Pota Focal Intergaelic
bhí | | blí | brí | bua
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Cá bhfuil an bolg buí used when tickling (the stomach) while playing with a baby
" "Cá bhfuil an bolg buí, cá bhfuil? An bhfuil cigilt ionat go fóill, an bhfuil?" ar sí sa ghuth ard éadrom sin a úsáideann mná le páistí beaga.
Ionnach nár bhain an dath buí a bhí ar bhallaí an halla radharc na súl de Nell the yellow colour on the hall wall almost blinded Nell
" Ionnach nár bhain an dath buí a bhí ar bhallaí an halla radharc na súl de Nell.
a bhuí sin don idirlíon thanks to the Internet
" Tá sé i mbun an chláir sin le tuairim is ceithre bliana anuas anois agus tá lucht éisteachta dílis aige, ní hamháin anseo in Éirinn ach ar fud na cruinne, a bhuí sin don idirlíon.
a bhuí sin le thanks to
" Cloisfidh tú amhráin i dtaobh na himirce chomh maith, nó fiú tuairiscí nuachta ina dtugtar an scéal is úire faoi ghortaí an lae inniu, a bhuí sin le trealamh éisteachta an ionaid.
mhin bhuí Indian meal
" Bia ginchóirithe atá i gceist acu a thabhairt ann, an mhin bhuí ach go háirithe.
feamainne buí knotted wrack
" Tá lagan tagtha ar thionscal na feamainne buí - tionscal a thug saothrú séasúrach do chuimse teaghlach ar chósta thiar Chonamara.
fir bhuí orangemen
" De ghnáth baineann mórshiúlta sa chathair le taobh amháin nó taobh eile den phobal - fir bhuí nó poblachtánaigh - agus siúlann na rannpháirtithe i línte fada.
veisteanna geala buí bright yellow vests
" Bhí sé lán póilíní, áfach, veisteanna geala buí ag clúdach a n-éide leamh bhuí.
a bhuí sin le thanks to
" Bhí amhráin le cloisteáil faoin imirce, mar aon leis na scéalta is nua faoi ghortaí an lae inniu, a bhuí sin le córas fuaime an ionaid cuimhneacháin.
a bhuí sin don spreagadh thanks to the encouragement
" Lean Cole lena iarracht, a bhuí sin don spreagadh a fuair sé ó fhir dhóiteáin mar Eric Allen ó Scuad 18.
ag dáileadh min bhuí distributing Indian corn
" Bhunaigh sí teach súip agus oifig chun airgead a bhailiú i mBaile Átha Cliath, agus chabhraigh sí leo siúd a bhí ag dáileadh min bhuí ar na daoine a bhí ag streachailt leis an saol ag tús an Ghorta.
fá choinne bannaí buí for orange bands
" Tá athruithe ar an *Twelfth *anois, go háirithe in Drumcree Le comórtas mór éigeantach fá choinne bannaí buí, Ach beidh príosún saoil ag banna ar bith nach sroicheann caighdeán cuí Ó chuaigh Mary Mac isteach arís san Áras.
na Fir Bhuí the Orangemen
" Teifigh ó na Fir Bhuí.
min bhuí maize flour
" Is féidir leis trí shaghas plúir a dhéanamh: plúr castáin, min bhuí, agus plúr cruithneachta.
muintir Sheáin Bhuí the English
" Thriail muintir Sheáin Bhuí an dá chultúr a chur fé chois ach níor éirigh leo! Ag dul i neart atáimid! AÓF: Céard iad na hamhráin a phioc tú suas le linn duit a bheith san Astráil? MÓS: “Banks of the Condomine”, “Morton baby”, “Andy's gone with cattle” agus mar sin de.
a bhuí sin thanks to
" Rinneadh na scéimeanna seo ón mbunphlean a luathú, a bhuí sin le brú leanúnach poiblí (agus cúpla suíochán imeallach san olltoghchán in 2007).
