Pota Focal Intergaelic
brá | are | bare | beár | brae
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tú breá cluimhrithe well done up/spruced up
" Tá leat, mar is dócha go sílfidh do chuid cairde go bhfuil tú breá cluimhrithe.
tú breá cluimhrithe well done up/spruced up
" Tá leat, mar is dócha go sílfidh do chuid cairde go bhfuil tú breá cluimhrithe.
Tá boladh breá agat it smells good (referring to the food)
" Sa deireadh, le cor a chur sa chaint, dúirt sí, "Tá boladh breá agat, Bolognaise ab é?" "Is é.
Ionad breá oidhreachta a fine heritage centre
" Ionad breá oidhreachta atá ann anois, ach ní raibh sé oscailte nuair a bhí mise ansin.
ionad cultúrtha breá nua a fine new cultural centre
" Cúpla lá ó shin, chuaigh mé go dtí An Droichead, ionad cultúrtha breá nua i ndeisceart Bhéal Feirste, le páirt a ghlacadh in oíche chomhrá.
bua breá fine victory
" In ainneoin go raibh bua breá ag Áth Cliath ar Chill Chainnigh i gCorn an Bhreatnaigh le déanaí, is é is dóichí ná go mbeidh Cill Chainnigh róláidir dóibh nó do Laois ar an 8 Meitheamh.
taispeántas breá fine display
" Rinne siad féin éacht tré Chluiche Ceannais na hÉireann a bhaint amach agus taispeántas breá a thabhairt iad féin in ainneoin na míbhuntáistí atá acu ó thaobh taistil agus cluichí a imirt i dtuaisceart na tíre.
bonnóg bhreá úr a fine fresh scone
" Thug sí cupán tae agus bonnóg bhreá úr dom agus d'imigh sí léi ansin agus í faoi dheifir, mar oibríonn sí sa Siopa Beag fosta.
tugadh sochraid mhór bhreá dó he was given a fine big funeral
" Tugadh an corp anall agus tugadh sochraid mhór bhreá dó, agus síneadh a chnámha sa reilig álainn sin atá tamaillín lasmuigh de Chuan Dor.
a bhfuil muintir na háite breá cleachta leo that the locals are used to/familiar with
" Nach dtiocfaí an rud céanna a dhéanamh i gcás an iolair mhara? Nach é sin an sórt ruda atá na turásóirí ag iarraidh a fheiceáil? Aer úr gan truailliú - a leithéid sin, agus rudaí simplí bunúsacha eile, a mheallann na turasóirí, rudaí a bhfuil muintir na háite breá cleachta leo ach atá tarraingteach do strainséirí, atá ainchleachta leo.
sna tithe breátha faiseanta in all the fine fashionable houses
" Ach ar fhilleadh go Baile Átha Cliath dom dúirt cara liom gur in Coca Cola a cócaráileadh an liamhás sna tithe breátha faiseanta ar fad in Sandymount an bhliain sin freisin.
stór breá amhrán a fine store of songs
"stór breá amhrán aici agus múineann sí na hamhráin do pháistí an cheantair.
breá clúthar nice and cosy
" Bhí mé i mo luí i mo leaba agus mé breá clúthar nuair a chuala mé mo mháthair ag trup trapáil thart fán teach sula dtáinig an lá.
ceann dubh a d'fhóirfeadh go breá do thórramh a black one that would do for a funeral
" Ceann dearg a bhainfeadh an dá shúil asat, ceann dubh a d'fhóirfeadh go breá do thórramh agus ceann dúghorm a dhéanfadh gnaithe breá.
Dhéanfaidh mé gnaithe breá I'll do fine
" "Dhéanfaidh mé gnaithe breá," arsa Ingrid, agus tharraing sí uirthi péire bróg agus bheir sí ar mhála agus síos léi an staighre.
Réitigh mé go breá leo. I got on fine with them.
