Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
faoi bhruach na Life around the banks of the Liffey
" An té a bheadh 'wedi fod yn **yfe**d' (= **ibh**the/ólta), nó 'in**eb**riated', an té a raibh a shá 'imbibed' aige, is dóigh go nglacfaidh sé le teoiric ar bith! Más tugtha don ól é, an duine bocht céanna, b'fhéidir gur Ó Meadhchair/Meachair a bheadh air, tharla go gciallaíonn a shloinne 'cara (na) meá'! Níl mé a rá, áfach, go bhfuil éinne ar m'aithne darb ainm Lifechair Ó Meachair faoi bhruach na Life sa lá inniu.
ar bhruach aille at the edge of a cliff
" An bhfuil stádas Gaeltachta ag an bpobal sin, a bhfuil an brú ón mBéarla lán chomh láidir air? Dúirt sí go raibh an teanga ar bhruach aille seachas ag crosbhóthar, go raibh an pobal i gcoitinne báúil ach fíorleisciúil.
bhruacha banks
" Cónaím cuid bheag de mo shaol fós ar bhruacha Loch Ontario, agus go minic na laethanta seo bím gafa i mbeoshruth leochaileach a ritheann os cionn an Aigéin Atlantaigh ó Chasla, Conamara go dtí mo cheantar féin.
bhruach aille a cliff's edge
" " I ndearadh Tolle, casann an bóithrín suas an bealach, cuma air go bhfuil sé ag tarraingt ar bhruach aille.
ar an Bhruach Thiar on the West Bank
" D'fhoilsigh an *New York Post *eagarfhocal a mhaígh gurb é Gerry Adams "Osama's Soul Brother" agus d'fhoilsigh scéalta fá bhuamaí IRA ar an Bhruach Thiar, mar dhea.
ar bhruach aille at the edge of a cliff
" Tá staid na tíre ag cur ráiteas ciniciúil i gcuimhne dom: "Bhíomar ar bhruach aille inné, ach tá céim chun tosaigh tugtha againn anois.
ón mbruach from the brink
" Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge? Go ndéanfaí Gaeltachtaí na hÉireann a neartú agus go dtarraingeofaí an Ghaeilge ar ais ón mbruach.
ar bhruach an bhealaigh mhóir on the side (edge) of the road
" A fhaid agus a bhí seo uilig ag dul ar aghaidh bhí fear an ghluaisteáin ghoirm ina sheasamh ar bhruach an bhealaigh mhóir agus a cheann crom aige.
ar bhruach na Life on the banks of the Liffey River
" Suite ar bhruach na Life, ar chúlbhóthar duilleach in aice leis an Droichead Nua atá an Sean-Mhuileann.
bruacha banks
" Tá crainn, caonach agus bláthanna fiáine ar na bruacha.
bhruacha banks
" Eas uisce agus sliabh bréagach rí-ard (tá an-radharc le fáil uaidh) an Parc des Buttes Chaumont; cruinniú le chéile na gcág istigh sa Jardin des Plantes, áit a bhfuil neart lusanna agus luibheanna le feiceáil; crainn mhaorga an chúigiú *arrondissement* sa Jardin de Luxembourg (Bhí suas le 38,000 crann i bPáras nuair a rinneadh an chéad chrannáireamh in 1855, agus tá níos mó anseo anois); an crann is seanda sa chathair, an Robinier, a cuireadh sa bhliain 1601; gan trácht ar bhruacha an Seine, áit a mbíonn neart daoine ag siúl, ag rothaíocht agus ag lannrolláil.
ar an bhruach chuarach on the curving bank
" Bhí an ghrian ag dul síos os cionn na habhann, an Arno, agus na b*palazzi *arda ar an bhruach chuarach.
ar a bruacha on its banks
" Tá canáil i lár na cathrach agus go leor caifí ar a bruacha.
scaipthe ar bhruacha na habhann scattered on the banks of the river
" Tá bailte beaga scaipthe ar bhruacha na habhann agus tá ról lárnach aici i saol mhuintir an cheantair seo maidir le hiascaireacht agus turasóireacht, agus is córas iompair agus foinse uisce don chócaireacht agus don níochán í chomh maith.
bruacha na Laoi a bhaint amach, to reach the banks of the Lee,
" De réir an amchláir, tógann sé 50 nóiméad ar an Boeing 737 atá ag Ryanair bruacha na Laoi a bhaint amach, agus ní thógann sé ach cúig nóiméad breise ar thurba-liáin ATR72 Aer Arann an turas céanna a dhéanamh.
