Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mbuíon group
" Ach má bhíodh áthas air í a aimsiú lena shúile cinn sa mbuíon daltaí scoile, bhí an oiread eile áthais air gan blas dá hainm a bheith ar eolas aige, chreid sé, óir b'amhlaidh a theorannódh ainm baiste ise agus a shamhlaíocht féin.
buíonta ceoil bands of musicians
" Táthar ag súil go mbeidh beirt fhilí Breatnacha ag teacht ar cuairt chugainn chun a gcuid filíochta a léamh, go mbeidh cainteanna ó aíonna eile ar ghnéithe d'ealaín agus de litríocht na Gaeilge agus na hÉireann, agus go mbeidh buíonta ceoil ann a bheidh ag casadh cheol na hÉireann i rith na hoíche.
buíon oibre ardoilte highly skilled workforce
" Ní féidir taighde agus forbairt a dhéanamh gan buíon oibre ardoilte, agus ní féidir buntáiste iomaíoch a choimeád, gan trácht ar a fhorbairt, gan taighde agus forbairt.
buíon group
" B'fhéidir go mbeadh roinnt ball den CLG ag breathnú air, ach seans go mbeadh buíon eile sa halla ag foghlaim damhsa seite nó ag imirt iomána faoi dhíon, nó b'fhéidir go mbeadh rang Ghaeilge nó feadóige ar siúl i seomra eile.
bhuíon company
" Chuaigh Breannan isteach i rannóg dóiteáin na cathrach mar oibrí deonach i dtús na 1840í, agus ceapadh é sa deireadh mar shaoiste ar an bhuíon.
fuadaíonn buíon bheag sceimhlitheoirí an t-eitleán a small group of terrorists hijack the plane
" Nóiméad ina dhiaidh sin fuadaíonn buíon bheag sceimhlitheoirí an t-eitleán agus dhá nóiméad níos deireanaí tiomáintear an 747 - atá lán de bhreosla don turas tras-Atlantach - isteach i dtanca mór plútóiniam ag Sellafield.
buíon cheoil páistí children's band
"buíon cheoil páistí ann chomh maith a bhíonn páirteach i mórán comórtaisí i rith na bliana.
buíonta troops
" Meán Fómhair 2022: I ndiaidh caismirtí idir buíonta Francacha agus Gearmánacha, tosaíonn cogadh idir an dá thír mar gheall, a deir siad araon, gur "goideadh" uisce na Rí-Abhann uathu féin.
buíon cheoil thraidisiúnta traditional music band
" Bhunaigh Proinsias buíon cheoil thraidisiúnta i dTeach Hiúdaí Beag i Machaire Chlochair.
buíonta de threallchogaithe bands of guerrillas
" Gearradh trinsí doimhne cosanta an tráth sin thart ar sheasaimh dhaingne sa ghaineamh, cuireadh buíonta de threallchogaithe a sceimhliú na ndámh léinn is na meán cumarsáide, de réir cuid de na tuairiscí, agus rinneadh imshaol na litríochta a nimhiú le gás marfach na n-idé-eolaíochtaí, dar le daoine áirithe.
lucht leanúna bhuíon cheoil Oráisteach the followers of an Orange band
" Chonacthas sin an mhí seo caite, nuair a ligeadh do lucht leanúna bhuíon cheoil Oráisteach siúl fríd Ard Eoin i mBéal Feirste.
bhuíon dílseoirí a band of loyalists
" Bhí drochthús leis an mbliain i 1969 nuair a lig an RUC do bhuíon dílseoirí ionsaí a dhéanamh ar shlua mac léinn ón eagraíocht Peoples Democracy, a bhí ag máirseáil ar son cearta sibhialta ag tús mhí Eanáir.
bhuíon band
" “Ní fhaca siad iad féin mar oirfidigh fiú, ach mar bhuíon a raibh an ghné mhíleata, an éide agus an mháirseáil chun tosaigh inti.
buíonta paraimíleatacha bands of paramilitaries
" Le bliain nó dhó anois tá buíonta paraimíleatacha, a thugann "Minutemen" orthu féin, i gcuimhne na dtreallchogaithe frith-Shasanacha in aimsir na réabhlóide, ag dul ar patról ar an teorainn, beag beann ar na fórsaí armtha oifigiúla féin.
