Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bhrabúis profits
" I 1987, nuair a thosaigh straitéis na páirtnéireachta sóisialta, bhí 31% den ioncam náisiúnta ag dul ar bhrabúis, agus faoin mbliain 1997 ba 41% a bhí ann.
brabús profit
" Is léir go bhfuil na cumainn charthannachta ag caitheamh an-dua lena gcuid suíomh gréasáin, agus is maith an rud é nach ar mhaithe le brabús amháin atá suímh á bhforbairt.
brabús profit
" Cé gur díoladh níos mó ná leath na saothar a bhí ar taispeáint, ní raibh brabús i gceist.
brabús profit
" " Ba cheart, dar leis, go mbunófaí comhlacht stáit chun talamh a cheannach ar a dtógfaí tithe ar phraghas réasúnta agus go gcuirfí teorainn le brabús lucht tógála.
brabús profit
" Is é príomhchuspóir an mhargaidh áirithe seo brabús a dhéanamh - ní thugann sé faic ar ais don phobal! Cad é ba chúis le gníomhaíochtaí John Rusnak? Bród? Nó ar mhian leis a bheith ina réalt sa chomhlacht? Saint chun níos mó airgid a shaothrú agus a chaitheamh? Nó cúis éigin eile? Níl a fhios againn, mar, fearacht na mboc mór in Enron, tá a bhéal dúnta ag Rusnack.
brabúis profit
" Agus beidh i bhfad níos mó brabúis le déanamh i mbliana acu de bharr na gcluichí breise go léir a imreofar faoin gcóras nua san iomáint agus san pheil.
brabús profit
" ie - ní raibh ach brabús de thart ar €15,000 ag an gcomhlacht sin idir Aibreán agus Meán Fómhair 2002.
ag déanamh brabúis ón chogadh profiteering from the war
" Mhaígh an lucht agóide go raibh siad ag gníomhú i gcoinne na meán agus na gcorparáidí atá, dar leo, "ag déanamh brabúis ón chogadh".
brabús profit
" Deir Feidhmeanach Taighde Margaíochta agus Eolais Bhord Iascaigh Mhara, Richard Donnelly: "I gcás na scadán a easpórtáiltear chuig an Éigipt, ní dhéantar ach brabús de €10 nó €20 in aghaidh an tonna.
ag déanamh brabúis making a profit
" Cén fhad a thógfaidh sé go dtí go mbeidh an comhlacht ag déanamh brabúis, dar leat? Tá sé ana-dheacair a rá, ach measaim go ndíolfaidh Gaeltalk.
brabús profit
" Cé go ndearna an Atlantic Dawn brabús roimh cháin de €7.
brabús profit
" Ná bíodh aon eagla ort gearán a dhéanamh faoi phraghas ard; fágfaidh sé cúpla euro i do phóca féin agus laghdóidh sé brabús na ndaoine sin atá ag iarraidh teacht i dtír ar a gcustaiméirí.
bhrabús profit
" Dá mbeadh, bheinn ag breathnú anois ar ardú 30 faoin gcéad sa mbliain ar mo chuidse airgid - méadú atá i bhfad Éireann níos mó ná aon bhrabús eile atá déanta ag úinéirí na gcomhlachtaí teileachumarsáide eile san Eoraip.
brabús profit
" Tá an dlí céanna tar éis neart trioblóide agus conspóide a chothú i Meiriceá, go háirithe i Nua-Eabhrac, áit a bhfuil go leor úinéirí beár, óstán agus bialann ag maíomh go bhfuil líon na gcustaiméirí agus an brabús atá á dhéanamh acu tite go mór ó cuireadh tús leis an chosc ansin.
brabús profit
" Bhí an ceart againn agus tá brabús níos mó againn dá bharr," arsa Jones.
brabús ón mbeár profit from the bar
" Taobh amuigh de sin, braithimid ar tháillí ranganna, cíos a fhaighimid don Halla Nua agus ó sheomraí an Árais a chur ar fáil do ghrúpaí éagsúla, táillí ballraíochta agus brabús ón mbeár chun ár gcostaisí (iasachtaí ón mbanc san áireamh) a ghlanadh.
bhrabús profit
" Má dhéantar Bus Éireann a phríobháidiú, an leanfar ar aghaidh ag soláthar seirbhísí bus do cheantair chúlráideacha nuair nach bhfuil aon bhrabús le déanamh astu? Ceisteanna dlisteanacha iad sin ar fad, ach ní heol dúinn cén seasamh a ghlacann rialtas na hÉireann orthu ag cruinnithe rúnda Choiste Alt 133.
