Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bhreithiúnas judgement
" Ach in imeacht na mblianta, nuair a bhí iriseoirí ag tagairt do Thriail na nArm bhí sé níb áisiúla tagairt a dhéanamh don bhreithiúnas seachas na fíricí ar fad a chur i láthair arís.
breithiúnas judgement
" Tá an chlann aontachtach ar an talamh ard in áit nach bhfeiceann siad a stair amhrasach féin ach a dtig leo breithiúnas a thabhairt ar dhaoine eile, breithiúnas bunaithe ar fhianaise nach ann di, nó nach ann di go fóill, ar a laghad.
breithiúnas judgement
" "Is bocht an breithiúnas é sin ar thír neamhspleách ar bith go bhfuil meas ag a muintir orthu féin," a deir sé.
breithiúnas judgement
" Ní hamháin go gcuirfidh sé meadhrán i do cheann ag siúl thart ag iarraidh breithiúnas a thabhairt ar gach ceann den 440 saothar, ach tá sé dodhéanta léirmheas cuimsitheach a dhéanamh ar thaispeántas atá chomh mór millteach sin.
ár mbreithiúnas our judgement
" Chailleamar ár mbreithiúnas maidir lenár luachanna.
breithiúnas a thabhairt to decide
" "Cuirfidh muid an t-eolas ar fad amach ansin agus fágfaidh muid faoin chuairteoir féin breithiúnas a thabhairt," arsa Tolle, a fuair amach agus an t-ionad á dhearadh aige gur Chaitlicigh darbh ainm Brady cuid dá shinsear, a chuaigh ar imirce ó Ard Mhacha.
breithiúnas judgement
" Níl mé in ann breithiúnas a thabhairt air, ó tharla nach bhfuil Arabais ar mo thoil agam, ach chuirfeadh sé an-iontas orm dá mbeadh.
bhreithiúnas na stiúrthóirí the directors' judgement
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an gcomhlacht? Tá an comhlacht bunaithe ar shainscileanna eagarthóireachta agus táirgthe agus ar bhreithiúnas na stiúrthóirí i gcúrsaí coimisiúnaithe.
breithiúnas judgement
" Ceann de na rudaí is mó a thaitníonn liom mar fhonnadóir ná go dtugann amhrán cead do dhaoine breithiúnas a dhéanamh ort.
an iomarca breithiúnais too much judgement
" "Deirtear gur cheart do gach rud bheith anseo, agus nár cheart dúinn an iomarca breithiúnais a thabhairt orthu.
bhreithiúnas pobail public judgement
" Ach léiriú soiléir é a bhfuil ag tarlú sna Stáit Aontaithe ar an chumhacht a bhaineann le ceist an ghinmhillte agus an dochar is féidir leis a dhéanamh don chóras daonlathais agus do bhreithiúnas pobail, nuair a ardaítear í.
breithiúnas judgement
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis AnBL? Is iad cumas, saineolas, agus breithiúnas na foirne na nirt is tábhachtaí atá ag an Bhrainse; tá beagnach ochtó bliain de thaithí taighde ar logainmneacha ann agus cartlann luachmhar ina bhfuil na mílte foirmeacha stairiúla de logainmneacha as gach contae sa tír, theas agus thuaidh.
a mbreithiúnas féin their own judgement
" “Nuair a athbhunaíodh é mar nuachtán laethúil dúirt mé go dtabharfadh na léitheoirí a mbreithiúnas féin faoi cé acu a raibh margadh ann nó nach raibh margadh ann do nuachtán laethúil sa Ghaeilge.
a mbreithiúnas their judgement
" Tá siad ar nós dream a bhfuil a mbreithiúnas tugtha acu roimh an triail.
bhreithiúnais verdict
" Chaith péire de na stáisiúin teilifíse trí uair an chloig ag cur an bhreithiúnais i láthair.
breithiúnas verdict
" Bhí dhá cheist ag muintir na háite ag an am: “Arbh as Béal Feirste nó Bolton na dílseoirí a rinne an t-ionsaí? Más rud é gurbh as Béal Feirste iad, an bhfuair siad faisnéis faoi theaghlach Adair ó dhílseoirí in Bolton?” Beidh breithiúnas na cúirte ar fáil go luath.
breithiúnas maith good judgement
" Tá sé riachtanach go mbeadh breithiúnas maith ag an ghrianghrafadóir ag an chéim seo, agus ní thabharfaidh an teicneolaíocht nua an cumas sin dó.
