Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
timpeallachtaí bréagacha false environments
" " - *David Lee, eagarthóir na hirise ealaíne* The Jackdaw Bhí triúr eile in iomaíocht le Creed chun duais £20,000 an Turner a bhuachan: an grianghrafadóir Richard Billingham as Birmingham a úsáideann a theaghlach mífheidhmiúil mar fhoinse; an scannánadóir Isaac Julien as Londain a dhéanann scannáin, físeáin agus suiteálacha bunaithe ar bhunchruthanna ciníocha agus inscneacha; agus an t-ealaíontóir suiteála Mike Nelson a chruthaíonn timpeallachtaí bréagacha atá breac le tagairtí stairiúla, cultúrtha agus sóisialta.
bréagach false
" Ceisteanna ======= Tá go leor samplaí eile ann d'fhaoistiní nár cruthaíodh sa chúirt go fóill iad a bheith bréagach ach go bhfuil ceisteanna go leor fúthu.
lipéad bréagach false label
" Ní féidir a bheith iomlán cinnte nach bhfuil tag nó lipéad bréagach curtha ar bheithíoch, cuir i gcás, agus ainmhí a bhfuil galar air á thabhairt chuig an seamlas i ngan fhios don saol mór.
bréagach false
" Is léir anois go raibh an ráiteas seo bréagach.
bréagach false
" Cruthaíonn sí dromchla orgánach nádúrtha ach bréagach.
troid bhréagach false fight
" "I dtraidisiún atá chomh sean le Tuaisceart Éireann, glacfaidh David Trimble agus Jeffrey Donaldson páirt sa troid bhréagach ag Scarva," a scríobhann Emerson.
líomhaintí bréagacha false accusations
" Agus cad é is féidir le duine marbh a dhéanamh faoi líomhaintí bréagacha? Is léir gur ceist airgid é seo don *Telegraph*, agus do McLaughlin agus Hall.
bréagach false
" " Faoi láthair, in aon chás clúmhillte a thógtar sa stát seo, tá dualgas ar an chosantóir a chruthú go bhfuil an rud a scríobh nó a dúirt sé fíor, seachas ar an chúisitheoir a chruthú go bhfuil sé bréagach.
bréagach lying
" Tá an Toy-Boy is mó acu uilig anois ina bhoc mór ó thuaidh, an buachaill bréagáin bréige bréagach sin Ian Mór an Páiseadóir, an fear a dúirt riamh anall gur aige féin amháin agus ag a Shlánaitheoir, dar ndóigh, a bhí iomlán na fírinne agus an chirt (seachas nuair a bhíonn a Shlánaitheoir bog ar na Pápaigh, dar ndóigh.
sliabh bréagach artificial mountain
" Eas uisce agus sliabh bréagach rí-ard (tá an-radharc le fáil uaidh) an Parc des Buttes Chaumont; cruinniú le chéile na gcág istigh sa Jardin des Plantes, áit a bhfuil neart lusanna agus luibheanna le feiceáil; crainn mhaorga an chúigiú *arrondissement* sa Jardin de Luxembourg (Bhí suas le 38,000 crann i bPáras nuair a rinneadh an chéad chrannáireamh in 1855, agus tá níos mó anseo anois); an crann is seanda sa chathair, an Robinier, a cuireadh sa bhliain 1601; gan trácht ar bhruacha an Seine, áit a mbíonn neart daoine ag siúl, ag rothaíocht agus ag lannrolláil.
mothúcháin bhréagacha false emotions
" AÓF: Cén chaoi a n-aithníonn tú mothúcháin bhréagacha ó fhíormhothúcháin? ÁNíD: Má tá amhránaí sách cleachtach, is féidir mothúcháin bhréagacha a chur i leith go paiteanta.
Ráiteas bréagach untrue statement
" Ráiteas bréagach ón aire a bhí sa mhéid seo.
