Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
craobhacha branches
" **(a) agus (b)** Tá craobhacha bunaithe i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, Gaillimh, Port Láirge, Inis, Ráth Cairn agus Béal Feirste.
craobhacha branches
" "Ní cheapann craobhacha mar seo polasaithe sa pháirtí.
craobh branch
" Bunaíodh craobh de Chonradh na Gaeilge sa champa fosta - "craobh na Sróine Deirge" an t-ainm a bhí air, mar sin an Gaeilge atá ar Frongoch.
an Bhrainse Speisialta the Special Branch
" Leis an phróiseas síochána, b'fhéidir go mbeidh Éireannaigh i Sasana a bhfuil ceangal acu le 1916 níos sásta labhairt amach faoi, gan imní a bheith orthu faoi aird an Bhrainse Speisialta nó MI5 a tharraingt orthu féin.
craobh branch
" Tá fianaise ann gur craobh de Chonradh na Gaeilge a bhí ann mar bhí an méid seo i gcló ar an *Irish Independent* ar an 16 Márta 1903: "For close on half a mile of the procession came an almost interminable line of little boys and little girls which at length culminated in the really striking muster of the members of St.
Brainse Speisialta Special Branch
" Tá sé ina ábhar conspóide cé acu a dtiocfadh leis an RUC stop a chur le buama na hÓmaí nó nach dtiocfadh dá scaoilfeadh an Brainse Speisialta an t-eolas a fuair siad ó Kevin Fulton.
craobh branch
" craobh Learphoill de Chonradh na Gaeilge atá ag eagrú na hócáide, agus b'as an chathair cuid de na príosúnaigh, ina measc Neil Kerr agus a mhac John, agus na deartháireacha John, Patrick agus George King.
Géaga branches
" Géaga ag trasnú ar a chéile, patrúin gheoiméadracha, mar a bheadh líníochtaí de chuid Paul Klee, scrábáil páiste, dlúithe an duilliúir agus ansan, ar an imeall, duilleoigín léi féin, scoite amach ar ghéag lom, éan cuideáin… torthúlacht, éagsúlacht agus neamhbhuaine an tsaoil, ciorcal na beatha, na ceithre ráithe… ga gréine, scáth… agus na clocha is na carraigreacha arís, a ndath, a n-uigeacht, a gcruth.
chraobh branch
" Ghluais sé go gasta ó chraobh an Chéitinnigh go Coiste Gnó an Chonartha go Bráithreachas na Poblachta (IRB).
Craobh branch
" com) Craobh Cooley-Keegan, Comhaltas Ceolteoirí Éireann (www.
craobh branch
" Ag deireadh na míosa seo caite sheol an t-aisteoir Gabriel Byrne craobh Mheiriceá d'fheachtas an Róistigh i Nua-Eabhrac.
craobh branch
" Cúpla bliain ó shin bhog bean darbh ainm Clare Connors go Monterey ó Bhostún agus mhol sí dúinn craobh de chuid Comhaltas Ceoltóirí Éireann a bhunú anseo.
craobh branch
" Cúpla bliain ó shin bhog bean darbh ainm Clare Connors go Monterey ó Bhostún agus mhol sí dúinn craobh de chuid Comhaltas Ceoltóirí Éireann a bhunú anseo.
Chraobh branch
" Cén uair a bunaíodh An Gaeláras agus cé a bhunaigh é? D'fhás An Gaeláras ó Chraobh Cholm Cille de Chonradh na Gaeilge.
chraobhacha branches
" An cóir dúinn a bheith ag plé le comórtaisí ceol uirlise nó an bhfuil an Comhaltas ag déileáil leis sin ar leibhéal i bhfad níos fearr agus foirfe ar aon chaoi? Agus an bhfuil muid ag caitheamh ama agus dua agus eile leis nuair nach bhfuil aon ghá? AÓF: Céard faoi chraobhacha Chonradh na Gaeilge? LÓM: Bhuel fógraítear go bhfuil breis agus 200 craobh ag Conradh na Gaeilge ar fud na tíre.
ar achan chraobh on every branch
" Ina dhiaidh sin ar fad, tagann *el castillo*, atá ar nós crainn a bhfuil tine ealaíne ar achan chraobh de agus atá ar tí pléascadh.
