Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
feachtas buamála bombing campaign
" Ach thall i Londain níl rud ar bith eile sna nuachtáin ná ar an teilifis seachas feachtas buamála na Meiriceánach agus na Sasanach san Afganastáin.
fheachtas buamála bombing campaign
" Fuair mé amach rudaí a chuir míshuaimhneas orm, cuir i gcás an pháirt a ghlac polaiteoirí coimeádacha sa deisceart i mbunú an IRA Shealadaigh, agus an dóigh a thosaigh na Sealadaigh ar fheachtas buamála ag tús 1970, feachtas a raibh tionchar an-mhór aige ar achan rud a tharla ina dhiaidh sin.
le linn buamála during a bombing
" Maraíodh mathair Kaim le linn buamála, agus tá a athair i mbun cogaíochta in éadan an Taliban.
buamáil na hÓmaí the Omagh bombing
" Níos luaithe sa bhliain, sa Chúirt Choiriúil Speisialta, i dtriail Colm Murphy, a raibh sé curtha ina leith go raibh baint aige le buamáil na hÓmaí, rialaigh an breitheamh go ndearna an bleachtaire Liam Donnelly ráiteas bréige a chur i mbéal an Uasail Murphy.
buamáil pheitril petrol bombing
" Ní luaitear buamáil pheitril agus, ar ndóigh, ba é amaidí phráinn an díchoimisiúnaithe, ná gur féidir foréigean a reáchtáil le cibé gléasra atá ar fáil - peitreal, leas, clocha, tinte ealaíne, táirní, aigéad, sceana, rudaí atá le fáil go furasta.
ionsaí fíochmhar buamála fierce bombing attack
" Rinneadh é chun déistin agus fearg a chur in iúl i ndiaidh do na Gearmánaigh ionsaí fíochmhar buamála a dhéanamh ar an bhaile Bascach, Guernica, ar an 27 Aibreán 1937.
buamáil bombing
" Go deimhin, tá an-spéis ag na Gardaí sa saghas seo eolais, agus d'úsáid siad é nuair a bhí siad ag déanamh fiosrúcháin ar an mbuamáil san Ómaigh roinnt blianta ó shin.
bhuamáil na hÓmaí the Omagh bombing
" Leoga, tá dreamanna naisiúnacha agus aontachtacha ann a chuirfeadh fáilte roimh smacht ar bith a thiocfadh leis na Sealadaigh a chur ar lucht bhuamáil na hÓmaí.
ag scaoileadh agus ag buamáil shooting and bombing
" Ceann de na conclúidí a dtáinig gluaiseacht na Poblachta air ná gur léirigh an dá bhua seo tacaíocht do "fheachtas na teorann" agus lean siad leo ag scaoileadh agus ag buamáil agus bá an phobail acu, dar leo.
léirscrios buamála bombing devastation
" Tháinig athruithe ar an chathair, ní mar gheall ar léirscrios buamála, ach toisc gur mhaith leis na rialtóirí nó leis na daoine saibhre nó leis an chléir foirgnimh ní ba mhó nó níb fhaiseanta a thógáil.
bhuamáil na hÓmaí the Omage bombing
" "I ndiaidh bhuamáil na hÓmaí (1998) agus marú na ndeartháireacha Quinn, bhí an pobal ar fad aontaithe, déistin orthu mar gheall ar thorthaí an fhoréigin," ar sé.
buamáil na hÓmaí the Omagh bombing
" Creidtear gur ball den IRA ar a nglaotar *The Surgeon *a d'eagraigh an luíochán seo agus go raibh duine acu siúd a bhí freagrach as buamáil na hÓmaí i 1998 páirteach san eachtra freisin.
Déanann na geabhróga onfais bhuamála orthu the terns dive-bomb them
" Déanann na geabhróga onfais bhuamála orthu, agus sánn siad a ngob isteach ina gceann.
Déanann na geabhróga onfais bhuamála orthu the terns dive-bomb them
" Déanann na geabhróga onfais bhuamála orthu, agus sánn siad a ngob isteach ina gceann.
buamáil na hÓmaí the Omagh bombing
" Ar an 22 Feabhra, d’inis an PSNI do ghaolta iad siúd a maraíodh i mbuamáil na hÓmaí gur thug an spiaire David Rupert réamheolas do MI5 faoi ionsaí a bhí sé i gceist ag baill den Real IRA ó cheantair Fhear Manach agus Leitir Ceanainn a dhéanamh ar chathair Dhoire nó ar bhaile na hÓmaí ar an 9 Aibreán 1998, lá roimh shíniú Chomhaontú Aoine an Chéasta.
buamáil na hÓmaí the Omagh bombing
" Ar an 22 Feabhra, d’inis an PSNI do ghaolta iad siúd a maraíodh i mbuamáil na hÓmaí gur thug an spiaire David Rupert réamheolas do MI5 faoi ionsaí a bhí sé i gceist ag baill den Real IRA ó cheantair Fhear Manach agus Leitir Ceanainn a dhéanamh ar chathair Dhoire nó ar bhaile na hÓmaí ar an 9 Aibreán 1998, lá roimh shíniú Chomhaontú Aoine an Chéasta.
