Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
éide bréige fancy dress
" An t-imeacht is fearr liomsa ná carnabhal na bpáistí agus iad gléasta in éide bréige.
fianaise bréige false evidence
" Ag bualadh daoine neamhchiontacha agus ag cumadh ráiteas agus fianaise bréige b'fhéidir? Míshuaimhneach ======= Tá a lán Moslamach a rá go mothaíonn siad míshuaimhneach ag dul amach ag siopadóireacht agus mar sin de.
aighneas bréige the pretend dispute
" Tá deoraithe anseo ó gach áit agus léiríonn na ceisteanna agus na freagraí - gan trácht ar an aighneas bréige idir na foirne - an teagmháil chaol ghóstúil atá acu lena bhfód dúchais, má tá a leithéid acu níos mó.
bréige false, forged
" Tá deoraithe anseo ó gach áit agus léiríonn na ceisteanna agus na freagraí - gan trácht ar an aighneas bréige idir na foirne - an teagmháil chaol ghóstúil atá acu lena bhfód dúchais, má tá a leithéid acu níos mó.
ainmneacha bréige false names
" Bhí Rialtas Shasana ag iarraidh iadsan agus Éireannaigh eile ar rugadh orthu i Sasana a chur isteach in arm Shasana ach bhí sé deacair dóibh iad a aimsiú i measc na bpríosúnach eile, mar thug siad ainmneacha bréige ag glaoch an rolla agus mar sin de.
cúiseanna bréige false reasons
" Chuala an fiosrúchán gur scríobh Shipman cúiseanna bréige ar 215 teastas eile ar an laghad agus dúirt Angela Woodruff go raibh sé ábalta leanúint ar aghaidh mar seo de bharr go raibh an córas lochtach agus nár chaith duine ar bith amhras air go dtí bás a máthar féin.
céimeanna bréige false degrees
" Dar le tuairiscí sna meáin idirnáisiúnta, is scéim atá sna hollscoileanna as an ngnách seo chun céimeanna bréige a dhíol le daoine.
ráiteas bréige false statement
" Níos luaithe sa bhliain, sa Chúirt Choiriúil Speisialta, i dtriail Colm Murphy, a raibh sé curtha ina leith go raibh baint aige le buamáil na hÓmaí, rialaigh an breitheamh go ndearna an bleachtaire Liam Donnelly ráiteas bréige a chur i mbéal an Uasail Murphy.
cos fir bréige the leg of a scarecrow
" Is túisce go mór fada a ghlacfainn le cos fir bréige as garraí fataí nó glasraí a mbeadh cacannaí carógaí air.
misneach bréige false courage
" "Níl misneach bréige féin agat, a chodaí chaoch na bréige, ná ag duine ar bith agaibh, a chladhairí.
paistí bréige false patches
" Bhí an oiread sin daoine ag lorg paistí chun dul i ngleic le *Blaster* gur tháinig na scríbhneoirí víreas ar chleas nua: chuir siad paistí bréige ar fáil.
síniú seiceanna bréige the signing of false cheques
" Arís, ag an am sin, bhí na póilíní á fhiosrú maidir le síniú seiceanna bréige.
dathanna bréige false colours
" es) sa Spáinn a chuireann dathanna bréige isteach in íomhánna agus a chruthaíonn macasamhail 3D d'íomhánna ó mhicreascóip.
cuntas bréige false account
" Mar a dúirt an Taoiseach, ag caint dó ar an ábhar an mhí seo caite, "Imagine what the public would think of us if I referred Michael Collins (an TD a fuarthas ciontach le gairid as cuntas bréige a bheith aige lasmuigh den tír) the other day to a cumann in West Limerick to investigate him.
bréige false
" Tá an Toy-Boy is mó acu uilig anois ina bhoc mór ó thuaidh, an buachaill bréagáin bréige bréagach sin Ian Mór an Páiseadóir, an fear a dúirt riamh anall gur aige féin amháin agus ag a Shlánaitheoir, dar ndóigh, a bhí iomlán na fírinne agus an chirt (seachas nuair a bhíonn a Shlánaitheoir bog ar na Pápaigh, dar ndóigh.
baothgháire bréige silly false laugh
" Tá an baothgháire bréige bliantúil déanta faoi na ceisteanna beaga amaideacha ar na giotaí beaga páipéir a bhíonn taobh istigh de na pléascóga Nollag.
bréige false
" Anuas air sin, tá teachtaireachtaí á scaipeadh anois atá ag mealladh custaiméirí na mbanc mór chuig suímh ghréasáin bréige.