brabús profit
" Cé go bhfuil brabús réasúnta maith á dhéanamh ag comhlachtaí móra na Gearmáine, níl siad toilteanach an rachmas a roinnt leis an bpobal.
bhrabús breise extra profit
" De ghnáth, nuair a ardaíonn praghas na hola go suntasach, cuireann na comhlachtaí ola cuid den bhrabús breise ar leataobh le caitheamh ar fhoinsí nua ola a chuartú.
brabús profit
" Rachaidh brabús ar bith a thig as go ciste an Raidió le cuidiú linn cláracha fiúntacha dátheangacha a chur os comhair an phobail.
brabúis profit
" Tá Aer Lingus - aerlíne neamhchoitianta, atá ag déanamh brabúis! - mar spéirbhean álainn do lucht díolacháin Boeing agus Airbus, atá ag iarraidh a n-eitleáin is déanaí a dhíol, agus beidh mórán cainte faoin ábhar seo sna míonna atá romhainn.
bhrabús profit
" Cinnte, tá cúpla ceann ann a bhfuil clú agus cáil orthu, leithéidí Ryanair, easyJet nó fiú Aer Lingus, ach tá neart aerlínte eile a mbíonn deacrachtaí acu aon bhrabús a dhéanamh, agus bíonn go leor comhlachtaí nach maireann fiú go dtí a gcéad bhreithlá.
beagán brabúis some profit
" De ghnáth, faigheann an t-aerfort táille tuirlingthe ón aerlíne gach uair a thuirlingíonn eitleán nó gach uair a imíonn paisinéir, ach déanann tú beagán brabúis freisin ó na carrchlóis, agus ó na siopaí a dhíolann deochanna agus cumhráin leis na paisinéirí.
go leor brabúis enough profit
" Is éard atá i gceist le seirbhísí eitleáin OSP ná bealaí nach bhfuil – de réir dealraimh – go leor brabúis le saothrú ag comhlachtaí príobháideacha orthu, ach a bhfuil tábhacht shóisialta ag baint leo (mar shampla, chun gnó a fhorbairt i gceantar iargúlta).
brabús profit
" Bíonn ceithre cinn ag Aer Arann anois (trí cinn faoin bhfóirdheontas, agus ceann amháin a bhfuil seans acu brabús a dhéanamh air, gan aon chabhair ón OSP).
An brabús profit
" An brabús a mheallfaidh na hiomaitheoirí – agus beidh na litreacha agus na pacáistí práinneacha don lucht gnó níos brabúsaí ná an litir a scríobhfaidh an tUasal Mac Gabhann i mBaile Beag chuig a aintín i bPort Láirge.
An brabús profit
" An brabús a mheallfaidh na hiomaitheoirí – agus beidh na litreacha agus na pacáistí práinneacha don lucht gnó níos brabúsaí ná an litir a scríobhfaidh an tUasal Mac Gabhann i mBaile Beag chuig a aintín i bPort Láirge.
brabús profit
" Scríobh duine eile go bhfuil na comhlachtaí móra ag tarraingt amach as garáistí i Sasana ar an ábhar go bhfuil an brabús róbheag.
bhrabús profit
" Ceann de na cúiseanna go bhfuil an tseirbhís chomh heasnamhach sin ná nuair a rinneadh príobháidiú ar Eircom, agus nuair a tugadh ar lámh é d’úinéirí a raibh níos mó spéise acu sa bhrabús ná i soláthar seirbhíse, cailleadh an deis oibleagáid shóisialta a choinneáil san áireamh.
bhrabús profit
" ” Chaith sí beagnach bliain i mbun an ghnó ach ós rud é go raibh ag teip uirthi aon bhrabús a dhéanamh, chinn sí ar éirí as an obair sin.
brabús profit
" Tá an brabús ó do cheannsa le bronnadh ar Ghrúpa Gníomhaíochta Ospidéal an Aonaigh.
brabús profit
" Is coiste deonach sinn agus ní ar mhaithe le brabús é an feachtas.
chun brabús a dhéanamh to make a profit
" Níl ach timpeall 180 A380 ordaithe go dtí seo agus is dócha go gcaithfidh Airbus an méid céanna arís a dhíol chun brabús a dhéanamh.
an brabús the profit
" AÓF: Feicim go bhfuil an brabús ón albam seo le bronnadh ar ROKPA International.
brabús profit
" Cén fáth a bhfuil tú sásta foireann cheamara mar seo a ligean isteach chun leas a bhaint asainn, as ár *tipuna* (sinsear), agus brabús a dhéanamh as? Céard a bheidh againne?’” Léiríonn an méid sin, b’fhéidir, an fáth ar mhair an cultúr Maorach, ainneoin bhrú an domhain Pākehā – níl faitíos orthu cloí lena gcreideamh, cuireann siad ceisteanna, tá anam an phobail fós láidir.
agus ar bhrabús príobháideach. and on private profit.