craobh áitiúil local branch
" I gcomhar le craobh áitiúil Chomhaltas Ceoltóirí Éireann thairg mé rang Gaeilge i mí Mheán Fómhair anuraidh.
craobh branch
" Tá an ceol traidisiúnta láidir anseo (tá craobh mhór de chuid Chomhaltas Ceoltóirí Éireann sa chathair) agus nuair a chuala na ceoltóirí go raibh an bua ag Learpholl sa chomórtas do Chathair Chultúrtha na hEorpa 2008 bheartaigh siad ar fhéile a eagrú lenár gcultúr féin a thaispeáint os comhair an tsaoil.
géaga branches
"géaga crann torthaí maisithe aici le torthaí beaga gloine agus balla clúdaithe le *gerbera *- blath gan bholadh - le feiceáil ina taispeántas chomh maith.
ár gcraobh áitiúil our local branch
" Craobh Sheáin Uí Dhonnabháin an t-ainm atá ar ár gcraobh áitiúil de Chonradh na Gaeilge, a bunaíodh in 1896.
craobh branch
" Cathain a bunaíodh an tÁras agus cé a bhunaigh é? Bunaíodh an tÁras i 1938, nuair a chuir craobh na Gaillimhe de Chonradh na Gaeilge comhlacht teoranta ar bun chun airgead a bhailiú le hÁras a cheannach sa chathair do phobal na Gaeilge.
ghéag branch
" Nuair a bhí sé píosa suas, shuigh an t-iora ar ghéag ag breathnú anuas orthu.
ar chúl géige behind a branch
" Ansin chuaigh sé ar chúl géige, agus sheas sé comhthreomhar leis an ngéag, ag breathnú i leith faoi rún, mar a mheas sé, má mheas, ar nós gasúirín a mbeadh folach bhíog ar siúl aige.
ghéaga branches
" Tá an sabhaircín agus lus an chromchinn ag damhsa sa leoithne; tá na huain óga ag damhsa ar na bánta; tá an duilliúr úr ag damhsa ar ghéaga na gcrann; tá an magairlín meidhreach ag damhsa ar na méilte; tá Bertie an Bodach ag damhsa ó ghéarchéim go héigeandáil; tá Peewee Flynn agus an Half Leper Ó Leath Lobhair ag iarraidh damhsa amach ar dhoras an Bhinse Fhiosraithe, agus - Dia idir muid agus an t-olc - tá Balor na Súile Nimhe ag damhsa thart istigh sa phluais.
craobh branch
" craobh Learphoill de Chonradh na Gaeilge a d'eagraigh an ócáid, agus b'as an chathair cuid de na príosúnaigh, ina measc Neill Kerr agus a mhac John, agus na deartháireacha John, Patrick agus George King.
chraobh branch
" Cá huair a bunaíodh CGLC agus cé a bhunaigh é? Bunaíodh Cumann Gaelach Leath Chathail mar chraobh de Chonradh na Gaeilge sa bhliain 1982.
craobh branch
" Théimis amach tar éis an ranga i gcomhair comhrá agus craice, agus tar éis cúpla mí d'fhéadfainn comhrá ceart a dhéanamh; tar éis cúpla mí eile chuireamair craobh de Chonradh na Gaeilge ar bun in Toronto.
craobh branch
" Conradh na Gaeilge Thrá Lí (Coiste Dúiche Chiarraí agus craobh Oirthear Dhuibhneach) a bhunaigh é le tacaíocht ó FÁS.
chraobh branch
" Tá tú thíos ansin ar d'oileáinín ar nós Mac Dara an naomh Ag siúl sa bhfaoch is fós ar glaoch ar aitinn is ar chraobh: Léaráid: Seán Ó Domhnaill ((www.
craobhacha i gcéin is i gcóngar branches far and near
" Bhí Pádraig Mac Piaras ina eagarthóir ar *An Claidheamh Soluis *ó Mhárta 1903 agus ba ghnách leis dul ar thurais go Gaeltachtaí agus craobhacha i gcéin is i gcóngar.
craobh branch
" Is craobh de chuid Pháirtí Lucht Oibre na hÉireann é an Fóram, in ainneoin go bhfuil cosc ar an pháirtí sin seasamh i dtoghcháin taobh amuigh de na sé chontae fichead.
craoibhe branch
" D'fhógair sé i 1999 go mbeadh sé ag tosú craoibhe den DUP i Learpholl agus go mbeadh siad ag iarraidh suíocháin a bhaint amach ar Chomhairle na Cathrach.