bratacha bréige false flags
" Tarlóidh sé ar Lá na Saoirse, an 4 Iúil, nuair a shíneoidh daoine ar fud na Stát an dearbhú sin agus é curtha faoi bhun bratacha bréige ar a bhfuil lógónna na gcorporáidí móra ar nós IBM, Exxon agus McDonald's curtha in áit na ngnáthréalt a sheasann don 13 stát bunaidh de chuid an aontais.
ainm bréige a false name
" Thug an bheirt acu ainm bréige agus iad ag síniú san Irish Club in Eatons Square i Londain.
tóraíocht i ndiaidh na hAislinge Bréige chasing the False Dream
" Agus ceapaim gur tóraíocht i ndiaidh na hAislinge Bréige cuid mhór de.
athchruthúchán bréige false recreation
" Ní raibh aon fhíseán nó athchruthúchán bréige faoi.
Cairde bréige false friends
" Cairde bréige iad an Ghaeilge agus an Ghàidhlig, dar ndóigh.
baothgháire bréige bliantúil annual false vacuous laugh
" Tá an baothgháire bréige bliantúil déanta faoi na ceisteanna beaga amaideacha ar na giotaí beaga páipéir a bhíonn taobh istigh de na pléascóga Nollag.
iarratas bréige false application
" Ina gcás siúd, bhíothas ag lorg cóipe den ghrianghraf a bhí istigh leis an iarratas bréige a líomhnaítear a rinne Frank Connolly ar phas.
dia bréige a false god
" Ach tar éis do líomhaintí a bheith ann go raibh lámh ag bean chéile Gretzky i gciorcal cearrbhachais a chuireadh geallta mídhleathacha ar imeachtaí spóirt phroifisiúnta agus tar éis do Gretzky féin páirt stiúrtha a bheith aige san fhoireann mhírathúil Cheanadach nár thug an bonn cré-umha féin abhaile leo ó Chluichí Oilimpeacha an Gheimhridh in Torino na hIodáile, tá gaoth an fhocail eiriciúil le mothú den chéad uair: an féidir nach bhfuil i Gretzky ach dia bréige? Pele an tsacair agus Mohammed Ali na dornála.
nótaí bréige counterfeit money
" An lá sin thug na daoine san oifig airgid faoi deara go raibh a lán nótaí bréige ann, agus fuair muid rabhadh gach nóta a sheiceáil.
folt bréige a wig
" Pádraig a chaith folt bréige beagnach a shaol fásta uilig.
neart píosaí bréige a lot of fakes
" Rinne an teaghlach neart píosaí bréige ina dhiaidh sin, agus cé nár éirigh leo i gcónaí an bob a bhualadh, bhí siad i dtólamh seasmhach ina gcuid iarrachtaí.
fiacla bréige, false teeth
" I measc na n-earraí a raibh spéis aige iontu bhí fiacla bréige, troscán *Art Deco* agus táirgí an-choitianta mar phrócaí brioscaí in ollmhargaí a raibh rian na comóntachta ag baint leo.
ainm bréige fake name
" ” “Ná bíodh imní ort,” a dúirt sí, “cumfaidh muid ainm bréige duit.
bréige false
" Chuaigh Cerný chomh fada le ráítis agus beathaisnéisí a fhoilsiú ó gach ealaíontóir bréige, a ghlac páirt sa taispéantas agus rinneadh cur síos ar an mhodh oibre agus an raison d’être a bhí taobh thiar den tsaothar uilig.
gCogadh Bréige false war
" Ar an deichiú lá Bealtaine, tháinig deireadh leis an gCogadh Bréige nuair a thug arm na Gearmáine ruathar ar an Lucsamburg, ar an mBeilg agus ar an Ísiltír agus ghlac seilbh orthu.
déithe bréige false gods
" Is deas an rud é aitheantas a bhaint amach i ngeall ar do chuid buanna – nílim á shéanadh sin – ach nuair a cheapann na páistí bunscoile gur dia beag é Simon Cowell, is follas go bhfuil fadhb ann! Le tamall de bhlianta anuas, tá déithe bréige déanta de mhainicíní, d’aisteoirí, agus fiú de ‘réaltaí’ Big Brother nach bhfuil tallann shuaithinseach ar bith léirithe acu.
mheisias bréige false messiah
" Ba mheisias bréige é, dar leo, nach ndearna ach na teagasca a thug Eoin Baiste dó a shaobhadh.
bréige false
" Geallann na dathanna aduaine seo deireadh ár n-andúile i bhfoinsí fuinnimh allmhairithe, mar is íomhá dath bréige é seo a léiríonn cumhacht na dtonn timpeall chósta na hÉireann.
