Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
buaicphointe climax
" Ba é marú an Mháirtínigh (District Inspector William Martin) taobh amuigh de Theach Pobail Mhuire sna Doirí Beaga ar an Domhnach, 3 Feabhra 1889 buaicphointe Chogadh na Talún i nGaoth Dobhair.
buaicphointe climax
" Ar nós mar a rinne Kevin Heffernan le hÁth Cliath sa pheil, d'éirigh le Cyril Farrell foireann iomána na Gaillimhe a thabhairt ó umar na haimléise go dtí an buaicphointe i 1980, nuair a bhuaigh siad ar Luimneach i gCluiche Ceannais na hÉireann.
Buaicphointe highlight
" Buaicphointe an turais ab ea an cheolchoirm seo, chomh maith leis an Tate Modern.
bhuaicphointe na seachtaine highlight of the week
" Bhí "An Taobh Tuathail" mar bhuaicphointe na seachtaine ag léirmheastóir de chuid an *Sunday Times* ag deireadh mhí Iúil agus fuair sé moladh ard san *Irish Examiner* an tseachtain roimhe sin, ach ag tarraingt airde ar an cheol amháin a bhí an dá phíosa sin.
a bhuaicphointe its peak
" Sílim gur shroich an cairdín a bhuaicphointe le linn na tréimhse a raibh an-tóir ar Sharon Shannon.
bhuaicphointí saoil life highlights
" Agus tharla cuid dá bhuaicphointí saoil i mbliana.
buaicphointe high-point
" Ach ba é an buaicphointe an trathnóna sin ná nuair a d'iarr Hector ar Charlie amhrán a chasadh.
bhuaicphointí highlights
" Bhí an méid a bhí le rá ag an mhac is sine, Tom, ar cheann de bhuaicphointí ócáid na Féile Pádraig.
buaicphointe the highest point
" " buaicphointe ======= Cinnte tá éacht déanta ag an SDLP le 35 bliain anuas.
buaicphointe climax
" Shroich an drochfhorbairt seo a buaicphointe an bhliain seo caite nuair a cailleadh os cionn 500,000 post.
buaicphointe high point
" Bhíodh traidisiún láidir aicme oibre i mBéal Feirste de dheasca na dtionscal mór - tógáil long, innealtóireacht throm, agus dá réir, ar a tógadh clú Bhéal Feirste ag tús an 20ú céad - agus roimh na Trioblóidí, fuair an Northern Ireland Labour Party ceithre shuíochán i bparlaimint Stormont idir 1958 and 1962, ach b'in an buaicphointe.
bhuaicphointí highpoints
" " Luann sé na drámaí Gaeilge *Imeachtaí na Saoirse *agus *Ag Ealaín in Éirinn *le hAntoine Ó Flatharta, i dteannta le drámaí WB Yeats, mar bhuaicphointí a sheal san amharclann.
bhuaicphointe highlight
" I mbliana, beidh *The Chieftains *mar bhuaicphointe na féile ach beidh Na Trí Seudan ó Albain, Arché ón Iodáil agus Marzoug ón Ailgéir i measc na n-aíonna ilchineálacha a bheas ag freastal ar an fhéile.
buaicphointí highlights
" Ar cheann de na buaicphointí, beidh léiriú Thaibhdhearc na Gaillimhe de *Coinneáil Orainn*, dráma atá á stiúradh ag Darach Mac Con Iomaire.
buaicphointe na Frithchónaidhme the Confederacy's highpoint
" Ba é cath Gettysburg idir an 1 agus 3 Iúil 1863 buaicphointe na Frithchónaidhme ach, tar éis na mílte fear a chailliúint sa chath, b’éigean dóibh cúlú ar ais ó dheas.
buaicphointe highlight
" “Irish Blood, English Heart” an t-amhrán a bhí i gceist, croílár agus buaicphointe an scéil go dtí seo.
mar bhuaicphointe as the high point
" Ach, is dócha go raibh an choicís dheireanach san Astráil mar bhuaicphointe de mo chuid ama sa tír.
buaicphointe na féile the highlight of the festival
" Tráthnóna Dé Sathairn, tarlóidh buaicphointe na féile ar an oileán béal dorais, Oileán Muile.
an buaicphointe the high point
" Is é Sliabh Liag, an cnoc is airde i bparóiste Ghleann Cholm Cille, an buaicphointe ar mo chúrsa siúl sléibhe in Oideas Gael.
inar taispeánadh buaicphointí ó chluichí sacair na Spáinne. in which highlights of Spanish soceer was shown.
