Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a bhí bainteach le bunú na heagraíochta who was involved in the founding of the organization
" Cén fáth ar bunaíodh é? D'fhoghlaim gach duine a bhí bainteach le bunú na heagraíochta an Ghaeilge le múinteoirí difriúla agus i ranganna difriúla; nuair a chríochnaigh na ranganna sin, thosaigh na daoine sin ag bualadh le chéile, ag foghlaim na Gaeilge le chéile mar nach raibh aon ranganna ar siúl i Worcester ag an am sin.
bunú establishment
" Ba é David Trimble a mhol bunú an IMC le solas a dhíriú ar na paramílitigh.
bunú establishing
" Chaith sí go leor dua le bunú cumann úr fud fad na Sé Chontae agus aithníodh an tsárobair a rinne sí i 1978 nuair a roghnaíodh í mar chathaoirleach ar an pháirtí, an chéad bhean a bhain cathaoirleacht amach i bpáirtí ar bith polaitíochta ó thuaidh.
bunú an chóir tráchta the establishment of the traffic corps
" Cén saghas teachtaireachta a thugann a leithéid do thiománaithe na tíre? Is céim mhór chun tosaigh bunú an chóir tráchta agus an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre ach caithfear na hacmhainní a chur ar fáil dóibh chun gur féidir leo a gcuid oibre a dhéanamh go héifeachtach.
bunú an tSaorstáit the founding of the Free State
" Cé go raibh críoch chaithréimeach leis an scannán *Mise Éire *a tháinig amach dhá bhliain roimhe sin, ní hamhlaidh do *Saoirse?* An chúis atá leis sin ná go gcuimsíonn sé tréimhse inar tharla ní hamháin Cogadh na nDubhchrónach, an sos cogaidh, an Conradh, bunú an tSaorstáit agus córas rialtais Stormont ach ar ndóigh mórthubaiste an Chogaidh Chathartha freisin.
bunú agus forbairt the establishment and development
" Tá sé ina bhall de bhord Choimisiún Scannán agus Teilifíse Thuaisceart Éirinn leis na blianta agus bhí baint lárnach aige le bunú agus forbairt an Chiste Craoltóireachta Gaeilge fosta.
bunú na Ceathrún Gaeltachta. the establishment of the Gaeltacht Quarter.
" Measann sé, cuir i gcás, gur forbairt an-chorraitheach é an dul chun cinn atá déanta maidir le bunú na Ceathrún Gaeltachta.
bunú foundation of
" Is díol spéise é, dar liomsa, gur chuathas i mbun na dtionscadal a bhí níb fhiúntaí ó thaobh na Gaeilge de sa ré úr (bunú Gaeltarra, agus ní ba dhéanaí, bunú Údarás na Gaeltachta) in ainneoin nach rabhthas ag leagan béime ar náisiúnachas cultúrtha a thuilleadh.
bunú Saorstát Éireann the establishment of the Irish Free State
" Sa tsraith seo, a bhfuil ceithre chlár inti, beidh scéalta daoine éagsúla a raibh baint acu le bunú Saorstát Éireann faoi chaibidil.
bunú foundation
" George Washington Téann nós na ceannaireachta siar go dtí bunú na tíre.
bunú foundation
" Sa bhliain 2012, nuair a dhéanfar bunú Pháirtí an Lucht Oibre sa bhliain 1912 a chomóradh, nach mbeadh sé tráthúil comharba ar James Connolly a bheith ina Thaoiseach ar an stát! B’fhéidir nach bhfuil ar bun agam ach taibhreamh.
bunú starting
" 3 Tacaíochtaí do na teaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge sa Ghaeltacht, mar shampla, Ionaid Tacaíochta Teaghlaigh, bunú gréasáin shóisialta don aos óg, athdhréachtú ar Scéim Labhairt na Gaeilge srl.
bunú founding
" Theip orthu an Ghaeilge a choimeád beo i lár agus in oirthear na hÉireann sa ghlúin 1790-1840 (le bunú na bunscolaíochta, coláistí deoise agus Maigh Nuad).
ag bunú agus ag forbairt enlarging and developing
" Agus an rud is tábhachtaí le déanamh, ná le cinntiú go bhfuil an raidió in ann theacht as an ghéarchéim seo agus go mbeimid fós, láidir go leor le toiseacht ag tógáil aríst ag bunú agus ag forbairt agus ag déanamh dul chun cinn go dté muid ar ais go dtí an áit a raibh muid cúpla bliain ó shin sular thoisigh an ghéarchéim seo.
bunú na heagraíochta the foundation of the movement
" Sa chéad doiciméad ina luaitear bunú na heagraíochta, tugtar *The Magnanimous and Invincible Order of Royal Blackmens’ Association* uirthi.
gníomhaithe eile ag bunú Gaeltachta other activists founding a G.
" "Taobh amuigh bhí gníomhaithe eile ag bunú Gaeltachta agus bhunaigh siad an chéad scoil lán-Ghaeilge ó thuaidh.
bunú fóraim starting of a forum
" Creidimid go gcabhróidh bunú fóraim, a chumasaíonn comhrá idir dhaoine ina dteangacha féin, le hardán a chur ar fáil a chothóidh tuiscint níos fearr idir dhaoine agus a gcultúir éagsúla.
Bunú Gréasán establishing of networks
" Ina áit sin, tá Oireachtas na Gaeilge ceangailte le ‘Deiseanna a thacaíonn le húsáid na Gaeilge agus le Bunú Gréasán’.
bunú an Chomhchoiste Réamhscolaíochta founding the preschool committee
" Bhí mé ag plé le cúrsaí oideachais agus le bunú an Chomhchoiste Réamhscolaíochta, le cúrsaí cumarsáide agus le Cúrsaí Stáit mar a thugtaí air ag an am, an cineál oibre a bhíonn ar siúl ag an gCoimisinéir Teanga anois.
bunú Shaorstát Éireann the founding of the Irish free state
" Féachann Tony Birtill siar ar shaol an fhir seo a raibh baint mhór aige le bunú Shaorstát Éireann.
bunú establishment
" Bhí baint mhór aige le bunú Theilifís na Gaeilge agus tá sé ar a dhícheall faoi láthair ag iarraidh a chinntiú nach féidir le daoine gan Ghaeilge cead pleanála a fháil sna ceantair Ghaeltachta.