Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag breathnú níos géire looking more sharply
" Thosaigh sé ag breathnú níos géire ar an nádúr agus braitheann sé gur ag an am seo a thosaigh an réamhobair don dráma "Pádraic Ó Conaire".
Breathnaigh ar look at
" Breathnaigh ar bhóithre Bhaile Átha Cliath agus samhlaigh milliún duine ar a dteitheadh siar ag an am céanna agus tuigfidh tú céard tá i gceist agam.
dá ligfimis dóibh breathnú ar na fógraí ar fad if we allowed them to see all the adverts
" dá ligfimis dóibh breathnú ar na fógraí ar fad bheadh muid bodhraithe ceart ag na leaids ó mhaidin go hoíche.
Go mbreathnófaí ar an nGaeilge that Irish be looked upon
" Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge? Go mbreathnófaí ar an nGaeilge mar theanga bheo, go samhlófaí craic agus siamsaíocht léi, go mbeadh deiseanna ag gach aoisghrúpa a rogha rud a dhéanamh trí mheán na Gaeilge ina gceantar féin.
breathnú to look
" Is beag nach gcuirfeadh Howard de Valera i gcuimhne dhuit - ní gá dó ach breathnú isteach ina chroí féin le meon na ndaoine a thuiscint.
a bhreathnaíodh cam air who looked crookedly at him
" Smaoinigh sé ar gheábhanna eile nuair nach raibh cos aige le cur faoi de bharr craiceáil óil, ach an t-am úd bhídís aige i gcónaí an lá dár gcionn nuair a dhúisíodh sé réidh le rith te reatha agus fogha a thabhairt faoi éinne a bhreathnaíodh cam air.
bhíos ag breathnú ar I was watching
" An lá roimh an dráma bhíos ag breathnú ar chluiche iontach iomána idir Tiobraid Árann agus Cill Chainnigh a bhí á chraoladh beo ar TG4.
D'fhéadfá breathnú air seo you could look at this
" D'fhéadfá breathnú air seo mar láidreacht nó mar laige!" Beidh bliain mhór eile ag Bríd agus Pierce i 2004 mar go bhfuil siad ag súil le breith an dara duine clainne i mí Eanáir.
ag breathnú níos faide ná sin looking further than that
" Tá TG4 tábhachtach dúinn mar is craoltóir an-tábhachtach in Éirinn iad, ach tá muid ag breathnú níos faide ná sin, chun nach mbeimid ag brath céad faoin gcéad ar TG4 ná ar aon stáisiún amháin.
breathnaítear ar bhanaltraí nurses are regarded as
" "Sa bhaile sna hOileáin Fhilipíneacha breathnaítear ar bhanaltraí mar oibrithe uaisle, mar gheall ar na cúraimí troma a bhíonn orainn agus an aire a thugann muid do na hothair.
go mbreathnaítear orainn that we are regarded
" Sin ráite, sílim go mbreathnaítear orainn mar "ghlúin nua" sa mhéid is nár shealbhaigh muid an traidisiún beo ar an teallach agus gur faoi scáth an Ghaelacadaimh a shealbhaigh muid na hamhráin, agus an traidisiún dá réir.
a mbreathnaítear orthu mar which are regarded as
" Is díol suntais é go bhfuil go leor postanna a mbreathnaítear orthu mar “na postanna is fearr dá bhfuil ann” íseal go maith sa liosta – imreoir cispheile de chuid an NBA (#205), imreoir peile de chuid an NFL (#211), aisteoir (#218), agus Uachtarán Stát Aontaithe Mheiriceá (#229).
ag breathnú looking
" Lean Cathal air ag breathnú ar an mbleachtaire.
ag breathnú uirthi watching it
" Ní raibh duine ar bith ag breathnú uirthi ar aon chaoi.
ní gá ach breathnú ar an tslí a ndeachaigh an caighdeán Gaeilge sna scoileanna ar gcúl one only has to look at how the standard of Irish went down in schools
" Ainneoin ráiteas an Uasail Burke - ar chainteoir breá Gaeilge é, dála Enda Kenny féin - go raibh an dá chinneadh thuasluaite bunaithe, “on respect for and promotion of the Irish language”, ní gá ach breathnú ar an tslí a ndeachaigh an caighdeán Gaeilge sna scoileanna ar gcúl le linn na seachtóidí agus na n-ochtóidí le haithint gur a mhalairt a tharla.
