Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Bhíodh brí bhreise ina choiscéim There would be an extra spring in his step
" Bhíodh brí bhreise ina choiscéim ag dul chuig an doras nuair a chloiseadh sé guthanna gasúr.
le hinfheistíocht bhreise a mhealladh to attract extra investment
" Seo sampla iontach de dhream Éireannach a dhein iomaíocht le hinfheistíocht bhreise a mhealladh go hÉirinn; léiríodar go bhféadfaidís airgead an chomhlachta a shábháil trí ionad nua a bhunú sa Spidéal seachas é a lonnú i Meiriceá.
acmhainní breise extra resources
" Ach i Ráth Caola tá go leor acmhainní breise (múinteoirí breise san áireamh) curtha ar fáil agus, de réir na n-oideachasóirí gairmiúla, níl argóint na n-agóidithe go bhfuil cuid oideachais páistí eile ag fulaingt slán.
breise extra
" Níor leor leo na cluichí breise a bhí socraithe roimh ré.
ranna breise extra sections
" Dá bharr sin, cuireadh ranna breise leis an tseirbhís: Nuacht Áitiúil, Fostaíocht, Leabhair agus Irisí, mar aon le leathanaigh ar leith chun torthaí An Oireachtais, Ghlór na nGael, Slógadh srl.
íocaíocht bhreise extra payment
" Ní bhfaighidh tú an íocaíocht bhreise agus íocfaidh tú cáin ar an bpríomhshuim agus ar an ús.
brú breise extra pressure
" Níl ach leath den pharóiste sa Ghaeltacht Oifigiúil de réir na dteorainneacha atá leagtha amach, rud a chuireann brú breise ar an cheantar.
vótóirí breise extra voters
" Ach an meallfadh an lánúin seo, an SDLP agus Fianna Fáil, vótóirí breise ó thuaidh? Ní dócha go meallfadh.
peirspictíocht bhreise an extra perspective
" Ba chuimhneach liom gach giobóg eolais a bhain mé as altanna FitzGibbon, agus fuair mé peirspictíocht bhreise ar an scéal ansin.
pluid bhreise an extra blanket
" Cuireann Éireannaigh pluid bhreise ar an leaba.
cumhachtaí breise extra powers
" Tar éis brú idirnáisiúnta ar an Indinéis, cuireadh reachtaíocht nua i bhfeidhm a thugann cumhachtaí breise don rialtas maidir le daoine a bhfuil sceimhlitheoireacht curtha ina leith.
guth breise extra voice
" De bharr go bhfuil cúigear againn ann bhí guth breise againn le rud éicint breise a dhéanamh seachas an ceithre nóta sa ghléas, chun líonadh isteach mar uirlis cheoil.
in am breise in extra time
" Cheana féin i mbliana ba chóir go mbuafadh Áth Cliath Craobh Laighean faoi 21 i gcoinne Loch Garman ach chaill siad an cluiche in am breise agus cuid mhaith den mhilleán orthu féin.
Páirteanna breise spare parts
" "Páirteanna breise agus a leithéid atá i gceist.
a tholl poill bhreise which bored extra holes
" Lig sé scread sceonmhar péine as a tholl poill bhreise i ngach cluas dá raibh i láthair.
gníomhaíochtaí breise extra activities
" Thiocfadh leat a rá go bhfuil Robert Ballagh, a shaothar agus go leor de na gníomhaíochtaí breise a bhfuil lámh aige iontu ag troid in éadan na héiginneachta agus an claonadh a bheith leithscéalach a mhothaigh Louis Cullen.
minicíocht bhreise extra frequency
" D'iarr siad minicíocht bhreise ar an rialtas ach ní bhfuair siad í.
costais bhreise extra costs
" Sin méadú ón chúigear a bhí againn don nuachtán seachtainiúil suas go dtí deireadh mhí an Aibreáin 2003, agus tá na costais bhreise an-dian orainn.