Chuir an Bord Pleanála breithiúnas Moore ar neamhní an Bord Pleanála over-ruled Moore's judgement
" Chuir an Bord Pleanála breithiúnas Moore ar neamhní (seachas i gcás na móna) agus tugadh cead pleanála sa deireadh thiar thall don chríochfort i mBéal Átha na Buaidhe, faoi choinníollacha áirithe.
breithiúnas maith good judgement
" Tá sé riachtanach go mbeadh breithiúnas maith ag an ghrianghrafadóir ag an chéim seo, agus ní thabharfaidh an teicneolaíocht nua an cumas sin dó.
breithiúnas judgement
" “Bhí m’athair ag déanamh na nithe a bhí á ndéanamh aige, ach bhí a Dhia féin aige, a thabharfadh breithiúnas air sa deireadh, le bheith buartha faoi.
na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta the International Court of Justice
" Bhí an rialtas ag brath freisin ar an gcás a chur os comhair na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta san Háig.
breithiúnas meáite, tomhaiste balanced, measured judgement
" Cáintear as éadan gach ní a dhéanann an rialtas agus ní thugtar breithiúnas meáite, tomhaiste ar a gcuid polasaithe riamh.
breithiúnas na saoithe the judgement of the experts
" Is foirmle í ar éirigh go fíormhaith léi go dtí seo agus, mar a dúirt dúirt Ceannasaí TG4, Pól Ó Gallchóir, ar an ócáid seolta faoi chláracha na sraithe: “Tugann siad deis dúinne a chonaic na réaltaí seo ag imirt dul siar agus a n-éachtaí a mheabhrú dúinn féin, agus faigheann an ghlúin óg an seans máistrí iomána agus peile an ama atá caite a fheiceáil i mbarr a maitheasa agus breithiúnas na saoithe orthu a fháil fosta.
idir fhíricí agus bhreithiúnas both facts and judgement
"idir fhíricí agus bhreithiúnas sa mhéid sin.
a bhreithiúnas his judgement
" Stuacach agus ceanndána, áfach, agus a bhreithiúnas lochtach i dtaca leis an láimhseáil a rinne sé ar an chonspóid faoi Chás A agus sa dóigh inar shantaigh sé ceannaireacht a pháirtí féin ag am míchuí.
le breithiúnas a thabhairt ar an ghníomh sin to judge that action
" Tá céimeanna réabhlóideacha á nglacadh aige maidir le príobháidiú Aer Lingus ach tá sé ró-luath le breithiúnas a thabhairt ar an ghníomh sin go fóill.
dein do bhreithiúnas féin air sin judge that for yourself
" Tréimhsí eile ar oilithreacht spioradálta, nó i bhfolach alcólach, dein do bhreithiúnas féin air sin, istigh ar Inis Mhicileáin.
breithiúnas na cúirte the judgement of the court
" Ag deireadh mhí na Bealtaine, scaoil iar-chomhghleacaithe de chuid Haddock sé huaire é i dtuaisceart Bhéal Feirste le linn dó bheith amuigh ar bannaí agus é ag fanacht le breithiúnas na cúirte.
breithiúnas judgement
" Is dóigh go raibh an-mhisneach againn nuair a chreid muid dá bhféadfaimis áiteamh ar dhaoine, bídís ina n-iriseoirí nó bídís ina mbaill den phobal, breathnú ar na cláracha sula dtabharfaidís breithiúnas, go n-éireodh linn.
ag comhlíonadh a bhreithiúnas aithrí. fulfilling his penance.
