Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bisiúla productive
" Is iomaí dráma stáitse, raidió agus teilifíse atá scríofa ag Joe Steve, chomh maith le hamhráin, dánta, scéalta agus agallaimh bheirte, agus níl dabht ar bith faoi ach gurb é duine de na scríbhneoirí is cumasaí agus is bisiúla dá bhfuil ag scríobh tré mheán na Gaeilge sa lá atá inniu ann.
sa tréimhse is bisiúla riamh in the most prolific period ever
" "Anois, mar thoradh air sin uilig, tháinig athbheochan sa cheol traidisiúnta, go dtí go bhfuil muid anois sa tréimhse is bisiúla riamh ó thaobh an cheoil dhúchasaigh de," arsa Neil.
bisiúil prolific
" Is scríbhneoir bisiúil é Titley a bhfuil úrscéalta, gearrscéalta, fabhalscéalta agus drámaí tagtha óna pheann.
bisiúil productive
" Rinneadh na fuinneoga i 1927, trí bliana sula bhfuair Clarke bás agus gan é ach 41 bliain d'aois, agus cé go raibh a shaol thart roimh a am, b'ealaíontóir bisiúil é a raibh fís aige.
Colúnaí bisiúil prolific columnist
" Colúnaí bisiúil atá ann a bhfuil cáil bainte amach aige de thoradh a phróis ghéir, agus tá suas le ceathrú milliún focal den phrós sin á bhfoilsiú go bliantúil i nuachtáin náisiúnta na tíre ó bhí 1981 ann.
bisiúil, bríomhar productive, lively
" Leabhar bisiúil, bríomhar atá ann, a ligeann don léitheoir fásta machnamh a dhéanamh ar shainchomharthaí na litríochta do dhaoine óga.
Seansaol Bisiúil an old thriving lifestyle
" Seansaol Bisiúil ======= Shroich mé ceann scríbe gan mórán stró, mé féin, beirt sagart a raibh an éide dhubh orthu agus féasóg go himleacán, mo sheanduine meidhreach nár bhain de a hata ar feadh an aistir, agus bean a dúirt liom go bhfuil deartháir aici ina dochtúir sa nGearmáin.
is bisiúla most productive
" Maithe agus Móruaisle =========== Ar ndóigh, ní mar fhoilsitheoir amháin a bhí Mícheál Ó Conghaile i láthair, ach mar dhuine de na gearrscéalaithe Gaeilge is bisiúla in Éirinn.
bisiúil successful
" Is scríbhneoir agus drámadóir bisiúil é Dave Duggan a scríobhann i mBéarla agus i nGaeilge.
ceann de na ceantair tuaithe ba bhisiúla one of the most productive rural districts
" B’é ceann de na ceantair tuaithe ba bhisiúla sa tír ag an am.
is bisiúla most prolific
" Tá Philip King ar dhuine de na léiritheoirí teilifíse is rathúla agus is bisiúla in Éirinn agus tá cláracha déanta aige go dtí seo ar réaltaí móra de chuid an cheoil mar Daniel Lanois, Christy Moore agus Nigel Kennedy.
is bisiúla productive
" Lena chois sin, tá sé ar cheann de na foilsitheoirí is bisiúla sa tír.
beo bisiúil alive and kicking
" An cineál saoil a d’éalaigh ar throigh gan tuairisc as tíortha go leor ó lár an chéid seo caite le meath na dtithe ceann tuí, tá sé beo bisiúil go fóill sa Rómáin dar le Diarmuid Johnson.