Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
brúite faoi chois downtrodden
" Ní féidir an bá láidir le hÉirinn a shéanadh, áfach, ná leis an dream daoine a bhí brúite faoi chois a shroich Albain agus iad maíte ar shaol níos fearr a bhaint amach dóibh féin agus dá gclann.
brúite faoi chois downtrodden
" Ach nuair a chuaigh mé isteach bhí beirt ina suí ag an deisc fáiltithe agus cuma brúite faoi chois orthu.
brúite crushed
" Agus mé brúite isteach sa phuiteach acu, agus an fhoireann eile go léir ina luí orm, bhíos cinnte go bhfaighinn bás díreach ansin.
brúite smashed
" Bhí a colpa brúite agus bhí sí ag cur fola ón bhall sin dá corp fosta.
brice brúite, crushed bricks
" D'inis sí dom go bhfeileann drochthalamh do bhláthanna fiáine, agus tá na gairdíní i NWC déanta as brice brúite, aolchloch, seanéadaí agus dlúthdhioscaí brúite, fiú.
dlúthdhioscaí brúite, crushed CDs
" D'inis sí dom go bhfeileann drochthalamh do bhláthanna fiáine, agus tá na gairdíní i NWC déanta as brice brúite, aolchloch, seanéadaí agus dlúthdhioscaí brúite, fiú.
brúite pushed
" **Mary Hanafin **(Lántosaí ar dheis): Í brúite i dtreo an chúinne.
brúite faoi chois repressed
" Cé gur leasc liom a bheith ag maíomh, ní miste dom a rá go bhfuil seoid eile d’alt agam daoibh an mhí seo, a léitheoirí dílse: alt ina bhfuil scéal eisiach, scúpscéal, scéal a bhí brúite faoi chois ag Seirbhís Rúnda na hÉireann, ach ar tháinig Balor an Bleachtaire Bóiscéalach air le teann fiosrachta agus fíriúlachta agus friochnaimh.
brúite faoi bhuairt worried big time
" Tá Balor bocht brúite faoi bhuairt agus faoi chiach an mhí seo, a léitheoirí dílse.
brúite pressed
" I léamh sóisialach Loach, seo fear beag oibre eile brúite faoi chois ag an saol is ag an gcóras.
brúite pushed
" An té a scríobh an píosa seo, bhí sé in achar leathshoicind do bheith brúite isteach ar inneall a chairr féin ag tiománaí jíp ollmhór a bhí i mbun téacs gutháin a léamh ag 60 m.
brúite bruised
" Bhí mé briste brúite marbh tuirse, mar gur ghlac sé saoltaí domh fáil ‘fhad leis an áit – sé uaire déag le bheith cruinn – nuair a smaointíonn tú nach bhfuil sé ach 4 uaire a chloig dá mbeadh eitilt dhíreach ann.
briste brúite in bits
" Bhí a saol lán le fadhbanna sláinte; bhí polio uirthi nuair a bhí sí óg agus bhí sí i dtaisme bóthair millteanach agus í ina déagóir a d’fhág í briste brúite agus buailte faoi arraing go minic don chuid eile dá saol.
brúite faoi chois oppressed
" Níl aon tír Mhuslamach sa taobh sin, an Iaráin go háirithe, nár caintíodh ann faoin dream as an ‘Iarthar’ a thuig agus a sheas le pobal na háite a bhí brúite faoi chois.
brúite oppressed
" Tá Balor bocht brúite ag guí chun Chroim Dhuibh go bhfágfaidh Crom smidín céille de shórt éigin ag Enda Aoibhinn, agus go ndéanfaidh an Taoiseach an ceapachán seo a chur ar ceal.
brúite squeezed
" Cén seórt sochaí atá forbartha againn, nuair gur féidir le seirbhísí sláinte na tíre seo cúigear ban, atá ag mothú faoi bhrú agus atá i néal an dorchadais, a bhogadh ó ghnáthsheomra oscailte in otharlann isteach i seomra eile atá faoi ghlas, agus iad brúite isteach i gcomhluadar ban eile? Níl spás fágtha idir na leapacha agus tá orthu uilig leithreas agus cithfholcadh amháin a roinnt.
brúite in aice leis pressed up against
" Láimh leis an Bhás ======= Caithfear a thuiscint go raibh na marthanóirí brúite in aice leis na daoine a fuair bás, páistí ina measc - chuala siad iad ag scairteadh amach, chonaic siad dreach an uafáis ar a n-aghaidheanna, mhothaigh siad a gcoirp ag streachailt, bhí siad taobh leo nuair a bhí siad i ndeireadh na feide, ag druidim leis an éag, agus ansin nuair a d’fhill siad abaile chuala siad ó na meáin chumarsáide go raibh an locht orthu féin, d’ainneoin a gcrógacht ar an lá.
an bainisteoir bocht brúite the stressed manager, poor devil,
" Tháinig an bainisteoir bocht brúite amach agus d’impigh sé orainn dul isteach agus a bheith ag ól sa bheár – an chéad bheár ar caitheadh mé isteach ann riamh.
brúite bruised
" Ghlac sé trí iarracht orm mé féin a stad agus cé go raibh mé brúite, níor bhris mé cnámh ar bith.
Tá an teorainn brúite siar the boundary is pushed back
brúite, briste bruised and broken
" Rómhinic dá bharr sin go bhfágann siad foirne eile fann, lag, tnáite, brúite, briste faoi dheireadh cluiche.
brúite isteach ar mullach a chéile pushed in on top of each other
" Ciallaíonn an drochobair seo uilig go bhfuil na Palaistínigh, dream inste scéil an Nakba brúite isteach ar mullach a chéile in iamhchríocha nó i mBantustáin.