agus a dhéanfaidh baill bhreise a earcú and which will recruit extra members
" Tarlóidh, áfach, má leanann Rialtas Mheiriceá ar aghaidh ag cur polasaithe i bhfeidhm a ghríosfaidh Moslamaigh an domhain agus a dhéanfaidh baill bhreise a earcú do leithéidí Al- Qaeda.
cumhachtaí breise extra powers
" Thug an tAcht cumhachtaí breise do na húdaráis áitiúla leis seo a dhéanamh ach níor chuir sé aon dualgas orthu a leithéid a chomhlíonadh.
minicíocht bhreise extra frequency
" D'iarr siad minicíocht bhreise ar an rialtas ach ní bhfuair siad í.
forbairt bhreise additional development
" " Mothaíonn sé go bhfuil áit straitéiseach aimsithe ag an gcomhlacht, áit éigin idir Bostún agus Beirlín, rud a chabhrós leo forbairt bhreise a dhéanamh amach anseo.
gan aon chostas breise without any extra cost
" Beidh úsáideoirí na bpacáistí sin in ann an Paca Comhéadain Teanga speisialta a íoslódáil ón idirlíon agus a chur ag obair gan aon chostas breise.
costas breise extra cost
" Nuair atá ceamara digiteach á roghnú, is fiú i gcónaí a chinntiú cé chomh mór is atá an cárta a thagann leis mar, má tá sé ró-bheag, beidh costas breise ag baint le cárta níos oiriúnaí a cheannach.
a lán custaiméirí breise a lot more customers
" Bhí RTÉ ábalta an *graffiti *a sheachaint, buíochas do Dhia, agus mar gheall ar an sárjab a rinne Jimmy Taig mar threoraí bhí píosa breá faoinár gcúrsa ar an teilifis agus fuair muid a lán custaiméirí breise dá bharr.
bhrabús breise extra profit
" De ghnáth, nuair a ardaíonn praghas na hola go suntasach, cuireann na comhlachtaí ola cuid den bhrabús breise ar leataobh le caitheamh ar fhoinsí nua ola a chuartú.
am breise extra time
" Maidir le cluichí iomána agus peile a chríochnaíonn ar comhscór, mholfainn go n-imreofaí am breise an chéad uair a tharlaíonn sé seachas athimirt a bheith ann.
gan cúnamh breise without extra help
" I gcomhthéacs na hiomána, caithfidh mé a admháil go bhfuil roinnt díomá orm nár bheartaigh an grúpa staidéir ach moladh beag amháin a dhéanamh agus is é sin go dtuillfeadh poc sleasa a chuirfí thar an trasnán gan cúnamh breise ó éinne den fhoireann chéanna cúilín breise.
cúilín breise an extra point
" Is túisce a bhronnfainn an cúilín breise ar an imreoir a aimsíonn an scór faoi na cúinsí sin ná i gcás poc saor ón talamh.
ualach breise an extra burden
" "Cuireann sé ualach breise ar an ollscoil, gan dabht.
trí litir bhreise three extra letters
" Ansin, tar éis lánstad, bhí cead acu trí litir bhreise a úsáid chun insint don chóras oibriúcháin cén fhormáid comhaid a bhí i gceist.
gníomh breise an extra act
" Dráma dhá gníomh atá ann ach scríobh duine dár múinteoirí, Cecilia McDaid, gníomh breise, ceann a bhí fóirsteanach d’fhoghlaimeoirí úra, mar sin, bhí daoine éagsúla, idir pháistí agus dhaoine fásta, ón bhun-, mheán- agus ardrang ábalta páirt a ghlacadh sa dráma.
srianta breise extra curbs
" Ach ní léir go bhfuil an toil pholaitiúil ann aon ní a ghéilleadh do na meáin, gan srianta breise a chur orthu maidir le sárú príobháide.