á bhreathnú go grinn watching him carefully
" Pawcasso agus a Ré Chrúbach? ======= Má tá tú den bharúil go bhfuil buanna speisialta ag do pheata féin, ba chóir duit roinnt ama a chaitheamh á bhreathnú go grinn le feiceáil an bhfuil na tréithe seo a leanas aige: an ndéanann do chat machnamh ar na marcanna a fhágann sé ina dhiaidh ar a thráidire dramhaíola? an bhfágann sé marcanna ar na ballaí leis na gráinníní dramhaíola atá greamaithe dá chrúba? an scríobann sé ar phíosa troscáin go leanúnach san áit chéanna amhail is dá mbeadh sé ag forbairt saothair? an maith leis a bheith ag amharc ar an teilifis agus an aithníonn sé ainmhithe eile ar an scáileán? Más féidir leat freagra dearfach a thabhairt ar an chuid is mó de na ceisteanna thuas, agus má tá tú go fóill in amhras faoi chumas ealaíne do chait, thig leat triail bheag a chur air a d’fhorbair síceolaithe MONPA, a bhaineann úsáid as ocht gcárta dhéag agus léaráidí orthu.
ní gá ach breathnú ar an tslí a ndeachaigh an caighdeán Gaeilge sna scoileanna ar gcúl one only has to look at how the standard of Irish went down in schools
" Ainneoin ráiteas an Uasail Burke - ar chainteoir breá Gaeilge é, dála Enda Kenny féin - go raibh an dá chinneadh thuasluaite bunaithe, “on respect for and promotion of the Irish language”, ní gá ach breathnú ar an tslí a ndeachaigh an caighdeán Gaeilge sna scoileanna ar gcúl le linn na seachtóidí agus na n-ochtóidí le haithint gur a mhalairt a tharla.
breathnú observation
" Tá an breathnú seo ann faoi na Briotanaigh: “Ní bhaineann an marcshlua úsáid as claimhte, agus ní théann na Briotanaigh ainniseacha ar mhuin capaill le gathanna a chaitheamh.
breathnú observation
" Tá an breathnú seo ann faoi na Briotanaigh: “Ní bhaineann an marcshlua úsáid as claimhte, agus ní théann na Briotanaigh ainniseacha ar mhuin capaill le gathanna a chaitheamh.
Níorbh fhiú deich dtriuf é le breathnú air. It wasn't worth looking at.
" * Gluais • Glossary neascóidboil bioránachsprat brachpus logindent Níorbh fhiú deich dtriuf é le breathnú air.
ag breathnú air looking at it
" Athraíonn an clár féin ar bhealach nádúrtha, agus is dócha go mbíonn daoine ag breathnú air go bhfeicfidh siad céard a tharlóidh an tseachtain seo.
breathnú ar dhul faoi na gréine to look at the sunset
" Bhí sé chomh speisialta a bheith in ann breathnú ar dhul faoi na gréine agus na céadta míle réalta a fheiceáil sa spéir.
breathnóidh siad ar they will look at
" San athbhliain, suífidh siad síos le chéile agus breathnóidh siad ar an staid ina bhfuil siad féin agus na foirne eile.
breathnaíodh air it was regarded
" Thar scór bliain nó mar sin, d’fhás an cluiche go mór, agus breathnaíodh air, diaidh ar ndiaidh, mar an cluiche ba dhual do Mheiriceánaigh – ar an dóigh chéanna, b’fhéidir, a ceanglaíodh an iománaíocht le hÉirinn um an taca céanna.