de bhuamáil Iosraelach of Israeli bombing
" Thairis sin, is cosúil go bhfuil liosta naimhde Mheiriceá ag fás, ach an é dearcadh Mheiriceá ar thíortha eile an domhain atá ag cothú na feirge seo? Tar éis coicís de bhuamáil Iosraelach sa Liobáin agus na céadta marbh sa tír sin (breathnóirí de chuid na Náisiún Aontaithe ina measc), chuaigh Condoleeza Rice, Státrúnaí Mheiriceá, go dtí an Meánoirthear chun labhairt le polaiteoirí in Iarúsailéim, i gCaireo agus i mBéarút.
sular tharla an bhuamáil ar chor ar bith before the bombing happened at all
" Bhí tuairimí eile ann, áfach, go raibh Picasso gafa leis na siombailí teibí a d’úsáid sé sa phictiúr sular tharla an bhuamáil ar chor ar bith agus nach freagairt “mhacánta” ar an lá a bhí ann ach deis do Picasso é féin a shásamh.
feachtas buamála bombing campaign
" Ní thaithníonn sé liom go bhfuil TG4 ceangailte le sraith teilifíse, a thugann le fios gur laochra iad na mná seo, a bhí sásta tacú le feachtas buamála a mharaigh agus a ghortaigh na mílte daoine neamhurchóideacha le linn na cogaíochta ó thuaidh.
i líon mór scaoileadh agus buamáil in a lot of shooting and bombing
" " Nuair a tháinig sé amach, chreid sé go diongbháilte "sa streachailt armtha" agus maítear go raibh sé páirteach i líon mór scaoileadh agus buamáil agus admhaíonn sé gur tógadh é corradh le 200 uair, mar sin, cá huair ar iompaigh Ó hEára mar Naomh Pol ar a bhealach go Damaisc, i dtreo na polaitíochta agus ar shiúl ón fhoréigean? "Bhí difir idir muidinne agus muintir Bhéal Feirste cuir i gcás, mar ní raibh traidisiún láidir poblachtachais i nDoire.
Comhcheilg bhuamáil sceimhlitheoireachta a terrorist bombing conspiracy
" Is ea seo cnámha scéil an cháis cúirte inar dearna an t-iomrall ceartais thuasluaite: • Comhcheilg bhuamáil sceimhlitheoireachta sna seachtóidí; • Seisear de shliocht chomhphobal eitneach gafa, ciontaithe agus pianbhreith daortha orthu; • Na húdaráis in amhras faoin gcomhphobal seo as siocair iad a bheith ag tacú le feachtas ina dtír dhúchais neamhspleáchas a bhaint amach; • Admhálacha faighte faoi bhagairt, gan dlíodóirí i láthair agus gan síniú; • Fianaise bhréagach sa chúirt agus fianaise eile coinnithe siar ag na húdaráis; • Na seirbhísí rúnda lárnach sa chás; • Póilíní sa chás os comhair na cúirte ní ba dhéanaí; agus • Feachtas sna meáin leis an bhfíorasc a chur ar neamhní.
d'fheachtas buamála ar rialtas an tSiria for a bombing campaign on the Syrian government
" Go tapa, fiú, agus beag beann ar na Náisiúin Aontaithe! Thosaigh Meiriceá ag lorg comhghuaillithe láithreach a thabharfadh tacaíocht d'fheachtas buamála ar rialtas an tSiria, díreach mar a rinne ECAT sa tSeirbia i 1999.
Cuireadh freagairt buamála chun vóta a bombing reaction was put to a vote
" Na hAirm Ollscriosúla ========= Ach tharla aisfreagra ó phobail an Iarthair nach raibh na rialtais ag súil leis: nárbh é eachtra mar seo a chur tús le cogadh na hÍaráice, nuair a d'inis rialtais Mheiriceá agus Shasana bréaga faoi ‘airm ollscriosúla' Saddam Hussein? Cuireadh freagairt buamála chun vóta i bParlaimint na Breataine, agus diúltaíodh di.
fheachtas eile buamála another bombing campaign
" Madaidh Scaoilte is Clocha Ceangailte =============== Mhaígh Mc Connell gur ghéill rialtas na Breataine do chilliní an IRA cionn is go raibh eagla orthu roimh fheachtas eile buamála agus go ndéanfadh rialtas Westminster an rud céanna le Moslamaigh agus an dlí Sharia a thabhairt isteach ar fud na Breataine.
bhuamáil Londan the bombing of London
" Míníonn Diarmaid Mac Mathúna an tslí a raibh deis ag gnáthdhaoine cur le tuairiscí nuachta na meán cumarsáide tar éis bhuamáil Londan an mhí seo caite, a bhuí sin leis an teicneolaíocht nua.
buamáil bombing
" Spreag buamáil bhaile Gernika i dtrátha an ama seo seachtó bliain ó shin an t-ealaíontóir Picasso leis an phictiúr cáiliúil Guernica a phéinteáil.
mbuamáil bombing
" Loiteadh Albie Sachs go dona i mbuamáil a rinne an NIS air sa bhliain 1988.