Pota Focal Intergaelic
bane | bine | bode | bole | bond
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chnámh spairne bone of contention
" Is cinnte go mbeidh ceisteanna ag baint le ciní agus le ciníochas d'ár gcrá go ceann i bhfad in Éirinn agus go mbeidh siad mar chnámh spairne, díreach mar atá anseo sna Stáit Aontaithe.
cnámh spairne bone of contention
" Ó shin, tá ceist na neodrachta ina cnámh spairne sa tír, go háirithe cá seasann muid ó thaobh NATO agus fórsaí armtha an Chomhphobail Eorpaigh.
chnámh spairne bone of contention
" Is cumhachtaí núicléacha iad agus tá an Chaishmír mar chnámh spairne eatarthu.
chnámh spairne bone of contention
" Tá tuiscint sa ghreann: "Tá réiteach déanta ag Craigavon Borough Council ar chnámh spairne na mbratacha.
rúplach mná fine strapping woman (big boned)
" Nach bhfuil spút chéille agat ag iompar na mbocsaí troma sin leat féin?" "Ní bheidh mé i bhfad ag teacht chugam féin anois nuair atá rúplach mná cosúil leat féin agam," arsa Tomás.
chnámh spairne bone of contention
" Tá sé ina chnámh spairne agus ceaptar go mbeidh an dlí á chur ar an Astráil dá bharr.
chnámh spáirne bone of contention
" Na laethanta seo ní hiad na postanna tionsclaíochta atá mar chnámh spáirne ach airgead ón stát.
chnámh spairne bone of contention
" Corruair, bíonn fuaimniú ceart na bhfocal ina chnámh spairne eadrainn, ós rud é go bhfuil blas na Mumhan ar a chuid Gaeilge siúd agus blas Chonamara ar mo chuidse.
chnámh spairne bone of contention
" Tá seasamh Éamoin de Valera i rith an Dara Cogadh Domhanda ina chnámh spairne go fóill i measc staraithe.
an chnámh ba mhó spairne the biggest bone of contention
" Cnámh spairne ======= Ina aitheasc ag Ard-Fheis Shinn Féin ag deireadh na míosa seo caite, dúirt Gerry Adams gurb í ceist na póilíneachta an chnámh ba mhó spairne sna comhchainteanna atá ag dul ar aghaidh faoi láthair.
cual cnámh heap of bones
" Agus fiú agus í an fhad sin ar shiúl, chonaic Aifric nach raibh inti ach cual cnámh.
ar na cnámha on the bones
" Is ceoltóir é fosta agus, nuair nach mbíonn sé ag teagasc nó i mbun dealbhóireachta, seinneann sé ar na cnámha agus ar an bhodhrán.
cnámh spairne bone of contention
" Coiste Contae: monatóireacht ar obair na gclubanna, tacaíocht a thabhairt dóibh, oiliúnóirí a chur ar fáil, comórtais speisialta a eagrú sa samhradh (cnámh spairne i mBaile Átha Cliath), spreagadh do chlubanna, mar shampla, pointí a bhronnadh ar iarrachtaí éagsúla agus ansin bronntanais (ar nós geansaithe nua nó camáin nó turas go dtí Craobh na Mumhan) nuair a shroiseann club oiread áirithe pointí i mbliain amháin.
cnámh spairne bone of contention
" Beidh sraith nua cainteanna ag tosú faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála sa bhfómhar, agus beidh an cheist seo ina cnámh spairne idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe ann.
síneadh a chnámha his bones were laid
" Tugadh an corp anall agus tugadh sochraid mhór bhreá dó, agus síneadh a chnámha sa reilig álainn sin atá tamaillín lasmuigh de Chuan Dor.
gcnámh spairne bone of contention
cnámh spairne bone of contention
" Sa lá atá inniu ann, tá ceist an neamhspleáchais fós ina cnámh spairne.
atá ina chnámh spáirne eatarthu cheana féin which is a bone on contention between them already
" Sa tSeapáin, beidh cuid mhaith de na cathracha cois cósta faoi uisce, agus cathú ar na Seapánaigh breathnú i dtreo Oileán Sakhalin, an t-oileán atá i seilbh na Rúiseach faoi láthair ach atá ina chnámh spáirne eatarthu cheana féin de bharr an taisce mhóir ola agus gáis atá sna farraigí mórthimpeall air.