" Bíodh sin mar atá, tá rudaí athraithe go mór ón uair a bhí an Teachta McQuillan ag comhlíonadh a bhreithiúnas aithrí.
breithiúnas judgement
" Ligeann sé dóibh a scéalta brónacha féin a insint os comhair an cheamara agus fágtar fúinn féin breithiúnas a thabhairt orthu.
breithiúnas judgement
" Baineann siad úsáid as catagóirí na Canóna agus déanann breithiúnas le huirlisí nach bhfeileann.
breithiúnas gan bhunús. a judgement without basis.
" “Ní ghlacaim leis sin - sin breithiúnas gan bhunús.
ar bhreithiúnas polaitiúil an stiúrthóra stiúideo. on the political judgement of the studio director.
" Ach bíonn ort fanacht ar an teicneolaíocht, nó, ar uairibh, ar bhreithiúnas polaitiúil an stiúrthóra stiúideo.
breithiúnas judgements
" Baintear úsáid as slata éagsúla tomhais chun breithiúnas a thabhairt ar chathair.
breithiúnas judgement
" Gearradh ceithre bliana agus ocht mí príosúnachta ar Shaun Greenhalgh, gearradh bliain phríosúnachta ar an mháthair, ach cuireadh an phianbhreith ar fionraí, agus tá breithiúnas fós le déanamh agus pianbhreith fós le gearradh ar George.
breithiúnas judgement
" Mar a deirim go minic, ní fhéadfainnse breithiúnas a thabhairt ar phósadh daoine nach raibh aithne ar bith agat orthu.
breithiúnas judgement
" Is í an cheist a bhí á hardú acu ná an raibh sé ceart an cineál céanna pionóis a ghearradh ar ealaíontóirí graifítí agus a ghearrtar – i gcásanna áirithe – ar éigneoirí nó ar dhaoine dainséaracha foréigneacha? I bhfocail eile, an raibh an breithiúnas cothrom? Bhí casadh íorónta sa scéal le déanaí sa mhéid is go bhfuil an t-ealaíontóir graifítí Banksy i ndiaidh saothar a rinne sé ar bhalla ar Bhóthar Portobello i Londain a dhíol ar ebay.
ní rabhthas ag déanamh breithiúnais bunaithe ar scannán a judgement wasn't being made on the basis of a film
" Mar sin, ní rabhthas ag déanamh breithiúnais bunaithe ar scannán – rud a bheadh lochtach ann féin – ach bhíothas ag déanamh breithiúnais bunaithe ar scannán ar chualathas cur síos air.
easpa tuisceana agus breithiúnais lack of understanding and judgement
" Fear faille is ea Kenny, agus léirigh sé go bhfuil easpa tuisceana agus breithiúnais i gceist óna thaobhsan de mar gur shíl sé go mbeadh sé cuí teacht i dtír ar chruachás Ahern ar an 2 Aibreán agus rún a chur os comhair mhuintir na hÉireann nach bhfuil an dara suí sa bhuaile ann anois ach olltoghchán eile a ghairm.
á thabhairt don Chúirt Bhreithiúnais Eorpach being given to the European Court of Justice
" Bheadh ár bhflaitheas á lagú arís agus forlámhas á thabhairt don Chúirt Bhreithiúnais Eorpach ar Bhunreacht na hÉireann.
breithiúnas judgement
" Mar bharr ar líomhaintí Hourigan, tar éis do Jean-Louis Bruguière – breitheamh iomráiteach ón bhFrainc – imscrúdú a mhair ar feadh cúig bliana a chur i gcrích, ba é an breithiúnas a thug sé i leith na heachtra thuasluaite ná go raibh Kagame freagrach as an ionsaí sceimhlitheoireachta seo a chuir tús leis an gcinedhíothú.
gCúirt Bhreithiúnas Eorpach European Court of Justice
" D’aithin Cowen chomh maith go raibh daoine buartha faoi neodracht na tíre seo agus eagla orthu go dtiocfadh leis an gCúirt Bhreithiúnas Eorpach rialú a dhéanamh i réimsí conspóideacha mar an ginmhilleadh.