buíon saighdiúirí a company of soldiers
" Ní rabhamar ag súil le hatmaisféar an champa airm ar an láthair champála, ach dar fia, cé a shiúil tharainn agus sinn ag fadú na tine ach buíon saighdiúirí gléasta in éide Arm na hAontachta.
buíonta bands
" Tagann buíonta Kick The Pope trasna na farraige le páirt a ghlacadh i mórshiúlta an Dara Lá Déag.
buíonta céilí céilí bands
" Maireann na glúnta atá imithe ar shlí na firinne taobh istigh de na ceithre bhalla seo, iad ag amhránaíocht agus ag seinm agus ag déanamh céimeanna damhsa – tincéirí; réaltaí pop; aithreacha agus máithreacha agus a muiríní ag seinm na bhfonn a chleachtadh siad sa bhaile sular chuir an teilifís ina dtost iad; buíonta céilí i Londain na 50í; fidléirí uaigneacha Nua-Eabhrac; tá siad uilig anseo.
i mbuíonta céilí na linne in the céilí bands of the time
" ” Nicholas féin, bhí suim aige sna *showbands* agus sa phopcheol agus é ag éirí aníos ach ba mhó an dúil a bhí aige i mbuíonta céilí na linne agus, ina dhiaidh sin, The Clancy Brothers agus na grúpaí a lean iad.
na buíonta máirseála, the marching bands,
" Traidisiúin éagsúla Tá amhráin agus ceol ón traidisiún Oráisteach sa Taisce fosta agus cad chuige nach mbeadh? Is cuid de thraidisiúin na hÉireann iad na buíonta máirseála, buíonta bosca ceoil, bannaí píb agus amhráin a bhaineann leis an traidisiún Oráisteach, na Apprentice Boys agus araile.
chuaigh Martin féin isteach i mbuíon cheoil. Martin himself joined a music group.
" ” Buíon cheoil san ollscoilAgus é ar an ollscoil, chuaigh Martin féin isteach i mbuíon cheoil.
coincheap na buíne cairde concept of the gang of friends
" “Is é mana na lads ná ‘all for one, one for all’, agus bhí coincheap na buíne cairde an-tábhachtach sa scéal ach bhí sé millteach fosta – ní dhearna an bhuíon aon dul chun cinn ina saol.
buíonta gangs
" “Coinníonn buíonta siar thú, ach cuidíonn siad leat chomh maith.
buíonta platoons
"buíonta SWAT anois ar an bhfód a bhfuil ingearáin agus meaisínghunnaí acu, agus tá tanc Saracen – a ceannaíodh ón mBreatain – ag an buíon in Tulsa, Oklahoma.
buíon platoon
" Bhí drogall ar Howard a leithéid a dhéanamh, ach faoi dheireadh sheol sé buíon bheag de 550 saighdiúir chuig an Iaráic.
buíon bheag small group
" Le teann díograis, d’éirigh le Roche agus a buíon bheag briseadh tríd an gCuirtín Iarainn.
trí bhuíon lámhaigh three firing squads
" ” Ar an naoú lá den mhí seo caite, cuireadh chun báis an triúr buamadóirí thuas ag trí bhuíon lámhaigh ar an oileán príosúin, Nusakambangan, ar chósta theas Iáva.
ar son na buíne ar fad for the entire group
" Céard a chomharthaíonn sé sin? An tú croílár Dervish nó cén fáth gur tusa seachas fir go léir an ghrúpa a labhair ar son na buíne ar fad?” -“Cosúil leis an lá inniu anseo, sin é mo chuid oibre.
buíonta preasála press gangs
" Baineadh úsáid as modhanna comhéigneacha leis na hoibrithe a earcú, ar nós iad siúd a bhíodh i bhfeidhm ag na buíonta preasála de chuid Chabhlach Ríoga na Breataine tráth.