n-ionannais bréige false identities
" Má bhuail, ámh, ní cuimhin liom é (agus is é sin bua an spiaire, ar ndóigh!), agus is mór an trua dom é, ó bhíodar ag spiaireacht faoi phasanna Éireannacha leis an ainm Murphy! Caithfidh sé nach raibh an bheirt seo ródháiríre faoina n-ionannais bréige, ó bhí canúintí láidre Slavacha acu, in ainneoin an ainm! Dar le comharsana na beirte, bhí na "Murphys" (fíorainmneacha: Vlaidimir agus Lidia Gúrdheiv) á bhfaire le tamall.
folt rua bréige a red wig
" Murab ionann agus gach áit eile sa Pháirc, ní fheicfí seamróg ar bith ann ná leipreachán, ná léine ghlas ná folt rua bréige, ná bricín beag ná mór.
miongháire seasta bréige constant false smile
" Cruthaigh fionnán praiseach mná ar imeall an trí scór, tabhair miongháire seasta bréige di, cuir tuin chainte isealaicme Astrálach ina béal, agus, mar nod do chur síos Mitterand ar Thatcher, tabhair ‘beola Monroe agus súile Caligula’ di, agus ansin tá mearphictiúr breactha agat, sceitse beag tapaidh den tseanmháthair bhlúsach Janine ‘Smurf’ Cody, matrarc thréad fuilteach mac a dhúnmharaíonn gan taise ná cúis chuile dhuine a thagann idir iad agus a gcraos don maoin éasca, is dá sábháltacht féin, is chun ‘onóir’ tóin-in-airde an teaghlaigh a shásamh.
gáire bréige dry laugh
" Tá an gáire bréige déanta faoi na tomhais amaideacha ar na giotaí beaga páipéir sin a bhíonn taobh istigh de na pléascóga Nollag.
Eagraíochtaí Mírúin Iompar na Bréige malicious organizations who deliver lies
" Suimiúil go leor, scríobh Jeffrey Goldberg, iriseoir Meiriceánach a bhfuil an-tionchar aige i ndiaidh a bheith ina gharda príosúin san arm Iosraelach le linn an chéad Intifada, ar an 25 Lúnasa: *“Now that Muammar Qaddafi, perhaps the most prominent proponent of the so-called one-state solution for Israel and Palestine – the solution being the elimination of Israel and its replacement by an Arab-majority state – has other things to worry about, such as staying alive until sunset, how about we put this ridiculous and offensive idea to rest?”* Eagraíochtaí Mírúin Iompar na Bréige =================== Ar ndóigh, ba mar gheall ar lucht Iosrael go raibh rudaí eile le bheith buartha faoi ag Qaddafi.
mar gheall ar cháipéisí bréige because of false documentation
" Trasnaíonn na hinimircigh seo an teorainn go folaitheach uaireanta, nó tugtar inimirceach ar dhuine mar gheall ar cháipéisí bréige.
fianaise bréige in éadan false evidence against
" D'admhaigh sé gur thug sé mionn éithigh sa chúirt agus fianaise bréige in éadan Mhaolra Seoighe.
an baothgháire bréige bliantúil the annual false silly laugh
"an baothgháire bréige bliantúil déanta faoi na ceisteanna beaga amaideacha ar na bileoga beaga amaideacha a bhíonn taobh istigh de na pléascóga beaga amaideacha a ceannaíodh Tigh Lidl agus Tigh Aldi.
ag craobhscaoileadh na bréige spreading the lie
" Léiríonn figiúirí oifigiúla go bhfuil an dífhostaíocht giota maith níos airde i measc na gCaitliceach ná mar atá sé i measc na bProtastúnach agus is ceantracha Caitliceacha iad 16 as an 20 bardas is mó atá faoi míbhuntáiste ó thuaidh ach tá aontachtaithe ag craobhscaoileadh na bréige go bhfuil gach "lamháltas" á thabhairt do Chaitlicigh, agus buanú na deighilte "iad" agus "muid".
ingne bréige false nails
" Bíonn an smearadh bréigeach orthu, buantonn ina bhfolt, smideadh agus ingne bréige.
na déada bréige the false teeth
" Rud eile atá coitianta uaireanta ná ‘flippers’- is éard atá i gceist leo na déada bréige a chuirtear os cionn d’fhiacla féin ionas go mbeadh cuma fhoirfe ar do dhraid.
ghabháil i muinín na bréige to resort to lie(s)
" Míníonn Maidhc Ó Cathail an obair eagrúcháin a thionscain 70 eagraíocht a ghabháil i muinín na bréige faoi Libia, nó a mharaigh c.