" Ach ansin fuair siad a gcéad mhórchonradh: sraith dar teideal “Olé Olé” inar taispeánadh buaicphointí ó chluichí sacair na Spáinne.
buaicphointe climax
" Is é buaicphointe an Mardi Gras, gan aon agó, ná an pharáid spleodrach ollmhór a bhíonn ar siúl ag deireadh na féile.
bhuaicphointí highpoints
" I mí Iúil i mbliana déanfaidh an ceoltóir Donal Lunny an turas fada óna áit chónaithe na laethanta seo, Okinawa sa tSeapáin, go Dún na nGall, áit a mbeidh sé páirteach i gceithre cheolchoirm a bheas mar chuid de bhuaicphointí Fhéile an Earagail.
bhuaicphointí highlights
" ”Ba cheann de bhuaicphointí Scullion a rannpháirtíocht in Self Aid i 1986.
buaicphointe highlight
" Gan amhras, d’Éireannaigh na cathrach seo, ba í cuairt Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Ghiolla Íosa, buaicphointe na bliana seo ina bhfuil Learpholl mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa.
buaicphointe high point, peak
" 7 faoin gcéad i mbliana agus beidh laghdú 40 faoin gcéad i gceist ó thaobh praghsanna tithe de ó bhí an buaicphointe ann i mí Eanáir 2007.
buaicphointe pinnacle of success
" Is é seo buaicphointe an Aire Uí Chuív ina thréimhse 12 bliana ag stiúradh Roinn na Gaeltachta agus maítear go caithréimeach go bhfuil sé mar aidhm ag an straitéis go mbeadh 250,000 duine ag labhairt na Gaeilge go laethúil faoi cheann 20 bliain agus go mbeidh líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge 350% níos airde ná mar atá faoi láthair.
buaicphointe one great point
" An buaicphointe mór eile a deirtí nó go dtiocfaí próifílí daoine eile a fheiceáil, ábhar s’acu a léamh agus a gcuid pictiúirí a fheiceáil.
buaicphointe climax
" Ba é dúnmharú Saro-Wiwa buaicphointe na poiblíochta idirnáisiúnta a bhí á díriú ar chás na nOgoni, ach is beag a d’athraigh an phoiblíocht sin.
buaicphointe climax
" Bhí gártha an lucht tacaíochta le cloisteáil ó Bhóthar Lansdúin a thug le fios dom go raibh an cluiche ag teacht chuig buaicphointe.
buaicphointe climax
" B’í a Aintín Mimi a thóg Lennon, ar chúis nach mínítear go buaicphointe drámatúil an scannáin ar ball.
buaicphointe climax
" Bhí mé ar ais ar mhullach Shliabh a Liag i Mí Aibreán, an cnoc is airde i bparóiste Ghleann Cholm Cille agus an buaicphointe ar mo chúrsa siúl sléibhe in Oideas Gael.
bhuaicphointe climax(s)
" Tá ar a laghad trí bhuaicphointe sa scannán, rud a chuireann i gcuimhne dúinn gur mar dhráma i dtrí pháirt a chéadscríobhadh an script.
go buaicphointe climax
" Nuair a thángthas go buaicphointe an scéil, chuir McGee a chuid canbhás uilig le chéile le pictiúr iomlán nua a nochtadh – rud a chuir idir iontas agus ghliondar ar an lucht féachana.
buaicphointe climax
" Bhí Blair i láthair i Stoirmhonadh ar an 8 Bealtaine, 2007, tráth ar sroicheadh buaicphointe an turais seo, nuair a chuaigh an DUP agus Sinn Féin i mbun rialtais le chéile.
bhuaicphointe highpoint
" Thit luach na dtithe ann 28% ón bhuaicphointe sa bhliain 2006.
bhuaicphointe climax
" Fógraíonn an Príomh-Aire ainm an duine a thabhaíonn an dámhachtain seo mar bhuaicphointe an chomóraidh ar son Lá na hAstráile, an lá náisiúnta a cheiliúrtar ar 26 Eanáir.
