Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
na Bráithre the Christian Brothers
" B'fhéidir go raibh sé i gcónaí fíor gur sna blianta an-óga a oileadh agus a deineadh na hiománaithe agus na peileadóirí, is é sin gur fhoghlaim siad na scileanna agus na cleasanna ar pháirc na scoile (a bhuíochas sin do na Bráithre agus na múinteoirí díograiseacha ar fud na tíre) agus ar an bpáirc imeartha áitiúil.
na mBráithre Críostaí the Christian Brothers
" D'fhreastail mé ar scoil lán-Ghaelach na mBráithre Críostaí áit a ar fhoghlaim mé mo chuid Gaeilge.
sna Bráithre Críostaí the Christian Brothers
" Nuair a d'fhág Mícheál an scoil náisiúnta i 1961, agus é trí bliana déag d'aois, chuaigh sé isteach sna Bráithre Críostaí.
na Bráithre Críostaí the Christian Brothers
" Ach cad é an tionchar a imrítear ar chuid de mhuintir Bhéal Feirste a thiontaíonn ina nGaeilgeoirí iad? D'fhoghlaim Gearóid méid éigin Gaeilge ar an bhunscoil agus ó sin chuaigh sé go Scoil Mhuire ar Bhóthar an Ghleanna i mBéal Feirste thiar, scoil a bhí á riaradh ag na Bráithre Críostaí agus ina raibh an Ghaeilge ar fáil mar ábhar.
an Bráthair Maurice Tobin Brother Maurice Tobin
" Ciontaíodh an Bráthair Maurice Tobin, fear 71 bliain d'aois arbh as an mBaile Mistéileach i gCo Chorcaí ó dhúchas é, as 23 cúiseamh a bhain le hionsaithe mígheanasacha ar bhuachaillí óga sa scoil idir 1959 agus 1974.
na Bráithre Críostaí the Christian Brothers
" Agus, in ainneoin leithscéalta na heagraíochta, ba léir ón ráiteas a d'eisigh na Bráithre Críostaí an oíche sin nach bhfuil siad in ann glacadh leis an bhfírinne lom.
bráithre brothers
" Deargsheafóid, a deir tú? Ní fhéadfadh a leithéid tarlú in Eoraip aontaithe an 21ú haois? Nach bráithre uilig muid faoin am seo? Go réidh, a mhac.
Scoil na mBráithre the Christian Brothers' school
" Fuair Seoirse a chuid oideachais i Scoil Rosario i Sráid Sunnyside agus i Scoil na mBráithre.
na Bráithre the Brothers
" Ach, na scoileanna a thug oideachas agus oiliúint do na pobail sin, tá siad ar bheagán daltaí agus na Bráithre a bhí ina mbun imithe.
bráthair Críostaí a Christian brother
" “Thug bráthair Críostaí, a mhúscail spéis sa nGaeilge sa rang ar fad, beagnach, ar thuras scoile go Gaeltacht Chorca Dhuibhne muid agus bhí iontas orainn nuair a chonaic muid go raibh Gaeilge dá labhairt ag chuile dhuine ann.
na mBráithre Críostaí the Christian Brothers
" I ndiaidh na bunscoile, chuaigh sé go scoil na mBráithre Críostaí i mBaile an Róba.
ar a mbráithre their brothers
" Fimíneacht ======= Léiríonn rúin a cuireadh chun tosaigh agus ar glacadh leo ag Ard-Fheiseanna Fhianna Fáil idir 1968 agus 1970 go raibh céatadán mór den pháirtí a chreid gur fimínteacht a bhí ann a bheith ag comóradh laochra na Cásca agus ag an am céanna gan teacht i gcabhair ar a mbráithre i nDoire, an Dún, Ard Mhacha, Fear Manach, Aontroim agus Tír Eoghain agus iad faoi ionsaí.
na Bráithre Proinsiasacha the Franciscian Brothers
" Cá bhfuair sé an spéis seo sa teanga, agus céard a thug go dtí an Ghaeltacht an chéad lá riamh é? Agus é ag fás aníos i gCloch Shiúrdáin i gContae Thiobraid Árann, bhíodh na múinteoirí ag labhairt Gaeilge leis na daltaí i gcónaí i gclós na scoile, agus nuair a chuaigh sé ar aghaidh go dtí na Bráithre Proinsiasacha i gClóirtheach ina dhiaidh sin, bhí roinnt múinteoirí sa scoil sin a raibh an-spéis acu sa Ghaeilge freisin.
gar a dhéanamh do bhráthair? to do a favour for a brother?
" Nach gcuireann sé ardú meanman i gcónaí orainn gar a dhéanamh do bhráthair? É tugtha faoi deara agam nach bhfuil leigheas níos fearr ar an ngalar dubhach ná gar a dhéanamh do chomharsa i ngátar.
de chuid na mBráithre de La Salle. of the de La Salle Brothers.
" Agus mé i rang a sé sa scoil náisiúnta, chinn mo thuismitheoirí ar mé a chur go meánscoil áitiúil de chuid na mBráithre de La Salle.
nach réiteodh mo ráiteas le dearcadh an bhráthar that my statement wouldn't sit well with the view of the brother
" Bhí barúil agam agus mé á rá nach réiteodh mo ráiteas le dearcadh an bhráthar ná le hethos na scoile.
chuaigh mé ar scoil chuig na Bráithre Críostaí. I went to a Christian Brothers school
" An dtig leat tuilleadh eolais a thabhairt dúinn faoi d’óige, le do thoil? Ian: Bhuel, níl a fhios ag mórán daoine é seo, ach chuaigh mé ar scoil chuig na Bráithre Críostaí.
Bráthair bocht litríocht na Gaeilge the poor brother of Irish language literature
" Bráthair bocht litríocht na Gaeilge atá sa seanchas.
Póg na mBráthar the brotherly kiss
" Thaispeáin a phictiúr ‘*Brotherhood Kiss’* / ‘Póg na mBráthar’ an bheirt acu ag pógadh a chéile ar an bhéal le díograis fhíorshóivéideach agus ba í an íomhá ab íocónaí a bhí le feiceáil ar an bhalla, rud a mheall an t-uafás cuairteoirí le hamharc air.
Bráthair Críostaí Christian brother
" Bhí Uinsionn Mac Dubhghaill i láthair sa Chúirt Chuarda i nGaillimh ag deireadh na míosa seo caite nuair a tugadh fianaise i gcoinne Maurice Tobin, Bráthair Críostaí a rinne ionsaithe gnéasacha ar bhuachaillí óga i scoil thionsclaíoch Leitir Fraic ar feadh cúig bliana is fiche.