Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
d'inchinn your brain
" Dúshlán mór ======= Ní beag an rud é tabhairt faoi thionscadal mar sin nuair atá tú tagtha in inmhe agus d'inchinn chomh crua le cloch! Ach d'airigh mé gurbh é sin an rud ba thabháchtaí ar an saol an uair sin, cé gur mhór an dúshlán é.
taomanna inchinne brain seizures
" Is cúis an-mhór imní é gur féidir drugaí mar seo a n-éiríonn daoine tugtha dóibh a dháileadh thar an idirlíon, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil líon chomh mór sin Meiriceánach á dtógáil agus go bhfuil sé cruthaithe go bhfuil seachthorthaí dainséaracha ag baint leo, mar shamplaí taomanna inchinne, an galar dubhach, preabadh croí, ardú i mbrú fola, agus laige croí forlíonta.
inchinní brains
" "Nuair a chruthaigh Dia daoine daonna, thug sé inchinní níos mó dóibh … agus bíonn muid ar dáir an t-am go léir, 24/7 … agus is mar gheall ar an mhiangas ard gnéasach seo a mhair muidne nuair a fuair an mamat ollach agus an tíogar claíomh-fhiaclach bás, agus ar éirigh linn maireachtáil san Oighearaois.
inchinn brain
" Rinneadh staidéar ar sheisear a bhfuil ceithre theanga ar eolas acu agus fritheadh amach go n-úsáidtear an chuid chéanna den inchinn, is cuma cé acu teanga atá á húsáid.
sceachaillí inchinne brain tumours
" Chomh maith le ceisteanna teanga, déantar staidéar san institiúid ar neamhoird intinne, titimeas ina measc, ar neamhoird chodlata, sceachaillí inchinne agus galair Alzheimer agus Parkinson.
i bhfastó go dlúth ina inchinn firmly lodged in his brain
" Chun an fhírinne a rá, is é an t-aon chleachtadh de mo chuidse a mholfainn don fhoghlaimeoir ná ceachtanna a athdhéanamh arís agus arís eile, nó go mbeidh siad i bhfastó go dlúth ina inchinn.
dá hinchinn to her brain
" Cén dóigh ar féidir leat agóid a dhéanamh i gcoinne bhás fóirthe mná a bhfuil damáiste do-aisiompaithe déanta dá hinchinn trí dhuine eile a dhúnmharú? Agus muid ag trácht ar na cúrsaí seo, cén chaoi ar féidir leat troid “ar son na beatha” trí dhochtúirí i gclinicí ginmhillte a dhúnmharú le díoltas a bhaint amach orthu as ginte a fhoirceanadh.
a n-inchinn their brain
" De bhrí go bhfuil an blaosc i gcloigne páistí óga níos tanaí agus nach bhfuil a n-inchinn forbartha i gceart go fóill, d’fhéadfadh an radaíocht leictreamaighnéadach a thagann as gutháin phóca dochar a dhéanamh dóibh, a dúirt an tOllamh Sir William Stewart, cathaoirleach an NRPB.
an cur isteach seo ar ghníomhú na hinchinne this disturbed brain activity
" Tá na tátail seo tar éis eagla a spreagadh i measc dochtúirí go bhféadfadh an cur isteach seo ar ghníomhú na hinchinne fadhbanna síciatracha agus iompair a chothú agus dochar a dhéanamh do chumas foghlamtha.
ghligín rattle-brained person
" MÁNAS: Éist, a ghligín.
inchinn brain
" Caithfidh gach imreoir an tréimhse sin a fhulaingt nuair atá sé ag teacht go deireadh a ré imeartha agus nuair a thuigeann sé nach bhfuil an corp ábalta na treoracha a chuireann an inchinn chuige a leanacht níos mó agus go bhfuil lads óga níos sciobtha agus níos lúfaire ná iad.
spreachallaíodh a inchinn ar chóta Phadaí his brain was spattered on Padaí's coat
" Bhí Padaí in aice leis nuair a mharaigh snípéir é le piléar trína chloigeann ag Cath Jarama i mí Feabhra 1937 agus spreachallaíodh a inchinn ar chóta Phadaí.
dá inchinn of his brain
" “Sea, Guns 'n' Roses ainm an chomhrialtais!” De bhrí go bhfuil baint tar éis a bheith Gearóid leis an oiread sin fiontar i rith a shaoil, is beag agallóir nach mbeadh drogall air díriú isteach ar an stróc agus a shaol ar fad a laghdú go dtí an eachtra sin ina ndearnadh damáiste tromchúiseach don taobh deas dá inchinn agus don taobh clé dá chorp.