buíon group
" Tréaslaím le Róisín Uí Shúilleabháin, cathaoirleach Cumann Peile na bPiarsach, agus lena buíon oibrithe deonacha a rinne gaisce as cuimse chun comórtas peile na bliana a eagrú chomh maith agus a rinne, agus tréaslaím leis na buaiteoirí, Ard Ratha as Tír Chonaill sa chomórtas sinsir, Oileáin Árann sa chomórtas sóisear, agus le Naomh Anna, Leitir Mór, i gcomórtas na mban.
buíonta ceannairceacha rebellous groups
" Faoi na seachtóidí bhí tuairim is a thrian de Bhurma faoi smacht an KNU agus buíonta ceannairceacha eile ach ag deireadh na n-ochtóidí cuireadh go mór le fórsaí míleata Bhurma.
bhuíon group
" ” Níor shíl na haontachtaithe céanna go raibh rud ar bith cearr le paráid bhuíon dhílseoirí a dhul thart leis an áit ar maraíodh Kevin Mc Daid, buíon atá ceangailte leis an teach tábhairne as ar tháinig an drong a mharaigh é.
buíonta forairdill vigilante groups
" Chuaigh cúrsaí ó mhaoil go mullach nuair a bunaíodh buíonta forairdill i measc na mac léinn Indiach in Melbourne ag trí stáisiúin traenach, agus nuair a tharla ionsaithe díoltais in Harris Park, bruachbhaile in iarthar Sydney, tar éis ionsaí eile ar mhac léinn Indiach ann.
buíonta groups
"buíonta fear armáilte ag cruinniú ar Ka agus an lámhach gunnaí ag tabhairt le fios nach de ghrá na ndaoine áitiúla atá siad ag teacht.
buíon a group
" Bhí áthas orm an samhradh seo nuair a bhí mé i gceannas buíon siúlóirí le hOideas Gael ar Sliabh a Liag, mar chonaic muid go léir go bhfuil an tobar beannaithe, atá cóngarach do mhullach an tsléibhe, deisithe arís.
buíne group
" Tá tuilleadh fianaise ar fáil ó na haighneachtaí a chur na Ranna Rialtais éagsúla faoi bhráid na buíne speisialta a bhí ag déanamh staidéir ar chaiteachas sa tseirbhís phoiblí (nó an Bord Snip Nua) faoin athrú o bhonn a bheas ag teacht ar shaol na Gaeilge is na Gaeltachta sna blianta beaga amach romhainn.
mbuíon group
" DuaiseannaBeidh cúigear buaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais cóip den eisiúint is úire, a chuimsíonn dhá dhiosca, ó Kíla, dar teideal: The Best of Kíla – Rogha Breis agus fiche bliain de bheith ag bualadh ceoil, seo rogha de na rianta is fearr ón mbuíon shuaithinseach seo.
buíon a group
" An Saineolas Idirnáisiúnta Bunaíodh an dréachtstraitéis cuid mhaith ar thuarascáil a d’ullmhaigh buíon saineolaithe idirnáisiúnta faoi stiúir FIONTAR, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath don rialtas.
buíonta groups
" Is gá meithleacha cócaireachta feoilséanta a bhunú i do theanga (gáire) nó buíonta adhmadóireachta.
Bhuíon group
" Murar féidir le foghlaimeoirí saibhreas, iomláine, agus áilleacht theanga na Gaeltachta a thabhairt leo, an fiú an Ghaeltacht a chaomhnú ar chor ar bith? Nó an é go mbeadh Gaeilge na gcathracha ní ba bhoichte fós murach an Ghaeltacht a bheith ann? Nó an bhfeidhmíonn an Ghaeltacht ar leibhéal eile in intinn an fhoghlaimeora, go seasann sí mar bhunchloch faoi choincheap éigin a bhaineann le féidearthachtaí teanga? Is é sin, gur mó an tábhacht a bhaineann leis an Ghaeltacht mar thaca i samhlaíocht an fhoghlaimeora ná a bhaineann leis an fhíor-Ghaeltacht mar acmhainn daonnachta nó mar thobar saíochta ann féin? An Bhuíon Bheag Chinniúnach Is dóigh liom féin gur beag seans anois atá ag an Ghaeilge mar theanga phobail.