craobh branch
"craobh an-láidir de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann anseo, chomh maith le Cumann Lúthchleas Gael, mar sin bhíodar ar fad ag tacú liom.
craobh branch
" Tagann craobhacha náisiúnta na CC le chéile mar chomhdháil idirnáisiúnta uair sa bhliain chun na spriocanna sin a chur i gcrích.
ghéaga glasa green branches
" Ach sheas Sara go tobann i lár an bhóthair ag breathnú suas ar ghéaga glasa na gcrann.
chraobh branch
" Ach ansin, thug Comhaltas rialacha úra isteach a chiallaigh gurbh éigean d’iomaitheoir clárú mar bhall de chraobh an Chomhaltais nó óna sheoladh baile.
ghéaga glasa green branches
" Ach sheas Sara go tobann i lár an bhóthair ag breathnú suas ar ghéaga glasa na gcrann.
craobh branch
" Is dráma tábhachtach é dúinne i gConradh na Gaeilge i Learpholl, mar craobh Sheáin Uí Dhonnabháin an t-ainm atá ar ár gcraobh anseo (bunaíodh í in 1896), in ómós an scoláire a bhí ag obair le Suirbhéireacht Ordanáis Éireann idir 1830 agus 1842.
dhá chraobh ar leith to separate branches
" Ach tá ginealach níos faide ná sin aige agus tá dhá chraobh ar leith ag baint leis a léiríonn an ghné reiligiúnda den íomhá ar thaobh amháin agus an ghné shaolta ar an taobh eile.
Bhrainse Speisialta Special Branch
" Maíonn poblachtánaigh gur plota de chuid an Bhrainse Speisialta leis an Fheidhmeannas ó thuaidh a scrios a bhí sa ruathar ar oifigí Shinn Féin i mí Dheireadh Fómhair 2002 agus go leor fianaise acu, dar leo.
craobh branch
" Roinnt blianta ó shin, chaith mé seacht mbliana i nDún Éidin, i ndeisceart na tíre, agus bhí scaifte againn ansin a chuir craobh de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann ar bun.
craobhacha branches
" Tá iarrachtaí á ndeanamh faoi láthair maoiniú buan a fháil ionas gur féidir linn bheith níos gníomhaí agus craobhacha a bhunú ar fud na tíre.
craobh branch
" Ach tá craobh láidir de Chomhaltas anois ann agus a lán ceoltóirí óga.
brainse speisialta special branch
" Cuireann an brainse speisialta ceisteanna ort le linn na cuairte sin agus scríobhann siad tuarascáil fút.
mar Threoraí Gaeilge na craoibhe sin as Irish Language Leader of that branch
" Is ball an-ghníomhach í de le Chraobh Cooley Keegan de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann i San Francisco le tamall de bhlianta agus, mar Threoraí Gaeilge na craoibhe sin (agus Chraobh West Region), tá sé mar sprioc aici cur ina luí ar na baill eile go bhfuil tábhacht ag baint leis an teanga.
a bhí páirteach sa chraobh ón tús who took part in the branch
" ***AÓF: An bhfuil cuid de na daoine a bhí páirteach sa chraobh ón tús fós in bhur measc?***TÓU: Tá roinnt acu fós ann is dóigh liom, leithéidí Sheáin Uí Bhroin, mar shampla, a bhí thart an uair sin agus atá fós ar an gcoiste agus baint nach beag aige leis an ócáid cheiliúrtha seo a bhí againn le déanaí.
mar bhaill den chraobh as members of the branch
" ***AÓF: Ainmnigh cuid de na ceoltóirí, amhránaithe agus rinceoirí a bhí mar bhaill den chraobh thar na blianta.
mar chrann taca na craoibhe as a pillar for the branch
" Bhí Michael mar chrann taca na craoibhe i gcónaí.
ar bhallraíocht na craoibhe on the membership of the branch
" ***AÓF: Cén fáth, meas tú, an bhfuil fás chomh mór sin tar éis teacht ar bhallraíocht na craoibhe thar na blianta? An mbaineann na ranganna ceoil a eagraíonn sibh leis seo, meas tú?*** TÓU: Tá baint nach beag leis an gcaoi a mbíonn na ranganna eagraithe leis an méadú seo, ceapaim.
craobh branch
" Chuaigh sé féin isteach san IRSP go gairid ina dhiaidh sin agus thosaigh sé craobh anseo i Learpholl.
a chraobhacha agus cumainn neamhspleácha its branches and independent societies
" Idir 1872 agus 1893, spreagtha ag an iris *An Gaodhal*, d’fhás Cumann Carad na Gaeilge, a chraobhacha agus cumainn neamhspleácha ar fud Mheiriceá.
sa chraobh ar clé, na teangacha Ceilteacha. in the branch on the left, the Celtic languages.