ag breathnú amach looking out
" Bhí tógáil sórt idéalach againn ar bhealach – bhí muid inár gcónaí ar oileán ar chósta thiar na hÉireann, trá os comhair an tí, trá ar chúl an tí, agus muid ag breathnú amach ar Oileáin Árann.
mar a bhreathnaíonn muid sna pictiúirí as we look in the photographs
" An mbreathnaíonn sibh oraibh féin mar sin?!***SD: Ní bhreathnaíonn muid mar a bhreathnaíonn muid sna pictiúirí sin chuile lá! Bhí baint an-mhór ag “Mac Make-Up” leis sin!Tuilleadh eolais:www.
ag breathnú siar air looking back at it
" Is dóigh, ag breathnú siar air, dá mbeadh a fhios againn an uair sin an méid atá a fhios againn anois, b’fhéidir go bhfanfadh muid bliain eile.
breathnú ar to look at
" Is dóigh go raibh an-mhisneach againn nuair a chreid muid dá bhféadfaimis áiteamh ar dhaoine, bídís ina n-iriseoirí nó bídís ina mbaill den phobal, breathnú ar na cláracha sula dtabharfaidís breithiúnas, go n-éireodh linn.
ag breathnú ar na rudaí áille looking at the beautiful things
" Chaith mé féin agus mo chara Sophia maidin i margadh na dturasóirí i Livingstone, ag breathnú ar na rudaí áille a bhí ar díol ann.
breathnaítear ar na focail sin those words are looked upon
" Déantar trácht i Meiriceá ar “The Holidays” agus uaireanta breathnaítear ar na focail sin mar chinn a úsáidtear chun "Christmas" a sheachaint, ach is éard atá i gceist ag daoine ná "Lá Altaithe agus Lá Nollag".
ag breathnú ar looking at
" Ag leanacht na díospóireachta dom, b’iomaí uair a cheap mé go raibh mé ag breathnú ar chlár de chuid *Monty Python’s Flying Circus*.
ag breathnú air. watching it.
" Bhí seanfhear ina shuí ag an gcuntar ag breathnú air.
go mbreathnódh daoine air seo mar ghéilleadh, that people would look at this as surrender,
" Is cosúil go bhfuil a fhios go maith aige go mbreathnódh daoine air seo mar ghéilleadh, go háirithe agus an Iaráin ainmnithe aige san “axis of evil”.
ag breathnú ar mhíreanna looking at excerpts
" Bhíos suite le mo dheartháir inné os comhair an ríomhaire ag breathnú ar mhíreanna ar YouTube de AC/DC, Booker T & The MGS, Charles Mingus, Art Blakely agus go leor eile nach iad.
ag breathnú ar a chuid pictiúr. looking at his pictures.
" Nuair atá an t-ealaíontóir ar an anás agus ag fulaingt cruatain, sin an rud a fheictear go soiléir glé ina shaothar agus is é an t-ionracas lom neamheaglach seo an tréith is mó a théann i bhfeidhm ort agus tú ag breathnú ar a chuid pictiúr.
go mbreathnaím orm féin mar amhránaí that I look at myself as a singer
" Is dócha go mbreathnaím orm féin mar amhránaí na laethanta seo níos mó.
gan breathnú ar na cimí not to look at the prisoners
" ” Sa bhforhalla dúradh linn gan breathnú ar na cimí ná gan iarracht a dhéanamh labhairt leo.
Bhreathnaíodar orainn go hamhrasach they looked at us suspiciously
" " Bhreathnaíodar orainn go hamhrasach agus bhuaileadar ar aghaidh.
théis tamaillín a chaitheamh ag breathnú air. having looked at it for a little while.
" *No*, ní maith liom an pinc théis tamaillín a chaitheamh ag breathnú air.