Fir Bhuí Orangemen
" Is éard atá in *Love Ulster *na comhghuaillíocht ina bhfuil Fir Bhuí, dílseoirí paraimíleatacha agus daoine a bhí thíos le foréigean an IRA.
buí-ómra yellow-amber
" Anois siúlaim leat i gcaorán na bhfuiseog is éistim le monabhar abhna do bhriathra ó Bhéal an Áthaagus cuirim mo bheola le do chneas atá cumhra, a ghrá, le sméara dubha Ghleann an Átha …i dtobainne, tá mé lán díot, a mhian, is níl a dhath le déanamh agam ach luí síos leat go dianar leaba seo an dáin agus tú a bhriatharú chun beatha … Gluais • Glossary glao coiligh a póigethe rooster call of her kiss mullaightop of house buí-ómrayellow-amber bruth análahot breathing múr teasabank of heat cága callánachanoisy jackdaws á ngríosúinciting them a ngiúmaráilhumouring them go breabhsántasprightly meall gréineorb cabhail chathrachcity body spréite go hanástaspread awkwardly tnáitejaded basár a brollaighthe bazaar of her bosom ag borradhswelling dlaoithe casacurly tresses cabhsaí dúshlánachachallenging lanes á gclutharú féinhiding themselves méalasorrow buairtvexation cruachásdistress ag déanamh tochtagrieving silently an tréanthe strong ag tromaíocht ar an truadenigrating the wretch meannánkid méileachbleating scrínteshrines bean feasa na gclós ársawise woman of the ancient yards dhorchaigh spéir a súlthe sky of her eyes darkened ceannaircrevolt a d’fheall orthuwhich failed them boige paidrethe softness of prayer le báinífurious bhruth bréan bildeálathe foul heat of the building site ag déanamh angaidhfestering i bhforógraí bagracha lucht léirsithein the threatening proclamations of the demonstrators bhachlógachindistinct siogairlínípendants glémhaiseachexquisitely beautiful go ríogúilregally teanga túisetongue of incense ag clingireachtringing bantracht bheoshúileachthe quickeyed women le coim na hoícheat nightfall ag spréamh cheannbhrat glé an dorchadaisspreading the bright canopy of darkness bioráinpins ag lonrúshining clóca sróilcloak of satin aigeantaspirited buimefoster-mother deoch shuainsleeping-draft spréachspark súgachmerry ag glinniúintsparkling tú a mhuirniúto caress you linntepools cumhaloneliness le tú a aoibhnniúto make you blissful ionúinbeloved másaíthighs a niamhraigh mo dhánwho made resplendent my poem i gcaorán na bhfuiseogin the bog of the larks monabharmurmur chneasskin cumhrafragrant miandesire
a bhuí sin le teicneolaíocht chliste thanks to a clever technology
" Luathaíonn sé ó bheith stadta go dtí 100 ciliméadar san uair níos tapúla ná Ferrari, agus gan fuaim – ach amháin seabhrán beag cosúil le fuaim triomadóra gruaige! Cuirtear le chéile é i monarcha Lotus i Sasana – agus má dhéanann tú é a phlugáil isteach um thráthnóna, is féidir leis turas 400 ciliméadar a dhéanamh an maidin dár gcionn, a bhuí sin le teicneolaíocht chliste a úsáideann ceallraí iain litiam, cosúil leis na cinn a bhíonn i ríomhairí glúine (ach i bhfad níos mó).
An bhodóg bhuí the yellow heifer
" An bhodóg bhuí a bhfuil an dáir caite aríst aici ó aréir, tá sí ag imeacht craiceáilte is ag *cause*áil trioblóide.
amhrán de chuid na bhFear Buí, one of the Orangemen's songs,
" Thug sé caint i mBéal Feirste blianta fada ó shin inar léirigh sé go raibh Gaeilge in amhrán de chuid na bhFear Buí, Lilly Bolero: “lilí, ba léir ó, b’againn an lá.
den leacht leamh buí of the generic yellow liquid
" Le fada bhí, agus tá go fóill, lucht ólta Mheiriceá ag éirí písín tuirseach den leacht leamh buí atá déanta as rís ghinchóirithe agus atá ar fáil i ngach tábhairne agus siopa eischeadúnais sa tír.
is dual don Fhear Buí as is natural to the Orangemen
" Thaitneodh sé leis dá bhfeicfeadh sé ag a leithéid d’ócáidí “bratacha Oráisteacha ar crochadh go maíteach ard, agus an Sash i gcóiriú nua Gaelach Albanach, á chanadh leis an mustar sin is dual don Fhear Buí.
bhuinneach bhuí skitters
" Anois caidé a bhí tú ag rá, a Chacail?” I lomchodarsnacht le ráitis Mháire Ní Chlochráin, tá George Lee den bharúil gur sa bhuinneach bhuí atá muid agus nach bhfuil romhainn amach ach a thuilleadh den sciodar.
