Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
broim dreoilín a wren's fart
" Ach tá sé ráite anois, agus seans nach fiú broim dreoilín é.
broim fart
" "Níl mo Shúil Nimhne sách nimhiúil, dar leis! Bhuel, chífidh muid!" agus scaoil sé broim mhór fhada dhéistineach shamhnasach shásúil.
broim fart
" "Níl mo Shúil Nimhne sách nimhiúil, dar leis! Bhuel, chífidh muid!" agus scaoil sé broim mhór fhada dhéistineach shamhnasach shásúil.
mar gheall ar Bhrian na mBromanna, about Brian of the Farts,
" Thuigfeá cad as a dtagann an spraoi a bhaineann le Fíbín dá gcaithfeá uair nó dhó ina chomhluadar – ag tús ár gcomhrá insíonn sé dom mar gheall ar Bhrian na mBromanna, carachtar a bhfuil “fadhb gáis” aige ón tsraith atá á léiriú aige do Raidió na Life faoi láthair.
Bhrian na mBromanna Brian of the Farts
" Sraith easurramach ab ea í (bhí carachtair mar Bhrian na mBromanna i lár an aonaigh) agus bhí an-ráchairt uirthi.
broim fart
" Níl mo Shúil Nimhne sách nimhiúil ar na saolta deireanacha seo, dar leis! Bhuel, tchífidh muid!” agus scaoil sé broim mhór fhada dhéistineach shamhnasach shásúil a bhain croitheadh as tithe na gcomharsan le cúpla míle thart ar an phluais.
bromanna noisy farts
" Ná héistigí, a léitheoirí dílse, le cúlchaint na spídeoirí éadmhara a mhaíonn go maraíonn bréantas a chuid bromanna gach dúil bheo a chónaíonn fá bhúir asail den phluais chéanna gach uair a thagann geonaíl ar a chuid putóg.
broim fart
" Cibé braonta beaga aeir a bhí fágtha sa phluais bhí siad dá sú isteach ina ghaosán agus amach tríd an áit eile le gach aon srann agus broim.
broim fart
" Lá dá raibh an t-aineolas seo ag teacht go tromchúiseach idir é féin agus a shuaimhneas, tharraing sé anáil mhór fhada, scaoil broim mór cumhachtach, theann dhá mhás a thóna le chéile agus chuir sé ceist ar a athair: “A dhaidí, cad é is brí le polaitiócht?” Anois, mar a mhínigh mé thuas, tharla an eachtra seo sna seanlaethanta dorcha in Éirinn, san am nach raibh cúrsaí polaitíochta chomh casta is atá sa lá atá inniu ann.
scaoil sé broim he let a fart
" “Tá rún agam éirí as an phost seo le Beo Ar Éigean!” a dúirt Balor an Bligeard os ard le haer cumhra na pluaise, “agus sin céad rún na bliana úire seo!” Ansin scaoil sé broim mhór fhada dhéistineach shamhnasach shásúil, agus chinn sé ar chúpla rud a scríobh faoi na rúin a bhíonn aige féin agus ag daoine eile.
gach aon srann agus broim every snore and fart
" Cibé braonta beaga aeir a bhí fágtha sa phluais bhí siad á sú isteach ina ghaosán agus amach tríd an áit eile le gach aon srann agus broim.
mbromann sé mar an diabhal he farts like the devil
" Deir Leamh Ó Cuinneagáin liom go mbíonn May lán pónairí go minic fosta agus go mbromann sé mar an diabhal.