" Nuair a bhí mé thart fá chúig bliana déag d’aois thaispeáin múinteoir Laidine léaráid de theangacha na hEorpa don rang agus is cuimhin liom gur chuir mé suim sa chraobh ar clé, na teangacha Ceilteacha.
géag sméar dubh a branch of blackberries
" Rinneadh an pictiúr *Interior Scene* i gConamara i 1948, mar shampla, ina dtaispeánann sé radharc brionglóideach de bhean agus a corp leathchlúdaithe ag géag sméar dubh agus cuirtín.
ar an bhrainse áitiúil of the local branch
" "“Bhí mise i mo chathaoirleach ar an bhrainse áitiúil de BECTU (Broadcasting, Entertainment, Cinematograph and Theatre Union) ansin agus ní fhaigheadh fir mhaithe jabanna mar go dtagadh oibrithe isteach ó Shasana.
ar chraobh Londan CLG, of the GAA's London branch,
" Roimh i bhfad, bhí Ó Coileáin ina chisteoir ar chraobh Londan CLG, agus ina chisteoir ar chraobh Londan agus ar chraobh dheisceart Shasana an IRB.
Craobh Learphoill the Liverpool Branch
" Níl an bhainis seo luaite i leabhar Belchem, cé go bhfuair sí a lán poiblíochta nuair a nocht Craobh Learphoill de Chonradh na Gaeilge leacht cuimhneachán i Meán Fómhair 1993 san eaglais inar phós siad.
craobh Learphoill de Chonradh na Gaeilge the Liverpool branch of Conradh na Gaeilge
" Leac chuimhneacháinNuair a d'iarr craobh Learphoill de Chonradh na Gaeilge ar Paul Nener, ar biocáire é in Tuebrook faoi láthair, cead a thabhairt dúinn leac chuimhneacháin a chur ar an fhoirgneamh, dúirt sé go mbeadh sé lánsásta dá ndéanfaimis amhlaidh.
craobhacha branches
" Lena cheart a thabhairt do Chonradh na Gaeilge, chuir sé craobhacha ar bun in áiteanna mar Bhaile Phit, Milwaukee, Boston agus Nua-Eabhrac.
craobh láidir strong branch
" Cé go bhfuil craobh láidir den eagraíocht faoi lán seoil i mBaile Átha Cliath, tá tuairim is 25 craobh eile lonnaithe lasmuigh den ardchathair agus bíonn ranganna ar siúl in achan chontae in Éirinn – agus sa tSairdín! Eagraítear ceardlanna in áiteanna a raibh easpa dúile sa rince i gceist iontu go stairiúil.
cumainn branches, clubs
" Agus m’anam, shocraigh siad ar phlean – cumainn áitiúla an Pháirtí Poblachtánaigh a ghabháil.
craobh a branch
" Bhí craobh de Chlann na hÉireann (SF oifigiúil) san ollscoil agus nuair a chuala siad go mbeadh eaglaiseach ag beannú brat nua an *Parachute Regiment Association* sa teampall St.
géag branch
" Tá a lán léaráidí de Claude Chevasse sa leabhar Cesca’s Diary- nach mbeadh sé oiriúnach cóip de cheann acu a chur ar an bhalla san Institiúid i gcuimhne Ian McKeane agus chun cothrom na Féine a thabhairt do gach géag ginealaigh mhuintir Chvasse? Cúnamh Meyer leis an Chéasar ============= Is ceist chonspóideach, ealaín agus Éire in Ollscoil Learphoill.
géag crainn a tree branch
" Mar shampla, tá géag crainn cosúil, beag nó mór, le crann iomlán, ach ar scála níos lú.
craobhacha branches
" Baisteadh chapels ar craobhacha ceardchumainn mar sin, an áit a raibh cruinnithe acu.
