Pota Focal Intergaelic
bóc | bac | bíc | bloc | boa
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
boc fellow
" Ar an dóigh sin a chualathas dó ar na mallaibh go bhfuil scéal scannalach, sclamhach dá chur thart: nach é Balor s'againne an Balor bunaidh ar chor ar bith, ach go mbíodh boc den ainm céanna leis ina chónaí ar Thoraigh san am fadó.
na boic mhóra the big bucks
" Daoine a chreid go raibh an ceart ar a dtaobh agus nach raibh sásta géilleadh do na boic mhóra.
boic mhóra the big bucks
" "Sa phríobháidiú is mó a deineadh sa tír seo, Telecom Eireann, tá sé soiléir anois gur ar mhaithe leis na boic mhóra a deineadh é agus gurb iad na daoine beaga, an lucht oibre, atá agus a bheas thíos leis.
na boic mhóra the bigwigs
" Ní hiad na boic mhóra amháin a bhíonn ag gabháil d'iompar mí-eiticiúil nó mí-ionraic.
bhoc mór bigwig
" D'fhoghlaim Balor faoi bhoc mór sin na sean-Róimhe, *Janus* an Dá Éadan, a bhfuil an mhí seo ainmnithe ina onóir.
an bhoic eile the other buck
" Ní fada gur ag caitheamh aníos an Chianti céanna a bheas an bheirt acu, nó is beag an taithí atá ag ceachtar acu ar rud ar bith eile a ól seachas pórtar dubh na hÉireann i gcás Bhalor, agus fíon milis na haltóra i gcás an bhoic eile.
bhoc fellow
" Tháinig mé i gcomharbacht ar an bhoc eile sin Leamh Ó Cuinneagáin, alias Crocodile Dungloe, fear maith beartaíochta agus idirbheartaíochta, fear a fheiceann agus a thuigeann an dá thaobh in aighneas ar bith, mar ba léir ón agallamh a rinne sé ar TG4 ar na mallaibh ar ghéarchéim na Gaelscoile i nDún Bóinne.
boic mhóra big bucks
" Ní raibh sé i measc na ndaoine a gheobhadh ardú céime agus dá bhrí sin ní shamhlaíonn siad boic mhóra ag dul as a mbealach len é a chosaint dá mba rud é gur cheap siad go raibh sé ciontach.
Boc amháin one fellow
" Boc amháin atá breá ábalta é féin a chosaint, agus atá in inmhe tabhairt faoi dhaoine eile fosta, is ea mo sheanchara, Éamon Ó Druncaí.
bhoc fellow
" "Nach deas sin?" arsa mise liom féin, "Tá Gaeilge ag muintir Mheiriceá fiú!" An chéad bhoc a casadh orm d'fhiafraigh mé de cárbh as é.
bhoc mór big-shot
" Tá an Toy-Boy is mó acu uilig anois ina bhoc mór ó thuaidh, an buachaill bréagáin bréige bréagach sin Ian Mór an Páiseadóir, an fear a dúirt riamh anall gur aige féin amháin agus ag a Shlánaitheoir, dar ndóigh, a bhí iomlán na fírinne agus an chirt (seachas nuair a bhíonn a Shlánaitheoir bog ar na Pápaigh, dar ndóigh.
do bhoc to a fellow
" Ach san fheachtas toghchánaíochta tá siad ag iarraidh ar mhuintir Bhaile Átha Cliath tacaíocht a thabhairt do bhoc darb ainm Royston!! Ar a laghad tá Páirtí An Lucht Oibre Agus An Dóil ag cloí le hiarrthóirí a bhfuil ainmneacha breátha Gaelacha orthu - daoine ar nós Ivana Baaa Chick! Royston and Ivana: ainmneacha breátha Gaelacha Cúis imní do Bhalor an chúis imní atá ag goilliúint ar lucht na gcúiseanna imní sa Chomhchoiste Réamhscolaíochta.
formhór na mboc mór most of the big shuts
" Ach má tá tacaíocht an Taoisigh féin ag an Uasal Brady, tá an cuma air go bhfuil formhór na mboc mór i bhFianna Fáil sa chathair, agus ar fud na tíre, ag tacú leis an Uasal Ryan.
sean-bhoc éigin some old fellow
" Nuair a cheolfainn amhrán, gheobhadh sean-bhoc éigin, nach raibh aithne dá laghad agam air, greim ar mo lámh le mé a windeáil suas le misneach a thabhairt domh.
