Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Fógraíodh lá bróin a day of mourning was announced
" Fógraíodh lá bróin san Astráil seachtain dár gcionn de bharr an líon Astrálach a maraíodh agus a goineadh.
lán iontas agus bróin full of wonders and sorrow
" Ní domhan idéalach atá le feiceáil anseo ach domhan atá lán iontas agus bróin.
cúis bhróid agus bhróin matter for pride and sadness
" " Tá rian fágtha ag an tubaiste ar mhuintir Learphoill, agus ba cúis bhróid agus bhróin dúinn anseo an t-ainm Paul Harrison a fheiceáil ar an fhoireann sa chluiche deireanach den séasúr in aghaidh Newcastle United.
fhallaing bhróin mantle of sorrow
" Is beag iontas mar sin is cóir a dhéanamh den fhallaing bhróin a tháinig ar phobal KUL agus a n-iar-chomhoibrí éagtha.
fhallaing bhróin mantle of sorrow
" Is beag iontas mar sin is cóir a dhéanamh den fhallaing bhróin a tháinig ar phobal KUL agus a n-iar-chomhoibrí éagtha.
tocht bróin sad emotion
" Póilín an ghluaisrothair a bhí ann, d’aithin mé a ghlór, cé gur le tocht bróin a labhair sé anois.
idir fhearg agus bhrón both anger and sadness
" Tháinig idir fhearg agus bhrón orm, ach b’fhánach an rud agam é féachaint le cur ina luí air go raibh dul amú air.
lena bhrón a bhá. to drown his sorrows.
" Is amhlaidh gur fhág cailín é an oíche roimhe sin agus go ndeachaigh sé ag ól ina dhiaidh sin lena bhrón a bhá.
Maolaíonn an brón. The sadness decreases.
rian den bhrón a trace of sadness
" “Agus idir an lá sin agus an lá a fuair m’athair bás, ceithre bliana ina dhiaidh sin, níor chiall sé oiread is cluiche amháin!” Cé go ndéanann Peter spior spear den easpa suime a bhí ag a athair sa pheil nuair a bhí siad níb óige, is léir go bhfuil rian den bhrón ann mar sin féin.
Cúis mhór bhróin a great cause of sadness
" Cúis mhór bhróin do Gael Linn é bás Riobard Mhic Góráin, fear a thug seirbhís saoil don eagras agus don Ghaeilge.
ag tabhairt údar bróin giving a cause for sadness
" Mar sin, d’iompaigh na mic a máthair sa chaoi is nach mbeadh a haghaidh ag tabhairt údar bróin dá fear céile.
ba chúis bhróin é it was a cause of sadness
" Ach ba chúis bhróin é céad mhór-eachtra na bliana nuair a fuair David Ervine, ball den PUP a raibh ardmheas air, bás ar an 8 Eanáir.
go leor bróin agus fulaingthe a lot of sadness and suffering
" ” Scéal dóchaisCé go bhfuil go leor bróin agus fulaingthe i gceist sa chlár, is scéal dóchais é go príomha, dar le Roche – ní hamháin ó thaobh an léargais a thugtar ann ar an dul chun cinn atá bainte amach ag The Chernobyl’s Children’s Project International, ach ó thaobh an léargais a thugann sé ar spiorad agus ar dhaonnacht na nÉireannach.
lá bróin náisiúnta a national day of mourning
" Chuaigh an eachtra uafáis seo i gcionn go han-mhór ar mhuintir na hAstráile agus fógraíodh lá bróin náisiúnta seachtain tar éis na n-ionsaithe.
Is le brón a fógraíodh was announced with sadness
" Is le brón a fógraíodh an mhí seo caite go bhfuair an t-ealaíontóir iomráiteach, Éamonn Ó Dochartaigh bás i ndiaidh dó a bheith tinn seal fada le hailse.
Bhí smúid bróin orm I was upset with sadness
" Bhí smúid bróin orm ag imeacht tar éis mo chuid ama ina measc, agus ba dheacair slán a rá le mo chairde nua (an peata moncaí san áireamh), ach amháin go raibh mé sásta mo dhroim a chasadh le míoltóga marfacha na háite, na *mosquitos*.
bhrón agus uafás na bhfírinní móra sadness and horror of the great truths
" Um baist!!! Má d’fhág *‘The Tree of Life’* le Terence Malick iarrachtín neamhshásaithe mé (‘The Tree of Life’, Eagrán 125 ‘Beo’, Meán Fómhair 2011) do líon ‘Melancholia’ le gliondar bhrón agus uafás na bhfírinní móra mé, fiú más dubh é an gliondar céanna.
cuma an bhróin air appearing to be sad
" *“Hello, Sylvia”* arsa Peter agus cuma an bhróin air.