Breathnaíonn sé go cúramach he looks carefully
"Breathnaíonn sé go cúramach ar theaghlach Ger atá suite chun tosaigh san eaglais.
ag breathnú ar éinín beag looking at a little bird
" Níos déanaí dúradh liom go raibh an slua lasmuigh ag breathnú ar éinín beag ar bharr na heaglaise, ag pleidhcíocht, ag poc-léimnigh, ag lorg airde mar a bheadh Ger.
breathnú ar an bhfíseán to look at the video
" Agus is fiú go mór breathnú ar an bhfíseán “Bracken finally falls” atá le fáil ar shuíomh MySpace an ghrúpa! *Suíomh: **www.
ag breathnú ar an tubaiste a bhain dóibh looking at the disaster that befell them
" Bainfidh páirtí Gerry Adams sólás as macallaí sin na staire agus iad ag breathnú ar an tubaiste a bhain dóibh ar an 24 Bealtaine.
ag breathnú ar watching
" Mearbhall na nAstrálach An raibh aon duine ón Astráil i Staid Semple nó i bPáirc an Chrócaigh nó i bPáirc Uí Mhórdha le déanaí, meas tú? Nó b’fhéidir go raibh siad i dteach tábhairne san Astráil ag breathnú ar *The Sunday Game *ar Setanta Sports?Má bhí, céard a shíl siad den chluiche, meas tú? An raibh siad magadh faoi na Gaeil agus iad ag troid lena chéile ar pháirceanna na tíre? B’fhéidir go raibh siad ag smaoineamh ar na gearáin agus na clamhsáin a rinne muintir na hÉireann faoi thaicticí garbha, brúidiúla na nAstrálach i bPáirc an Chrócaigh tráth na gcluichí a d’imrítí faoi rialacha idirnáisiúnta.
Breathnaím ar an bpróiseas ina iomláine, I look at the process in its entirety,
" Breathnaím ar an bpróiseas ina iomláine, ní ar na huaireanta atá á gcaitheamh agam.
ag breathnú ar an seó. watching the show.
" Go!” Ba rud nua é seo do chuid mhaith daoine eile freisin a bhí ina seasamh thart ag breathnú ar an seó.
ag breathnú ar chraoladh beo na gcluichí looking at the live broadcast of the games
" Caithfidh sé go bhfuil dúil ag Dia sna cluichí Gaelacha! An té a bhí ag breathnú ar chraoladh beo na gcluichí ar an teilifís cheapfadh sé go raibh an aimsir go breá fiú agus an bháisteach throm ag titim, a bhuíochas sin don teicneolaíocht teilifíse agus do dhea-chuma Pháirc an Chrócaigh i mbliana.
ag breathnú air looking at him
" Agus é mar aoi ar an “Late Late Show” ag deireadh na n-ochtóidí, dúirt an fear grinn Lenny Henry le Gay Byrne gur bhraith sé go raibh gach duine ag breathnú air agus é ag siúl ar Shráid Grafton le linn a chuairte ar Éirinn.
go mbreathnaítear ar an gCaitliceachas that Catholicism is regarded
" Ach léiríonn scéal an tSaícigh go mbreathnaítear ar an gCaitliceachas mar an *norm* go fóill agus ar chuile rud eile mar imeacht ón *norm* sin.
Níor breathnaíodh ar an cheantar the area wasn't looked at
" Níor breathnaíodh ar an cheantar mar limistéar geografaíochta a dtiocfaí leas a bhaint as ach mar dhún creidimh/polaitíochta ab éigean a chosaint.
le mbeidís in ann breathnú amach ar éirí na gréine, so they would be able to look out over sunrise,
" Shocraigh Tauhara agus Putauaki go rachaidís i dtreo na farraige le mbeidís in ann breathnú amach ar éirí na gréine, ach b'éigean dóibh bogadh in aon oíche amháin.
ag breathnú ar chluiche mór looking at a big game
" Bhí dhá nó trí chéad iar-mhac léinn de chuid Ollscoil Wisconsin ag breathnú ar chluiche mór ar ollscáileán.
ag breathnú ar an radharc seo go searbhasach looking at this sight sarcastically
" Shílfeá go seasfainnse ar leataobh ag breathnú ar an radharc seo go searbhasach – ach bhíos i lár baill ag canadh leo, gan de cheangal agam féin leis an ollscoil ach gur chaith mé seimeastar ag teagasc inti! Éirí na n-íochtaránThosaigh an séasúr i mbliana le dhá dhroch-thuairt d'ollscoileanna móra.
