Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bratacha flags
" Bhí daoine as CND ann, comhshaolaithe, sóisialaithe, cóir ag caitheamh léinte dearga agus ag canadh go bríomhar leo, Moslamaigh ina n-éadaí traidisiúnta, agus a lán daoine ag iompar bratacha agus fógraí mar "Not in my name" agus "Two bombs don't make a right".
bratacha flags
" " Chuir sé facs chugam ar a raibh liosta de 20 pointe a raibh siad míshásta fúthu, ina measc an dóigh nach gcaithfidh an príomhchonstábla agus na póilíní a bheith freagrach don bhord póilíneachta, cur i bhfeidhm faoi cheilt an dlí, dímhíleatú, piléir phlaisteacha, an brainse speisialta agus cúltaca na bpóilíní, earcaíocht, ballraíocht cumann rúnda agus bratacha agus suaitheantais.
bratacha flags
" Baineadh anuas bratacha agus comharthaí dílseacha agus, in ainneoin go bhfuil cuid acu ann ar fad, agus beidh tuilleadh ann le linn Fhéile an Dara Lá Déag, níl siad chomh "in your face" is a bhíodh siad, a dúradh liom.
bratacha flags
" Ba ghearr gur nochtaíodh dathanna na gcontaetha i bhfoirm bratacha agus geansaithe á gcaitheamh ag daoine.
bratacha banners
" Téann na heaspaig agus na sagairt agus scata mór den phobal thart, agus bíonn daoine gléasta in éadaí traidisiúnta agus ag iompar bratacha móra maisithe agus dealbha na naomh.
bratacha banners
" Fógraíonn *graffiti*, T-léinte le manaí, bratacha, péintéireacht, múracha agus dealbhóireacht go bhfuil rud éigin daingean ionainn mar dhaoine a dhiúltaíonn do chaimiléireacht agus a chinntíonn go bhfuil an spiorad daonna beo.
bratacha flags
" Is é an lá mór craoibhe, an slua, an béiceach, an chaint, na hailt ar an bpáipéar, "Cluiche an Domhnaigh", "Spórtiris", "Ard san Aer", na cuimhní, na scéalta, na dathanna, na bratacha, na ceapairí, boladh toitíní agus fuail - na heilimintí go léir a ardaíonn an croí, a spreagann an dóchas, a mheallann an seanimreoir chun iarracht mhór amháin eile, bliain amháin eile, chun an chraobh a thabhairt abhaile go dtí an baile beag, an paróiste nó an chathair mhór.
bratacha bréige false flags
" Tarlóidh sé ar Lá na Saoirse, an 4 Iúil, nuair a shíneoidh daoine ar fud na Stát an dearbhú sin agus é curtha faoi bhun bratacha bréige ar a bhfuil lógónna na gcorporáidí móra ar nós IBM, Exxon agus McDonald's curtha in áit na ngnáthréalt a sheasann don 13 stát bunaidh de chuid an aontais.
bratacha flags
" Bunaíodh as muintir na hÉireann iad 150 bliain ó shin i Nua-Eabhrac, faoin mana atá mar gháir chatha acu go fóill, "Faugh A Ballagh," mana a fheictear scríofa ar a mbratacha go fóill.
bratacha flags
" “Mura mbaintear na clárlaigh seo anuas, cuirfear bratacha an UFF/UDA in airde chomh cóngarach dóibh agus is féidir,” a bhagair siad.
bratacha agus scaifeanna dearga red flags and scarves
" Chuaigh Liverpool FC trí Walton ar bhus dearg dhá urlár le Corn an FA agus bhí na mílte i láthair le bratacha agus scaifeanna dearga chun céad míle fáilte abhaile a chur roimh an fhoireann.
bratacha flags
" Cuid lárnach, bhunúsach de thaithí an tsamhraidh is ea cluichí Chumann Lúthchleas Gael, lena ndathanna, sluaite móra, bratacha, conspóidí, troideanna, argóintí agus araile.
maisithe le bratacha na heagraíochta adorned with the organisation's flags
" Ní raibh iontas orm a léamh sna meáin go raibh seomra príobháideach ag an UVF sa Derry Club, a bhí maisithe le bratacha na heagraíochta, mar tá mé ag gearán faoin áit chéanna le beagnach 20 bliain anuas.
