Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
brabach profit
" Cén fáth nach mbeadh sé ar chumas an stáisiúin leathmhillún punt a shaothrú gach bliain ar an fhógraíocht? Is cinnte go mbeadh costas breise foirne i gceist ach bheadh brabach réasúnta ar fáil a d'fhéadfaí a infheistiú sa tseirbhís ansin - go háirithe ar mhargaíocht chun tuilleadh éisteoirí a mhealladh.
brabach profit
" Is cinnte go bhfuil daoine sásta airgead mór a íoc chun dul chuig drámaí agus ceolchoirmeacha, mar sin cén fáth nach mbeadh siad sásta déanamh amhlaidh i gcás taispeántas? Gan amhras ar bith, déanfaidh an gailearaí brabach ar an taispeántas luachmhar seo.
bhrabach profit
" Go minic bíonn orainn fanacht i bhfad le haon chúiteamh a fháil ar ár gcuid oibre agus cé go bhfuil díol an-mhaith ar ár gcuid leabhar ní bheadh mórán de bhrabach ann murach gur scríbhneoir mé chomh maith.
bhrabach profit
" De bharr gur taifeadtaí cartlainne cuid mhaith den ábhar a fhoilsítear ní dhéantar aon bhrabach ar a bhformhór.
brabach profit
" Tá cúig chás le cur ina leith an mhí seo gur oibrigh sé an cloigeann ar an stocmhalartán le brabach a dhéanamh.
brabach profit
" An chéad cheann ná cén aidhm atá ag na drugaí sa chéad áit? Is dóigh gurb é airgead agus brabach an freagra agus an peaca is bunúsaí ar fad laistiar dó - saint - an tsaint chéanna a chuireann cathú orainn ar fad an deis a thapú chun airgead bog a ghnóthú ar dhóigh nach bhfuil iomlán morálta nó dleathach.
bhrabach profit
" Níl ach deacracht amháin leis sin - meastar go mbeidh a dhá oiread sin ag teastáil sula mbeidh aon bhrabach le déanamh.
brabach comhlachtaí the profit of companies
"brabach comhlachtaí méadaithe 30% le hais 2003.
brabach profit
" Tá a fhios ag na bancanna go bhfuil sé i bhfad níos éasca dóibh brabach mór a dhéanamh sna cathracha.
brabach profit
" Tá cuid de na saothraithe fíniúna ag clamhsán go bhfuil an tóin tite as an margadh dá gcuid fíonchaor agus nach mbeidh brabach ar bith le déanamh acu i mbliana.
brabach profit
" Ach, dar ndóigh, fir ghnó is ea an bheirt úd agus nuair a chonaic siad deis chun brabach maith a dhéanamh thapaigh siad í - an cineál rud a dhéanann lucht ghnó chuile lá! Gnó ======= Is cosúil nach dtuigeann lucht leanta clubanna ar nós Man United gur gnó é an sacar agus gur airgead a rialaíonn an gnó sin.
brabach profit
" Deirtear, mar shampla, gur beag brabach a rinne Marathon óna gcuid taiscéalaíochta ar thobar Chionn tSáile.
brabach profit
" An é gur cheart dúinn glacadh le focal Mheiriceá mar chnámh lom na fírinne? Ar iarr Ronald Reagan cead ar an stát i 1986 tráth a baineadh úsaid as suaitheantas Aer Lingus nuair a bhíothas ag díol armlóin le rialtas na Iaráine in éiric gialla Meiriceánacha a scaoileadh saor sa Liobáin? Ar thug muid ár mbeannacht dó an brabach a rinneadh as an mhargadh cam seo a úsáid le harmlón a thabhairt do threallchogaithe a bhí ag iarraidh rialtas na *Sandinistas* i Nicearagua a chur as cumhacht? Ar gabhadh leithscéal linn fiú as an dóigh a ceanglaíodh comhlacht stáit de chuid na hÉireann leis an chamastaíl náireach seo? Cad chuige mar sin go nglacfaí gan cheist le focal an CIA an iarraidh seo nó an é go bhfóireann sé dúinn neamhaird a thabhairt ar an fhírinne? Ní inniu ná inné a tháinig an rialtas ar an tuairim gur gaire i bhfad an tír seo do Bhostún ná do Bheirlin.