ag breathnú ar pé clár is maith leo looking at whatever programme they like
" Beidh an lucht féachana ag breathnú ar pé clár is maith leo ag pé am is mian leo.
ag breathnú ar na haíonna looking at the guests
" Chaith mé an lá ag dul isteach agus amach as an stiúideo, ag breathnú ar na haíonna agus smideadh á chur orthu.
ag breathnú ar looking at
" Tá muid ag breathnú ar amaidíocht Jack Black sa scannán *The School of Rock *agus é ag tógáil scaifte páistí scoile chuig comórtas chath na mbannaí.
ní féidir liom breathnú ar chorp eile. I can't look at another body
" An t-aon rud a rith liom ná ‘ní féidir liom breathnú ar chorp eile.
Is gá breathnú orthu one must look at them
" Is gá breathnú orthu lena n-áilleacht a thuiscint.
Breathnaítear ar Clinton mar ghliceadóir, Clinton is viewed as being shrewd, wily
" Breathnaítear ar Clinton mar ghliceadóir, ach glactar leis go bhfuil taithí fhorleathan aici ó thaobh chúrsaí polaitíochta de.
ag breathnú ar an gcur chuige a bhí acu, looking at the approach that they had
" Bhain mé an-chuid taitnimh as a bheith ag breathnú ar an gcur chuige a bhí acu, an modh oibre a bhí acu agus iad i mbun a gceoil, an chaoi ar bhain siad úsáid as a méara agus an chaoi a raibh siad in ann a nguthanna a théamh agus a chur in oiriúint don cheol.
Ag breathnú siar looking back
" Ag breathnú siar ar dtús, is beag Éireannach ná foireann Éireannach – cé is moite d’eisceacht shuntasach nó dhó – ar éirigh leo dul chun cinn a dhéanamh in 2007.
Ag breathnú chun cinn, looking ahead
" Ag breathnú chun cinn, tá sé deacair a rá cén chaoi a mbeidh cúrsaí in 2008.
ag breathnú ar na puipéid. looking at the puppets.
" Ba é *Stair na hÉireann –* *Cineál!* an seó a bhí á léiriú acu, agus ba rud iontach é aghaidh na bpáistí a fheiceáil agus iad ag breathnú ar na puipéid.
ag breathnú watching
" Smaoiním ar na tithe sin agus mé ag breathnú ar shraitheanna teilifíse mar “The X-Factor” agus “You're a Star”.
atá ag breathnú ort. who are looking at you
" Agus tú ar an teilifís, ní bhíonn a fhios agat cé hiad na daoine atá ag breathnú ort.
is é an dóigh a mbreathnaím ar chúrsaí the way I look at things
" Ach is é an dóigh a mbreathnaím ar chúrsaí ná go ndéanfaidh mé an obair seo ar fad ar feadh roinnt mhaith blianta.
ag breathnú ar na sluaite ag dul thar bhráid. looking at the crowds going by
" Tá cearnóg an bhaile ar nós ollchaife mhóir amháin! Tá rogha an-leathan bialann agus caifí sa chearnóg; thig leat suí lasmuigh díobh ag ól caife, beoir bhreá láidir nó Pepsi agus tú ag breathnú ar na sluaite ag dul thar bhráid.
ag breathnú orthu ar a scáileáin leathana. looking at them on their widescreens
" Ach is trua é gur baolach go mbeidh lucht leanúna spóirt na tíre seo ina suí ar a dtóineanna ramhara ag breathnú orthu ar a scáileáin leathana.