" Réitigh mé go breá leo.
críoch bhreá a fine ending
" Tar éis beagnach aon uair déag i mo shuí san áit chéanna, ba mhór an t-áthas a bhí orm nuair a fuair mé amach nach raibh Basil Fawlty ag feitheamh orainn ag an deasc fáiltithe! Is mór, gan amhras, idir ciúnas draíochtúil na n-oileán agus trácht agus torann Ghlaschú, ach cuireadh críoch bhreá leis an turas i Leabharlann Partick.
comhluadar breá i m'fhochair fine company along with me
" Bhí sé d'ádh orm tamall ó shin bheith ag imirt gailf ar chúrsa álainn agus comhluadar breá i m'fhochair.
gur Fionn a bhí breá réidh leis na bréaga that Fionn found it fine and easy to lie
" " Mhol Eilís leis, ach bhí sí ag meabhrú di féin gur Fionn a bhí breá réidh leis na bréaga.
bheinn breá sásta I'd be happy
" Ach, chun an fhírinne a rá, bheinn breá sásta dá leanfadh muid ar aghaidh inár gcónaí ansin.
tine bhreá mhóna a fine turf fire
" Bíonn *parties* ag ár gclann ann agus is breá leis na daoine óga an seanathig deas seo, le tine bhreá mhóna, coinnle agus lampaí íle agus arán a dheinim féin.
ar chainteoir breá Gaeilge é who was a fine Irish speaker
" Ainneoin ráiteas an Uasail Burke - ar chainteoir breá Gaeilge é, dála Enda Kenny féin - go raibh an dá chinneadh thuasluaite bunaithe, “on respect for and promotion of the Irish language”, ní gá ach breathnú ar an tslí a ndeachaigh an caighdeán Gaeilge sna scoileanna ar gcúl le linn na seachtóidí agus na n-ochtóidí le haithint gur a mhalairt a tharla.
ar chainteoir breá Gaeilge é who was a fine Irish speaker
" Ainneoin ráiteas an Uasail Burke - ar chainteoir breá Gaeilge é, dála Enda Kenny féin - go raibh an dá chinneadh thuasluaite bunaithe, “on respect for and promotion of the Irish language”, ní gá ach breathnú ar an tslí a ndeachaigh an caighdeán Gaeilge sna scoileanna ar gcúl le linn na seachtóidí agus na n-ochtóidí le haithint gur a mhalairt a tharla.
comhluadar breá fine company
" I dteach tábhairne ceann tuí i gceartlár Ghaeltacht Chonamara a bhíos agus comhluadar breá i mo thimpeall agus cé gur thit an ghruaim ar an gcomhluadar ar feadh scathaimhín tar éis an chluiche ba ghearr gur thosaigh an ceol agus an amhránaíocht agus an spraoi arís.
radharcanna breátha a cheilt to hide fine views
" Ní dóigh liom gur dul chun cinn atá ann ár dtír ghalánta a loit leis an rófhorbairt agus radharcanna breátha a cheilt ar mhuintir na hÉireann.
laethanta breátha fada grianmhara an tsamhraidh long sunny days of summer
" Tá a fhios agam gur féidir le duine bheith gafa agus an-ghafa le foireann nó le cúrsaí spóirt, agus go dteastaíonn cur chuige an-dian le bheith san iomaíocht ag leibhéal ard, ach uaireanta, agus laethanta breátha fada grianmhara an tsamhraidh ag teacht agus ag imeacht, bím scoite amach ón rírá go léir agus ní miste liom sin.
tá rithim an tsaoil breá mall the rhythm of life is nice and slow
" Tá an bia iontach, tá an bheoir saor agus tá rithim an tsaoil breá mall.
táth breá bláthanna a fine bunch of flowers
" Ní ábhar iontais a bheadh ann dá mbronnfaí bronntanas bláthanna ar ócáidí speisialta mar laethanta breithe ach fiú muna mbíonn i gceist ach bualadh isteach chuig cara, ní haon rud thar an gcoitiantacht é táth breá bláthanna bheith ina ghlac ag Polannach.
caithfidh gur thuill sí suim bhreá airgid di féin. she must have earned a nice sum of money for herself.