breise extra
" ” “Tríd agus tríd, tuigimse ón gceangal atá agam le heagraíochtaí Stáit go dtuigeann siad go mbeidh costas áirithe breise ag baint le seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge, chomh maith le Béarla, ach suimeanna réasúnta beaga a bheidh i gceist.
daoine breise a fhostú to employ extra people
" Táimid dóchasach go bhfásfaidh an comhlacht de réir a chéile agus go mbeidh sé ar ár gcumas daoine breise a fhostú go lánaimseartha.
daoine breise a fhostú to employ extra people
" Táimid dóchasach go bhfásfaidh an comhlacht de réir a chéile agus go mbeidh sé ar ár gcumas daoine breise a fhostú go lánaimseartha.
seachas múinteoir breise a fhostú instead of employing an extra teacher
" Mar sin, tá sé go mór chun leasa scoile go mbeadh múinteoirí atá fostaithe ag an scoil ag múineadh cúpla ábhar difriúil, seachas múinteoir breise a fhostú.
seachas múinteoir breise a fhostú instead of employing an extra teacher
" Mar sin, tá sé go mór chun leasa scoile go mbeadh múinteoirí atá fostaithe ag an scoil ag múineadh cúpla ábhar difriúil, seachas múinteoir breise a fhostú.
géin bhreise an extra gene
" 9 milliún), cuireadh géin bhreise ó phónairí le piseanna lena gcosaint ó fheithidí.
reachtaíocht bhreise éigeandála extra emergency legislation
" Mar sin féin, níl aon dabht ach gurb é uafás an phobail i leith bhuamáil na hÓmaí a chuir ar chumas na n-údarás reachtaíocht bhreise éigeandála a chur i bhfeidhm a úsáideadh le deireadh a chur leis an Real IRA.
reachtaíocht bhreise éigeandála extra emergency legislation
" Mar sin féin, níl aon dabht ach gurb é uafás an phobail i leith bhuamáil na hÓmaí a chuir ar chumas na n-údarás reachtaíocht bhreise éigeandála a chur i bhfeidhm a úsáideadh le deireadh a chur leis an Real IRA.
costais bhreise extra expenses
" Beidh tuarastal de bhreis is $20,000 (€12,500) sa mí acu agus costais bhreise i gcomhair taistil ar fud an toghlaigh.
dúshláin bhreise extra challenges
" Glactar leis go mbíonn dúshláin bhreise le sárú acu seo – easpa téacsleabhar cuí ach go háirithe – agus is minic nach mbíonn na hiarrthóirí go hiomlán ar a suaimhneas leis an teanga.
leithscéal breise an extra excuse
" Faoi láthair, agus an DUP ag diúltú cumhacht a roinnt le Sinn Féin, is deacair a shamhlú go gceadódh ceannairí ghluaiseacht na poblachta d’aon ní tarlú a thabharfadh leithscéal breise don DUP gan cumhacht a roinnt agus, dá bhrí sin, a chuirfeadh brú breise ar an dá rialtas glacadh le seasamh an Dr.
brú breise extra pressure
" Ba léir go raibh coirpigh ann a thapaigh an deis sa bhroid oibre a ngnó féin a dhéanamh, rud a chuir brú breise orainne sa bheár.
blianta breise a oibriú to work extra years
" Chuir sé fearg ar Mhuireann agus ar go leor daoine eile gur dhiúltaigh an Roinn aitheantas a thabhairt do na blianta sin a d’oibrigh Mícheál gan pá ón Stát agus, dá bharr sin, go raibh air blianta breise a oibriú nuair a bhain sé aois an phinsin amach.
fostaithe breise extra employees
" Cead bheith faighte craoladh 24 uair an chloig Raidió na Life bheith go mór i mbéal an phobail mar gheall ar ardchaighdeán na gcláracha, réimse an cheoil agus de thoradh fostaithe breise bheith sa stáisiún, dírithe ar chúrsaí margaíochta agus ar chúrsaí ríomhaireachta! ***10.