Bhreathnaíomar ar we looked at
" Bhreathnaíomar ar na Fordanna, na Dodgeanna, na Chevyanna, na Cadillacanna, na Buickanna, agus na Chrysleranna, agus níor fheil oiread is ceann amháin dúinn.
breathnú looking
" Imirt an Ama Pé scéal é, is ag breathnú isteach i gcupán plaisteach caife a bhí mé nuair a rith sé liom: Cén uair nach nglaofar a thuilleadh ‘Bríd Óg’ ar Bhríd Óg Ní Bhuachalla.
breathnaítear air it's viewed
" An gabháltas talún, a choinnigh greim le béal na nglúnta san am a caitheadh, breathnaítear air anois mar shuíomhanna ar a bhféadfaí tithe a thógáil, más féidir bealach timpeall ar an gcóras pleanála a aimsiú.
breathnú ar to look at
" Cneas le cneas gan tairbhe as Téann sé dian orainn breathnú ar an mbearna dolíonta eatarthu.
Breathnaigh Welsh
" Mheas sí go misneodh sé na hAlbanaigh agus na Breathnaigh a bheadh ag iarraidh rialtas dá gcuid féin, ach chreid sí gur thábhachtaí cúrsaí slándála agus an bua a fháil ar an IRA.
breathnú looking
" Má tá tú buíoch as an gcomhairle seo ó Alan féin agus má bhíonn fonn ort tús a chur le do chuid margaíochta gan aon agó, is fiú breathnú ar Toddle.
i mbreathnú in watching
" Anuas den díon leis an mbeirt ansin, bia, alcól agus sóláisti eile á mbailiú acu ón gcuisneoir don gcampáil éigiallta amuigh! Níl in aon ní ach seal Ach is i mbreathnú agus in éabhlú an chaidrimh idir Roman agus Maru is fearr a leagann Neranjo lorg sainiúil a láimhe ar ‘I’m Going to Explode’.
breathnú ar look on, regard as
" An dtig géilleadh do phrionsabail de réir mar a athraíonn cúrsaí geilleagair? B’fhíor don Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, nuair a thug sé le fios i mbliana nár cheart breathnú ar an tacaíocht atá de dhíth ar an Ghaeilge mar ábhar roghnach breise: “Is buanchearta iad cearta teanga; ní lamháltais ná pribhléidí iad a thugtar le linn aimsir na flúirse.
breathnú looking
" B’ait go rabhas ag breathnú ar theachtaireacht dea-mhéine Ken Loach agus Eric Cantona ar an scáileán i Sydney ag tabhairt le fios nach mbeidís i láthair toisc gur seoladh domhanda tríchosach a gheobhadh an scannán seo i Manchain, Londain agus i mBleá Cliath sa tseachtain chéanna.
ag breathnú looking
" Ní raibh baol ar bith go raibh fear gnó le suí siar ag breathnú ar an cúlchiste brabaigh á ídiú le gach eagrán.
breathnú look
" Anois go bhfuil fás rábach casadh an chéid fuar san uaigh, is ceart agus is cóir dúinne, d’aos óg na tíre, breathnú siar ar an saol splancúil úd.
breathnú ar look at, observe
" Aisteach le rá, ní ar shaoire ó thuaidh atá dreamanna áirithe eachtrannach abhus ag smaoineamh, ach ar thuras siar go lár na tíre le breathnú ar fheiniméin nádúrtha annamha a thiteann amach an t-am seo bliana: glasú an láir agus líonadh Loch Eyre.
Bhreathnaigh looked
breathnú looking
" Táim i mo shuí i gcistin duine eile, i gcontae duine eile ag breathnú amach ar thírdhreach a bhíos uaireanta fliuch, uaireanta fiáin, uaireanta geal, uaireanta glas ach i gcónaí neamhaithnid.
breathnaigh look
bhreathnóidh looks
" An té a bhreathnóidh na seantuairiscí seo, cuirfidh sé eolas ar a shinseanmháthair nó ar a shinsinseanathair! Beidh a fhios cén aois a bhí ag na daoine seo, nó cén cineál tí a raibh cónaí orthu ann.
breathnú looking
" (SMM ag breathnú buartha)BNC: - Ag magadh fúm a bhí sé, muise, go raibh maith a’t.
breathnú air looking at him
" htm) Rud amháin a dúirt duine éicint a bhí ag plé le preas, go mba chóir go mbeadh m’ainm i mBéarla, go mbeadh sé níos éasca, agus is cuimhneach liom breathnú air.