" Agus an leabhar sin, *Mary McAleese: the Outsider* ar liosta na leabhar ba mhó a raibh ceannach orthu nuair a foilsíodh é i 1999, caithfidh gur thuill sí suim bhreá airgid di féin.
breá soiléir very clear
" “Bíonn daoine ar ‘How Clean Is Your House’ agus é breá soiléir nach bhfuil roinnt acu ábalta an ceann is fearr a fháil ar an saol.
go raibh mé breá friochanta ar mo chois that I had a spring in my step
" Bhí a gcuid fonn agus a gcomhcheol chomh deas sin go raibh mé breá friochanta ar mo chois agus mé ar mo bhealach abhaile.
as broimeanna breátha bréana a scaoileadh for letting off fine smelly farts
" Agus éileofar deontas as machnamh a dhéanamh i nGaeilge bhinn na Gaeltachta, agus as taibhreamh i nGaeilge bhinn na Gaeltachta, agus as broimeanna breátha bréana a scaoileadh i nGaeilge bhinn na Gaeltachta.
léargas breá ar mheon an Phiarsaigh a find insight into Mac Piarais' mind
" Ach tá ábhar ansin ar cheart do gach duine ar spéis leis critic neamheaglach a léamh arís agus arís agus is trua nár scríobh tuilleadh ar an réimse seo nó tugann siad léargas breá ar mheon an Phiarsaigh agus ar a dhearcadh i leith na staire.
óstáin bhreátha mhóra fine big hotels
" Tógadh óstáin bhreátha mhóra agus vilí ar an chnoc.
tithe breátha fine houses
" Thóg ceannaithe saibhre tithe breátha sa bhaile, atá ann go fóíll.
bollóga breátha blasta fine tasty loaves
" Is é an t-aon íomhá amháin a thiocfaidh isteach i m’intinn ná taos aráin á chur isteach agus bollóga breátha blasta á dtarraingt amach.
breá sásta totally satisfied
" Chuir siad an script chugam agus bhí mé breá sásta mar nach raibh mórán línte as Gaeilge agam agus shíl mé cinnte go dtiocfadh liom é a dhéanamh.
Is duine é ar breá linn fuath a bheith againn dó. He is a person that we love to hate.
" Is duine é ar breá linn fuath a bheith againn dó.
an córas breá nua a bhí curtha i bhfeidhm acu the fine new system that they had implemented
" Ní nach ionadh, mar sin, go raibh ar fhoireann Facebook leithscéal a ghabháil lena n-úsáideoirí ar fad agus an córas breá nua a bhí curtha i bhfeidhm acu a athrú ó bhonn.
córas breá nua the lovely new system
" Ní nach ionadh, mar sin, go raibh ar fhoireann Facebook leithscéal a ghabháil lena n-úsáideoirí ar fad agus an córas breá nua a bhí curtha i bhfeidhm acu a athrú ó bhonn.
radharc breá good view
" Bhí slua mór Éireannach i láthair agus sé nó seacht scáileán teilifíse timpeall an tí sa chaoi is go raibh radharc breá ag gach duine ar an gcluiche.
gur bhreá léi canadh liom. that she would love to sing with me
" Bhuaileas léi blianta sula ndearnamar an taifeadadh agus dúirt sí ansin gur bhreá léi canadh liom.
braithfidh sé breá nádúrtha. it'll feel nice and natural.
" Ach má bhaineann tú triail as ar feadh cúpla nóiméad, braithfidh sé breá nádúrtha.
gur bhreá liom that I would love to
" Ansin, le linn dom a bheith i mbun léirithe ar an tsraith ‘Work Experience’, dúirt mé leis an stiúrthóir Mike Casey lá amháin – agus muid beirt istigh in Abrakebabra – gur bhreá liom clár a dhéanamh faoin nGaeilge am éigin sa todhchaí.
stíl bhreá iriseoireachta a nice journalistic style
" Is iad na buanna is mó atá ag baint leis an saothar seo ná, sa chéad dul síos, go bhfuil na haltanna i mBéarla agus, sa dara dul síos, gur éirigh leis na húdair ar fad stíl bhreá iriseoireachta a chothú ina gcuid scríbhneoireachta agus nár ghéill siad don chathú dul i muinín an bhéarlagair acadúil.