deiseanna breise extra opportunities
" ” Measann Ó hAoláin go dtugann cúrsaí trí Ghaeilge deiseanna breise do dhaoine anois agus gur ábhar misnigh é sin do dhaoine atá ag tógáil clainne trí Ghaeilge.
na mílte seomra breise thousands of extra rooms
" Ar an chéad dul síos, tá na mílte seomra breise curtha ar fáil ag na hóstáin timpeall na tíre le dornán blianta anuas; tá i bhfad barraíocht seomraí ar fáil i ndáiríre agus bíonn scéalta le cloisteáil go rialta faoi óstáin i mbailte tuaithe bheith ag díol a gcuid seomraí ar phraghas an-íseal – is cuma le go leor acu, a fhad is go dtig leo na leapacha a líonadh.
gineann sé seo ioncam breise this generates extra income
" Bíonn úinéirí na n-óstán sásta má íocann táillí na seomraí leapa pá na n-oibrithe; bíonn na cuairteoirí ag ithe agus ag ól sna hóstáin, agus gineann sé seo ioncam breise nach mbeadh ar fáil dá mbeadh na seomraí folamh.
gan corrphingin nó dhó breise without the odd penny or two extra
" Is fada an mhí é Eanáir, mar shampla, gan corrphingin nó dhó breise.
tábhacht bhreise added importance
" Mí an-tábhachtach i gcónaí i gcúrsaí spóirt na hÉireann is ea mí an Mheán Fómhair, mar go mbíonn cluichí ceannais na hÉireann san iomáint agus sa pheil ar siúl, ach bhí tábhacht bhreise léi i mbliana de bhrí go raibh Corn Ryder á reáchtáil sa K Club i gContae Chill Dara.
buntáistí breise additional advantages
" Tá struchtúr nua, duaiseanna agus buntáistí breise ag baint leis an nGradam i mbliana agus é oscailte d’ainmniúcháin ó mhí Dheireadh Fómhair go dtí 8 Eanáir 2007.
freagracht bhreise extra responsibility
" Ar an drochuair, ba bheag freagracht bhreise a cuireadh orainn de bharr na Comhdhála Idirnáisiúnta Aeráide a bhí ar siúl i Nairobi le gairid.
breise extra
" De réir an amchláir, tógann sé 50 nóiméad ar an Boeing 737 atá ag Ryanair bruacha na Laoi a bhaint amach, agus ní thógann sé ach cúig nóiméad breise ar thurba-liáin ATR72 Aer Arann an turas céanna a dhéanamh.
obair bhreise as a stuaim féin. extra work by their own initiative.
" Is cinnte go ndéanann imreoirí na gcluichí Gaelacha obair bhreise as a stuaim féin.
cúpla suíochán breise a few extra seats
" D’fhágfadh sin nach é amháin go mbeadh an ALP i mbun rialtais arís ach go mbeadh cúpla suíochán breise acu – maidhm talún.
cluichí breise sa chraobhchomórtas. extra games in the championship.
" Samhlaím go mb’fhéidir go raibh foireann Loch Garman na gcaogaidí cosúil leo ach nílim sách sean le labhairt faoi sin! Ag féachaint siar anois air, is deacair a thuiscint gur le linn na ré órga úd a thosaigh an brú i dtreo an dara seans agus cluichí breise sa chraobhchomórtas.
seachas é a chaitheamh ar áiseanna breise. instead of spending it on more facilities.
