Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Bulaí fir, a Dickie! Good man, Dickie!
" Bulaí fir, a Dickie! Bhí JP McManus agus John Magnier ina suí go te sa choirnéal, aoibh mhór na sástachta siar go dtí an dá chluais ar an bheirt acu, agus iad ar a sáimhín só ag lasadh agus ag múchadh nótaí céad euro.
á gciapadh ag na bulaithe being harassed by bullies
" (Paragraf 4) Léiríonn torthaí an taighde go mbíonn páistí scoile chomh hóg le dhá bhliain déag d’aois á gciapadh ag na bulaithe trí ghlaonna gutháin, teachtaireachtaí téacs, teachtaireachtaí ríomhphoist, fóraim idirlín, seomraí cainte agus suíomhanna greasánaithe shóisialta mar Bebo, Facebook agus MySpace.
dar leis an mbulaí, as far as the bully is concerned,
" Níl san íospartach, dar leis an mbulaí, ach íomhá ar scáileán agus tá sé deacair grafaicí agus focail chlóscríofa a chomhcheangal leis an té atá ann, dáiríre.
mar gheall ar gur féidir le bulaithe a bheith ina gcladhairí because bullies can be cowards
" (Paragraf 7)Mar bharr air seo, mar gheall ar gur féidir le bulaithe a bheith ina gcladhairí agus a gcuid maslaí gan tuilleamh a thabhairt gan ainm, is féidir leo a bheith deich n-uaire níos nimhní ná mar a bheadh sé de chrógacht acu a bheith dá mbeidís ag tabhairt faoi dhuine aghaidh ar aghaidh.
ag cur ar chumas na mbulaithe enabling the bullies
" (Paragraf 10) GléasannaBhí an bhulaíocht riamh mar ghné de shaol na scoile, ach sa lá atá inniu ann tá gléasanna nua teicneolaíochta ag cur ar chumas na mbulaithe a gcuid íospartach a chiapadh ar bhealaí níos sofaisticiúla.