leathanaigh bhuí yellow pages
" Rachaidh an easpa láithreachta i bhfeidhm níos mó agus níos mó, mar is domhan eile é seo, domhan na ndúchasach digiteach áit nach mbeidh leathanaigh bhuí le fáil amach anseo, ná caint dá laghad fúthu.
fir bhuí Orangemen
" Bhí Union Jack sa lár, ach sna ceithre chúinne bhí brat ó Shasana, Alban, An Bhreatain Bheag agus trídhathach na hÉireann agus an mana *'Europe in one city*' air!!! Seo i gcathair atá lán de na fir bhuí, dream a iompraíonn brat dílseachta Uladh ar a gcuid paráidí go rialta.
bhuí yellow
" Cur i gcéill atá ina leithéid sa tír seo; fir bhuí greannta ar chuaillí agus gan léarscáil, gan eolas ná leabhrán ar fáil le tuilleadh eolais a thabhairt duit faoi.
Fiabhras Buí yellow/gold fever
" In 1848 bhuail an Fiabhras Buí California nuair a fuarthas ór sna haibhneacha agus sna sléibhte.
buí golden
" An réamh-mhacalla iad na ribíní bána seo de na comharthaí réaltógacha buí lena mbrandálfaí díchumhachtacha eile sa tsochaí céanna scór bliana ar aghaidh? Agus, más ea, arbh iad Klara agus Martin a smaoinigh ar a leithéid de chleas úiríslithe? Meabhrú na ‘ciontachta’, agus náiriú poiblí san am gcéanna? Arís, fágann Haneke an dúcheist ar oscailt dúinn.
bhuí thanks
scéal an ghamhna bhuí a dhéanamh being longwinded
" Ach cluiche ceart crua agus iomaíocht ghéar, ba scéal eile ar fad é sin! Gan scéal an ghamhna bhuí a dhéanamh de, shocraíomar an deis a thapú.
Marach Buí yellow blemish
" Marach Buí na Léige ======== Mar cuid den iarracht siúlóirí a bhrú i dtreo Cosán an Oilithrigh, tá líne carraigeacha atá péinteáilte buí geal ón fhothrach séipéil go dtí imeall na haille, áit a bhfuil fógra nua ann.
buí yellow
" Bíonn breicne buí/flannbhuí ar an bhfireannach, agus bricíní ar an mbaineannach.
buí ag an ngréin sun-bronzed
" Bhí sé buí ag an ngréin, dea-bhéasach agus réidh i dtólamh cuidiú le lucht snámha i sáinn, nó bhí cluiche spóirt éigin á imirt aige.
chomh buí le as yellow as
" Mullach catach dubh orthu, agus a gcneas chomh buí le céir na mbeach.
buí geal bright yellow
" Leanann siad líne charraigeacha atá péinteáilte buí geal go dtí an fothrach séipéil, líne a thug na siúlóirí ‘Bóthar na mBrící Buí’ air nuair a nochtadh é i 2010.
tá teanga Sheáin Bhuí ag scuabadh roimpi English is sweeping all in its way
" Ar fud na mór-roinne, agus ar fud na cruinne go deimhin, cés moite de Mheiriceá Theas b’fhéidir, tá teanga Sheáin Bhuí ag scuabadh roimpi ina maidhm bháite.
Is í an bus buí a bhí fúm I travelled by bus
" Is í an bus buí a bhí fúm an chéad tseachtain, ach is beag siúl a bhí inti seachas stad agus seasamh.
a bhuí do Dhia thankfully
" Níor bhris sé ach a leathrúitín san eachtra, a bhuí do Dhia, agus bhí an t-ádh air go raibh Foireann Tarrthála Llanberis sa cheantar ag an am - bhain siad Mark amach faoi cheann 30 bomaite.
go linn bhuí na gcaolán (hurt them) grievously
" Ghoill sé ar bhallstáit an Chomhlathais go linn bhuí na gcaolán nuair a shínigh an Taoiseach, Éamon de Valera, leabhar an chomhbhróin faoi bhás Adolf Hitler i mí na Bealtaine 1945, cé nach raibh i gceist ach nósmhaireacht taidhleoireachta.