éilimh bheaga bhréagacha small false claims
" Déanann roinnt mhaith daoine bochta éilimh bheaga bhréagacha, mar shampla ar dhamáiste sa teach.
scéalta bréagacha false stories
" Anuas ar na scéalta suaracha seo, creidim go bhfuil sraith de scéalta bréagacha a foilsíodh ar na mallaibh ag cur inchreidteacht na nuachtán i mbaol.
bréagach false
" Thar aon rud eile, is é an claonadh thar na blianta ag údaráis stáit seasamh le fianaise an Gharda Síochána, fiú ar uairibh agus fios ag gach mac máthar é a bheith bréagach (mar a tharla i "gCás Leanaí Chiarraí" i 1985), a chruthaigh an cultúr neamhfhreagrach sa Gharda Síochána.
bréagach false
" * Gluais • Glossary fríd ghloine dhorchathrough a dark glass smúidmist, murkiness bréagachfalse is annamhit is seldom mionrudaíminor things doiléirvague i sruth na éiginnteachtain the stream of uncertainty glas ceart na gcuibhreannthe correct green of the fields sin an tuigethat's why ag stánadh amachstaring out léanalawn ag croitheadh a gcinnshaking their heads íomhánnaimages iontassurprise machnamh ceartproper thinking scáileánscreen ag preabadhjumping bladhaire coinnlea candle flame eachtraíevents chan éthat's not it dá thairbhe sinbecause of that rudaí neamhiontachaunexciting, ordinary things ar bharr na mbeannon the cliff tops an lá fá dheireadhthe other day ag coimhéad ar thonnta ag briseadh go díbhirceachwatching waves breaking with ardour substaintsubstance dá dtitfeadh mo chorp de bharr na mbeannif my body fell from the top of the cliffs taoidetide fiúntasworth gníomhact nó a mhalairtor the opposite blaiseadhtaste gan rud ar bith bheith gnóthaithe agam as m’aistearwithout having gained anything from the journey fuaimeanna fánachaoccasional noises díoscadhcreaking coiscéimeanna folmhaempty footsteps stánadh fadaa long stare craos na tineadhthe roaring fire dromchlasurface cha dtig liomI can't cha dtig liom í á threorúI can't guide it déanaim iarracht a gciall a scaoileadhI try to release their meaning le rachtanna fiáinein wild fits seileogaspits sáthadh scinethe stabbing of a knife aonarachsolitary staidéarthalevel-headed teas an phaisinthe heat of passion breithbirth a cheiltto hide anáilbreath is annamhit is seldom fiúntachworthwhile dathanna seachantachaelusive colours goitsecome on, come here neadrachanests seanbhallógaíold ruins deifrehurry cha raibh faill aigehe hadn't the time contráiltewrong go brách síoraíever ag déanamh iontaiswondering i bpeannaireacht chruinn shlachtmharin accurate neat writing stócach ógyouth bodhardeaf pian a fhuilstinto suffer pain mo bheomy life lena dhornwith his fist le mé féin a chosaintto protect myself ní léimfinn amach as a bhealachI wouldn't jump out of the way cinneadhdecision cinntídecisions go fadálachslowly chan fhuil an cinneadh déantathe decision has not been made déanaim mo chac agus mo mhúnI defecate and urinate cuideachtúilhelpful athrú séasúrthe change of seasons de ghlanmheabhairoff by heart gialljaw gobachprotruding gruaig fhionnblond hair dóighiúlachtbeauty tarraingteachattractive rud inteachtsomething buaireamhsorrow ag bruidearnaighthrobbing coimhthíochstrange idir barra na gcrannbetween the tops of the trees ag iarraidh mairstin airtrying to live on it nimhneachsore bhlais mé an phianI tasted the pain tchíthear domhit seems to me go dianstrictly samhailimage mar nach bhfuil sé de dhánacht ionam a bheith éagsúilbecause I haven't got the guts to be different daonnachtaíhumanist an cine daonnathe human race bréanfoul an bréantas a cheiltto hide the foulness cumhráin bhréigefalse perfumes lofarotten gnásanna sóisialtasocial customs béasamanners seanseiteannaold sets ag foscladhopening ag scamhadhpealing creatlachframe-work creidbheáilto believe scigdhráma an tsaoilthe farce of life de réir mar atáthar ag dréimas is expected táirgíproducts caiteoir eiseamláireachexemplary spender lúcháireachjoyous teorainneacha luaisspeed limits ag cailleadh foighdelosing patience sceadamánthroat mo bhrú folamy blood pressure sciathánarm go hionraice is a thiocfadh liomas honestly as I could comhairleadvice díomádisappointment sólassolace lagmheasarthachtrather small amount ag tochailtdigging
phas bréagach false passport
" Fágfaimid na ceisteanna faoi fhóirsteanacht Frank Connolly mar stiúrthóir ar an Centre for Public Inquiry (CPI) agus na líomhaintí gur thaistil sé chun na Colóime i dteannta baill shinsearaigh den IRA ar phas bréagach ar leataobh ar feadh bomaite.