caithfidh tú dreapadh síos bruach abhann you have to climb down a riverbank
" Ach an chuid is mó den am, caithfidh tú dreapadh síos bruach abhann agus go minic dul trasna abhann reoite le bun an oigheareasa a bhaint amach.
ar bhruach féir on a grass embankment
" Tá sé suite ar bhruach féir i gcarrchlós an tí tábhairne The Fir Tree in Croxteth Park, Learpholl.
ar bhruach thoir on the eastern bank
" Ba léir go raibh an t-arm dáiríre faoi seo, agus bhog gach mac máthar a raibh baint aige leis an bpobal Mormannach go Illinois, áit ar bunaíodh eaglais agus baile ar ar thug siad Nauvoo, ar bhruach thoir abhainn an Mississippi.
bruach na mara the seashore
" Faoi dheireadh shroich Brian bruach na mara.
Bhruach Thiar West Bank
" Tá balla mór na Síne ann, balla Hadrian, balla Antonine, bhíodh balla clúiteach i mBeirlín agus tá an-chonspóid ar siúl faoi láthair faoi na ballaí atá na hIosraelaigh á dtógáil ar an Bhruach Thiar.
bruach bank(s)
" As go brách le Balor go Cathair Bhéal Feirste, go bruach an Lagáin, áit ar tháinig sé ar Chircín Mac Cam Luí agus é ag ól caife ina chaife cáiliúil, an Locked Kipper’s Inn.
bhruach bank
" Agus cé a rinne an cur síos maslach seo? Cé eile ach Balor an Bhéil Bhinn, nó tharla go raibh sé féin i láthair ag an scliúchas ar bhruach Loch Léin.
mbruach bank
" Caitheann cuid doíbh an t-am seo mar eithne nó pupa agus nochtfaidh sé amach ina fheithid nua ar an mbruach le téamh an Earraigh.
bhruach bank
" Bhí corr éisc ag faire amach ar bhruach an locha bhig, agus bhí lorg coise coiníní le feiceáil go flúirseach ar bhrat sneachta na mbóithríní mórthimpeall.
bhruach na habhann riverbank
" Is baile beag é Gunnedah, lonnaithe ar bhruach na habhann Namoi, ar an taobh thiar den Imleach Mór, a scarann an stiall chaol ar chósta thoir na hAstráile ó na machairí ollmhóra intíre.
bhruach na habhann the river bank
" Fuair meitheal, a bhí ag deisiú bhruach na habhann, an taisce a bhí adhlactha i gcófra.
bhruach an locha lakeshore
" Dhá cheann de na comharthaí teorainn faoi leith ná an Túr CN agus an tIonad Rogers atá le taobh a chéile ar bhruach an locha.
dá bhruach two banks
" I measc na n-imeachtaí a bhí mar chuid de dheasghnáth na hoscailte, bhí claisceadal de 600 gasúr ó scoileanna éagsúla fud fad na cathrach, a tháinig le chéile ar an droichead ón dá bhruach le tús a chur leis.
bhruach bank, border
" Sheas an traein ar feadh i bhfad ar bhruach na Polainne i stáisiún cúlráideach nár aithnigh mé féin.
bailithe thart ar na bruacha gathered on the beaches
" Measadh go raibh tuairim is milliún go leith duine bailithe thart ar na bruacha nuair a bhuail a long cloch is cuan in Sydney ar 3 Feabhra 1954.
bruach na habhann the river bank
" D’fhan mé ansin thart ar cúig lá, gach maidin ag ceistiú daoine ag bruach na habhann go dtí gur bhain mé amach bád amháin ag dul mo threosa (áit a roghnaigh mé ar léarscáil le mo shúile dúnta).
bhruach riverbank
" Bhain mé an bhruach amach ach bhí an abhainn mór, leathan, domhain agus dorcha.
an bhruach thall the opposite bank
" Le hádh agus le faoiseamh d’éirigh liom agus bhaineamar an bhruach thall amach.
bhruacha banks
" Tá muid ar bhruacha Loch Superior i Milwaukee.
bhruach an tsrutháin the stream bank
" Bóthar cúng a bhí fúm an chéad uair an chloig, cosán gan teara an dara huair an chloig, agus bealach aimhréidh ar bhruach an tsrutháin ina dhiaidh sin.
bhruach bank
" Baile beag ar bhruach abhainn na Maroni, a dhéanann teorainn le Surinam.
bruach na habhann the riverbank
" An chéad uair, cois Abhainn na Réine sa nGearmáin, ó dheas de chathair Bonn, is ag rothaíocht liom a bhíos le bruach na habhann nuair a chonaic mé leacht.