An rud atá sa bhun bán, tá sé sa bharr glas. What's bred in the bone comes out in the flesh.
" "An rud atá sa bhun bán, tá sé sa bharr glas.
chnámh spairne bone of contention
" Le linn 30 éigin bliain na dtrioblóidí, bhí Arm na Breataine ina chnámh spairne ag náisiúnaithe, ina sciath chosanta ag aontachtaithe an tuaiscirt, agus ina fhórsa cróga cosanta a cuireadh go hÉirinn le dhá dhream mharfacha a choinneáil óna chéile i súile na Sasanach.
cnámh spairne bone of contention
" Ar scor ar bith, sna seachtainí agus sna míonna ina dhiaidh sin, ní raibh sna círéibeacha ach cnámh spairne eile idir na leasaitheoirí Protastúnacha agus Daonlathaigh Éireannacha Tammany.
chnámh spairne bone of contention
" An leathanbhanda ======= Cé go bhfuil neart oibre déanta ag an gcoimisiún maidir le seirbhísí nuálaíocha, go fóill féin tá an leibhéal rochtana ar sheirbhísí mar leathanbhanda ina chnámh spairne faoi leith sa tír seo.
an chnámh spairne bone of contention
" Is dóigh gurbh é an chnámh spairne is mó ar feadh i bhfad ná an riail maidir le sportúlacht.
cnámh spairne bone of contention
" Is léir gur cnámh spairne é seo sa chomh-aireacht.
gcnámh spairne bone of contention
" Seans láidir go mbeidh cúrsaí airgid ina gcnámh spairne níos mó ná riamh.
gcnámh spairne bone of contention
" Níl seo fíor faoi gach cluiche iomána, áfach, ach níl sé ar intinn agam díriú ar an gcnámh spairne sin an uair seo.
cual cnámh a heap of bones
" Ní raibh ann ach cual cnámh.
cruptha leis an fhuacht chilled to the bone
" Bhí leath acu cruptha leis an fhuacht nó ní raibh tointe orthu.
chnámha spairne cultúrtha cultural bones of contention
" Cartún é ar coimriú ar chonspóidí reiligiúnacha agus ar chnámha spairne cultúrtha na linne seo é.
ár ndealracháin our collar-bones
" "Briseann muid ár ndealracháin go minic," a d'inis duine acu dom.
seanchnámha the old bones
" Ar ár siúl dúinn síos an halla rinne sé iontas den mhéid dlúthdhioscaí a bhí sa teach, ar sheilfeanna ar an dá thaobh dínn, sa chistin freisin, tuilleadh seilfeanna lán leo, cófraí, seastáin greamaithe den bhalla, bhí siad carntha ar an gcuisneoir—thug me gloine bhainne dó agus rinne sé ceapaire dó féin—agus ar an inneall níocháin, leath an bhoird tógtha acu, dhá stól, go fiú ar leac na fuinneoige sa leithreas—rinne sé mún—agus túrbhloic díobh i ngach cúinne sa chistin, ar dhá thaobh an dorais, taobh istigh agus taobh amuigh sa halla, sa spás faoin staighre agus sa seomra suí—bhí siad i ngach áit, gan an balla le feiceáil acu ach anseo is ansiúd, dlúthdhioscaí, a dúirt sé agus shéid sé anáil amach le teann sásaimh, dlúthdhioscaí, nach iontach é? Ina shuí ar an tolg—bhí air scíth a thabhairt do na seanchnámha, mar a deir sé féin—dúirt sé gur chuimhin leis a óige, gurbh é a aisling leabharlann cheoil a bheith aige, sa bhaile, cartlann de gach uile dhlúthdhiosca a eisíodh riamh, in aon seomra amháin aige, seomra stórais nó garáiste mór ar chúl an tí.