Bhreathnaigh mé I looked
" Bhreathnaigh mé air agus bhí mé ag iarraidh a dhéanamh amach céard a bhí i gceist aige.
breathnú ar look at
" Ní gá ach breathnú ar leathanach Facebook Futa Fata agus feicfidh tú go bhfuil siad ag cothú pobail, ach ní dóigh liom gur ar phobal custaiméaraí is abhcóidí branda a bhí an tOireachtas ag smaoineamh nuair a chum siad an critéir ‘cothú pobail’! Níl sé soiléir cé leis a mbeadh an blag seo in iomaíocht (níl mórán soiléir ar shuíomh an Oireachtais, ach tuilleadh faoi sin ar ball) mar a thuigimse é le duais €1,000.
breathnaíonn looks
" Tógtar scáileáin mhóra acu agus breathnaíonn gach éinne ar an rás mór in Melbourne, a thosaíonn ag a trí a chloig agus a mhaireann beagán os cionn trí nóiméad.
breathnú look after
" Sna hochtóidí, gan choinne, thosaigh na sluaite mór-rón á gcaitheamh féin aníos ar na lamairní ag déanamh bolg-le-gréin, agus ó shin i leith tá na sluaite turasóirí tagtha ina ndiaidh chun breathnú orthu.
breathnú anuas looking down
" Anois tá tú ar an arrachtach ollmhór, ag breathnú anuas ar an domhan.
breathnú amach looking outwards
" In áit a bheith ag breathnú amach, is minic ag breathnú isteach sinn.
breathnú to look
" An rud is measa uilig ná go bhfuil sé ráite ann go ndéanfar Údarás na Gaeilge de Údarás na Gaeltachta agus gur mar áisíneacht náisiúnta Ghaeilge a bhéas sé ag feidhmiú, agus beidh an cúram air breathnú i ndiaidh cúrsaí Gaeilge ar fud an stáit! Dochreidte Is deacair é seo a chreidiúint: tá sé ar intinn an Rialtais eagraíocht Ghaeilge a dhéanamh den aon fhoras stáit atá ann, a bhfuil fócas Ghaeltachta aige.
breathnú to look
" Bradán Beatha an Bhronco === Ar cheann de na focail is minice a luaitear i dtaobh Maradona is ea bronco agus ní miste breathnú níos doimhne ar a bhfuil i gceist leis an bhfocal seo i gcaint Spainnis na hAirgintíne, arae tugann sé léargas an-mhaith dúinn ar an cineál duine atá i Maradona.
breathnú looking
" Céard iad na réimsí inar éirigh go maith leis an Lucht Oibre agus céard iad na réimsí inar theip orthu? Is fiú breathnú ar na hathruithe móra a tháinig ar an Bhreatain idir 1997 agus 2010.
Breathnaím I look
" Breathnaím ar chluais mo linbh agus samhlaím m’amhrán ag dul isteach ina chluais.
breathnaítear it’s seen
" Cé go bhfuil corrdhuine ann fós féin a theilgfeas pacáistiú folamh milséain, brioscáin, nó fiú níos measa, amach ar fhuinneog an chairr, breathnaítear go forleathan anois air mar ghníomh mímhúinte amach is amach.
ag breathnú looking
" Is beag teilifís bheo a fheicim na laethanta seo agus fiú roimh seoladh Apple TV bhí mé ag breathnú ar a leitheid Boxee.
ag breathnú looking
" Ar ndóigh, tá lucht na tolglainne go léir ag breathnú ar an argóint, cuid acu ag gáirí, cuid acu agus an dreach dáiríre orthu.
Breathnaím I look
" Idir seo agus eile, ardaíonn sé an cheist "cá bhfuil na polaiteoirí?" Breathnaím suas ó mo ríomhaire agus feicim na tráchtairí in ard a gcinn in aghaidh a chéile ar an teilifís go fóill, ach má tá, cá bhfuil na polaiteoirí?