stíl bhreá nádúrtha nice natural style
" Bhí neart flosctha faoin scannán agus bhíothas ag moladh stíl bhreá nádúrtha na n-aisteoirí Irglova agus Hansard.
breá cóngarach nice and close
" Chuirfinn roinnt comhairle ar dhuine atá ag smaoineamh ar dhul ar shaoire sciála: roghnaigh óstán atá suite i lár an bhaile agus atá breá cóngarach do gach rud – na hardaitheoirí sciála, na *gondolas* agus na tithe leanna a mbíonn *après-ski *ar siúl iontu.
díospóireacht bhreá a fine debate
" “Ach déarfaidh mé an méid seo faoi: bhí díospóireacht bhreá ann ar an lá! Tá dlúthbhaint ag an bhfoirgneamh sin le tús an Stáit – bhí banc Shinn Féin lonnaithe istigh ann ag tús na haoise seo caite, cuir i gcás, bhíodh Michael Collins ag feidhmiú as an áit ag tráthanna éagsúla agus rinneadh toghchán na bliana 1918 a phleanáil ansin.
Ba bhreá leis comhluadar a dhéanamh le daoine he loved being in company
" Ba dhuine suáilceach mórchroíoch é a raibh an-ghreann ann – gan trácht ar dhiabhlaíocht! Ba bhreá leis comhluadar a dhéanamh le daoine agus ní iarrfadh sé aon phléisiúr ach a bheith ina shuí i measc cairde sa teach tábhairne, deoch os a chomhair amach.
atá breá ábalta guaille a thabhairt dá chuid naimhde who is well able to tackle his enemies
" Willie O’Dea** (Lánchúlaí ar dheis): Fear atá breá ábalta guaille a thabhairt dá chuid naimhde ach is í cosaint an stáit, murab ionann agus cosaint na cearnóige, atá faoina chúram anois.
chompánach breá seilfe fine shelf companion
" Tá *Ón tSeanam Anall* ina chompánach breá seilfe ag leithéidí *Laochas* le Séamus Ó Searcaigh, *Seanchas na bhFiann* le Niall Ó Dónaill, *Síscéalta ó Thír Chonaill *le Ó hEochaidh, Ní Néill agus Ó Catháin agus *Na Cruacha: Scéalta agus Seanchas* le hÁine Ní Dhíoraí.
an seansaol breá the good old life
" An Kinder Downfall Leis an tréimhse fhada fhuar i Mí Nollag, bhí dóchas againn go mbeadh muid ag filleadh ar 'an seansaol breá'.
go breá scafánta robustly
" Más deacair a thuar ar go maith nó go dona a d'éirigh le Obama go fóill, ámh, níl amhras ar bith ach gur thosaigh sé an rás go breá scafánta.
is breá leo they love to
" Tá na geansaithe acu agus is breá leo iad a chaitheamh.
bhreá fine, lovely
" Is ag deireadh seachtaine na Cincíse a chuirtear tús leis an samhradh agus leis an aimsir bhreá, más fíor.
caoi bhreá good shape
"caoi bhreá curtha air, agus usáidtear é le haghaidh na seirbhísí eaglasta a reachtáiltear ann go laethúil.
breá sásta perfectly happy
" Is é mo bharúil féin go raibh cuid áirithe de mhuintir na tíre seo, is é sin mná céile go leor, breá sásta le toradh an chluiche, ach scéal eile é sin.
breá lovely
" Deacair a chreidiúint gur imigh an duilliúr breá a mhaisigh i rith an tsamhraidh iad agus go bhfuil na duilleoga anois ag lobhadh ina screamh salachair.
cuma an-bhreá grand appearance
" Bhí cuma an-bhreá ar Pháirc an Chnoic, an féar gearr mar ba chóir do chluiche iománaíochta, an dromchla mín agus an fód seasmhach.
breá fine
" Duaiseanna ===== Beidh beirt bhuaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais an leabhar seo: Sé an Saol an Máistir ========== Filíocht Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha Le Gearóid Denvir Cluintear duine san áit nach bhfeictear é, a deir an seanfhocal, agus breis agus deich mbliana tar éis a bháis anabaí tá glór breá láidir soiléir sin Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha le cloisteáil an athuair.