bhuíonta groups
" Chuaigh ceann de bhuíonta armtha mídhleathacha na Colóime isteach i ndufair iarthuaisceart na tíre, i bhforaois bháistí Chocó, mí Márta na bliana seo caite, d’fhonn buíon armtha mhídhleathach eile a ruaigeadh as agus an áit a chur faoina smacht féin.
bhuíon group
" Tá sé i gceist ag an bhuíon díograiseach ón Fhondúireacht €10m a bhailiú le tabhairt faoin dtogra seo, ach ar na saolta seo faraor, sin í an áit a mbeidh an deacracht agus an fíordhúshlán.
bainisteoir na buíne group's manager
" Bhí bainisteoir na buíne sin, Grant, ag lorg drumadóír agus chuir sé glaoch air agus d'eagraíodar coinne le deoch agus dreas comhrá a bheith acu le chéile.
buíonta groups
" Níor chuir Imeall Trá Teoranta ceist ar bith ormsa faoi Shliabh a Liag, cé go raibh mé thuas ansin níos mó ná 100 uaire le buíonta turasóirí.
buíne group's
" Zachary Adam Chesser, a thugann Abu Talhah al-Amrikee air féin anois, a scríobh an bhagairt ar shuíomh gréasáin na buíne.
buíonta groups
" Uaireanta, deirtear gurb í an chaoi gur éirigh le hathbheochan na hEabhraise toisc gur theastaigh teanga choiteann ó na buíonta inimirceach ar fad.
bhuíon is mó largest group
" Tá bonneagar na gceantar seo faoi an-bhrú agus níl aon amhras ach go gcuirfidh an bhuíon is mó de na hinimircigh nua fúthu sna ceantair chéanna.
bhuíon group(s)
" D’éirigh coimhlint idir an dá bhuíon i dtaca le hacmhainn bia an cheantair agus ní raibh aon leisce ar na coilínigh dul i muinín an fhornirt lena ngabháltais agus a n-ainmhithe a chosaint.
buíne group
" Pamela Geller, cuir i gcás, blagadóir as Nua-Eabhrac a bhfuil luí aici le polaitíocht na heite deise ("Atlas Shrugs" is ainm dá blag, in ómos don fhealsúnaí frithchumannach Ayn Rand) agus leis an bhfrith-Ioslamachas (bhunaigh sí grúpa darb ainm *Stop Islamization of America* ar mhúnla na buíne *Stop Islamisation of Europe* sa Danmhairg agus sa Ríocht Aontaithe).
buíon lámhaigh a firing squad
" Throid an reisimint seo i mBaile Átha Cliath i 1916 agus d’eagraigh Reggie Trench buíon lámhaigh, deirtear.
buíonta groups
" Chaith Keenan 1574 lá i mbraighdeanas, é ceilte in áiteanna éagsúla sa chathair agus ar fud na Liobáine, tír a bhí á scriosadh de réir a chéile sa chogadh cathartha idir Hezbollah, na Falangaithe, buíonta Moslamacha agus airm Iosrael agus na Siria i rith na n-ochtóidí.
buíne bige small group
" Baill den Reisimint Seirbhísí Speisialta Aeir, nó SAS sa Bhéarla, a cuireadh chun na hAfganastáine agus a luaithe is a bhí treascairt Rialtas na dTalaban bainte amach, corradh is bliain ní ba dhéanaí, tugadh abhaile formhór na buíne bige Astrálaí.
obair bhuíne team work
" Léiríonn an taispeántas féin stair na teicneolaíochta, ón osteilgeoir seanaimseartha go féidearthachtaí na teicneolaíochta digití, agus tá an comhoibriú a bhain le léiriú an taispeántais mar mhacalla ar an obair bhuíne a bhain le Conradh na Gaeilge nuair a bhí Ní Mhaolagáin páirteach ann.
buíonta groups
" Cuir ceist sa suirbhé a chabhróidh leat buíonta custaiméirí a chruthú.
buíon a group
" Steve Reynoldson agus buíon ó Chlub Brathadóir Mhiotal Lune Valley a fuair an taisce.