Chraobh Speisialta special branch
" “Ba é an tIRA an fhadhb, an t-aon mhíniú amháin a bhí ag daoine, ach ag an am céanna, bhí arm na Breataine ar na sráideanna, ag briseadh gach dlí dá raibh ann; bhí cinsireacht sna meáin; bhí Ceathrar Guildford agus Seisear Bhirmingham fós ar an leaba chláir ach bhí ruathair a ndéanamh ag an Chraobh Speisialta ar dhaoine a bhí ghníomhach ar son na córa in áiteanna ar nós Baile Bhútair féin!” arsa Ruane.
gcumainn áitiúla local branches
" Bhí baill an pháirtí eagraithe isteach i gcumainn áitiúla agus chuir na cumainn teachtaí ag Comhairle Dháilcheantair, a thagadh le chéile go rialta.
gcraobhacha branches
" "* Bhunaigh sóisialaithe an Téad Dearg i 1980 agus tá 500 ball ann anois i gcraobhacha i Sasana agus in Albain.
gcumainn áitiúla local branches
" Bhí baill an pháirtí eagraithe isteach i gcumainn áitiúla agus chuir na cumainn teachtaí ag Comhairle Dháilcheantair, a thagadh le chéile go rialta.
chraobh branch
" Nocht Peter King, ball den chraobh, an leacht - bhí triúr uncail dá chuid páirteach san Éirí Amach agus chaith siad tamall i gcampa Frongoch ina dhiaidh sin.
Craobhóga branches
" Craobhóga beaga le duilleoga móra garbha agus duilleoga beaga míne a bhíonn ar fáil – ar chuile phraghas, agus ar chuile bhlas.
gcraobh branch
" Tuairiscíodh ag an am go raibh an bheirt acu iontach gníomhach i gcraobh Mhanchain den IRA.
dea-chraobh slaodach fruitful branches
" Uair sa mbliain, baineann na daoine toradh céatach dá chuid dea-chraobh slaodach; uair sa mbliain bruitheann siad sú na bplumaí, uair sa mbliain déanfaidh siad an poitín glé, agus uair sa mbliain deir siad le chéile: ‘tá craobh le baint agus craobh le bearradh’.
craobh branch
" Is fada an bóthar nach bhfuil casadh ann agus is cinnte gur sin mar a mhothaigh craobh Dhoire de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, nuair a bhris an scéal ar na mallaibh gur éirigh lena n-iarratas, faoi dheireadh thiar, Fleadh Cheoil na hÉireann a thabhairt chuig a gcathair i 2013.
snafach faoin ngas signs of growth in the branches
" ) Agus an tEarrach linn, snafach faoin ngas, beatha nua ag tórmach, braithim rud beag as céim ag scríobh ar an ábhar seo ach tá sé ar intinn agam é sin a dhéanamh.
aon chraobh any branch
" Ní gá fiú a bheith mar chustaiméir le *Barclays* - a fhad is atá cónaí ort sa Bhreatain, agus cuntas bainc agat sa tír agus a fhad is atá an feidhmchláirín agat is féidir do sporán *Pingit* a líonadh in aon chraobh de *Barclays* agus é a úsáid díreach mar sparán chun airgead a chur chuig do theagmhálaí nuair is gá.
chraobh amháin one branch
" Sa lá atá inniu ann, is ball é den Barquinha (‘An Báidín’) mar a thugtar ar chraobh amháin de chrann na n-eaglaisí Santo Daime, a bhfuil a fhréamhacha i ndufair na hAmasóine.
d’athchláraigh muid an chraobh we reregistered the branch
" Do dhaoine mar Proinsias Mac Íomhair a bhí gan cheol, ach a raibh suim sa teanga aige, mo dhála féin, bhí Conradh na Gaeilge de dhíth i Learpholl agus d’athchláraigh muid an chraobh i 1990.
imeacht ón am i láthair siar go dtí clanna éagsúla Uí Néill to leave the present and go back to the various branches of the O N. family
" - agus, ag an am chéanna, imeacht ón am i láthair siar go dtí clanna éagsúla Uí Néill san aimsir anallód ag meabhrú ar an tsaol a bhí acu, ar an chineál Ghaeilge a labhair siad, an chiall a bhain siad as an tsaol chrua a bhí acu.