B’ionadh agus ba bhreá liom I was amazed and delighted
" B’ionadh agus ba bhreá liom an réimse leathan cáise atá ar fáil anseo – agus ar chostas réasúnta.
is breá it’s lovely
" Táim an-shásta a bheith anseo dá bhrí sin, ach ar ndóigh, is breá dul ar ais abhaile agus a bheith ann i rith an tSamhraidh ar feadh tamaillín agus i rith na Nollag.
duais bhreá fine prize
" ) Bronnfar an duais bhreá sóláis seo uirthi ina éiric ach beidh cinnidh chrua le glacadh aici.
focail bhreátha fine words
" Mar a thuigimid anois, is beag tionchar a bhí ag an ngníomh, cibé focail bhreátha a bhí ag Taoiseach Bertie Ahern timpeall an ama chéanna faoi riachtanas “Saoránacht Ghníomhach”.
Is breá le love to
" Is breá le lucht leanúna spóirt na hAstráile a mhaíomh go rialta go ngnóthaíonn fir agus mná spóirt na tíre i bhfad níos mó sna comórtais idirnáisiúnta éagsúla ná a mbeifí ag súil leis, nuair a chuirtear san áireamh nach bhfuil ach daonra de 22.
fógra breá mór a fine large notice
" Ag tiomáint trasna na teorann le cairde, thug mé faoi deara go bhfuil fógra breá mór ann anois: "Welcome to Scotland/ Fàilte gu Alba," a deir sé, le brat na hAlban mar chúlra.
ghlór breá fine voice
" Chomh maith lena ghlór breá, tá soiléire agus cruinneas focal go sonrach ag Pádraig sna hamhráin seo.
fógra breá úr fine new sign
" Chonaic mé an fógra breá úr "Fáilte gu Alba" nuair a chuaigh mé thar an teorainn agus mé ar mo bhealach go Baile Chloichrigh, áit a raibh mé ag déanamh cúrsa treoraí siúl sléibhe geimhridh agus bhí mé ag súil go mór le seachtain sna Garbhchríocha.
go breá béasach good-mannerly
" “Arú, éirigh as an chac!” a dúirt Balor go breá béasach, “agus inis an scéal mar atá! Nach é go bhfuiltear ag iarraidh fáil réidh leis an Oireachtas, agus nach bhfuil Foraois na Gaeilge ar na craobhacha!” Agus leis sin, shuigh sé siar agus straois air mar a bheadh ar chollach a raibh pian ina bholg agus ina thóin.
Gealadh Breá faoi things are looking good for
" Is iad na cásanna is gaire do mo chroí iad na healaíona dúchais, agus Oireachtas na Gaeilge, agus na dabhcha séarachais; agus an drámaíocht, dar ndóigh; agus na dabhcha séarachais; agus tithe a bheith saor ó tháillí; agus na dabhcha séarachais …” Gealadh Breá faoi Fhoraois na Gaeilge ================= “Is cuma daoibhse cé mé,” a d’fhreagair an duine anaithnid.
Breá bog anois take it easy now
go breá réidh nice and easy
" D’ainneoin fadhb aitheanta na nua-Naitsithe a bheith sa Ghearmáin, in Oirthear na tíre ach go háirithe, ghlac die Polizei - na póilíní go breá réidh leis gur ar bhithiúnaigh eachtrannacha amháin a bhí an fhreagracht iomlán as na dúnmharuithe brúidiúla seo.
