Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bhunús substance
" Aon fhíricí nó aon eolas nár luigh isteach leis an 'bhfírinne stairiúil' seo, ní fhéadfaí go raibh aon bhunús ag baint leo.
a shíolraíonn a mbunús that most of them derive
" Meastar gur ó sheanteangacha na Mayach a shíolraíonn a mbunús.
a mbunús mór most of them
" Ó thaobh na bparamíliteach de, ó thús na bliana seo caite go dtí tús mhí Lúnasa 2001, caitheadh 134 buama píopa (ar phléasc 50 acu), a mbunús mór ar thithe Caitliceacha.
bunús origin
" Bhí bunús agus *ethos *an chlub faoi thionchar an fhíorbhochtanais a bhí ag ciapadh na n-inimirceach Éireannach in oirthear Ghlaschú ach go háirithe.
bunús na ndaoine most of the people
" Beo bocht ======= Sa tseanam ba ar an iascaireacht agus ar an fheirmeoireacht a mhair bunús na ndaoine, dalta pobal na tuaithe i ngach áit eile, agus taobh amuigh den tae, siúcra agus an plúr bhí gach bia eile dá gcuid féin acu.
ráflaí gan bhunús rumours without basis
" Seans nach bhfuil i roinnt den chaint seo ach ráflaí gan bhunús (cé go bhfuil an-phlé á dhéanamh ar na cúrsaí seo sna hirisí ríomhaireachta faoi láthair), ach is fiú a bheith ar an airdeall faoi na himpleachtaí fadtéarmacha a bheidh ag aon chaighdeán slándála nua.
bunús basis
" Cé go bhfuil bunús le hargóint an Uasail Mullan, creidim féin go bhfuil an scéal níos casta agus go bhféadfadh cás de Róiste a bheith ceangailte leis an eagraíocht mhistéireach Saor Éire agus an gaol a bhí ag airí áirithe i rialtas Fhianna Fáil ag an am leis an eagraíocht chéanna.
bunús eacnamúil economic foundation
" Ceann de na slite is éifeachtaí le tabhairt faoi seo ná bunús eacnamúil a thabhairt don Ghaeilge trí ghnólachtaí agus fiontraíocht a chothú a mbeidh an Ghaeilge lárnach iontu.
Bunús bhliain Gearóid most of Gearóid's year
" Bunús bhliain Gearóid, dhiúltaigh siad an Ghaeilge a roghnú nuair a fuair siad an deis, ach lean Gearóid léi.
bunús an ama most of the time
" " D'fhéadfaí a rá gur thóg Neil an ceol ó thaobh na dtaobhanna, mar uncail dó a bhí in Tomás Ó Cannain ón sárghrúpa traidisiúnta sin Na Filí, agus nuair a bhíodh siad i mBéal Feirste, bunús an ama thiocfadh sé toigh mhuintir Martin agus bhuailfeadh siad i gcónaí cúpla port.
bunús basis
" Caitheann sé píosa maith den leabhar ag iarraidh a chruthú nach raibh bunús ar bith leis an tuairim a bhí ag daoine áirithe gur Gallbháigh a bhí i muintir Chinnéide a bhí beagnach ina WASPs.
gan bhunús without basis
" Cruthaíonn sé, áfach, gur scéal gan bhunús atá sa scéal a deir gur bhuail Patrick Kennedy leis an bhean a phós sé ina dhiaidh sin, Brigid, ar an long agus é ar a bhealach ó Loch Garman go Bostún.
bunús na ndaoine a majority of the people
" Is fíor fosta gur thug cuid mhaith de na daoine seo droim láimhe leis an Ghaeilge nuair a bhain siad Meiriceá amach, mar bhí a fhios acu go maith gurbh é an Béarla teanga na tíre, agus gurb é a bheadh á labhairt ag bunús na ndaoine a chuaigh ann rompu.
bunús an ama most of the time
" Is treise an t-imprisean ná an fhírinne bunús an ama.
bunús an ama most of the time
" Is treise an t-imprisean ná an fhírinne bunús an ama.