lá an bhreithiúnais the judgement day
" Níor smaoinigh lucht Detroit go dtiocfadh lá an bhreithiúnais chomh tapaidh sin, ach tháinig sé i mbliana, nuair a d'imigh praghas na hartola thar $4 an galún.
breithiúnas judgement
" Ach caidé mar atá ag éirí le cultúr na hÉireann a fhréamhacha a shíniú thar sáile? An bhfuil rath le brath ar chultúr na hÉireann i gcéin? Ní féidir liom breithiúnas a thabhairt ar gach uile áit a bhfuil rian de chultúr na hÉireann, ach más sampla ar bith é Virginia, áit a bhfuil mé féin faoi láthair, nílimid ag déanamh ródhona thar lear.
Breithiúnas judgement
" Breithiúnas **** Ar Ór na Cruinne ná Caill.
breithiúnais judgements
" I measc na breithiúnais atá le déanamh againn ar aon aiste dá leithéid, tá seo – ar éirigh go hiomlán le Neranjo an maoithneachas a sheachaint nuair a thagann lá fuilteach na cinniúna? Beidh a fhreagra féin ag gach éinne ar an gceist sin.
Breithiúnas estimation
" Breithiúnas – an rachainn chun é d’fheiscint arís? Ní rachainn – nocht sé gach rún sa chéad taispeáint.
breithiúnas judgement
" ‘An tseachtain is fearr i stair an domhain ón chruthú’ an breithiúnas a thug Richard M.
breithiúnas judgement
" Meas tú an ‘unfair player’ é Thierry Henry? Níl mo dhóthain ar eolas agamsa faoi le go bhféadfainn an breithiúnas cóir a thabhairt air, ach, más imreoir cam é, ní hé an t-aon duine amháin é.
breithiúnas judgment
" Intleacht, grásta, leochaileacht, neart, breithiúnas, oscailteacht, crógacht mhóralta – táid sin go léir san Astrálach óg aisteora so.
bhreithiúnas judgement
" Bhí idir bhreithiúnas agus tomhas, léamh agus eagna i cineaste óg Thrá Lí.
Breithiúnas judgement
" “Oh wad some power the giftie gie us To see oursel's as others see us!” - Robert Burns Breithiúnas dian go leor atá tugtha ag an treoirleabhar taistil is mó ráchairt ar domhain faoin a bhfuil ar fáil don turasóir sa tír seo anois le hais mar a bhíodh dornán blianta ó shin.
breithiúnas judgement
" Tréaslaím le breithiúnas an sceidealóra.
bhreithiúnas judgement
" ' Ba dhaingniú é seo ar an bhreithiúnas a thug an Chúirt Uachtarach sa chás cáiliúil Ó Beoláin v.
Breithiúnas judgement
" Rinneadh é idir 1508 agus 1512 mar choimisiún de chuid an Phápa Julius II ag léiriú radharcanna éagsúla ón Bhíobla, ina measc, An Breithiúnas Deiridh.
breithiúnas judgement
" Got the Message?”* Is dócha gurb é an breithiúnas a thabharfas lucht staire ar thréimhse Mhandelson sa Tuaisceart ná go raibh sé áit éigin idir eatarthu.
breithiúnais judgements
" Mar bharántas ar na breithiúnais thuasluaite, agus mar chruthúnas, fiú muna mbíonn an ceart agam, go bhfuilim ar a laghad comhsheasamhach, luaim ‘Beo’, Eagrán 104, Nollaig 2009 (Das weisse Band); Eagrán 107, Márta 2010 ( Un prophete); agus Eagrán 97, Bealtaine 2009 (*Let the Right One In*).