má tá craobh den chrann if there’s a branch of it
" Agus ó thaobh na Gaeilge de, má tá craobh den chrann i mBoston, ní bréag a rá go bhfuil bláth ar an sceach anseo sa mBreatain Bheag.
gníomhach sna craobhacha active in the branches
" Bhí daoine ón dara glúin i Learpholl gníomhach sna craobhacha de Chonradh na Gaeilge: daoine mar an file Piaras Béaslaí (1881-1965), agus na healaíontóirí Cesca Trench ( 1895-1918) agus Norma Borthwick ( 1862- 1934).
an chraobh Éireannach den chomhlacht the Irish branch of the company
" Is dócha gur chuala sibh, nó go bhfaca sibh, ar fad SsangYong ar na bóithre, ach an raibh a fhios agaibh nach raibh siad ar díol anseo in Éirinn ó 2008? Go deimhin tá siad ar ais anseo in Éirinn agus tá an chraobh Éireannach den chomhlacht anois faoi stiúir Harris Hino, atá lonnaithe cóngarach do bhóthar an Náis anseo i mBaile Átha Cliath.
CCÉ na háite the local branch of CCE
" Ba dhuine é de na chláirseoirí deiridh a bhí i mbun na cruite Gaelaí a sheinm agus tá lúcháir orainn go bhfuil an séadchomhórtha seo le feiceáil i gcroílár cheantar an chláirseora’ a dúirt Brian Walsh de chuid CCÉ na háite.
craobh de a branch
" Is é an Wales Literary Exchange, craobh de Literature Wales, a reáchtáil an cúrsa faoi stiúir an Dr Sioned Rowlands.
neart craobhacha ar pháipéir plenty of paper branches
" Má tá an Conradh le bheith freagrach as ‘ardú feasachta, cosaint teanga’ mar atá leagtha síos dóibh ag an bhForas, an mbeidh aon iachall orthu struchtúr na heagraíochta a dhéanamh níos feidhmiúla, nó an bhfágfar é mar atá sé, le neart craobhacha ar pháipéir ach fíorbheagán acu gníomhach? Tá súil agam go mbeidh an Conradh sách tuisceanach le leanúint leis an obair fíorthábhachtach a bhí ar bun ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus an tIontaobhas Ultach, go sonrach.
céadta craobh hundreds of branches
" An Conradh ==== Cé go mbeadh an-mhuinín agam as cumas agus as feidhmiúlacht Ard-Rúnaí an Chonradh, Julian de Spáinn, tá an CnaG ag iompar a dhóthain meáchain, le structúr millteanach místuama á choinneáil siar: 31 ball ar an gCoiste Gnó, i bhfad an iomarca le bheith feidhmiúil; na céadta craobh san eagraíocht, scór acu liostáilte i gContae na Gaillimhe amháin, ach fíorbheagán acu gníomhach.
géaga fada long branches
" Glanfaidh siad na géaga fada a bheas fásta amach, ag gobadh i dtreo na línte cumhachta faoin choill.
craobhacha branches
" Bhí roinnt mhaith de na craobhacha seo cúig troighe dhéag ar airde agus breis.
craobhacha branches
" Fás is Forbairt Balenciaga ============ Faoi aois a 24, bhí a theach slachtaíochta féin aige, gnó a d’fhorbair sé ionas go mbeadh craobhacha aige de i Maidrid agus i mBarcelona roimh i bhfad.
craobhaibhneacha river branches
" Mhaígh sé go téann scéal lárnach na staire tríd an GPO agus tríd an Chéad Dáil, ach tá ‘craobhaibhneacha’ ann, ar nós na mBillí Rialtas Dúchais agus an Chéád Chogadh Dhomhanda.
faoi stair agus chúlra na craoibhe about the history and background of the branch
" Labhair Antaine Ó Faracháin le Tomás Mac Uileagóid faoi stair agus chúlra na craoibhe agus faoin dul chun cinn atá déanta acu ón am a bunaíodh í.
a bhuí sin le craobh de chuid Chonradh na Gaeilge thanks to a branch of Conradh na Gaeilge
" Tá an-bhorradh faoin Ghaeilge i nGlaschú faoi láthair, a bhuí sin le craobh de chuid Chonradh na Gaeilge atá lonnaithe in Govanhill, ceantar ina bhfuil roinnt mhaith Éireannach ag cur fúthu go fóill.