buíon amháin one group
" Más cuimhin leat m'alt faoin ábhar seo an t-earrach seo caite, is cuimhin leat mé ag rá go raibh buíon amháin ag baint tairbhe as an tobthitim seo - lucht an *Tea Party*, gluaiseacht den eite dheis a raibh sé mar aidhm acu na Daonlathaigh a chartadh as oifig, an bille shláinte a aisghairm, agus rialtas Mheiriceá a thabhairt ar ais don lucht gnó.
croílár na buíne the kernel of the group
" Tréigfear an feachtas diaidh ar ndiaidh, go dtí nach mbeidh ach croílár na buíne fágtha, agus an t-ualach oibre go léir ag titim orthu.
buíonta groups
" Cé gur mhaígh siad nach raibh ann ach comhairliúchán, ba léir nach raibh ach aon toradh amháin uathu, agus bunaíodh gan mhoill buíonta éagsúla a bhí i gcoinne an bheartais.
buíon theicniúil technical group
" Anuas ar sin, thiocfadh leo nascanna láidre a chruthú le cuid de na Neamhspleácha ainneoin go bhfuil rún ag Mick Wallace “buíon theicniúil” a bhunú le cead cainte a fháil sa Dáil.
bhuíon group
" Rinne duine i mo bhuíon saibhseáil ar <http://www.
bhuíon group
" I nDánlann Mhic Giolla Bhuí, taobh istigh de bhallaí Chathair Dhoire, a taispeánadh den chéad uair ar an Aoine an 25ú Márta an saothar is déanaí ó Phatsy Dan Mac Ruairí, an t-aon duine a mhaireann agus atá ag saothrú go fóill den bhuíon péintéirí atá aitheanta ar fud saol na healaíne mar Phéintéirí Oileán Thoraí.
buíon a group
" Ba léir do chách ó Dhomhnach na Fola ar aghaidh gur beartas amaideach a bhí ann agus i 1981 bhí mé féin sa *Troops Out Movement*, buíon a bhí ar son réiteach polaitiúil agus in aghaidh chos ar bolg Arm Shasana.
bhuíon gang
" Bhí Mary McArdle, agus í 19 mbliana d'aois ag an am, sa bhuíon a mharaigh Mary Travers.
i measc na chéad bhuíne amongst the first group
" (Brandon, 1996) a bhí i measc na chéad bhuíne ag Ardoifig an Phoist: *"On our arrival at the General Post Office, we halted.
na buíne of the group
" Ar an 3 Meitheamh, d’eisigh al-Qaeda físeán eile — is beag stiúideo i Hollywood atá chomh gnóthach leo — inar ghríosaigh Adam Gadahn, urlabhraí Béarla na buíne a rugadh agus a tógadh i gCalifornia, a lucht leanúna i Meiriceá (más ann dóibh) teacht i dtír ar lúb ar lár sna dlíthe gunnaí ansin agus jihad foréigneach a fhearadh.
ba mheasa sa bhuíon the worst in the group
" Bhí náire ar m’fhear céile nuair a chonaic sé mé ag sleamhnú síos i dtreo grúpa daoine gan a bheith in ann na coscáin a chur i bhfeidhm! Ar ndóigh, bhí timpistí ag beagnach gach duine sa bhunrang nuair a thosaigh muid amach ach d’aimsigh mé na bunscileanna sar i bhfad agus ní raibh mé ar an duine ba mheasa sa bhuíon ar chor ar bith.
mbuíon group
" Níl a fhios agam cén dóigh ar tharla seo, ach chuir sé brón orm, agus ar an mbuíon a bhí in éineacht liom, éan maorga mar seo a fheiceáil marbh mar gheall ar rud saorga de dhéantús an duine.
na buíne the group’s
" An mhí seo caite, rinne mé cur síos ar fhíseán a d’eisigh al-Qaeda i mí Meithimh inar ghríosaigh Adam Gadahn, urlabhraí Béarla na buíne, a lucht leanúna i Meiriceá teacht ar ghunnaí agus jihad foréigneach gan trócaire a fhearadh ar “chomhghuaillíocht na Síónach agus na gCrosáidirí” thall.