Mo bhreithiúnas ar my estimation
" Mo bhreithiúnas ar an bhfear féin, is ar an taispeantas i gCorcaigh? Más mar sin mé agus na deich mbliana sin le cois an trí scór agam, tabhair dom láithreach iad, le hús iolraithe.
breithiúnais judgements
" Táirge an Áir ======= Nuair a léitear breithiúnais Sachs, ní léir ar tháinig sé slán i ndáiríre as na tubaistí éagsúla a bhain dó roimis 1994 (Roimis an bhuamáil, imthreorannaíodh é i gcillín ar feadh 170 lá).
bhreithiúnas na comharsan neighbours estimation (of us)
" Gan trácht ar an ngráin a bhí ag Larkin do Ted Hughes! Las sé suas dúinn freisin Piúratánachas na haoise, agus an bhréagchráifeacht is an cur i gcéill - ar eagla bhreithiúnas na comharsan, ar ndeoin.
breithiúnas a thabhairt pass judgment
" Agus cad faoi na coluín tuairimíochta sna nuachtáin agus an t-aischothú a leanann iad inar féidir le duine anaithnid breithiúnas a thabhairt ar an scríbhneoir agus ar an alt.
bhreithiúnas iadsan judgment of those
" Beag beann ar bhreithiúnas iadsan timpeall uirthi chomh maith.
bhreithiúnais dleathacha legal judgments
" Scríobhadh Ó Faoláin leis an ocras céanna dar léirigh Oliver Wendell Holmes ina bhreithiúnais dleathacha i Meiriceá, an fealsúnaí dar mhaígh tráth *‘a word is the skin of a living thought.
choiste breithiúnais jury
" Rinne an láithreoir RTÉ, Miriam O Callaghan, a bhí ina cathaoirleach ar choiste breithiúnais na Féile, gradam speisialta iarbháis a bhronnadh ar an léiritheoir Mary Rafferty, dá sraith fiorasach Behind the Walls agus d’éirigh leis an scríbhneoir/stiúrthóir, Carlo Gebler, Gradam Idirghníomhaíochta Kieran Hegarty a bhaint lena chlár faisnéise, *‘The Seige’*.
B'ionann an breithiúnas sin agus that judgment was equivalent to
" B'ionann an breithiúnas sin agus a rá nach raibh riachtanas Ghaeilge ag teacht salach ar shaorghluaiseacht oibrithe ó áit go chéile, atá ar cheann de bhunchlocha an Aontas Eorpaigh.
breithiúnas judgment
taitneamh as an mbreithiúnas ait sin pleasure from that strange judgment
" Rith sé liom le déanaí agus cás cúirte tábhachtach fé reifrinn á léamh arís, Crotty v An Taoiseach, go mbainfeadh an sagart céanna taitneamh as an mbreithiúnas ait sin ós rud é gur ceiliúradh é in áiteanna ar chearta na nDaoine.
breithiúnas a judgment
" Ba é seo an ceathrú huair a thug cróinéir breithiúnas ar bhás Azaria Chamberlain, gineog a chuaigh ar iarraidh sa bhreis ar thríocha bliain ó shin.
bhreithiúnas judgment
" 2m de chostais dlí a bhí mar thoradh ar an chaingean áirithe sin go dtí seo agus tá achomharc ar an bhreithiúnas ar na bacáin.
Tugadh breithiúnas géar a severe judgment was given
" Tugadh breithiúnas géar orthu agus anois tá aird daoine ar fud an domhain dírithe ar rialtas Vladimir Putin, an gaol atá aige leis an Eaglais Cheartchreidmheach Rúiseach agus ar a laghad cead cainte atá ar fáil sa Rúis i láthair na huaire.
bhreithiúnas a judgment
" Eascraíonn sé seo ó bhreithiúnas a thug an Chúirt Uachtarach i 1987 ar dhúshlán a ghlac Raymond Crotty in éadan cinneadh an rialtais an Ionstraim Eorpach Aonair a dhaingniú gan reifreann a ghairm.