brabach na bhfeilméaraí the farmers' profits
" Tá comhlachtaí a bhfuil an teicneolaíocht seo á díol acu ag rá go gcuireann sí le táirgiúlacht agus le brabach na bhfeilméaraí, go laghdaíonn sí an gá le lotnaid, go bhfuil sí sábháilte agus go bhféadfadh sí deireadh a chur le hocras domhanda nó é a laghdú ar aon nós.
brabach profit
" Ach sa mhullach ar na deontais úd, bíonn na meáin Ghaeilge ag brath ar mhéid áirithe d'ioncam fógraíochta chun a gcuid costas a ghlanadh agus brabach a dhéanamh.
brabach profit
" An féidir a rá go bhfuil sé sin ag tarlúint faoi láthair? Seans gur lig an t-iar-Thaoiseach an cat as an mála san agallamh úd le Bryan Dobson mar is léir i go leor cásanna go gceaptar baill bhoird mar gheall ar a gcairdeas le hAirí Rialtais agus go n-amharctar ar cheapachán mar ghar polaitiúil inar féidir sochar pearsanta nó brabach a bhaint as.
brabach profit
" Nuair a d’fhógair an comhlacht Total, a raibh brabach €14 billiún aige in 2008, go raibh sé i gceist fáil réidh le níos mó ná 500 post sna scaglanna ola atá acu sa Fhrainc, thug an tAire Stáit i Roinn na Fostaíochta, Laurent Wauquiez, le fios gur mhór an oilbhéim a leithéid de chinneadh agus gur cheart do Total dearcadh níos freagraí a ghlacadh i leith na n-oibrithe a raibh a gcuid postanna faoi bhagairt.
brabach profit
" Nuair nach raibh brabach le déanamh a thuilleadh as foilsiú FOINSE, deineadh cinneadh gnó éirí as.
cúlchiste brabaigh profits
" Ní raibh baol ar bith go raibh fear gnó le suí siar ag breathnú ar an cúlchiste brabaigh á ídiú le gach eagrán.
brabach profit
" Ní bheidh drogall dá laghad orthu deireadh a chur leis an chomhpháirtíocht mura bhfuil siad ag déanamh brabach as.
bhrabach profit
" Is fánach an duine a bheidh de bhrabach aige uaireadóir galánta nó mála gáifeach de dhéantús clúiteach i ndiaidh a chónaithe in A Coruña.
brabach deas a nice profit
" Deineann úinéirí na gcoláistí brabach deas as an ngnó, agus ní locht orthu é sin.
brabaigh caol profits slim
" Bisiú Airgid agus Bochtú Saoil =========== Ach bhí an comórtas géar idir na soláthróirí, agus bhí na brabaigh caol.
Is maith a thuig dream an bhrabaigh the capitalists understood that much very well
" Is maith a thuig dream an bhrabaigh an tualang luachmhar a bhí ag an ngrá seo don mhargadh domhanda.
lucht an bhrabaigh the profiteers
" Ar an láimh eile, má dhíríonn sí aird ar ghné eile den scéal, an t-athrú aeráide, gheobhaidh sí cuidiú éicint ó thráchtálaithe na súdaireachta, lucht an bhrabaigh, cuidiú ar féidir a roinnt le lucht cabhrach an Treas Domhain.
ba cheart go mbeadh brabach beag thar an bhiaiste there should be a small profit over the season
" Ar an gcaoi sin, ba cheart go mbeadh brabach beag thar an bhiaiste, ina imrítear 380 cluiche.
tuilleadh brabaigh a dhéanamh make more profit
" Dar leis an Ruarcach nach bhfuil bunphrionsabal ar bith fágtha ag an CLG anois agus nach bhfuil de shuim ag *Sky* sa socrú seo ach oiread daoine eile agus is féidir a mhealladh chun íoc as an gcainéal acu san agus tuilleadh brabaigh a dhéanamh.
ach le brabach a dhéanamh aisti other than make a profit from it
" B’fhéidir go bhfuil cuid den locht ar an bhForas sa mhéid is gur bronnadh an conradh ar lucht gnó nach bhfuil spéis acu sa Ghaeilge ach le brabach a dhéanamh aisti.