cnámh spairne bone of contention
" Go follasach, tá baint idir teanga agus féiniúlacht agus nuair atá an fhéiniúlacht féin ina cnámh spairne idir dhá ghrúpa, beidh an teanga ina ábhar conspóide ach níor mharaigh teanga aon duine riamh.
mar chnámh spairne. as a bone of contention.
" Tá troid inmheánach ar siúl agus cé a bheas ag dáileadh amach an airgid mar chnámh spairne.
mar chnámh droma as the back-bone
" Breathnaítear go hamhrasach ar eaglais na Mormannach go fóill i Meiriceá, agus is cinnte nach dtaitneoidh sé le gnáth-Chríostaithe, atá mar chnámh droma an Pháirtí Phoblachtánaigh.
a dhealrachán. his collar-bone.
" Bhog Seán go Watford nuair a bhí sé dhá bhliain déag d’aois agus ansin go Chelsea, áit ar bhris sé a dhealrachán.
ag cogaint cnámh chewing bones
" Oíche Shamhna bhí Balor ina phluais bhrocach cháidheach shalach, ag meabhrú os cionn na tine agus ag cogaint cnámh mar is gnách leis ag an am seo den bhliain, nuair a tharla dó fís.
tá sé ina chnámh spairne it's a bone of contention
" Ba chúnant é *Te Tirīti* ó Waitangi (1840) idir taoisigh Mhaoracha agus an Choróin – ach tá sé ina chnámh spairne go fóill, mar bhí dhá leagan de ann (ceann i mBéarla agus ceann i Maorais) agus neart míthuisceana dá réir maidir leis an méid a bhí á aontú acu.
chnámh spairne bone of contention
" Bhí an cogadh san Iaráic ina chnámh spairne arís idir na páirtithe polaitíochta móra san Astráil, áfach, san fheachtas olltoghchánaíochta anuraidh.
beidh an toradh curtha ina steillebheatha againn we will have made the result into flesh and bones
" Ba gheall le breith clainne é an próiseas ar fad: bhí giniúint i gceist, tréimhse iompair agus faoin Déardaoin, beidh an toradh curtha ina steillebheatha againn ar scáileáin na tíre!Súil an fhir ceamara “Tá jab iontach déanta ag Jim Fahey agus táim cinnte go rachaidh an clár go mór i bhfeidhm ar dhaoine.
Cnámh spairne bone of contention
" Cnámh spairne eile atá giota maith níos tromchúisí is ea Comhairle Arm an IRA.
allas na gcnámh astu blood (sweat) from their bones
" Bunaíodh Banc Náisiúnta na hÉireann sa bhliain 1835, tráth a raibh bunadh na hÉireann ar an ngannchuid agus tráth a raibh tiarnaí talún is lucht gróite ag sú allas na gcnámh astu.
conáilte ag siorradh frozen to the bone in a draught
ina chnámh spairne a bone of contention
" Bhí riocht na scéime ina chnámh spairne ag an am, agus is cosúil anois go raibh an ceart acu siúd a chuir in aghaidh an leagain amach a mhol agus a chruthaigh McCreevy.
cnámh droma (in-athnuaite) renewable back bone
" Don Taoiseach is mian liom go dtabharfaí ranganna deaslabhartha agus aoibh phléisiúrtha; do Mhary Harney vaicsín acmhainn grinn (saor in aisce ar ndóigh); ticéad chuig The Lion King don Tánaiste; bachall mhór don Phríomh-Aoire le smacht a choinneáil ar na cúlbhinseoirí, do Mhary O'Rourke cárta leighis óna nia, conradh úr do Inda Kinny, cnámh droma (in-athnuaite) do John Gormley, roinnt iarrthóirí le dealramh do Shinn Féin, bliain gan tubaiste don HSE, leac cuimhneacháin do na PDs, splanc céille do Chonor Lenihan agus téipeanna Buntús Cainte do Mhichael Ring.