Is breá liom I love
" Is breá liom na radharcanna galánta de na Beanna Boirche i bhfad uaim nó de thuaisceart Aontroma sa treo eile, nó de Bheann Mhadagáin, tírdhreach a cruthaíodh “sula dtáinig blianta nó laetha chun an tsaoil as broinn chian cheoch na haimsire,” mar a scríobh Séamus Mac Grianna faoi Ghaeltacht Thír Chonaill in An Druma Mór.
gloiní uisce breá fuar glasses of lovely cold water
" Tháinig bean áitiúil amach as a teach le gloiní uisce breá fuar do na siúlóirí agus d’ól siad a sáith.
príomhthéama a leabhair bhreá sheanchais the main theme of his lovely folklore book
" B’iad na dúshláin tuisceana seo príomhthéama a leabhair bhreá sheanchais ar an gCailligh Bhéarra, *The Book of the Cailleach: Stories of the Wise-Woman Healer (Cork, 2004)*, áit a ndearna sé mionscagadh ar an gcultúr béil Gaelach.
gur breá léi cuideachta daoine she loves peoples’ company
" Is léir arís mar sin, nach ealaíontóir scoite ón fhíorshaol atá in Julie Feeney, gur breá léi cuideachta daoine.
Ba bhreá leis gar a dhéanamh do dhuine he liked to do someone a good turn
" Ba bhreá leis gar a dhéanamh do dhuine, cuma cé bhí ann”.
Is breá liom I really like
" ‘Uncle Boonmee (who can recall his past lives)’ le Apichatpong ‘Joe’ Weerasethakul (An Téalainn 2010) New Wave Films NW023 ==================== Is breá liom an ‘Joe’ sin i lár baill thuas! Seo an té a thug cineama na Téalainne chuig nideog-phobal, .
ghríosaigh cláracha breátha fine programs (on TG4) encouraged
" Ní foláir nó gur ghríosaigh cláracha breátha TG4 mar gheall ar stair an Chongó an lucht féachana chun tabhairt an athuair fé sheanleabhar cáiliúil Conor Cruise O Brien ó 1962, To Katanga and back: A U.
ar laethanta breátha samhraidh on fine summer days
" Chuala mé trácht ar liathróid shalach go minic fiú amháin ar laethanta breátha samhraidh gan ruainne puití le feiceáil ar bhuatais ná ar gheansaí imreora ar bith.
gur bhreá leis a bheith i gcomhluadar na foirne he really liked being with the team
" Is cuimhin leis “go raibh sé gafa leis an spórt, d’imir sé ar chaighdeán ard agus gur bhreá leis a bheith i gcomhluadar na foirne.
fear breá ina steillebheatha romham a well put together man was there before me
" ” Lá na coinne, chuir an sneachta moill orm, agus nuair a tháinig mé i láthair, bhí fear breá ina steillebheatha romham san oifig, folt dubh gruaige ag sileadh lena dhá ghualainn, culaith éadaigh air a raibh snáth dubh, snáth gorm agus snáth corcra fite fuaite ina chéile tríthe, agus an dá shúil ar bior ina cheann le teann grinn agus beochta.
smaointí breátha fá choinne fine ideas about
" Ar ndóigh, is féidir ceachtar den phéire seo a leanúint ar Twitter, Facebook nó ar Pinterest nó is féidir nuachtlitir a fháil go rialta le smaointí breátha fá choinne dinnéir nó d’ócáidí ar leith atá ag teacht aníos.
meáchan breá folláin 10 gcloch ann weighing a good healthy ten stone
" Bliain is fiche d’aois, 5’11” ar airde agus meáchan breá folláin 10 gcloch ann, ní bheadh a fhios agat ag breathnú ar Simon Metin faoin gcath a chuir sé suas le fanacht ina bheatha.
is breá liom na cuimhneacháin I love the memories awakened
" Cé nach léiríonn an rogha sin leabhair é, is breá liom léamh agus is breá liom na cuimhneacháin a mhúsclaíonn gach leabhar ar an tseilf.
breá fuinniúil go fóill still fit and active
" Tá mé breá fuinniúil go fóill.
féilte breátha pléisiúrtha fine pleasurable festivals
" Bailte móra, ollscoileanna, agus fiú ardscoileanna féin a bhíonn á reáchtáil, agus is féilte breátha pléisiúrtha iad a mbíonn daoine ag súil leo ó cheann ceann na bliana.