ní a scoilt an tír a bhuí siúd do something which split the country thanks to
" Conchobair co sochraiti moir do Gaidelaib leis hi furtacht in Rig i mBretnaib, & ro milset an tir uili’ 1245AConn), Gaill in aghaidh Gaeil na hÉireann agus Protastúin in aghaidh na nGael nuair a d’fhóir sin, Muslamaigh in aghaidh Induach na hInde, ní a scoilt an tír a bhuí siúd do MtBatten, Tuirc in aghaidh Ghréagaigh na Cipire, Sínigh agus Mong in aghaidh Vítneamach i Víteam, Shia agus Curdaigh in aghaidh Sunni na hIaráice agus Sunni in aghaidh Shia agus Críostaithe na Siria ad infinitum.
buí agus uaithne yellow and green
" Gorm agus geal, buí agus uaithne =========== Tharraing mé grianghraf ag cearnóg Campo Grande a chuaigh i bhfeidhm orm go mór: dathanna na Brasaíle á gcur ar aghaidh mhná gile, a raibh cúpla bliain le cois an trí scór aici, ag fear gorm nach raibh an scór féin bainte amach aige.
A bhuí don thanks to
a bhuí sin den we have (the senator C. J.) to thank for that
" Ní bheidh tuairim dá laghad acu faoi céard a bhí ar siúl, ná cuimhne ina dhiaidh! Gníomhú na Fraince ======== Cuireadh an tuarascáil ‘Against Hyper-Sexualisation: A New Fight for Equality’ le chéile sa Fhrainc anuraidh, a bhuí sin den seanadóir Chantal Jouanno.
A bhuí den Uasal Ciotach thanks to mr. wrong
" Ciotaíl Chainte agus Loiceadh na bPáirtithe ============= A bhuí den Uasal Ciotach, gabh mo leithscéal, Chittick, nuair a chuirtear an scéal chun seafóide uilig uilig, feictear do dhaoine, dá ndaille iad an chuid eile den am, nach bhfuil stuaim sa deargnaimhdeas do theanga ar bith seachas a chéile.
a bhuí leis na meáin thanks to the media
" Feictear dom go bhfuil sí fós i gcarcair – a bhuí leis na meáin a rinne dúshaothrú uirthi beagnach ón bhomaite a gabhadh í deich mbliana ó shin.
faoi shoilse buí na sráide with the yellow street lighting
" Sa gheimhreadh féin bhí spórt againn, faoi shoilse buí na sráide go minic.
a bhuí don thanks to
" Ar an Mháirt, an 18ú Márta, a bhuí don Ambasadóir James Mc Intyre, bhí mé ag ceiliúradh de chuid Ambasáid na hÉireann san Airgintín i gceann de na hionaid is galánta in Buenos Aires, Lo de Aberg Cobo, é plódaithe le meascán mearaí de Gaeil-Airgintínigh agus a gcairde.
a bhuí don thanks to the
" A luaithe is a insealbhaím uirlis nasctha beidh mé in ann é a leanúint gach áít is mian liom, a bhuí don tseirbhís nua Dweet.
a bhuí sin leis an teicneolaíocht nua thanks to the new technology
" Tá an Ghaeilge faoi bhrú an-mhór sna Gaeltachtaí go léir ach tá an teanga ag scaipeadh ar fud an domhain ag an am chéanna, a bhuí sin leis an teicneolaíocht nua go háirithe.
a bhuí sin leis an teicneolaíocht nua thanks to new technology
" Míníonn Diarmaid Mac Mathúna an tslí a raibh deis ag gnáthdhaoine cur le tuairiscí nuachta na meán cumarsáide tar éis bhuamáil Londan an mhí seo caite, a bhuí sin leis an teicneolaíocht nua.
a bhuí sin leis na hinimircigh thanks to the immigrants
" Tá réimse i bhfad níos leithne bia le fáil san Astráil na laethanta seo, a bhuí sin leis na hinimircigh atá tagtha chun na tíre ó bhí aimsir an Dara Cogadh Domhanda ann, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
a bhuí sin le craobh de chuid Chonradh na Gaeilge thanks to a branch of Conradh na Gaeilge
" Tá an-bhorradh faoin Ghaeilge i nGlaschú faoi láthair, a bhuí sin le craobh de chuid Chonradh na Gaeilge atá lonnaithe in Govanhill, ceantar ina bhfuil roinnt mhaith Éireannach ag cur fúthu go fóill.
Dhánlann Mhic Giolla Bhuí McGilloways' Gallery
" Thug Ciara Nic Gabhann cuairt ar Dhánlann Mhic Giolla Bhuí mar a bhfuil taispeántas ealaíne de shaothar Phatsy Dan Mac Ruairí á léiriú faoi láthair.