ina chnámh spairne a bone of contention
" Máthair na cointinne An rud a bhí ina chnámh spairne ag aontachtaithe ná go bhfaigheadh gaolta daoine a maraíodh le linn dóibh a bheith i ngrúpaí paraimíleatacha an t-airgead chomh maith le daoine neamhurchóideacha.
smiolgadáin above the collar bone
" Le James, is é an matán a úsáideann sé ná Sternocleidomastoid - matán an smiolgadáin, nó matán taobh an mhuiníl! Tá fáinne plaisteach ceangailte timpeall a mhuiníl - luch an ríomhaire faoina smig, a ríomhaire ceangailte leis an idirlíon agus é ag cliceáil leis ó mhaidin go hoíche.
ina cnámha in her (bones)
" Ach cad chuige a gcuireann ’ oiread sin daoine anseo suim sa chultúr ghaelach? Cad fúthu siúd nach bhfuil bunús ná oidhreacht Éireannach sa chúlra acu, ach a ghlacann páirt in imeachtaí gaelacha go rialta? An Polannach Mná Tá bean óg áirithe agam sa rang Ghaeilge nach bhfuil rian dá laghad den Éireannachas ina cnámha – is as an Pholainn a tháinig a muintir blianta ó shin, ach ní haon áibhéil a rá nach bhfaca mé a leithéid riamh roimhe.
cnámha spairne bone of contention
" I ndiaidh an Dara Chogaidh Domhanda agus an domhan ag iarraidh theacht ar fhoirmle a chuirfeadh deireadh leis an choimhlint, dréachtadh 30 mír iontach simplí a mhaolódh cnámha spairne idirnáisiúnta dá nglacfaí leo, dar le lucht a ndréachtaithe.
gach cnámh cráite every anguished bone
" Ní raibh aon ghá le bubble-shobal d’aon shaghas – ba leor teas an uisce le gach matán tuirseach agus gach cnámh cráite a mhealladh ar ais chun sláinte go mall, réidh.
ina chnámh spairne as a bone of contention
" Ar ndóigh ní inniu ná inné atá an meath leanúnach atá tagtha ar chéatadán na bhfear atá ag múineadh i mbunscoileanna na tíre ina chnámh spairne polaitiúil.
chnámh spairne bone of contention
" Grád: C - Noel Dempsey (An tAire Iompair): Dul chun cinn áirithe déanta aige maidir leis an dara aerstad in Aerfort Átha Cliath, ach tá todhchaí Aer Lingus ina chnámh spairne i gcónaí.
chnámh spairne a bone of contention
" Móruaisle is Mionísle In ainneoin na n-iarrachtaí oifigiúla le caoga bliain anuas tá fadhb na sainaicme ina chnámh spairne fós.
cnámh spairne bone of contention
" Tá ceangal láidir le blianta idir an BNP agus cuid de na fir bhuí i Learpholl, ach bhí cnámh spairne eadarthu i gcónaí mar tá daoine gorma ina mbaill den Ord Oráisteach anseo agus in áiteanna eile.
fíorthirim bone dry
" Thit báisteach an mhonsúin sa cheantar in aice le Murascaill Carpentaria ar chósta thuaidh na hilchríche, ach rith an t-uisce ó dheas tríd an limistéar fíorthirim sa lár ar a dtugtar an Channel Country - Tír na Srúillí.
cnámh spairne a bone of contention
" Cioca? Nó an bhféadfadh go mbeadh an dá léamh fíor? Sin í an bhuncheist atá ina cnámh spairne pé áit a theaspeántar ‘Antichrist’.
go smior iontu in their bones
go smior to the bone (marrow)
" Tar éis an tsaoil, is Síónach go smior é stiúrthóir feidhmiúcháin na hinstidiúide, an Dr.
cnámha bones, body
" Téann teas na tine isteach sna cnámha ar bhealach nach dtéann aon teas eile.
ina cnámh spairne a bone of contention
" Anuas air sin, is dócha gurb í Meiriceá an tír shaibhir is mó a bhfuil ceist na haeráide fós ina cnámh spairne inti.