bréagach false
" “Na cairde bréagacha, ceapann siad go bhfuil mé iomlán tógtha liom féin agus nach bhfuil suim agam tada a dhéanamh.
ag eagrú bailiúchán bréagach organising false collections
" Chuir mé in iúl san alt go raibh baill den Derry Club ag eagrú bailiúchán bréagach le haghaidh daoine dífhostaithe agus gur mheas mé go raibh an t-airgead á thabhairt don UVF.
mar gheall ar fhianaise bhréagach because of false evidence
" Seo ag am nuair a bhí Seisear Birmingham, Ceathrar Guildford, Annie agus Paddy Maguire agus araile fós sa phríosún le blianta fada mar gheall ar fhianaise bhréagach, a chruthaigh na póilíní.
ag fágáil fianaise bhréagach planting false evidence
" Fosta, bheadh sé deacair súil a choinneáil orthu; mar shampla, dá rachadh duine acu chuig an leithreas, thiocfadh leis a bheith ag amharc ar rudaí príobháideacha nó a bheith ag fágáil fianaise bhréagach i do theach,” dúirt sé liom.
faoi na bailiúcháin bhréagacha about the false collections
" Bhí fótachóip de m’alt acu agus bhí siad ag iarraidh fáil amach cén dóigh a bhfuair mé eolas faoin Derry Club agus faoi na bailiúcháin bhréagacha.
tuile priontaí bréagacha a wave of forged prints
" Dúirt saineolaí amháin go raibh tuile priontaí bréagacha de chuid Hirst ag teacht ar an mhargadh anois agus go raibh siad chomh maith sin nár éirigh le Sotheby’s nó Christie’s iad a scagadh ó na fíorearraí.
céadta prionta bréagach hundreds of forged prints
" ” Is cinnte nach é Hirst an t-aon ealaíontóir atá faoi ionsaí ag na falsaitheoirí - tá na céadta prionta bréagach de shaothar na n-ealaíontóirí Chagall, Miró agus Dalí in ainm is a bheith ar fáil go flúirseach ar an mhargadh ealaíne.
do na bréagphictiúir bhréagacha! for the forged forgeries!
" Cé go bhfuil sé ar shlí na *fírinne *(!) le ceithre bliana is fiche tá an-mhargadh ann, ní hamháin dá chuid pictiúr bréagach ach margadh chomh bríomhar céanna do na bréagphictiúir bhréagacha! An comhartha é seo go bhfuil deireadh le réim ealaíontóirí ar nós Hirst ó thaobh smaointe úra spreagúla a bheith acu nó ar chóir go mbeadh cead ag ealaíontóirí smaointe a thógáil ó shaothar daoine eile ar mhaithe le healaín “úr” a chruthú? An seadánachas agus gliceas mí-onórach atá ann nó gné nádúrtha de phróiseas na cruthaitheachta?*Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.
scéalta bréagacha gan bhunús false stories without basis
" Cruthaítear scéalta bréagacha gan bhunús faoi dhaoine, chun iad a náiriú agus a ghortú.
teastais agus sonraisc bhréagacha false certificates and invoices
" Dhéanadh Drewe teastais agus sonraisc bhréagacha le cur le gach saothar chun iad a "fhíorú".
cáilíocht bhréagach false qualification
" Mhaígh sé go raibh PhD aige san fhisic agus fuair sé post ag obair leis an British Atomic Energy Authority ar feadh cúpla bliain go dtí gur nochtadh gur cáilíocht bhréagach a bhí inti.