Múineann na cláracha breátha seo aige these fine programs of his teach
" With that knowledge, with that sense of the Jews having never had the power of their own national home, how could you not be a Zionist?*” Múineann na cláracha breátha seo aige ceachtanna éagsúla dúinn, ceachtanna mar gheall ar iompar na nGiúdach san Éigipt agus mar gheall ar na foinsí Giúdacha a chruthaigh naimhdeas Wagner dos na Giúdaigh níos déanaí.
Ba bhreá liom mar sin so I loved
" Ba bhreá liom mar sin go raibh deis agam Gaeilge a labhairt le baill CCÉ na hArda i ndiaidh an taispeántas iontach a thug siad ar ardán na seaneaglaise.
Bhreá leat an sásamh a bhain le lascáil na caide i gcoinne na binne you loved the satisfaction of lashing the ball of the gable end
" Bhreá leat an sásamh a bhain le lascáil na caide i gcoinne na binne aige baile cúpla míle babhta.
D’amharc sé ar fholt breá gruaige he looked at E.'s fine head of hair
" D’amharc sé ar fholt breá gruaige Enda agus chonacthas dó go raibh sé ní ba ghile mar fholt ná folt fireann ar bith a chonaic sé lena bheo; agus chonacthas dó go raibh cuid gruaige fionnrua an Taoisigh ní ba shlíoctha agus ní ba réidhe agus ní ba mhínmhothaithí ná folt gruaige ar bith a chonaic sé riamh; gan ribe dá dhlaoi as alt; é gan barrchleite amach ná bunchleite isteach.
den tionscnamh breá seo of this fine project
" Ní foláir nó go mbeidh léargais iontasacha eile le scagadh nuair a fhoilseofar an tarna sraith den tionscnamh breá seo sula bhfad.
ursa bhreá chloiche a fine stone column
" Agus is ann a chonaic mé ursa bhreá chloiche ina seasamh le taobh an bhealaigh.
ba bhreá le Rialtas na Breataine a leithéid the British government would love it so
" Cad é an mheisce a bhí ar Ard-Aighne Thuaisceart Éireann John Larkin nuair a mhol sé gan dul ar aghaidh le fiosrúcháin ar choireanna a tharla le linn na dTrioblóidí? Cinnte, ba bhreá le Rialtas na Breataine a leithéid ar mhaithe le cúrsaí airgid agus ar mhaithe le rúndacht (bhí alt ar an Guardian inné faoin dóigh ar loisc na húdaráis Bhriotanacha cáipéisí a chuirfeadh aiféaltas orthu sular fhág siad na tíortha Afraiceacha a bhain neamhspleáchas amach sna 1960í).
cosa breátha móra atá iontu they’re great big feet
" Tháinig Dinny ar an tsaol seo le dhá chois ar a cholainn, agus cosa breátha móra atá iontu, bail ó Dhia orthu, nó is minic a chuir sé isteach ina chlab mór iad; agus cé gur fhoghlaim Dinny go hóg ina shaol an dóigh le seasamh ar a dhá chois féin, is léir go bhfuil an cumas sin caillte aige anois.
breá séimh a fine pleasant
" Dé Domhnaigh breá séimh a bhí ann, an 24 lá de mhí na Samhna 2013.
scaifte breá daoine bailithe a fine crowd of people
" I ndiaidh aifreann na maidine, bhí scaifte breá daoine bailithe le chéile ag an chrosbhealach, ceol binn na n-éan le cloisteáil mar mhaise ar cheol na cruite.
tá sé breá sócúil it’s nice and comfortable
" Maidir leis an taobh istigh den charr, tá sé breá sócúil agus níl aon easpa slí ann.
Ba bhreá le would like to
" Rás Putin ina Chúlóg ar Each ============= Ba bhreá le Balor dul ar chlár le *Miss Panti*, ach beidh air dul sa scuaine.
is breá leis imirt he loves to play
" Is ball díograiseach é dá chlub agus is breá leis imirt in éineacht leis na cairde atá aige ó bhí sé sa naíonra (naíonra an CLG atá i gceist).