Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bosca bruscair rubbish bin
" Mura dtig leo beart a dhéanamh de réir a mbriathair, is é bosca bruscair na staire atá i ndán dóibh.
sa bhosca bruscair in the bin
" Ní feidir, áfach, inné a chur sa bhosca bruscair chun spás a dhéanamh don lá amárach.
mbosca bruscair na staire the dustbin of history
" An raibh pointe ann nuair a ghéill muid d'fhorlámhas an chaipitleachais agus chaith an ceart sóisialta isteach i mbosca bruscair na staire? Cén bhliain inar thug an margadh an buille marfach don stát i gcúrsaí geilleagair? Sa chaint a thug an staraí John Gray, chuir sé síos ar an dóigh ar láimhseáil tíortha éagsúla géarchéimeanna geilleagair ó Bhoilgeog na Mara Theas i 1720 (atá an-chosúil le géarchéim na linne seo) go dtí an an Spealadh Mór a lean Cliseadh Shráid Wall i 1929.
mbosca bruscair ar leith a particular dustbin
" An é go gcuirtear na liathróidí ‘contúirteacha’ i mbosca bruscair ar leith a thugtar go dtí an t-ionad athchúrsála tar éis an chluiche agus go gcuirtear na liathróidí neamhchontúirteacha in áit eile agus go mbaintear feidhm astu arís an chéad lá eile? Rud eile, chuala mé tráchtaire amháin á rá nár mhór ‘creidmheas’ a thabhairt d’fhoireann a rinne cosaint mhaith nó a leithéid.
le cinntiú go bhfolmhaítear na boscaí bruscair to ensure that the dustbins are emptied
" Mar a dúirt an fear grinn tuaisceartach, Jake O Kane, ní ann do Chomhairle Bhaile na Mainistreach le sinn a shábháil ó Ifreann; tá siad ann le cinntiú go bhfolmhaítear na boscaí bruscair agus go gcuirtear daoine atá marbh sa chré.
Meas bosca bruscair hold in the lowest esteem
" Meas bosca bruscair atá ag roinnt de thíortha na hEorpa agus Mheiriceá ar Chorn na hAfraice a deir Maidhc Ó Cathail.