faisnéis bhréagach false information
" Ní raibh bunús ar bith leis na líomhaintí sin, áfach, agus cuireadh i leith na ngardaí gur thug baill den fhórsa faisnéis bhréagach do na meáin ar eagla go mbeidís ag ceistiú ról na ngardaí san eachtra.
bréagach false
" Tá an pionós á ghearradh ag aontachtaithe a chaith vóta in éadan an achta ar bhunús seafóideach polaitiúil agus ar bhunús eile bréagach – go gcosnódh sé an dú-rud airgid an t-acht a bhí molta a chur i bhfeidhm.
ag fáil ríomhphost bréagach getting false emails
" Tuairiscíodh anuraidh go raibh daoine in Éirinn ag fáil ríomhphost bréagach ó oifig chrannchur náisiúnta na Breataine atá lonnaithe anseo i Learpholl.
trí sheirbhísí bréagacha déanta coinní a thairiscint dóibh. by offering them false dating services
" Agus an t-alt seo á scríobh agam, tá clár faisnéise ar an teilifís faoi chaimiléirí sa Nigéir a mheallann daoine aonaránacha ar fud an domhain trí sheirbhísí bréagacha déanta coinní a thairiscint dóibh.
meisias bréagach eile another false messiah
" Agus dá mbeadh éigeandáil gheilleagrach ann amach anseo, cá bhfios go ndéanfadh meisias bréagach eile níos mó dochair fós.
bréagach. false
" Deir go leor daoine a bhfuil inchreidteacht ag baint leo, áfach, go bhfuil an scéal seo róshimplí agus bréagach.
Tá sé curtha i leith Drew go ndearna sí cuntas bréagach Bebo a shocrú, Drew is accused of setting up a false Bebo account,
" Tá sé curtha i leith Drew go ndearna sí cuntas bréagach Bebo a shocrú, faoin ainm “Josh”, agus é mar aidhm aici ón tús bulaíocht a dhéanamh ar Megan mar gheall ar gur bhraith sí go raibh Megan ag déanamh bulaíochta ar a hiníon-sa.
bunús bréagach false basis
" Cé go raibh formhór mhuintir na hAstráile i gcoinne an chogaidh, agus gur tháinig sé chun solais ní ba dhéanaí go raibh bunús bréagach leis an ionradh, ní raibh an cogadh riamh róthábhachtach in gcúrsaí polaitiúla abhus.
Fuarthas amach bréagach iad they were got out in their lie
" Agus é ar an ardán i mbun an tseó, chuir sé ceisteanna ar bheirt nó thriúr chun bhreith amuigh orthu! Fuarthas amach bréagach iad nuair a d’fhreagair siad na ceisteanna i mBéarla – ní raibh siad toilteanach iarracht a dhéanamh, fiú, cúpla focal a chur le chéile.
faisnéis bhréagach false evidence
" Ach bíodh is go bhfuil go leor faisnéis bhréagach á scaipeadh maidir le riachtanais an Achta, níor mhór a admháil go bhfuil teip cumarsáide ann fosta.
go bréagach falsely
" Nuair a bhain sé an áit amach, áfach, ní raibh rud ar bith ag tarlú agus dá bharr sin dheasaigh sé an grianghraf go bréagach.
bréagach false
" **** Dubhtheicneolaíocht, Hippí-eolaí, 9/11, comhcheilig, Tesla - níl aon tuairim agam faoi na nithe seo - ní eolaí mé agus nílim ach ag siamsaíocht le mo fheadóg i mo bhéal agus mé ag cuartú foinn! Agus ar nós síoga, leictreoin agus ceol, ní hé go bhfuil nithe bréagach toisc nach féidir linn iad a fheiscint! Agus tuigim freisin gur san ní fánach agus corr a thagann draíocht an cheoil go mion minic, an innuachan, nó fiú an fhírinne.
na Saoirse Bréagaí of false freedom
" Bodach na Saoirse Bréagaí Agus nárbh í an ghlúin sin páistí, ar ball, a leanfadh Ostarach eile go leaca fuara Ifrinn, agus tharstu? Ní ardaíonn Haneke an cheist sin sa scannán a bhain an Palme d’Or i Cannes ar deireadh dó i mbliana.