ábhar spairne a bone of contention
" Is léir nach bhfuil fonn ar éinne go mbeadh cur chun cinn na Gaeilge ina ábhar spairne nó deighilte.
cnámh spairne bone of contention
" An soláthar don chainteoir dúchais An bhfuil an iomarca béime sa dréachtstraitéis ar chothú an dátheangachais ar bhonn náisiúnta seachas ar chosaint a dhéanamh ar an gcainteoir dúchais Gaeilge? Seans gurb é seo an cnámh spairne is mó sa dréachtstráitéis.
cnámh bone
" Gliceas Ciarraíoch ag feidhmiú ambaist! Iomas an Imreora ======== Ach, b’fhéidir gur rud eile ar fad é an traidisiún, gur rud aigneolaíoch é seachas fíric feola is cnámh.
chnámh spairne a bone of contention
" Ní raibh sé mar dhúnghaois oifigiúil ag aon rialtas riamh teorainn a chur le fás an daonra, ach, aisteach le rá, tá teorainn le fhás an daonra ina chnámh spairne idir na páirtithe polaitíochta le tamall anuas.
gcnámh bone
" Ins an aitheasc thuasluaite, mhaígh an Coimisinéir Teanga gurb é “an rud atá le déanamh anois ná dul tuilleadh den bhóthar ón reitric, ón teoiric agus ón teibíocht agus díriú níos mó ná riamh ar an réaltacht, an fheidhmiúlacht agus an ghníomh; feoil a chur ar an gcnámh; bearta a dhéanamh de réir na mbriathra.
chnámh bone(s)
" Níl ann ach dromchla ríbheag (cúpla miliméadar cearnach), ríthanaí, teann, a bhfuil ar a acmhainn glacadh le gach giota fuaime, bíodh sé ciúin nó glórach agus a sheoladh ar aghaidh chuig cuas beag ina bhfuil trí chnámh bídeach - an casúirín, an inneoin agus an stíoróip - atá ag teagmháil lena chéile.
gar don chnámh close to the bone
" Scríobhann tú faoi ábhar ar chúiseanna éagsúla agus i mo chás-sa, bím ag iarraidh rud éigin a scríobh a bhfuil úire ag baint leis, rud éigin nach bhfuil scríofa cheana sa teanga nó nach bhfuil scríofa go rómhinic in aon teanga, rud éigin a bheadh gar do mo chroí agus gar don chnámh mar a déarfá.
go smior (cut, hurt) to the bone
" Chuaigh iompar na mná Francaí go smior i muintir dhúchais na háite.
Cnámh spairne a bone of contention
" Cnámh spairne gan aon agó, agus an gadhar is mó a bhfuil ann bhí sé ina shuí i sraith thosaigh na comhdhála.
chnámha bodies, bones
" Tá sé an-deacair ag éinne a amharcann air gan a bheith ag meabhrú ar an tionchar a bhí ag an bhuama ar chraiceann agus ar chnámha na ndaoine a raibh sé de mhí-ádh orthu a bheith in aice láimhe nuair a shíob sé.
cnámh spairne bone of contention
" Sa cheantar sin cois Loch Michigan ar an taobh ó thuaidh de Chicago, meas tú cad é an cnámh spairne is mó idir na hiarrthóirí? Ní hé na cogaí atá an tír ag troid san Iaráic agus san Afganastáin ná an ceann atá siad ag tosnú sa Phacastáin, ná an ghéarchéim gheilleagair a bhfuil baint láidir aige leis na cogaí sin.