sceachaill inchinne brain tumour
" Síltear anois go raibh sceachaill inchinne aige.
ag troid in aghaidh na hailse inchinne fighting against brain cancer
" Chomh maith le scannán faisnéise a thaispeáint a rinne an scannánaí clúiteach Ken Burns faoin Seanadóir Ted Kennedy, labhair Kennedy é féin ag an gcoinbhinsiún, in ainneoin go bhfuil sé ag troid in aghaidh na hailse inchinne.
bómánta hare-brained or dumb
" Bhí mé tar éis éirí bómánta agus ní ba bhómánta fós thar na blianta agus, de réir a chéile, d'éirigh mé chomh dúr sin gur dhúshlánach dom amharc ar *Friends* agus cos a choinneáil leis an phlota! Beidh mé ag freastal ar Ollscoil Luimnigh go ceann bliana ag déanamh MA in *Ethnochoreology*.
inchinn brain
" De réir Tomatis, is í an chluas an ball colainne is mó a thugann eolas don inchinn.
cealla inchinne brain cells
" Is saothar idirghníomhach é Silent Barrage a úsáideann lear mór slata róbataice, ríomhaire agus cealla inchinne le gluaiseacht a spreagadh sna slata, nuair a ghluaiseann daoine thart timpeall orthu.
oibriú na hinchinne the workings of the brain
" Is ag cur lenár dtuiscint ar oibriú na hinchinne atá saol na heolaíochta.
torann na mílte inchinní beaga the noise of thousands of little brains
" Mar a dúirt cara liom i Wisconsin "An gcloiseann tú sin? Sin torann na mílte inchinní beaga ag pléascadh timpeall na tíre!" B'fhéidir go raibh sé seo réamhbheartaithe ag an uachtarán an t-am ar fad.
imirce Protastúnach oilte the Protestant brain drain
" Chuir muid cúrsaí oiliúna faoin dlí ar fáil do Phrotastúnaigh amháin; chuaigh muid go hollscoileanna in Albain le daoine a mhealladh ar ais (tá imirce Protastúnach oilte go hAlbain aitheanta le fada) ach nuair a thuigeamar go raibh bealaí ann chun feabhas a chur ar rudaí, cuireadh cosc ar aon earcaíocht.
cur amú éirime a brain drain
" Fiafraíodh d’iar-Phríomh-Aire na tíre, Robert Muldoon, an raibh cur amú éirime i gceist leis an athrú seo.
An inchinn féin the brain itself
" An inchinn féin déantar í a shailleadh agus caitear mar an gcéanna í.
san inchinn é trína leathshúil in the brain through his eye
" Sháigh fear na hÉireann san inchinn é trína leathshúil leis an pheann, rud a d’fhág idir bás is beatha é.
an chuid sin den inchinn ina gcruthaítear caoinfhulaingt that part of the brain which creates tolerance
" Shílfeá go raibh an chuid sin den inchinn ina gcruthaítear caoinfhulaingt ar iarraidh i bpolaiteoirí aontachtacha agus gur fearr leo an schadenfreude – áthas an dochair - ná an comhoibriú.
choda difriúla d’inchinn duine amháin different parts of one human brain
" Shuigh na haisteoirí Tadhg Hickey, George Hanover agus Daniel Reardon ar chathaoireacha sa dorchadas, agus sula bhfad, ba léir gur choda difriúla d’inchinn duine amháin ab ea iad, inchinn a bhí lán le cuimhní cinn truamhéileacha agus lúcháireacha.
nuair a théann saoránaigh oilte thar lear from a brain drain
" Aithníonn sé go gcuireann imircigh le forbairt na dtíortha saibhre is gur minic a bhíonn forbairt na dtíortha bunaidh thíos leis nuair a théann saoránaigh oilte thar lear.
imirce daoine oilte brain drain
" D'fhéadfá do dhinnéar a ithe ar ag an gcaoi seo gach lá más maith leat, ach seans maith go mbeifeá ar leathchluais ag an deireadh! Measaim féin go ndírítear ar ghnéithe diúltacha na heisimirce go rómhinic sna meáin, um Nollaig ach go háirithe - gur sinne 'glúin na heisimirce', imirce daoine oilte, briseadh croí máithreacha na tíre a fágtar inár ndiaidh srl.
ag cabhrú lenár n-inchinn helping our brain
" Ar ndóigh beidh na ríomhairí seo ag cabhrú lenár n-inchinn freisin agus is i réimse na liogeolaíochta a bheidh na ceisteanna is mó.
inchinn brain
" Tá taighde suimiúil ar siúl i Melbourne na hAstráile a thugann léargas ar an tionchar a bhíonn ag foghlaim teangacha ar an inchinn.