bréagach false
" Bíodh sé fíor nó bréagach, bhí an cháil amuigh gur earnáil í seo a dtáinig bolg air le linn caiteachas rábach réimeas an Tíogair Cheiltigh.
bréagach false
" Ardaítear barántúlacht na healaíne - cad tá fíor, cad tá bréagach? - in umar na coganta eatarthu.
bréagach false
" Fíor nó bréagach, imríonn Beck agus a chlár teilifíse an-tionchar ar phobal Mheiriceá, chomh mór sin, dar fia, gur thograigh Beck a lucht féachana a eagrú go polaitiúil agus a ghríosadh chun gnímh le déanaí.
Aigne ‘bhréagach’ a false mind
" Aigne ‘bhréagach’ mar faoin am ar gabhadh é i 1991, bhí sé tar éis briseadh isteach i ríomhairí, nár leis iad, ar fud an domhain, ach bhí an aigne ‘uasal’ fós ann, mar ag an am céanna bhí rialacha aige.
bréagacha false
" An Cholóim ====== I ndiaidh sé bliana de bheith ag plé leis an fheile agus í ag iarraidh bogadh ar aghaidh, go tobann, bhí Caitríona Ruane le feiceáil ar scáileáin ar fud na cruinne i ndiaidh do thriúr fear, Niall Connolly, James Monaghan agus Martin McCauley a bheith gaibhte ag aerfort Bogatá ar an 11ú Lúnasa 2001 agus pasanna bréagacha acu.
bhréagach false
" Más féidir Troy Davis a chur chun báis ar fhocal beirt choirpeach, cad chuige nárbh fhéidir le dream ar bith fianaise bhréagach a thabhairt i dtaobh dhúnmharuithe agus agairt an bháis a tharraingt ar dhuine neamhchiontach? Agus seo ar aigne acu, rinne Amnesty International, An Pápa Benedict XVI, an t-iar-Uachtarán Jimmy Carter, an tArdeaspag Desmond Tutu, agus go leor eile, iarrachtaí idirghabháil a dhéanamh thar ceann Davis.
bréagach false
" 
Tá gortuithe na dTrioblóidí a tháinig chun deiridh (tá súil againn) i 1994 ag déanamh angaidh go fóill fiú i measc pholaiteoirí an deiscirt nár fhulaing a dhath mar gheall orthu taobh leis na híobartaigh aontachtacha, náisiúnaíocha agus bhaill na bhfórsaí slándála ó thuaidh, ach tá cluiche bréagach polaitíochta á imirt acu.
fógraí bréagacha false ads
" Feictear fógraí bréagacha sna meáin nó ar an idirlíon ó am go chéile ag spochadh as fíorshaol na fógraíochta, ach cuma shnasta proifisiúnta orthu.
seiceanna bréagacha a chruthú de in drawing up false checks
" Bhí sé chomh hoilte sin – go háirithe ó thaobh seiceanna bréagacha a chruthú de – gur thug an FBI post dó sa deireadh.
seoladh bréagach a false address
" Is cuimhneach liom go mbíodh ar ghasúir as dúichí tithíochta i gCathair na Gaillimhe, le haitheantas oifigiúil Ghaeltachta, seoladh bréagach a thabhairt sara nglacfaí leo ar chúrsa i gColáiste Ghaeilge! Níl aon amhras orm ach go ndéanann an tréimhse a chaitheann daoine óga sa Ghaeltacht an-leas dóibh ó thaobh forbairt pearsanta.
an fásach bréagach seo this false desert
"an fásach bréagach seo beagnach chomh mór le Contae Pórt Lairge agus táimse i m’aonar ag siúl tríd ag lorg fuaráin ina lár agus na ndaoine a chónaíonn ann.
iomlán bréagach entirely false
" Le barr easpa airgid agus ag cur mo mhuiníne i mo phuball féin, dhiúltaigh mé fanacht leo, ach ar son a bheith béasach, chruthaigh mé an leithscéal go raibh sé níos fearr dom siúl i rith na oíche, in ionad siúl faoi theas na gréine, scéal nach raibh iomlán bréagach.