go smior in his bones
" Agus mar is dual don iar-iomanaí contae seo as Cill Chainnigh, tá an diongbháilteacht go smior ann.
ina chnámh spairne a bone of contention
" agus ina raibh seachadadh litreacha le seoltaí Gaeilge ina chnámh spairne! Mar is gnách ag an am seo bliana tugadh, réamhspléachadh d’iriseoirí áirithe ar chomhaid rialtais a bhaineann le tríocha bliain ó shin.
gan fuil gan feoil just skin and bone
" Ní raibh iontu ach creatlaigh, gan fuil gan feoil.
ina cnámh spairne a bone of contention
" Ba í an chumhacht féin a bhí ina cnámh spairne idir an Pápa (Gréagóir VII) agus Ríthe na hEorpa.
cnámh eile spairne another bone of contention
" Leoga, is léir nach mbeidh an tuaisceart ina thosaíocht ag an rialtas úr ó dheas - tá tograí ar fiú £400,000 geallta ag ancien regime Fhianna Fáil ach ní fios an dtabharfaidh rialtas Kenny an gealltanas céanna, cnámh eile spairne a bhfaighidh Sinn Féin greim uirthi.
idir chnámha briste including broken bones
" Baineann a lán cineálacha gortaithe nach féidir a sheachaint le cluichí páirce dar ndóigh, idir chnámha briste agus mhatáin stróicthe.
cnámh spairne a bone of contention
" Gan amhras ar bith, is cnámh spairne é ceist na híocaíochta i gCLG.
dár gcnámh of our bones
" Coirp na Caillí Deirge =========== Bheadh bláthfhleasc eile le leagan i nDroichead na hInse, i gcuimhne orthu siúd a ligeamar i ndearmad – coisithe agus oifigigh – an 54,000 fear sin dár bhfuil is dár gcnámh is dár gcuisle a sladadh i dtréantreascairt na dtrinsí.
chnámh spairne a bone of contention
" Bíodh is go bhfuil an Astráil fothaithe ar inimirce, tá dúnghaois inimirce ina chnámh spairne idir na páirtithe polaitíochta móra arís, mar atá sí le fada an lá (BEO, eagrán 89, M.
cnámha bones
" Tá goinbhlastacht ag baint leis na cumhdaigh taisí seo mar go raibh iontu baill choirp, cnámha nó gruaig, iarsmaí na naomh, a caomhnaíodh go minic i ndiaidh dóibh bás millteanach a fhulaingt.
ina cnámh spairne as a bone of contention
" Is é an dearcadh atá agam féin, go bhfuil an Ghaeilge róthábhachtach le bheith ina cnámh spairne polaitíochta agus sin an fáth go dtearn muidinne gach dícheall, fad is a bhí mé féin anseo, comhoibriú a thabhairt do na rialtaisí a bhí istoigh, cé nach raibh muid féin iontu, comhoibriú daofu ar Bhille na Gaeilge – tacaíocht iomlán – thug muid comhoibriú daofu nuair a bhí siad ag iarraidh an Ghaeilg a bheith mar theanga aitheanta agus oibre ins an Eoraip.
Lasadh tine chnámh a bone-fire was lit
" Lasadh tine chnámh leis an mbealach chun na bhflaitheas a thaispeáint don leanbh, agus lena chraiceann mín nocht a théamh dó.
creatlach bones
" Más Ozzie Osbourne ar an mall-luas é, lúide na heascainí, ach le gruaig, feisteas, dreachadh súl agus beol Robert *‘The Cure’* Smith, níl ansin ach creatlach fisiciúil an charachtair.