na boic chéanna the same bucks
" Agus misneach a thug na boic chéanna domh! Ach, ar ndóigh, mar a dúirt mé i leabhrán an dlúthdhiosca, ba é Raidió na Gaeltachta an dara múinteoir sean-nóis a bhí agam, i ndiaidh mo mháthar! AÓF: Tá píosa maith ráite agat i leabhrán sin an dlúthdhiosca, nach bhfuil? BNM: Bhuel, is sórt gealt i ndiaidh dlúthdhioscaí, nó *CD freak*, mé féin.
na boic mhóra the big bucks
" MÁNAS: Oidhreacht na hÉireann! Cén cineál amaidí í sin agat? Nach Éireannach mise? Nach bhfuil mise i mo chónaí anseo oiread chéanna leis na boic mhóra thuas i mBaile Átha Cliath? SUSAN: Is dócha é.
faoin bhoc seo about this fellow
" ie)) ag lorg tuilleadh eolais faoin bhoc seo agus dúirt sé ansin, creid é nó ná creid: "*The ICMSA plays a prominent role in sustaining and developing rural communities .
boic gheala white guys
" An raibh sé tar éis suí trí cheacht staire le déanaí faoi Chíréibeacha Coinscríofa Nua-Eabhrac? An bhfuair sé *Gangs of New York* ar cíos ón siopa físeán ag súil le Ja Rule agus Jay Z agus 50 Cent a fheiceáil, agus ina áit sin go bhfaca sé na boic gheala seo agus blas aisteach ar a gcuid cainte, ag caitheamh daigéar ar a chéile? Sea, tá sé dian bheith ag iarraidh 30 páiste a choinneáil ag obair agus a choinneáil ciúin, agus teagmháil a dhéanamh leo ar bhealach ar bith.
an boc mór the big-shut
" Tá a fhios ag Donaldson cé hé an boc mór i Sinn Féin a raibh gaol speisialta aige/aici leis na Sasanaigh! Páid sa tSráid ======= Tá Páid tar éis cupla euro a chur ar leataobh i gCuntas Dreasachta Coigiltis Speisialta agus é ag súil le hé a chaitheamh i mbliana ar SUV nua nó ar shaoire in Oileáin Mhaildíve.
Boc éigin some fellow
" **Balor:** Ar tháinig sibh faoi thionchar daoine speisialta? Nó cé a mhúnlaigh sibh? **CD:** Boc éigin sa tSín nó áit inteacht eile sa Chianoirthear a mhúnlaigh muid an chéad lá riamh.
de dheasca ghlámaireacht na mboc óg because of the grabbing of the young bucks
" Nochtadh pór eile ar fad polaiteora de dheasca ghlámaireacht na mboc óg, pór nach n-aithneodh seanfhondúirí ar dhul Martin Corry, is nach sásódh iad ach oiread.
róghar do mhianta bhoic mhóra an ghnó too close to the desires of the fat cats of business
" Beidh sé le rá faoin rialtas atá faoina stiúir go bhfuil siad róghar do mhianta bhoic mhóra an ghnó.
beag beann ar na boic mhóra not paying heed to the big bucks
" Cosúil le cuid mhaith clubanna agus sraithchomórtas eile i Meiriceá a tháinig ar an saol le déanaí, treabhann siad a n-iomaire féin, beag beann ar na boic mhóra, agus is cosúil go bhfuil na sraithchomórtais bheaga seo ag dul ó neart go neart.
ar an bhoc on the fellow
" “Le mo shúil nimhe a chaitheamh siar ar an bhliain atá ag druidim chun deiridh, níl áit níos fearr le tosú ná ag doirse Stormont, áit ar caitheadh níos mó ná súil ar an bhoc a bhí ag iarraidh briseadh isteach ar chóisir Ian agus Gerry.
na boic mhóra the big knobs
" Tar éis tamaill, d’fhiafraigh muid de dhuine de na boic mhóra an mbeadh sé sásta comhairle a chur orainn.
do na boic óga. to the young ones.
" Cultúr ina bhfuil béim ar smacht é an cultúr Maorach, agus níl drogall ar bith ar sheandhaoine íde béil a thabhairt do na boic óga.
cuid de na boic mhóra some of the big bucks
" Tá an t-olltoghchán thart, a chairde, agus tá na créachtaí dá gcneasú, ach níl íocshláinte ar domhan a leigheasfaidh na goine a d’fhulaing cuid de na boic mhóra i saol na polaitíochta a throid gan taise gan trua sa chogadh fuilteach atá díreach thart.
