Lios na gCearrbhach saoirse an bhaile a thabhairt don Ord Bhuí mar shampla.
díospóireacht bhinbeach a vitriolic debate
" Tráth dá raibh chothódh aitheasc an Aire ag moladh inimirce ón Áise díospóireacht bhinbeach abhus ina choinne, ach ní sin an chosúlacht a bhí ar an scéal an iarraidh seo.
Ní thiocfadh liom creidbheáil chomh binbeach I couldn’t credit how venomous
" "Ní thiocfadh liom creidbheáil chomh binbeach is a bhí na hairí agus na státseirbhísí seo in éadan na Gaeilge," ar sé.
dhíoladh sé a chuid rannta binbeacha he used to sell his vitriolic quatrains
" Bhí cáil ar fhear darbh ainm Kipling mar fhile an tseicteachais agus dhíoladh sé a chuid rannta binbeacha ar chéimeanna Ibrox achan Satharn.