buaicphointe highpoint
"buaicphointe an ola ag druidim linn, dar le saineolaithe áirithe.
buaicphointe climax
" Is é seo an teachtaireacht láir i *Pygmalion*, agus is é an buaicphointe criticiúil don príomhcharachtar Eliza Doolittle, leis an aisteoir iontach Charlie Murphy.
ba é buaicphointe an lae it was the highpoint of the day
" Níl a fhios agam an bhfuil an fhoighne agam chun na scileanna go léir a fhoghlaim áfach mar ba é buaicphointe an lae, facthas dom, ná an tseacláid te a fháil sa bheár!
buaicphointe high point
" Scuainí de Lucht Féachana ============= Is é buaicphointe an taispeántais an phortráid álainn a rinne da Vinci de Cecilia Gallerani, An Bheantiarna leis an Eirmín, agus in ainneoin gur i 1490 a rinneadh é, tá cuma loinneartha úr air go fóill.
bhuaicphointí na bliana highpoints of the year
" Tá Féile na Meán Ceilteach ar cheann de bhuaicphointí na bliana do chraoltóirí agus do lucht na meán as na tíortha Ceilteacha go léir agus ba chuig Cultúrlann Uí Chanáin agus an *Playhouse* i nDoire Cholmcille a tháinig maithe agus móruaisle na meán ó gach cearn den domhan Ceilteach i mbliana le freastal ar an tionól rathúil seo.
Ba bhuaicphointe é san fhéilire sóisialta a high point on the social calendar
" Ba bhuaicphointe é san fhéilire sóisialta cuireadh a fháil chuig fáiltiú nó chuig tionól ina raibh Murphy ag canadh.
go buaicphointe to the high point
" Thagadh na feachtais seo, a raibh díchobhsú an chórais dhlíthiúil Bhriotanaigh a bhí fréamhaithe leis na céadta bliain mar aidhm acu, go buaicphointe i stailceanna ocrais na bliana 1980 nuair a nochtadh coilíniú barbartha na Sasanach ó thuaidh os comhair shúile an domhain mhóir den chéad uair, trí mheán na teilifíse ach go háirithe.
cuid mhór buaicphointí sroichte reached a fair amount of highpoints
" Beidh an t-imeacht is suntasaí i gceol agus cultúr na tíre, Fleadh Cheoil na hÉireann, ar siúl i nDoire Cholm Cille idir an 11ú agus 18ú Lúnasa agus is cinnte gurb é buaicphointe cultúrtha na bliana é i gcathair a bhfuil cuid mhór buaicphointí sroichte aici i mbliana cheana féin.
b'shin buaicphointe mo shaoil oibre that was the high point of my working life
" “Gan amhras ar bith b'shin buaicphointe mo shaoil oibre, fiú go dtí an lá atá inniu ann.
Buaicphointe the climax
" Ian Cianchainteach ======= Buaicphointe na hócáide, dar le Balor an Bladaire a bhí i láthair don imeacht ar fad agus nár chaill oiread is bomaite de na hóráidí, ná an chaint a thug Ian Mc Garvey, Méara Dhún na nGall.
ní hamháin buaicphointe shibhialtacht not just the zenith of civilization (...
" Dá ndéanfaí athdhúichiú ar an tsaothar seo ar fad, cé chomh fada siar ba cheart dul, agus an gcruthódh sé fasach a bheadh inoibrithe? Tá mórán den bharúil gur cás eisceachtúil é dealbha an Phartanóin mar go léiríonn siad ní hamháin buaicphointe shibhialtacht agus cultúr ársa na Gréige, ach tá an saothar sin de dhlúth agus d’inneach fhéiniúlacht na tire chomh maith agus is cúis mhór buartha do phobal na Gréige nach bhfuil an saothar ealaíne seo le feiceáil sa tír is dual dó.
ar chuid de bhuaicphointí Chorn sacair an Domhain on some of the highlights of the soccer World Cup
" Féachann Colm Mac Séalaigh siar ar chuid de bhuaicphointí Chorn sacair an Domhain ó bunaíodh an comórtas i 1930.