bhuíon beag teoranta a small limited group
" Go deimhin, ba ó bhuíon beag teoranta de dhílseoirí teanga a tháinig na grabhróga beaga seo d’idirghníomhaíocht.
bhuíonta groups
" Tá roinnt cluichí do bhuíonta iomaitheoirí freisin: mar sin ní ghá gach uile cluiche boird a iompar leat ar saoire a thuilleadh.
a bhuíon his group
" ) Theith Black Jack Schramme agus a bhuíon, le taisce náisiúnta óir an Chongó, trasna na teorann go Ruanda 1967.
ina mbuíonta in groups
" Tar éis leathuair an chloig a chaitheamh á scrúdú agus á cheannach, feicfidh tú na fir, ina n-aonar nó ina mbuíonta, chuile dhuine acu agus leathphluic líonta le khat, mála plaisteach lán le duilleoga, nó píosa de sceach faoi ascaill, agus iad ag déanamh ar an mbaile.
buíonta creidimh religious factions
" Bíodh an comhrac sin síochánta nó ina ghleic airm, ar nós coimheascar na n-aicmí, buíonta creidimh, treibheanna, páirtithe nó daoine ina n-aonair, is é an scéal céanna i gcónaí é: buann an córas rialtais i gcónaí ar an duine aonair, ar an mbuíon, ar an bpáirtí, ar an aicme nó ar na daoine (iad féin) .
buíon rúnda a secret group
" Tá daoine aonair agus páirtithe leasmhara bhunaíocht na Breataine níos cumhachtai ná é - MI5 a raibh smacht acu ar an timpeallacht iomlán slándála ó thuaidh, an Brainse Speisialta san áireamh, nuair a maraíodh Pat Finucane; na polaiteoirí Westminster sin a bhí ar an eolas maidir le cúrsaí slándála na linne sin; baill an FRU (Force Research Unit), buíon rúnda taobh istigh d'Arm na Breataine, ar dhúirt ball amháin dá chuid (de réir an Sunday Herlad): *"We were able to take out leading Provos with the help of the UDA.
bhuíon pharaimíleatach paramilitary group
" Tá an chumhacht chéanna ag baint leis an Chúnant i measc Aontachtaithe inniu is atá ag Forógra na Poblachta i measc Náisiúnaithe, mar sin, cad é mar is féidir réadúlacht stairiúil an Chúnaint ina chomhthéacsanna éagsúla a cheiliúradh i 2012 ar bhealach nach gcuirfidh isteach ar Aontachtaithe cionn is nach n-aithníonn sé an chrógacht agus an mórtas cine a bhí ina measc agus nach gcuirfidh isteach ar Náisiúnaithe cionn is nach n-aithneofar an seicteachas agus an bhagairt fholaithe foréigin atá ann? Bunaíodh an bhuíon pharaimíleatach na *Ulster Volunteers/Ulster Volunteer Force* ag an am seo le troid in éadan Riail Dúchais - bhíodh na hAontachtaithe go minic ag beartú foréigin sular smaoinigh Náisiúnaithe air - agus ba é an UVF - mar an 36th (Ulster) Division - a throid ag sléacht an Somme i mí Iúil 1916.
buíonta acu siúd groups of them
" Dúirt Paul Mercer linn gur thug na Lochlannaigh Micklegard ar Chonstantinople agus bhí buíonta acu siúd ina ngarda cosanta pearsanta ag an Impire ansin.
a chuid buíonta his teams
" Cé gur chuir bainisteoir Shasana – Fabio Capello – a chuid buíonta i bhfolach i gcampa traenála amuigh faoin tuaith chomh luath agus a thuirling an t-eitleán san Afraic Theas, choinnigh na meáin chumarsáide an scéal ag rith níos faide fiu ná mar d’éirigh leis na nuachtáin bhaothamaideacha sin.
bhuíonta spraoi do ghasúir play groups for children
" Bíonn imeachtaí Gaelacha ar siúl go laethúil sa chathair mhór seo, 5,000 chiliméadar siar as Baile Átha Cliath, idir ranganna, chiorcail chomhrá, bhuíonta spraoi do ghasúir, agus chomhdhálacha de gach chineál.