luíonn domhain sa gcnámh lies deep in the bone
" Thuigeas ón gcéad chúig neomat ina cuideachta go raibh aithne agam uirthi ó chianaibh - aithne a shíolraigh ó cheann de na mistéir nach soilsítear bun ná barr di dúinn - an chomhthuiscint nach bhfuil aon mhíniú ann di ach an rud a thagann anuas chugainn ó na sinsir - an t-ábhar sin a ritheann saor sa bhfuil, a luíonn domhain sa gcnámh agus nach feas dúinn i gceart a bhun ná a bharr ná a bhrí.
tháinig fionnadhcrith orm I shook in my bones
" Chomh luath is a d'oscail mé an leabhar agus thosaigh á léamh, tháinig fionnadhcrith orm mar bhí a fhios agam gur tháinig mé ar scéal mo cheoldráma.
ba chnámh spairne was a bone of contention
" Mar is léir ó leabhar John Bowman* faoi 50 bhliain den teilifís, ba chnámh spairne ceist na Gaeilge taobh istigh de RTÉ ón tús.
níor bhris mé cnámh ar bith I didn’t break any bone(s)
" Ghlac sé trí iarracht orm mé féin a stad agus cé go raibh mé brúite, níor bhris mé cnámh ar bith.
ina chnámh spairne a bone of contention
" Mar bharr ar sin, ní gá do na stáit eile na lánúnais seo a aithint, mar gheall ar dhlí a ritheadh 17 mbliain ó shin agus atá ina chnámh spairne i Washington faoi láthair.
go smior iontu (cut) them to the bone
" Bhí lúcháir ar na coilínigh ardmholadh a fháil ó ionadaí uasal na máthairtíre go dtí gur chuir sé an t-aguisín seo leis an teachtaireacht: in ainneoin a “*birthstain*”! Chuaigh a thagairt dá n-oidhreacht daoránaigh go smior iontu.
chnáimhín (doubled) bone
" Tá crochadh an chairr déanta de chnáimhín dúbailte ard de chuid an 156 – chomh maith le crochadh ilnascach ar an gcúl.
leath dá chnámha a half of his bones
" I 1087 sciob trádálaithe Iodálacha leath dá chnámha agus chroch siad leo iad go Bari i ndeisceart na hIodáile áit ar tógadh séipéal ina onóir agus a ndéantar céiliúradh mór air gach bliain.
fíorchnámha an Naoimh the saint’s true bones
" Mar a bheifeá ag súil, bhí conspóid ann maidir leis na híarsmaí a nochtadh, go háirithe nuair nár dheimhnigh aon phontaif riamh gur fíorchnámha an Naoimh a bhí iontu agus go gcreideann roinnt den lucht seandála go fóill nach mbaineann siad le Peadar ar chor ar bith.
cnámha ainmhithe le gearrthacha orthu animal bones with cut markings
" Fuarthas go dtí seo: 1) Fásra agus ainmhithe (flora & fauna); 2) déantáin bhreochloiche; 3) cnámha ainmhithe le gearrthacha orthu; 4) 50 lorg coiscéimeanna daonna.
neamhoird cnáimhe agus ailt bone and joint disorder
" San áireamh tá an goile trasna chineál 2, galar croí, an múchadh, neamhoird cnáimhe agus ailt gan trácht ar easpa féinmheasa agus eisiamh sóisialta.
cnámh spairne bone of contention
" Féachann Robert McMillen ar cheist na póilíneachta sna sé chontae, ceist atá ina cnámh spairne go fóill idir na páirtithe polaitíochta éagsúla.
chnámh spairne bone of contention
" Tá Giobráltar ina chnámh spairne idir an Spáinn agus an Bhreatain le beagnach trí chéad bliain anois ach b'fhéidir go bhfuil réiteach i ndán don aighneas sa deireadh, mar a mhíníonn Pádraig Ó Domhnalláin.
Taisí naoimh ina gcnámh spairne saintly relics as bone of contention
" Taisí naoimh ina gcnámh spairne, rud ab annamh dar leat? Chaith Ciara Nic Gabhann súil ar scéal chnámh Naomh Peadar sa Róimh.