Cúirt Bhreithiúnais court of justice
" Mar gheall ar rialú a rinne Cúirt Bhreithiúnais an AE anuraidh, áfach, caithfidh an Stát ligean do roinnt díobh filleadh ar thír bhreithe a leanaí.
breithiúnas judgment
" Chuirfeadh an méid a dúirt sé, breithiúnas an Tiarna Denning ar achomharc Sheisir Bhirmingham i gcuimhne do dhuine faoi *“such an appalling vista that every sensible person would say, 'It cannot be right that these actions should go any further.
Ina bhreithiúnas siúd in his judgment
" Ina bhreithiúnas siúd, rialaigh an Breitheamh Henchy go raibh láncheart ag cosantóir a chuid fianaise agus fianaise finnéithe eile a chur os comhair na cúirte trí mheán na Gaeilge, ach nach raibh aon chead aige a éileamh go mbeadh na himeachtaí uilig á reáchtáil i nGaeilge.
achomharc ó bhreithiúnas an appeal against the decision
" Rinne Ghandi Mallak achomharc ó bhreithiúnas na hArd-Chúirte agus ghlac an Chúirt Uachtarach le hargóintí an tSiriaigh ag tús mhí na Nollag.
Ní réitíonn an breithiúnas the judgment doesn’t settle
" Ní réitíonn an breithiúnas na fadhbanna eile a thréithríonn próiseas na headóirseachta in Éirinn, ná an easpa trédhearcachta is cuntasachta a thréithríonn roinnt mhaith den chóras inimirce is saoránachta in Éirinn.
géillim do bhreithiúnas I accept the judgment of
" ‘Níl a shárú seo ann ó aimsir ‘The Unforgiven’’ – ní minic a thagaim leis an mbladar fógraíochta, ach géillim do bhreithiúnas Total Film an babhta seo.
is é mo bhreithiúnas féin I feel myself
" Ach ar ndóigh, tá caoi eile thart ar seo, mar is léir, ach is é mo bhreithiúnas féin go gcuirfidh sé lagar níos mó ar an nGaeilge anseobh.
bhreithiúnas cáiliúil famous judgement
" Theip orthu freisin aon aird a thabhairt ar bhreithiúnas cáiliúil John Paul Stevens, breitheamh a scríobh: *‘Life, particularly human life, is not commonly thought of as a merely physiological condition or function.
béim ar dhíograis a chuid breithiúnas oifigiúil emphasis on the zeal of his official judgements
" Chuirfeadh comhghleacaithe Hogan béim ar dhíograis a chuid breithiúnas oifigiúil dá gcuirfí ceist orthu a chur chuige dleathach a shainmhíniú.
Dá léifí breithiúnais Hogan go stairiúil áfach were H’s judgements to be read post facto however
" Dá léifí breithiúnais Hogan go stairiúil áfach, ní foláir nó go dtabharfaí tréith eile leanúnach fé dheara ina chuid scríbhneoireachta, agus sin easpa íoróine atá bunaithe ar thírghrá simplí.
Braitheann sé sin ar bhreithiúnas an phobail that’s up the public's judgment
" An Seanad agus an Rialtas seo =============== **SMM: An gcuirfear deireadh leis an Seanad le linn saol an rialtais seo, dar leat?** RM: Braitheann sé sin ar bhreithiúnas an phobail.
tháinig an coiste ar ais leis an mbreithiúnas the jury returned a verdict
" Ar an 13ú Iúil tháinig an coiste ar ais leis an mbreithiúnas: Neamhchiontach.
ní féidir linn breithiúnas a thabhairt ar we can’t judge
" I nDiaidh na Tubaiste a Thuigfear an Chontúirt ==================== Ach ní féidir linn breithiúnas a thabhairt ar na tíortha atá faoi fhorbairt.
na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta the international court of justice
" Tá an chaingean os comhair na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta sa Háig, san Ísiltír, faoi láthair.