An chéad bhoc the first fellow
" ‘Nach deas sin?’ arsa mise liom féin, ‘tá Gaeilge ag muintir Mheiriceá fiú!’ An chéad bhoc ar casadh orm é, d’fhiafraigh mé de cárbh as é.
an boc seo this fellow
" Iad féin agus a slisní feola agus a ngircíní! D’iarr mé *schwarter tee*, ach mhothaigh mé mé féin ag socthumadh i lagar spride nuair a chonaic mé an boc seo ag líonadh cupa (sioctha) le huisce a bhí bogthe (ag an mhéid ab fhearr).
boic mhóra na heite deise the big right-wing bucks
" Rinne Moon teagmháil le boic mhóra na heite deise sa tSeapáin go luath sna seascaidí, nuair a chuir bunaitheoir CIA na Cóiré (KCIA), Kim Jong-Pil, é in aithne do Yoshio Kodama agus Ryoichi Sasakawa – beirt choirpeach cogaidh agus máistrí *yakuza* a thosaigh ag obair do CIA na Stát Aontaithe (SAM) i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda.
boic mhóra big shots
" Labhair mé le hiriseoir airgeadais sa Bhrúiséil a dúirt go mbreathnaíonn boic mhóra Londáin ar McCreevy mar dhuine acu féin.
bhoic mhóra big wigs
" Thug Haughey comhairle do dhaoine a bhí ag saothrú a gcuid pingeacha go cneasta go raibh siad á gcaitheamh go fánach agus go rábach fad is a bhí sé féin ag síneadh bhabhla na déirce i dtreo bhoic mhóra an rachmais.
bhoc sin that guy
" Cad tuige go bhfuil tú ag iarraidh bualadh leis? An mbeadh mórán le foghlaim agat ón bhoc sin?” “Ní bheadh, i ndáiríre, a Bhaloir, tá an bheirt againn ar chomhchaighdeán i dtaca leis an mhéid atá foghlamtha againn i rith ár saoil, a déarfainn, cé go bhfuil rud beag níos mó cumhachta ag Liam ná mar atá agam féin.
boic mhóra áirithe certain fat cats
" Níor luaigh sé May Mac Ránais ar chor ar bith, a múinteoir Gaeilge pearsanta a bhíonn ag briseadh a thóna ó cheann ceanna na bliana ag iarraidh cur leis an chúpla focal atá aici, in ainneoin na leithscéalta ar fad a bhíonn aici faoin obair bhaile gan a bheith déanta: cruinniú leis an Phápa; dinnéar le hAngela Merkel; lón le Nicolas Sarkozy… May bocht! Nach diabhalta an jab atá aige! Folúsghlanadh Tóna =========== Daoine eile a mbíonn jab deacair acu ná glantóirí na seomraí sna tithe ósta a mbíonn boic mhóra áirithe ag fanacht iontu.
Is boc sleamhain é an néal codlata sleep creeps up on you
liosta na mboc óg is cumasaí a bhaint amach arriving onto the list of the most capable young men
" D’fhógair an iris Forbes i lár mhí na Nollag gur éirigh le Whelton agus le triúr Éireannach eile liosta na mboc óg is cumasaí a bhaint amach don bhliain 2012; ina measc bhí Jonathon Cloonan, atá tar éis clú a bhaint amach i réimse na fógraíochta san Áis agus na deartháireacha Patrick and James Collison ó Luimneach atá tar éis cáil a bhaint amach i *Silicon Valley*.
na boic mhóra seobh the big noises
" Níl aon mhaith dhúinn níos mó a bheith ag freitheadóireacht ar na boic mhóra seobh atá i gceannas na stáisiún mór raidió seobh.
boic na dtodóg mór big cigar bozos
" Cad atá i gceist agam le réadú anseo? Próiseas is ea réadú a fhágann mothúchán teibí an ghrá feistithe i gcló coincréideach an earra d’fhonn is gur féidir le boic na dtodóg mór grá a dhíol mar earra nó mar ‘it’ ar mhargaí na cruinne.
bhoic mhóra na teicneolaíochta the big technology ‘noises’
" Is é seo an deis mhargaíochta is fearr do bhoic mhóra na teicneolaíochta san Eoraip.
Tugtar dualgais an bhoic mhóir thráchtála áitiúil the role of the local big business git is given
" Tugtar dualgais an bhoic mhóir thráchtála áitiúil do Risteárd Cooper.
boic bigwigs
" Léiríonn nósanna na vótála é seo agus, de réir Ascherson, léiríonn an comhrá náisiúnta in Albain go bhfuil siad níos dílse don NHS agus don sóisialachas daonlathach ná mar atá boic Londain.