Buíon na Círéibe the riot squad
" Buíon na Círéibe ======= Bhí a fhios ag Merseyside Police faoi seo.
buíon cheoil a band
" Bhí thart ar 40 maistíní ag fanacht in aice le Sráid Evelyn agus bhrís siad fuinneoga ar dhá bhus a tháinig aníos as Albain le buíon cheoil.
bhuíon group
" San áireamh sa bhuíon sin, tá Jim Stynes a cailleadh ar 20 Feabhra 2012 in aois 45 bliain (fós óg agus gníomhach ar son daoine eile) i ndiaidh dó troid go cróga agus go huasal i gcoinne ghalair na hailse le roinnt blianta anuas.
buíonta groups
" Tá Nua-Orléans ar cheann den bheagán cathracha sin a ligeann do dhaoine ól ar an tsráid agus feictear mar sin buíonta ag siúl ar fud an bhaill le gloiní móra deochanna meisciúla ina nglaic acu.
buíon cheoil a musical group
" Is amhlaidh a bhí buíon cheoil ar an mbaile, agus bhí léinte ag teastáil uathu le caitheamh ina gcuid oibre.
bhuíon bheag small group
" Nuair atá muid i mbun léiriúcháin ar thogra mór ar nós Na Cloigne, tá muid ag fostú thart ar chaoga duine, ach ansin nuair atá an léiriúcháin críochnaithe tá muid in ann titim siar go dtí an bhuíon bheag daoine atá lán-aimseartha sa gcomhlacht.
Ba thréan iad buíon had a large group
" Ba thréan iad buíon Scott sa phríomhchathair, agus ba é a ngnó ann ná gnó, is é sin, cothú ceangal trádála idir an stát atá faoina chúram siúd agus an Spáinn.
buíonta groups
" Is cuma mura bhfuil siad in innimh míniú don domhan mhór cén fáth nár labhair tuismitheoirí teanga a ndúchais lena gclann, nó cén fáth nach labhraíonn muintir na Gaeilge, idir Ghaeltacht is Ghalltacht, a dteanga go neambalbh agus le mórtas, nó cad chuige nach mbeidís bródúil as a gceol féin anuas na blianta go dtí gur thosaigh Ó Riada, na Dubliners, na Clancy Brothers, Horslips, agus buíonta eile, agus mheall iad leis an cheol cheart a athbheochaint ar ball, - is cuma! Is cuma mar go bhfuil an ceol níos forbartha agus níos fairsinge ná mar a bhí riamh.
an bhuíon the group
" Rinne scaifte dílseoirí ionsaí ar an bhuíon a chuir an mana agus an bhratach in airde le casúir agus le hairm eile i mionchogadh gairid an dá Bhanríon, ach tá cosúlachtaí idir an bheirt bhan ríoga seo.
buíon bheag dhíograiseach a small zealous group
" Tar éis roinnt blianta gan mórán a bheith ar siúl, agus a bhuíochas le buíon bheag dhíograiseach gníomhairí teanga, tagann dreamanna beaga comhrá le chéile ar a laghad uair sa tseachtain anois, agus tá ranganna Gaeilge ar siúl ar gach leibhéal i dToronto le tamall anois.
múinteoirí na buíne the group’s teachers
" Ní raibh ach cúpla rang ar siúl an chéad cúpla bliain, le múinteoirí na buíne féin i mbun na ranganna, ach i mbliana, mar gheall ar an ráchairt a bhí ag teacht air, cuireadh rang ardleibhéil leis, agus b’shin an fáth domsa a bheith in eitleán ag taisteal ó thuaidh as Nua-Eabhrac go hAerfort Billy Bishop i lár chathair Toronto i dtús mhí an Mheithimh chun rang ardleibhéil a mhúineadh don Deireadh Seachtaine.
baill den bhuíon members of the group
" I mí Feabhra 2012, chuaigh baill den bhuíon Pussy Riot isteach in Ardeaglais Chríost an Slánaitheoir, gléasta i mbalaclavaí agus éadaí ildaite, chun taibhiú a dhéanamh ar phaidir punc dá gcuid féin, inar iarr siad ar an Mhaighdean Mhuire fán a chur ar Putin agus cosaint a dhéanamh ar chóras rialtais na tíre.