ná aon bhreithiúnas dleathach nor any legal judgement
" Ní nach ionadh má tá ‘*Neligan Ballyseedy*’, mar a thugtar air, ina thaibhse an chnádáin ag mórán fós i Mín Liatroma Thuaidh, in Oileán Chiarraí, san Fhaiche Dhubh, i Radharc na Coille, ar an tSeanbhaile Cill Flainn; in Inis Mór Lios Tuathail, ar an Spá i dTrá Lí; in Inis Eoghanáin Chorcaí agus i gCnoc Uí Choileáin Luimnigh – bailte fearainn an ochtair a sladaíodh gan oiread agus scáth cúirte, ná triail, ná aon bhreithiúnas dleathach déanta orthu ar thaobh an bhóthair ag Baile Ua Síoda, taca an ama seo bliana, 1923.
mothúcháin agus breithiúnas feelings and judgment
" Dá réir, is mór idir cinneadh agus rogha agus luíonn an difríocht seo le mothúcháin agus breithiúnas.
achomharc ar an mbreithiúnas an appeal against the judgement
" Ceartaiseacht agus Cinsireacht? ========== Cé nár iarr Bolt ná an nuachtán achomharc ar an mbreithiúnas, mhaígh siad go raibh siad ina n-íospartaigh ag ceartaiseacht pholaitiúil agus go raibh cinsireacht pholaitíochta i gceist.
breithiúnas judgement
" Ar an gcéad dul síos déarfaí go bhfuil sé róluath i réimeas na foirne an breithiúnas sin a thabhairt orthu, go gcaithfidh siad craobh amháin eile uile-Éireann ar a laghad a bhuachan.
ná tabhair breithiúnas obann don’t judge precipitately
" I dtús na heachtra tá an méid seo aige: 'A léightheoir, ná tabhair breithiúnas obann 's ná déan cinsireacht ar an lagealaín so,' a deir sé, 'ó tháinig bruithnigh agus gallthochas na traibhléireacht i mo cheann, is gearr gur thuit an galar céanna ar na cosa agam.
breithiúnas á dhéanamh judgment shall be/is being made
" Beidh a lámh ar stiúir long na Gaeilge go ceann dhá bhliain eile agus ’sé an bealach a rachaidh sé i ngleic leis an ngéarchéim teanga sa nGaeltacht, is ceart a chur san áireamh chomh maith nuair a bheas breithiúnas á dhéanamh ar a thréimhse ar an stiúir.
a bhreithiúnas his judgement
" Tugann Colm Mac Séalaigh a bhreithiúnas ar na foirne a d’imir i gcluichí leathcheannais na peile agus na hiomána i mbliana.
tugtha do bheith ag tabhairt breithiúnais given to making judgements
" Ach léiríonn an dóigh ar láimhsíodh an scéal go bhfuilimid, mar shochaí, fós tugtha do bheith ag tabhairt breithiúnais ar dhaoine gan na fíricí ar fad a bheith againn.
mbreithiúnas ar eachtra judgment of an incident
" Ní féidir a bheith ceart i gcónaí i mbreithiúnas ar eachtra agus tú ag ceann eile na páirce imeartha nuair a thit sé amach.
breithiúnas judgement
" I dtrátha an ama seo gach bliain, bíonn scoláirí na tíre ar bís le fáil amach cén breithiúnas a thabharfar orthu ina dtuairisc scoile.
bhreithiúnas judgement
" Tá cinneadh déanta ag an Chúirt Uachtarach a chuirfidh teorann ar an mhéid reachtaíochta a chaithfear a aistriú go Gaeilge de réir an léamh atá ag Breandán Delap ar bhreithiúnas a tugadh le gairid.
sheol i mbun léamh an bhreithiúnais é started him reading the judgment
" Mhúscail an reifreann ar na mallaibh spéis John-Paul Mc Carthy i gcaingean Crotty v An Taoiseach 1986, agus sheol i mbun léamh an bhreithiúnais é.
sara a ndéantar breithiúnas air before judgment is passed
" Creideann Donncha Ó hÉallaithe go mba cheart seans a thabhairt don Aire Stáit nua Gaeltachta, Joe Mc Hugh, socrú isteach sa bpost sara a ndéantar breithiúnas air.