bunús most
" bunúsmost cé a bheadh ina dhiaidh ormwho would blame me faraoralas leaspáindancing, coloured lights before eyes ag gliosarnachglistening dhá liathróid mearcairtwo balls of mercury le míshuaimhneasuneasily clóscríobhántypewriter úsáid inteachtsome use i sruthannain torrents (of words) ainmhí fiáinwild animal teorainneacha mo chuid leathanachthe borders of my pages aibhneacha mo chuid dúighthe rivers of my ink déistinnausea samhnasdisgust ag tarraingt na léine allasaípulling the sweaty shirt buarthaworried scalltawretched, puny sa bhúireachin the roaring ag preabarnaílthrobbing aicíd ghallda inteachtsome foreign disease folcadh mór fadaa very long bath tintreacha ifrinnthe sparks of hell i dtólamhalways galar na dúiseachtathe disease of wakefulness bándeargpink níor chuir duine ar bith chugam ná uaimnobody bothered me seileogaspits mo mhacasamhailsethe likes of me doilighdifficult mo phlucmy cheek nimhneachsore conáiltefreezing ailleog cheoilburst of song i mo chuid samhlaíochtain my imagination creathashivers trupnoise gnúisface farraige fhíochmharferocious sea go fuarbhruitelistlessly ealaíswans faitíos millteanacha great fear tráidiretray
bhunús basis
" Thuig Coimisinéir an RUC John Hermon an dochar a dhéanfadh a leithéid de líomhain don chaidreamh idir an dá fhórsa agus, dá réir, shéan sé go láidir go raibh aon bhunús leis an ráfla seo.
bunús foundation
" Bhuel, ní inniu ná inné a tharla sé sin, ach sin an bunús a bhí agamsa maidir leis an teanga.
bunús mhuintir Thaobh an Bhogaidh most of the people on the Bogside (Derry)
" Muinín agus cumhacht ======= Bhuail Gerry Adams le Hugh Orde, Príomh-Chonstábla an PSNI, ar an 29 Samhain agus chuir bunús mhuintir Thaobh an Bhogaidh ar cuireadh agallamh orthu fáilte roimhe seo.
bunús na comhaireachta reatha most of the current cabinet
" Bhí bunús na comhaireachta reatha ag plé leis an scéal ag an am agus ba cheart go mbeidís ar an eolas faoi na ceisteanna a ardaíodh an tráth sin, ceannach bainistíochta ina measc.
geallúintí gan bhunús promises without any basis
" Níor mhór a chuimhneamh fosta gur cuireadh stop leis an chéad stailc ocrais leathbhliain roimhe sin tráth go raibh geallúintí gan bhunús á dtairiscint.
bunús basis
" Nuair a d’fhiosraigh mé an scéal an mhaidin dár gcionn thug an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta le fios go neamhbhalbh nach raibh bunús dá laghad leis an mhéid a dúirt Lenihan.
bunús basis
" Bhí léarscáil ghalánta ag dul leis an alt agus bhí sé ar fad leagtha amach go snasta… Ach ní raibh bunús dá laghad leis.
bunús basis
" ” Figiúirí móra ======= Is beag bunús, a deir Seán, atá le na figiúirí móra a bhí á chur ag an *Sunday Tribune *ar an méid a chosnódh sé Acht na dTeangacha Oifigiúla a fheidhmiú.
de bhunús na háite of the locality
" Ba é a d’fhoilsigh cúlra an cheantair dúinn ná na fothraigh féin agus treoraí de bhunús na háite.
bunús basis
" bunús an ama, d’fhillfeadh sé ó láthair éigin chogaidh nó uafáis chuig a árasán i mBéiriút “le hanáil a tharraingt, bheith ar mo sháimhín só cois na farraige, nó suí ar mo bhalcóin álainn ag breathnú ar an Mheánmhuir, nó dul a shnámh i linn an tseanóstáin bhriste, an St George.
bhunús origins
" Is é seo an t-ochtú bliain is seachtó atá an tAcadamh ag bronnadh na nOscar mar chomhartha aitheantais agus measa ar lucht scannáin, agus in ainneoin gur beag áit ar domhan nach mbeadh aithne ar an fhear beag órga seo, níl an oiread sin daoine eolach ar a bhunús ná ar an dóigh a bhfuair sé a ainm.