gníomhartha seo na buíne these acts of the group
" Míshásamh an Phobail ====== Ghoill gníomhartha seo na buíne go mór ar go leor de lucht leanúna na hEaglaise Ceartchreidmhí agus de réir meastúcháin, a rinne na taighdeoirí neamhspleácha, Levada, is léir go raibh níos lú ná 6% den phobal Rúiseach báúil lena raibh déanta ag na mná agus mhothaigh 51% den phobal neamhshuim, cantalacht nó fiú naimhdeas ina leith.
buíonta groups
" Ní na fir mheánaosta fána gcultacha Domhnaigh agus bróga snasta, meirgí an *Royal Black Institution* á gcaitheamh go bródúil acu - bhí cuma amaideach, áiféiseach thruacánta orthu sin leis an fhirinne a dhéanamh, a seicteachas folaithe in éide na measúlachta - ach ar na buíonta a bhí mar thionlacan acu agus an drong a bhí á leanstan.
buíonta ceoil music groups
" Ní athraíonn ó bhliain go bliain ach na buíonta ceoil a fhaigheann cuireadh go Gaeltacht Milwaukee, an t-ionad is mó ráchairt ar Pháirc na Féile cois locha.
na mbuíonta éagsúla áirithe seo these various and particular groups
" An bhliain roimhe sin bhí Na Crúbacháin ann: Nollaig na mBan Ní Leery; May Mac Ránais agus Joe Lena Ó Doornail; Gearóid Ó Mórghuth; Brains Ó Cuinneagáin; agus Matthew Joseph James… Tá Louis Walsh go mór in éad le bainisteoir na mbuíonta éagsúla áirithe seo, Emer de Mars Barra.
buíon fear of a group of men
" Ag a naoi a’ chlog an oíche sin, aníos trí chláracha an urláir, céard a chloisfinn ach dordghlórtha doimhne buíon fear ag fonnadóireacht sa mbeár.
buíon thionsanta dortadh fola an instigator of bloodletting
" Níl fanta san eagraíocht ach buíon thionsanta dortadh fola fud fad na hAfraice.
amhránaí na buíne the group’s lead singer
" ” ‘Corvus Corax’ – An Fiach Dubh – is ainm don ghrúpa, rac-cheol a bhfuil blas na meánaoise air, agus is é fear stiúrtha agus amhránaí na buíne a bhí ar an líne agam.
chuid de bhuíon na mban part of a group of women
" Dhia bhliain ó shin, hiarraidh uirthi mar mhúinteoir a bheith mar chuid de bhuíon na mban ag Misean Oirthear Bhéal Feirste agus rud éigin a dhéanamh leis na mná a thagann chun na háite le buíon ban as an Trá Ghearr.
tá scéalta faoin bhuíon dhílseach a sheinn ceol there’s news about the loyalist band that played taobh amuigh de Theach Pobail outside the parish church
" Sna nuachtáin inniu, tá scéalta faoin bhuíon dhílseach a sheinn ceol taobh amuigh de Theach Pobail Naomh Pádraig ainneoin gur chinn Coimisiún na bParáideanna nach raibh cead acu ach buillí druma a bhualadh.
Bhunaigh siad an bhuíon they founded the group
" Bhunaigh siad an bhuíon Costa Blanca Mountain Walkers (www.
ba do bhuíonta beaga coirpeach fadtéarmach was for small groups of longterm criminals
" Bailithe ar Troigh gan Tuairisc ============ An Córas Scaipthe a bhí ann roimhe sin, ba do bhuíonta beaga coirpeach fadtéarmach a cuireadh ar bun an chéad lá riamh é, rud a chiallaigh go raibh na húdaráis Bhriotanacha trína chéile ar dtús faoi conas déileáil leis na cimí nua sin, cimí a raibh córas ceannaireachta docht acu féin, laistigh den charcair agus ar an taobh amuigh freisin, cimí a raibh bá an phobail agus dreamanna cearta sibhialta leo go minic freisin.