" Is gá an t-airgead a chaitheamh ar theagmháil a dhéanamh le daoine nach n-imríonn spórt agus iad a chur ag imirt, seachas é a chaitheamh ar áiseanna breise.
cúpla pingin bhreise a few extra pennies
" Aon uair go dtugaim faoi deara go bhfuil cúpla pingin bhreise agam i mo phóca, isteach liom sa chathair go dtí siopa a dhíolann trealamh leictreonach.
cumhacht bhreise extra power
" Bhí áthas orm a thabhairt faoi deara go bhféadfaí é a cheangal le mo ríomhaire le sreang USB chun cumhacht bhreise a thabhairt dó – ní raibh orm soicéad nó luchtaire cadhnra oiriúnach a aimsiú.
oiliúint bhreise extra training
" Bhí baint ag Arsenal leis an tsraith seo agus fuair na buachaillí oiliúint bhreise ag Highbury dá bharr.
poill bhreise extra holes
" Bhí Pádraig agus Sergio cothrom lena chéile ag deireadh an chomórtais, mar sin bhí poill bhreise le himirt acu.
síntiúis bhreise extra susbscriptions
" Ní hamháin gur chuir Mathers roimhe síntiúis bhreise a fháil ón phobal don Iontaobhas, ach mórdheonacháin a mhealladh ó dhaonchairde - rud nár thriail pobal na Gaeilge ó thuaidh riamh roimhe seo.
dearbháin bhreise extra vouchers
" ) Agus cad é faoi dtaobh de na mná? Nach maith a bhí a fhios ag Fergal Superquinn an dóigh leo siúd a mhealladh: dearbháin bhreise leis an tsiopadóireacht – deich gcinn do gach bean sa tír a chaith vóta dó.
uair an chloig breise an extra hour
" Lorgaím uair an chloig breise ó rúnaí *Hot Press*.
na bairillí breise Guinness the extra barrels of Guinness
" Beidh an tAthair ag cur fainice ar dhaoine fá dtaobh d’aimhleas an óil, an Mac ag fanacht amach ón GAA - na Gaeilgeoirí Aeracha Aontaithe - agus an triúr acu ag iarraidh díchoimisiúnú a dhéanamh ar na bairillí breise Guinness a bheas curtha i dtaisce ar eagla na hEaglaise ag Gearóid Ó Mór Ghuth.
mar gheall ar an 90,000 breise a líonann an staid. because of the 90,000 extra people who fill the stadium.
" In Nebraska, mar shampla, déantar an chathair is mó daonra sa stát de Lincoln, baile na hollscoile stáit, ar laethanta na gcluichí peile, mar gheall ar an 90,000 breise a líonann an staid.
aisteoir breise extra
" bhuel, taithí a bhí agam mar aisteoir breise sa chúlra! Rinne mé iarracht post de shórt éigin a fháil dom féin ar sheit na sraithe drámaíochta *Aifric*.
nach dtig léi airgead breise a thabhairt dóibh that she can't give them more money
" Tá ráite ag an Aire Ruane go bhfuil “bá” aici leis na cúntóirí ach, ag an am chéanna, tá sí ag rá leis na Boird Oideachais nach dtig léi airgead breise a thabhairt dóibh leis an fhadhb a réiteach.
tacaíocht bhreise extra support
" Tá an feachtas á eagrú ag an gComhairle Ealaíon, Foras na Gaeilge, CLÉ, Bord na Leabhar Gaeilge agus ÁIS, agus beidh Seachtain na Gaeilge ag cur tacaíocht bhreise ar fáil dó.
deacrachtaí breise additional difficulties
" I mbeagán focal, ní féidir nuachtán laethúil náisiúnta Gaeilge a sholáthar ar an bhuiséad sin – sin sula gcuirtear san áireamh na deacrachtaí breise a bhaineann le nuachtán a chur i gcló i sochaí nach dtugann aon aitheantas oifigiúil don Ghaeilge, gan trácht ar shochaí a bhfuil cinneadh déanta ag a húdaráis gan a gcuid fógraí a fhoilsiú i nGaeilge feasta.
infheistíocht bhreise. extra investment
" Dar ndóigh, fiú dá nglacfaí leis na moltaí sin, ní fhéadfaí iad a chur i bhfeidhm gan infheistíocht bhreise.
fadhbanna breise extra problems
" Cruthaíonn an díolúine fadhbanna breise do phríomhoidí agus do mhúinteoirí ar ndóigh sa mhéid is go gcaithfear feitheoireacht a dhéanamh ar na daltaí le díolúine fad is atá a gcomhscoláirí ag foghlaim na Gaeilge.