beagáinín bréagach somewhat false
" Mhothaíomar go raibh rud éigin beagáinín bréagach ag baint leis, gur bhain sé le cur i gcéill de shaghas éigin maidir le ‘treisiú foirne’ san ionad oibre.
déantóirí folt bréagach wigmakers
" Tá tagairtí sa leabhar seo do ghairmeacha beatha a raibh an fhánaíocht ag baint leo go minic agus atá dearmadta le fada – lucht déanta sreangáin agus díoltóirí tae agus tobac, coirpigh agus striapacha, oibrthe lása, gréasaithe, súdairí, déantóirí folt bréagach, agus déantóirí pinn.
chomh bréagach céanna le just as false as
" ’Sé fírinne an scéil go bhfuil Gaeltacht Mc Ginley 2012 chomh bréagach céanna le Gaeltacht Lindsey 1956, nó i bhfad níos bréagaí nuair a smaoiním i gceart air.
cionn is go maíonn Éireannaigh bhréagacha because lying Irish people claim
" Tá cam muiníl, nó skewing, ar uimhreacha líon na gcainteoirí Francaise sa daonáireamh, dar liom, cionn is go maíonn Éireannaigh bhréagacha go bhfuil líofacht na Francaise acu, nuair nach bhfuil acu ach Francais na scoile, an Fhrancais a chodail amuigh.
Fianaise bhréagach false evidence
" Is ea seo cnámha scéil an cháis cúirte inar dearna an t-iomrall ceartais thuasluaite: • Comhcheilg bhuamáil sceimhlitheoireachta sna seachtóidí; • Seisear de shliocht chomhphobal eitneach gafa, ciontaithe agus pianbhreith daortha orthu; • Na húdaráis in amhras faoin gcomhphobal seo as siocair iad a bheith ag tacú le feachtas ina dtír dhúchais neamhspleáchas a bhaint amach; • Admhálacha faighte faoi bhagairt, gan dlíodóirí i láthair agus gan síniú; • Fianaise bhréagach sa chúirt agus fianaise eile coinnithe siar ag na húdaráis; • Na seirbhísí rúnda lárnach sa chás; • Póilíní sa chás os comhair na cúirte ní ba dhéanaí; agus • Feachtas sna meáin leis an bhfíorasc a chur ar neamhní.
fianaise bhréagach false evidence
" Bhí fianaise bhréagach, nó ‘fitting up’ mar a thugtar uirthi i mbéarlagair lucht na coiriúlachta, i measc na líomhaintí a cuireadh ina leith, agus ciontaíodh cuid acu as mionnú éithigh agus as saobhadh cúrsaí na córa ní ba dhéanaí.
Caiféanna Bréagacha false cafes
" Caiféanna Bréagacha ========= Leanadh leis an drochnuacht.
chogadh bréagach false war
" Sa bhaile, tá clann agus cairde agam agus faigheann an lúcháir a fhaighim uathu sin an lámh in uachtar ar chogadh bréagach Stormont.
atá bainteach leis bréagach pertaining to it false
" Ní bhíonn brú ar na damhsóirí a bheith chomh tarraingteach sin sa chaoi go bhfuil chuile shórt atá bainteach leis bréagach! Labhair Annette Hill í féin faoin chuma a bhíonn ar roinnt de na páistí.
bréagach false
" Ach in earnáil seo na scáileanna is an chur i gcéill, cé tá ag seiftiú, cé nach bhfuil; cad tá fíor, cad tá bréagach? Cá bhfios dúinn na freagraí, agus an cuma le héinne na ceisteanna sa chéad dul síos? In ainneoin ghnás an genre agus clisteacht an uisce faoi thalamh, ní thiomáintear ‘American Hustle’ tríothu siúd a imirt orainn - an rud is annamh is iontach.
bréagach false
" Léiriú eile é an scéal bréagach faoin Tiarna Lucan a foilsíodh i nuachtán Sasanach an mhí seo caite ar an dóigh a mbíonn na meáin chumarsáide sásta neamhaird a thabhairt ar an fhírinne uaireanta ar mhaithe le brabús, dar le Tony Birtill.