Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
léasadh brúidiúil brutal beating
" Ar an 3 Márta, 1991, thug póilíní i Los Angeles léasadh brúidiúil do Rodney King.
bithiúnaigh bhrúidiúla brutal thugs
" Tá ag teip ar na saoránaigh i gcathracha ar fud na tíre ar fad na bithiúnaigh bhrúidiúla seo, a úsáideann suaitheantas na bpóilíní mar chosaint, a smachtú agus pionós a ghearradh orthu.
léasadh brúidiúil a brutal beating
" Ar an 6 Deireadh Fómhair, 1998, fuadaíodh Matthew Shepard, fear aerach bliain is fiche a bhí ina chónaí in Albany County, Wyoming, tugadh amach faoin tuath é, tugadh léasadh brúidiúil dó, agus fágadh ansin é le bás a fháil.
seicteachas brúidiúil brutal sectarianism
" " Cad é tá mícheart sa Tuaisceart, go háirithe ó thaobh na ndílseoirí de, atá ag déanamh ionsaithe ar na naisiúnaithe gan stad gan staonadh? Tá na naisiúnaithe breá ábalta ionsaithe a dhéanamh iad féin, ar ndóigh, ach is í an bhunfhadhb ná an seicteachas brúidiúil atá i gceist i measc an lucht oibre dílseach.
go brúidiúil brutally
" Ar an 30 Eanáir 2002, in Cogne, sráidbhaile beag sna hAlpa, sádh páiste trí bliana d'aois darbh ainm Samuele ina leaba go brúidiúil le scian, fhad is a bhí a mháthair ag siúl deartháir níos sine dá chuid go bus na scoile.
réimeas brúidiúil brutal regime
" Tháinig deireadh le réimeas brúidiúil na hIndinéise i 1999 cé nár ghlac an t-arm agus na mílístí ar thug siad tacaíocht dóibh leis an socrú sin.
réimeas brúidiúil brutal regime
" Na deora léi le teann ríméid go mbeadh saoirse aici féin is ag Dónal ón réimeas brúidiúil is ón teanga gháirsiúil a bhí mar spré acu ón lá a phós siad.
brúidiúil brutal
" Scoil iontach brúidiúil ar fad a bhí inti, ón tús go dtí an deireadh.
phríosúin bhrúidiúla brutal prisons
" Ba phríosúin bhrúidiúla iad, áfach, do na créatúir a raibh sé de mhí-ádh orthu a bheith caite isteach iontu.
deachtóir brúidiúil brutal dictator
" Níl amhras ar dhaoine ach gur deachtóir brúidiúil é Saddam Hussein ach is cinnte gurb iad gnáthmhuintir na tíre sin a bheas thíos leis má bhíonn buamáil agus ionsaí i gceist.
brúidiúil brutal
" Rinne Käthe Kallwitz agus Francisco Goya, mar shampla, cur síos a bhí macánta agus brúidiúil ar an éagóir shóisialta a bhí le feiceáil thart timpeall orthu.
brúidiúil brutal
" Ba thiarna brúidiúil é a chaith go dona lena thionóntaí.
bhuaileadh seisean go brúidiúil iad he used to beat them brutally
" Muna ndéanadh siad a ndúirt Tobin leo a dhéanamh, bhuaileadh seisean go brúidiúil iad.
díoltas brúidiúil brutal retribution
" Bhain na Naitsithe díoltas brúidiúil amach - scaoileadh daoine, gabhadh daoine eile agus dódh sráidbhailte.
marú brúidiúil brutal killing
" Thosaigh sé roimh an Nollaig le goid £26m ón Northern Bank ach ba mheasa i bhfad marú brúidiúil Robert McCartney mar gur ghoill sé go mór ar a bpobal féin.