airm bhreise extra weapons
" Ag deireadh na nóchaidí, thug an Pentagon airm bhreise do na fórsaí póilíneachta timpeall na tíre mar gheall ar an gCogadh Fuar a bheith tagtha chun críche.
maoiniú breise extra funding
" ” Ní neart go cur le chéile, mar deirtear, agus is fealsúnacht í seo a bhí i gceist agus é ina Uachtarán ar Aontas na Mac Léinn in Éirinn in 2000-’01, tráth a bhí sé i gceannas ar fheachtas a bhí ar bun ag mic léinn altranais chun maoiniú breise a fháil ón rialtas, feachtas ar éirigh leis £15 milliún breise a fháil.
oiliúint bhreise extra training
" Ghoill bás a mhic go mór ar Sheán, ar a bhean chéile Helen agus ar an teaghlach ach chinn siad ar rud éigin an-dearfach a dhéanamh i gcuimhne ar John Patrick: scoláireacht a bhunú chun cur ar chumas múinteora de chuid Daltaí na Gaeilge dul go hÉirinn gach bliain chun oiliúint bhreise a fháil.
100 cumhacht nua bhreise 100 extra powers
" Cumhachtaí breiseMeastar go dtabharfadh Conradh Liospóin suas le 100 cumhacht nua bhreise don AE i réimsí éagsúla polasaí, 30 cumhacht nua dlí, ina measc.
stádas breise extra, improved, status
" Tá na deiseanna fostaíochta agus gairme atá ar fáil do dhaoine a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu ag leathnú de shíor, go háirithe mar gheall ar an bhfás sa Ghaelscolaíocht agus sna healaíona trí mheán na Gaeilge, gan trácht ar an stádas breise atá ag an nGaeilge faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus san Aontas Eorpach.
táille bhreise extra charge
" Ní thuigim, mar shampla, cén fáth a bhfuil táille riaracháin de €1 á gearradh ar chuntais leictreonacha tiománaithe gach mí? Is táille bhreise, chiniciúil í a mbeadh leithéidí Ticketmaster agus Ryanair bródúil as.
cuid mhaith infheistíochta breise good amount of extra investment
" Seo thíos an bharúil a nocht an ECFE i ngrinnstaidéar a rinne siad sa bhliain 2006 ar an chóras oideachais in Éirinn: “Beidh cuid mhaith infheistíochta breise de dhíth chun fís an rialtais a bhaint amach i réimse an ardoideachais.
oiliúint bhreise extra training
" ” Ar aon chuma, nuair a d’fhill Saakashvili agus a chuid réabhlóidithe síochánta ar an tSeoirsia, fuair siad oiliúint bhreise ó ambasadóir na Stát Aontaithe in Tbilisi, Richard Miles.
giúirléidí breise extra gadgets
" Níl giúirléidí breise sa charr, mar théitheoirí suíocháin nó GPS, ach níl a leithéid uainn ach oiread.
tomhaltóirí breise extra consumers
" Tabharfaidh na tomhaltóirí breise seo speagadh láithreach don gheilleagar inmheánach agus cinnteoidh sé go mbeidh fórsa saothair líonmhar ann chun an tír a choimeád sa siúl agus chun ár bpinsean a íoc! Quel bonheur! Gach duine sásta.
forbairt bhreise further development
" Is cinnte go gcabhródh sé seo go mór chun stádas Brú Ború a chothú agus forbairt bhreise a dhéanamh air a bheadh ar leas na Gaeilge san timpeallacht,” a scríobh Ard-Stiúrthóir Chomhaltais, an Seanadóir Labhrás Ó Murchú ina iarratas chuig an Aire Ó Cuív ar an 12 Eanáir 2008.