maisithe le bratacha decorated with flags
" Bhí an 12 Iúil ag teacht, nuair a cheiliúrann dílseoirí Cath na Bóinne, agus bhí an caisleán maisithe le bratacha.
bratacha móra big flags
" Bhí bratacha móra ar fud na háite agus bhí na saighdiúirí ag stopadh gasúr óg sa tsráid.
bratacha na gcontaetha go léir, flags of all the counties
" Bhí bratacha na gcontaetha go léir, nach mór, crochta as an tsíleáil agus ar na ballaí, mar aon le grianghrafanna de cheoltóirí, d’aisteoirí agus de lucht spóirt na tíre seo.
bratacha flags
" *Yep*, Altan ag na *Proms* taobh amuigh de Halla Chathair Bhéal Feirste! Bhí go leor daoine ansin a bhí gléasta in éadaí dearga, bána agus gorma de gach cineál, ach nuair a bhuail an grúpa Conallach an ríl spleodrach "Gweebarra Bridge", bhí bratacha an Union Jack á luascadh san aer le tréan áthais.
bratacha ollmhóra massive flags
"bratacha ollmhóra lena ainm orthu ar foluain taobh amuigh dá chuid oifigí go fóill.
bratacha flags
" Tá feachtas Rousseff ach go háirithe ag baint leasa as an ngné sin: *“Dilma Presidenta!”* a fhógraíonn bratacha agus lamhnáin na bolscaireachta.
bratacha flags
" ”* Chonaic Blair an difear seo ach go háirithe le linn turas a thug sé ar Bhéal Feirste ag am nuair a bhí bratacha Pailistíneacha ar foluain ar fud na gceantar Poblachtánacha de bharr go raibh toscaireacht ón tír sin tagtha chun na cathrach ar chuireadh ó Shinn Féin.
Guíonn bratacha flags pray
" Guíonn bratacha agus póstaeirí rath ar an obair le ráitis den chineál ‘Le cúnamh Dé agus mhuintir na Brasaíle, atógfaimid ár gcathair’.
bratacha flags
" Tá na hÉireannaigh an-tógtha leis an iománaíocht agus chuir muid suntas sa mhéid tithe i Maigh Eo a raibh bratacha agus dathanna foirne éagsúla ar crochadh uathu.
bratacha flags
" An díol is mó spéis faoin ócáid dom féin ná na bratacha a bhí ar foluain i measc an lucht féachana.
bratacha dúghorma agus gealghorma dark blue and light blue flags
" Ná habraimis rud ar bith faoin dath dubh, nó fúthu siad a imríonn rugbaí in éide dhubh! Bhí na gormacha ar mhórán de mhuintir bhocht bhrúite na hÉireann i mbliana, ach ina ainneoin sin is uile, bhí na bratacha dúghorma agus gealghorma ar foluain ag muintir na cathrach cois Life; agus na meirgí gorma agus buí in airde ag muintir an Chláir i mí Mheán Fómhair.
Feicfimid Linn faoi na Bratacha we’ll see how we get on with the flags
" Feicfimid Linn faoi na Bratacha ============== Chuir sé mo sháith iontais orm nuair a léigh mé gurbh í ceist na brataí an ceann ba chasta san idirbheartaíocht atá á stiuradh ag na toscairí Meiriceánacha, Richard Haass agus Meghan O Sullivan, le tamall anuas.
bratacha agus múrphictiúir flags and murals
" Mhol Anna Lo, Comhalta den Tionól Reachtach arb as Hong Kong ó dhúchas di, go mbainfí bratacha agus múrphictiúir a léirigh paraimíleataigh, idir dhílseacha agus phoblachtacha, de na ballaí ar bhealach an Giro.
dá mbainfí bratacha anuas if flags were taken down
" Nach raibh a fhios aici, ‘dá mbainfí bratacha anuas, go mbeadh círéibeacha ann’, ar sé, ag admháil gurb é an foréigean an rud is túisce a tharlaíonn mura n-aontaíonn aontachtaithe le cinneadh éigin.
as siocair na bratacha because of the … flags
" Tugadh an mhuirthéacht fhlannbhuí air as siocair na bratacha oráiste nó flannbhuí a chroch na daoine le linn na mórshiúlta.
bratacha flags
" Seo an fear a d’fhan ina thost nuair a bhí na círéibeacha a bhain leis na bratacha ar siúl; atá ina thost faoi drochthionchar an UVF in oirthear Bhéal Feirste; faoi sheafóid Twaddell.