ón stát brúidiúil Briotanach from the brutal British state
" DENIS: Huh? MÁNAS: Iad ag éalú ón stát brúidiúil Briotanach agus ag teacht anseo.
feachtas brúidiúil brutal campaign
" Ach, os a choinne sin, choimeád feachtas brúidiúil an IRA aird an domhain ar an oileán beag seo agus chinntigh nach bhféadfaí dearmad a dhéanamh go raibh rud éigin lofa faoi stát Thuaisceart Éireann.
duine de na dúnmharfóirí ba bhrúidiúla one of the most brutal murderers
" Ba shuarach an mhaise é aird a tharraingt ar an scoláire bocht seo nach ndearna a dhath as bealach ach go raibh sé de mhí-ádh air gur mac é le duine de na dúnmharfóirí ba bhrúidiúla i stair na hÉireann.
modhanna brúidiúla brutal methods
" Líomhnaíonn an bheirt seo gur baineadh úsáid as modhanna brúidiúla nuair a bhí siad á gceistiú.
brúidiúil brutal
" ” D’fhoilsigh an scríbhneoir as Baile Átha Cliath Hugo Hamilton cuimhní cinn roinnt blianta ó shin, *The Speckled People*, inár chuir sé síos ar an athair brúidiúil a bhí aige a chuir cosc ar an Bhéarla sa bhaile agus a chuir iachall ar a chlann Gaeilge agus Gearmáinis (teanga a máthar) a labhairt (tá cur síos air seo i leabhar nua Hamilton, *The Sailor in the Wardrobe*, chomh maith).
ciníochas brúidiúil brutal racism
" Tuige a mbeidís agus an-mheas acu ar James Brown (nach maireann) nó Michael Jackson? Cinnte, níl an ciníochas brúidiúil a léiríodh daoine tútacha trí leasainmneacha garbha ar nós *nigger* a thabhairt ar dhaoine dubha chomh forleathan is a bhí.
oscailte brúidiúil open and brutal
" Ní ciníochas oscailte brúidiúil é, ach is ciníochas mar sin féin é.
ruathar sotalach agus brúidiúil an Bhéarla. the arrogant and brutal onslaught of English.
" Cé gur tharla sé míle bliain níos moille, thosaigh na teangacha dúchasacha ag síothlú, arís mar gheall ar ruathar sotalach agus brúidiúil an Bhéarla.
ionsaí brúidiúil a brutal attack
" Bhí agóidí móra ann, agus sa deireadh tháinig thart fá dhaichead garda go dtí an áit, agus deoch orthu, agus rinne siad ionsaí brúidiúil ar scata mór daoine, cuid mhaith ban ina measc.
faoi thaicticí garbha, brúidiúla na nAstrálach about the rough, brutal tactics of the Australians
" Mearbhall na nAstrálach An raibh aon duine ón Astráil i Staid Semple nó i bPáirc an Chrócaigh nó i bPáirc Uí Mhórdha le déanaí, meas tú? Nó b’fhéidir go raibh siad i dteach tábhairne san Astráil ag breathnú ar *The Sunday Game *ar Setanta Sports?Má bhí, céard a shíl siad den chluiche, meas tú? An raibh siad magadh faoi na Gaeil agus iad ag troid lena chéile ar pháirceanna na tíre? B’fhéidir go raibh siad ag smaoineamh ar na gearáin agus na clamhsáin a rinne muintir na hÉireann faoi thaicticí garbha, brúidiúla na nAstrálach i bPáirc an Chrócaigh tráth na gcluichí a d’imrítí faoi rialacha idirnáisiúnta.
duine de na ceannairí ba bhrúidiúla one of the most brutal leaders
" Ba go caithréimeach a fógraíodh don domhan mór ar chasadh na bliana 2007 gur crochadh Saddam Hussein, duine de na ceannairí ba bhrúidiúla san fhichiú haois.
deachtóireacht bhrúidiúil brutal dictatorship
" Is é an t-aon tairbhe a thiocfaidh, i mo thuairimse, as cinneadh náireach Choiste Idirnáisiúnta na gCluichí Oilimpeacha cluichí na bliana seo a bhronnadh ar an tSín ná go dtugann sé deis don phobal idirnáisiúnta a dhéistin a chur in iúl faoin chos ar bolg atá á déanamh ag an deachtóireacht bhrúidiúil seo ina tír féin agus ina cuid críoch faoi fhorghabháil.
bhrúidiúil brutal
" Tá séanta ag an gcomhlacht go raibh siad freagrach as an mbail bharbartha bhrúidiúil a thug an t-arm do na hOgoni, ach d’admhaigh siad i lár na nóchaidí gur cheannaigh siad airm do na póilíní a rinne fearas is ionaid an chomhlachta a chosaint.