áis bhreise accessory
" Is áis bhreise é seo atá curtha ar fáil tríd ‘Stanza’.
tairbhe breise extra benefit
" Anois tá scór acu ann agus gan mórán tairbhe breise le sonrú as a gcuid saothair.
aisteoir breise extra (actor)
" Cosúil le formhór na ndaoine i gCorcaigh a bhí ar comhaois liom ag an am fuair mé páirt mar aisteoir breise sa scannán The First Great Train Robbery.
híocaíochtaí breise iomarcaíochta redundancy payments
" Choinnigh siad thar oíche é go dtí gur glacadh lena gcuid éileamh maidir le híocaíochtaí breise iomarcaíochta.
tacaíochta breise further support
" An chúig faoin gcéad sin tacaíochta breise a d’aisghlám Fianna Fáil ó Pháirtí an Lucht Oibre seachtain ó shin.
chúig fán gcéad breise extra 5%
" As na cúinsí sin uilig a tháinig bronntanas an chúig fán gcéad breise sin.
Fógraíodh ciorraithe breise extra cuts were announced
" Fógraíodh ciorraithe breise ar ioncam, ar liúntaisí agus ar an síneadh láimhe ba ghnás do Theachtaí Dála, do Sheanadóirí agus do Airí Rialtais.
breise extra
" An dtig géilleadh do phrionsabail de réir mar a athraíonn cúrsaí geilleagair? B’fhíor don Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, nuair a thug sé le fios i mbliana nár cheart breathnú ar an tacaíocht atá de dhíth ar an Ghaeilge mar ábhar roghnach breise: “Is buanchearta iad cearta teanga; ní lamháltais ná pribhléidí iad a thugtar le linn aimsir na flúirse.
breise extra
" Déanfar iarracht ranganna breise a chur ar siúl nó ábhar a chur ar fáil tríd an idirlíon sa chaoi is go mbeidh mic léinn in ann iad féin a ullmhú roimh na scrúduithe.
breise extra
" mobi/ga/Tony_Gregory) An Aigne Choiteann Mura léiríonn na díomuanna seo go léir go bhfuil an dá iarann déag sa teallach aici, b’fhéidir go léiríonn sé nach bhfuil tuiscint aici ar aigne an phobail? Is fianaise breise leis an easpa tuisceana sin an taobh a ghlac sí san fheachtas reifrinn i 2004 mar gheall ar shaoránacht.
bhreise extra
" Bhí na scórtha i láthair, ina measc foghlaimeoirí as Texas agus New Hampshire, agus múinteoirí as Éirinn agus Ohio! Agus thuigfinn dóibh go léir - is beag duine a thugann cuairt ar San Francisco uair amháin! Físeáin bhreise: http://www.
breise extra
" Is féidir cáipéisí is pictiúir a tharraingt ó do ríomhaire féin; is féidir eagarthóireacht a dhéanamh ar na cáipéisí céanna; agus is féidir daoine breise a tharraingt isteach más gá.
breise extra
" Éiríonn leis an gcuid is fearr de na craoltóirí an cluiche a dhéanamh níos suimiúla nó níos bríomhaire ná mar a bhíonn go minic trí thagairtí breise a dhéanamh do chúlra imreoirí nó míreanna breise eolais a sholáthar nach mbeadh ar eolas ag an ngnáthdhuine.
teannadh ar am breise nearing extra time
" Agus sinn ag teannadh ar am breise, áfach, tugadh an cárta dearg do bheirt airí rialtais, rud a chiallaíonn go mbeidh atheagar ar na Ranna Stáit éagsúla agus impleachtaí dá réir ann do na ciorruithe a bhí molta.
breise extra
" I mbliana, ba é an rud ab fhearr a tharla (mar chuid den phlean, b’fhéidir?) ná cailliúint i gcoinne na Mí mar go raibh cluichí breise acu in aghaidh contaetha laga, Tiobraid Árann agus An Lú sular bhuail siad le curaidh Uladh, Tír Eoghain.