" Brabús príobháideach I ndáiríre, ní ar riachtanas poiblí a bhunaítear pleanáil iompair ach ar an pholaitíocht agus ar bhrabús príobháideach.
an brabús a shaothrófar ón dlúthdhiosca the profit made from the CD
" Sílim go bhfuil sé féin (Mícheál) thuas ansin ag stiúradh an rud uilig!” Tá an Mícheál Ó Domhnaill Trust Fund bunaithe ag teaghlach Mhícheáil agus a chairde (Cathal Goan agus Paddy Glackin ina measc) agus cuirfear an brabús a shaothrófar ón dlúthdhiosca isteach sa chiste sin.
urraí agus brabús sponsors and profit
" Chuir UEFA an locht ar na *Scousers*, ach is féidir le duine ar bith réasúnta a fheiceáil cá bhfuil an locht ó na figiúirí thuasluaite: ar UEFA as an dóigh ar chuir siad urraí agus brabús roimh an chosmhuintir.
Brabús agus airgead profit and money
" Brabús agus airgead – is iad sin na príomhrudaí sa sacar sa lá atá inniu ann.
nach bhféadfadh siad brabús a dhéanamh that they wouldn't be able to make a profit
" Thuig Southwest nach bhféadfadh siad brabús a dhéanamh ach amháin nuair a bhí a n-eitleáin ag eitilt.
brabús maith good profit
" Rinne na ceannaithe brabús maith as seo agus as soláthar long cabhlaigh, agus nuair a tháinig William III go dtí an port sa bhliain 1689 b’éigean dó praghas ard a íoc chun a arm a iompar go hÉirinn.
brabús agus fiontraíocht phríobháideach. profit and private enterprise.
" An tsaorfhiontraíocht Ar ndóigh, sin cuid de theoiric na saorfhiontraíochta - go bhfuil tomhaltóirí agus táirgeoirí ann, agus is cuma faoi rud ar bith eile seachas brabús agus fiontraíocht phríobháideach.
ardmholadh as an bhrabús a dhéanann siad, high praise for the profit they make,
" Sa lá atá inniu ann, faigheann Ryanair ardmholadh as an bhrabús a dhéanann siad, cé go bhfuil siad ag cur le téamh domhanda.
brabús profit
" Fáiltímis roimh na beoracha nua seo, a chruthaíonn go bhfuil a leithéid ann go fóill agus comhlachtaí a bhfuil níos mó ná brabús tábhachtach dóibh.
ag díriú i gcónaí ar bhrabús. concentrating always on profit
" Gach seans go mbeidh siad díreach cosúil leis na seanchomhlachtaí - mar a bhíonn aon mhórchomhlacht - ag díriú i gcónaí ar bhrabús.
aon bhrabús any profit
" Is tionscadal carthanach iad na halbaim seo chomh maith; i mbliana tabharfar aon bhrabús a thuillfear as díol na ndlúthdhioscaí do Barnardos.
faoi chúrsaí brabúis about profit
" Agus mé ag siúl timpeall na háite, chuala mé Giúdach fir ag labhairt lena bheirt mhac faoi chúrsaí brabúis – nach aoibhinn an saol é! Cheannaigh mé cúpla bosca toitíní i siopa áitiúil – €14 a d’íoc mé ar 200 B&H! Nílim ag magadh! Cheannaigh mé cúpla buidéal fuisce – an branda sin Paddy – ar €7 an buidéal.
brabús profit
" Is cinnte go bhfuil sé ag éirí costasach dóibh a bheith lonnaithe anseo ach déanann siad brabús mór in Éirinn.
brabús profit
" Bunaítear banc le brabús a dhéanamh agus sin a bhfuil de.
ghnóthaigh brabús made a profit
" Mar a luaigh mé an mhí seo caite, tá an ráta malartaithe idir an punt sterling agus an euro ina chuidiú ag lucht turasóireachta (agus ag Tesco, comhlacht a ghnóthaigh brabús roimh cháin de £2,803 milliún punt anuraidh.