brúidiúil brutal
" com/watch?v=rUUuD0oh81o) Tá seanrá ag na Sínigh - ‘Go mairir an céad d’fhonn díoltas a imirt ar do pháistí’, ach i ndomhan an auteur Ostaraigh áirithe seo, ’s iad na páistí a imríonn díoltas gan taise ar thuistí is ar shochaí atá seasc, brúidiúil, ina bhfuil an ghangaid in áit an ghrá.
ba bhrúidiúla most brutal
" Saoraíodh na hoileáin – deirim saoraíodh toisc go labhraíonn na hoileánaigh Béarla agus toisc go mbreathnaíonn siad orthu féin mar phobal de shliocht na Breataine – ach ba é an toradh ba thábhachtaí ar an gcogadh ná gur tháinig deireadh, bliain níos déanaí, leis an deachtóireacht mhíleata san Airgintín, deachtóireacht a bhí ar cheann de na réimis ba bhrúidiúla dá raibh i bhfeidhm i Meiriceá Theas riamh.
sách brúidiúil brutal enough
" An teanga féin, réabadh amach as láthair na tíre í, ar mhodh sách brúidiúil in amanna mar a léiríonn na hannála dúinn (Annála Inis Faithleann 1305.
brúidiúil brutal but funny
" Ní bhíonn sí cúthail ag taispeáint na radharc níos dorcha, bagairt an fhoréigean ghnéis / an fhoréigean fhisiciúil idir Eliza agus Higgins, agus an radharc folctha atá brúidiúil ach greannmhar.
go fuar brúidiúil in cold brutality
" agus 17m duine ar áireamh eile) a cuireadh chun báis go fuar brúidiúil san Uileloscadh, atá ar cheann de na scéalta is uafásaí agus is náirí i stair an duine.
ceann de na dúnmharuithe ba bhrúidiúla one of the most brutal murders
" Ach ba ann a tharla ceann de na dúnmharuithe ba bhrúidiúla i stair na hÉireann 130 bliain ó shin.
go brúidiúil brutally
" Ar an 17 Lúnasa 1882 thug scaifte fir ruathar faoi theach comharsan leo, John Joyce, agus thug siad faoina raibh ann go fíochmhar agus go brúidiúil le gunnaí glaice agus le maidí.
críoch leis an gcogaíocht bhrúidiúil an end to the brutal fighting
" Ní chiallaíonn sé sin go bhfuil críoch leis an gcogaíocht bhrúidiúil thall ansin ná go mbeidh deireadh le réimeas al-Assad go luath.
lán le hailse, póilíní brúidiúla lofa full of cancer, brutal rotten cops
" Cathair lán le hailse, póilíní brúidiúla lofa, maorlathas fuarchúiseach agus foréigean collaí í, New Orleans de chuid Simon.
inchreidtheacht bhrúidiúil fhírinneach the brutal truth of plausibility (of
" Chuir inchreidtheacht bhrúidiúil fhírinneach Fassbender as mo riocht ar fad mé.
le linn dó dul i ngleic le bithiúnach brúidiúil as he gets to grips with a brutal scoundrel
" Nuair a mhaslaíonn Captain Jackson iarrachtaí an Chigire Reid “seomra báis” nua-aimseartha cosúil le seomraí John Hopkins i mBaltimore a mhaisiú dó i Whitechapel, cuireann an cigire ceist ar an máinlia amhrasach: “*Should we not aspire so high you and I?*” Míshásamh Thuas Staighre ========== Dúnmharaítear póilín óg le linn dó dul i ngleic le bithiúnach brúidiúil a rinne iarracht pictiúirí d’inneall loingseoireachta nua a ghoid ón innealtóir.
a bhrúidiúla how brutal
" Am lóin, tús na n-ochtóidí agus sinn ag míniú dá chéile a bhrúidiúla is a bhíodh meánscolaíocht na linne, labhair fear amháin inár measc amach le fearg.
ré bhrúidiúil na cinedheighilte the brutal apartheid era
" Is iontach gur tháinig an Afraic Theas amach slán as ré bhrúidiúil na cinedheighilte.