brón ar leith a particular poignancy
" Tubaiste agus ábhar dobróin is ea bás duine óg gan amhras agus ar bhealach áirithe, tá brón ar leith ag baint le bás an chleachtóir spóirt ar eiseamláir de neart agus de bhrí na hóige é.
fhearg agus brón anger and sorrow
" Tá lasracha na loiscneoirí mar mheafar ar an fhearg agus brón a mhothaíonn sí go domhain inti féin agus tugann an feachtas, agus na mná atá bainteach leis, an mhuinín di dul ar ais chuig an oideachas, cor ina saol a spreagann go mór í agus a chuireann tús le saol úr san Eolaíocht Comhshaoil.
mothúcháin bhróin agus dúlagair feelings of sadness and depression
" Is iad na mothúcháin bhróin agus dúlagair a thréithríonn SAD, agus tagann a leithéid chun cinn go háirithe in oícheanta dorcha na dúluachra, tráth a mbíonn na laethana níos giorra agus an teocht íslithe.
blaiseadh den bhrón orm feeling a touch of sadness
" Chodail mé seal faoi na flaithis, ach bhíos ag siúl go luath arís roimh éirí na gréine, blaiseadh den bhrón orm na dumhcha a fhágáil i mo dhiaidh.
ina n-iompróirí brat bróin ar a shochraid to be pallbearers at his funeral
" Thaistil siad an t-achar fada ó na Stáit Aontaithe le bheith ina n-adhmholtóirí agus ina n-iompróirí brat bróin ar a shochraid.
an-bhrón go deo taobh istigh orthu a great sadness within them
" An amhrán dírbheathaisnéisiuil atá ann, a d'fhiafraigh mé de Julie? Daoine a Mhisniú ====== "Bhuel, san amhrán sin, bhí mé ag iarraidh sprid an tsóláis, sprid an fhaoisimh a chruthu agus tá aithne agam ar dhaoine a bhfuil an-bhrón go deo taobh istigh orthu, agus chum mé an t-amhrán seo mar mhuirniú, mar chineál barróige ar dhuine le iad a shuaimhniú.
i nduibheagán an bhróin in the depths of sadness
" “Bhí mé ag smaoineamh ar an fhear seo agus acmhainn iontach grinn aige, é iontach greannmhar, gealgháireach ach i ndiaidh bhás a chéadghrá, bhí sé i nduibheagán an bhróin.
Ceann d’íomhánna bróin na bliana seo caite one of last year’s sad images
" Ceann d’íomhánna bróin na bliana seo caite, greanadh ar an scáileán againn é i mí na Nollag.
Ba shiocair bróin dúinn it was a cause of sadness to us
" Ba shiocair bróin dúinn i Learpholl nuair a chaill muid an fidléir cáiliúil Seán Mac Con Mara (1928-2012) roimh Nollaig agus sciob an bhliain úr an Conraitheoir dílis Proinsias Mac Íomhair (1937-2013) uainn ansin.
a chuid bróin agus dóláis a chur in iúl to express his sadness
" Tugann an t-amhrán misneach dó a chuid bróin agus dóláis a chur in iúl don chathair chromtha leis na focail chuí.
díomá nó brón disappointment or sadness
" Is cosúil áfach nach gann na gnéithe sin de scéalta an domhain nó na tíre a chuirfeadh díomá nó brón, míshásamh nó fearg agus fiú amháin, buille ar dhuine.
Bhí brón is scanradh orthu they were saddened and frightened
" Bhí brón is scanradh orthu faoi na hionsuithe uafásacha i mBostún, níos lú ná 100 ciloméadar ón gcampas againne, ach fós féin thosaigh siad ag tabhairt amach láithreach faoi na meáin chumarsáide sa tír agus an tslí ar mhaith leo sceimlitheoir eachtrannach a ainmniú chun an foréigean a scaradh ó shochaí Mheiriceá.
Bíonn an Brón Siúlach sadness gets around
" Bíonn an Brón Siúlach ======== I ndiaidh don mhórshiúl athraitheach dul isteach sa trádstóras ollmhór seo, chomh mór le páirc peile, thosaigh an scaoileadh agus aisteoirí in éide saighdiúra ag rith amach is isteach ón scaifte, scaoileadh ard bodhrach urchair le cluinstin agus teannas inár measc.
an brón a bhraith the sorrow he felt
" Míníonn Colm Ó Snodaigh an chaoi ar chabhraigh an ceol leis an brón a bhraith sé nuair a fuair cara leis bás le déanaí a chur in iúl.
an brón a bhraith the sorrow he felt
" Míníonn Colm Ó Snodaigh an chaoi ar chabhraigh an ceol leis an brón a bhraith sé nuair a fuair cara leis bás le déanaí a chur in iúl.