cúlchiste brabúis profit reserve
" Go deimhin, más fíor don tuairisc san eagrán deiridh den nuachtán, bhí €618,000 mar cúlchiste brabúis ag Móinéar Teo.
brabús profit
" Ar ndóigh, tá argóintí mar sin cloiste againn cheana féin in earnáil an airgeadais – níor cheart cur isteach ar chúrsaí, níor chóir iarracht a dhéanamh rudaí a chur i gceart ar eagla go laghdófaí brabús.
mbainfí feidhm as cuid den bhrabús some of the profit would be used
" Ceadaíodh meaisíní cearrbhachais sna clubanna sóisialta in *New South Wales* (NSW) i dtús báire sa bhliain 1956, ar an gcuntar go mbainfí feidhm as cuid den bhrabús le tairbhí don chomhphobal a mhaoiniú.
bhrabús an inneallra the machinery’s profit(s)
" Ghearr rialtas an stáit cáin ar bhrabús an inneallra, dar ndóigh.
beagán brabúis little profit
" Arís eile, chomhairligh John Bruton, go raibh an baol ann go raibh an comhlacht ag iarraidh barraíocht forbartha a dhéanamh cé nach raibh ach beagán brabúis déanta acu.
bhrabúis profits
" Chuir gearradh siar na rátaí cánach ar thuarastail mhóra (agus ar bhrabúis) leis an treocht seo gan amhras.
brabús polaitiúil political opportunism
" Meiriceánaigh ina gCroí ========== Ach tá níos mó ná brabús polaitiúil i gceist.
brabús profit
" Rud amháin atá soiléir, mar sin, is ea gur tábhachtaí le comhlachtaí slándála príobháideacha brabús agus cur i bhfeidhm conartha ná cearta is sláinte na ndaoine atá le haistriú ón tír.
ach brabús beag ar fáil just a small profit available
" Luach na Scaireanna ========== Bíonn brú millteanach ar chostais fosta, rud a fhágann nach mbíonn ach brabús beag ar fáil do na monarcha réigiúnacha, agus mar sin ní bhíonn ar a gcumas infheistiú a dhéanamh ar shábháilteacht nó ar oiliúint.
brabús maith as a good profit from
" Ligtear seomraí is arasáin ar cíos ar phraghsanna seafóideacha agus déantar brabús maith as rothair a chur ar fáil do lucht freastail na Féile ar an oileán a dtugtar Lido air.
mura bhfuiltear ag déanamh brabúis if they’re not making a profit
" Go bunúsach feidhmíonn na Boird Scrúdaithe sa Ríocht Aontaithe mar a bheadh gnólachtaí príobháideacha ann agus tá cead dá réir acu gan ábhair a sholáthar mura bhfuiltear ag déanamh brabúis astu.
bhrabús corporáideach corporate profit
" Tá mé ag súil leis an lá nuair nach mbeidh dualgas oibre ar aon duine beo agus an t-aon sprioc a bheas againn ná spriocanna bunaithe ar spéis in ionad a bheith bunaithe ar bhrabús corporáideach.
bhrabús profit
" Tá ag teip ar fhormhór na gcomhlachtaí atá ag iarraidh seirbhísí agus earraí a dhíol ar an idirlíon aon bhrabús a dhéanamh, ach d'fhéadfadh na gutháin shoghluaiste a bheith mar chuid den réiteach ar an bhfadhb seo sa todhchaí.
a mbrabús a mhéadú go mór to greatly increase their profits
" Tá an nua-theicneolaíocht ag cabhrú leis na comhlachtaí geallghlacadóireachta a mbrabús a mhéadú go mór agus tá comhlachtaí áirithe teilifíse ag teacht i dtír ar an teicneolaíocht chomh maith chun ioncam a shaothrú.
ar mhaithe le brabús for the sake of profit
" Léiriú eile é an scéal bréagach faoin Tiarna Lucan a foilsíodh i nuachtán Sasanach an mhí seo caite ar an dóigh a mbíonn na meáin chumarsáide sásta neamhaird a thabhairt ar an fhírinne uaireanta ar mhaithe le brabús, dar le Tony Birtill.
brabús profit
" Tá an brabús ón albam seo á bhronnadh ar Ghrúpa Gníomhaíochta Ospidéal an Aonaigh.
bonn brabúis a profitable state
" Tá Roseanne Smith den tuairim go gcaithfidh tú intinn agus amhras an chustaiméara a shocrú agus a bheith ilteangach, más mian leat do chomhlacht a chur ar bonn brabúis.