bhruach bank(s)
" Agus ar bhruach an Itapecuru a bhunaigh sé an baile beag Kelru.
mhealladh ó bhruach na habhann to entice from the river bank
" An bhean nach bhfaca mé roimhe sin ná ó shin, rinne sí a dícheall an bhean óg aoibhinn álainn a mhealladh ó bhruach na habhann a fhad leis an ghuthán ar thaobh eile na sráide mar a raibh na Samaritans sásta labhairt léi.
ar bhruach on the bank(s)
" Chuir Pádraig Ó Loingsigh, cathaoirleach an Chlub Éireannaigh, fáilte roimh an Uactharán i nGaeilge, rud a thaitin leis, mar dúirt sé: “Tá sé go hiontach Gaeilge a chloisteáil ar bhruach an Mersey” agus labhair sé faoin dóigh go raibh na fógraí díshealbhaithe i gcónaí i mBéarla, teanga nach raibh ag an chuid is mó de na daoine a díbríodh go Learpholl.
bruach bank
" (brzeg = bruach, kraj = críoch, krowa = bó (féach crú 7 cró), młynek = muileann, morze = muir, niebo = néal, źródło = sruth, łapa do sniegu (lapa do sneachta) = sluasaid adhmaid a dhéanfá féin le sneachta a chartadh, srl.
ag sleamhnú amach ón mbruach ar an bpoll domhain slipping away from the bank into the deep pool
" Bhraith sé aisteach, mar sin féin, ag sleamhnú amach ón mbruach ar an bpoll domhain is gan cuairteoir ar bith thart.
ar na tomacha ar bhruach na habhann on the bushes on the river bank
" Ar thaobh na cathrach den áit a bhfuil an droichead sin inniu, chonaic mé oibrí Bardais ag tomhas thart ar na tomacha ar bhruach na habhann le háiritheoir Geiger.
nó le bruach srutháin or the bank of a stream
" Mhúchadh an crann sitce an fál agus an cosán in imeacht na mblianta sa gcaoi go mbíodh seanfhear ina chónaí leis féin ag siúl isteach tollán dorcha crann, i lár an lae, le gabháil chuig a theach féin! Ba cheadmhach an t-am sin crainn a chur le taobh cosáin nó le bruach srutháin gan srian ar bith agus b'shin é an cur a rinne dochar do shaol an duine agus do bheatha an éisc araon.
ag cur thar bruach packed to capacity
" Tá Pirtek ag cur thar bruach ar laethanta na gcluichí baile ó shin i leith.
ar bhruach na Mara Duibhe on the shore(s) of the Black Sea
" Nuair nach raibh an Bhanríon Angela nó an Rí Barack, nó fiú Tánaiste na hÉireann, sásta dul chun cainte le hImpire an Domhain Thoir, dúirt Balor Calma Curata go rachadh sé féin chun na Rúise le bleid a bhualadh ar Vladimir Poitín ar bhruach na Mara Duibhe.
idir dhá bhruach between the two banks
" Seo tuilleadh dá chuid cainte: 'Bhí siad ansin idir dhá bhruach ag gabháil isteach go Gaillimh in áit an dtugann siad an Caisleán Nua air, gar go maith ansin do dhroichead an railway, an railway a bhíodh ag gabháil go Clifden.
ar bhruach on the bank(s)
" D’inis sé dúinn go raibh sé féin agus a athair i láthair i 1966 nuair a nochtadh leacht cuimhneacháin do 1916 ar bhruach Abhainn na Siúire, leacht le dealbh Críost ar a barr: “*Our leaders were elevated to the stature of ‘godly’*”, a dúirt sé linn.
bhruach bank, shore
" Tá sliocht eile ag Tony Birtill le cur sa chuntas faoin ‘tsaoirse gan só’ ar bhruach thoir Mhuir Éireann.
ar dhá bhruach na teiscinne on both sides of the ocean
" Chas Robert McMillen le cumadóir, ceoltóir agus amhránaí a bhfuil díolamaí seolta aici agus gealladh fúithi le tamall anuas ar dhá bhruach na teiscinne, Julie Feeney as Achréidh na Gaillimhe.
bhruach abhainn river bank
" Is gar i ngaol dúinn gnéithe go leor de bhéascna agus de shean-nósanna na Breataine Bige mar a fuair Diarmuid Johnson amach ar a chamrian trí sheanreilig i gCymru agus ar bhruach abhainn Teifi.
ar bhruach on the bank(s) of
" Chas Seosamh Mac Muirí leis i gceantar Chathail Bhuí ar bhruach Loch Mac nÉan, i bhFear Manach.