bunús a n-arm most of their arms
" Leoga, is ó arm na tíre is mó a fhaigheann na grúpaí seo bunús a n-arm.
bunús basis
" "Chuir an Pápa scairt air le fáil amach an raibh bunús ar bith le Cód Da Vinci, nó an mbeadh sé sásta a rá leis cén chuma a bhí ar an phictiúr cháiliúil sin, An Suipéar Deireanach, i Milano, i dtús ama.
scéalta bréagacha gan bhunús false stories without basis
" Cruthaítear scéalta bréagacha gan bhunús faoi dhaoine, chun iad a náiriú agus a ghortú.
bunús mór an phobail náisiúnaigh most of the nationalist community
" Is trua gur fágadh an duine seo ina éan scoite, ach is maith an rud é go bhfuil bunús mór an phobail náisiúnaigh ag tabhairt bata is bóthar don dearcadh diúltach atá aige.
bunús a chomhghleacaithe most of his colleagues
" Cuirfidh an DUP ceisteanna crua ar “Sinn Féin /PSNI” maidir le marú uafásach Robert McCartney agus airgead Bhanc an Tuaiscirt ach cá fhad a ghlacfaidh sé sula n-aithneoidh Paisley – agus Peter Robinson, atá i bhfad níos deimhní nó níos pragmataí ná bunús a chomhghleacaithe – a sean-namhaid, Gerry Adams, mar chéile rialtais? Is iriseoir leis an Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen.
bunús foundation
" ” “Ach a Dhochtúir,” arsa Balor an Bhéil Bhinn le hIan an Bhéil Mhóir, “cá bhfuair tú bunús do chuid Gaeilge? Bheadh bunús maith ag teastáil chun mo chuidse altanna a léamh.
de bhunús Ceilteach Briotanach of British Celtic origin
" Is gleann gleoite glas é Srath-pheofhair, agus an t-ainm atá ar an abhainn a ritheann fríd ná Peofhar, focal de bhunús Ceilteach Briotanach a chiallaíonn “álainn” agus “lonrach”.
bunús na vótóirí ó dheas most of the voters in the south
" Measann bunús na vótóirí ó dheas gur páirtí ón taobh amuigh é Sinn Féin agus chuidigh béim Adams ar phróiseas na síochána leis an dearcadh sin.
breithiúnas gan bhunús. a judgement without basis.
" “Ní ghlacaim leis sin - sin breithiúnas gan bhunús.
bunús ar bith any basis
" Ní bheidh bunús ar bith le go leor de na gearáin seo, ach níor cheart beag is fiú a dhéanamh de phróiseas trédhearcach dá chineál más mian linn a chinntiú nach dtarlóidh a leithéid d’iompar sleamchúiseach arís.
bunús Gaeilge Irish origin
" Scríobhann Cassidy go bhfuil bunús Gaeilge le focail ar nós “slum”.
bunús a chuid ama most of his time
" Mar dhuine a chaith bunús a chuid ama fá thithe tábhairne thart ar Pháirc an Chrócaigh roimh chluichí móra Chumann Lúthchleas Gael, oscailt súl a bhí sa turas céanna, ach mhothaigh mé an rud ceannann céanna fá Bhéal Feirste, cathair a bhfuil mé i mo chónaí inti ar feadh mo shaoil.
ar bhunús na peile Astrálaí, on the origin of Australian football,
" Tá díospóireacht ar siúl le blianta anuas mar gheall ar bhunús na peile Astrálaí, ach níl aon amhras ach gur in Victoria a imríodh an chéad chluiche riamh, agus ba in Melbourne a leagadh síos na rialacha den chéad uair.
bunús inchreidte credible basis
" S*cenario *an-chuí is ea é sin sa mhéid is go mbíonn bunús inchreidte ag na pearsana leis an nGaeilge a labhairt i suíomh cathrach.
ar bhunús seafóideach polaitiúil on a silly political basis
" Tá an pionós á ghearradh ag aontachtaithe a chaith vóta in éadan an achta ar bhunús seafóideach polaitiúil agus ar bhunús eile bréagach – go gcosnódh sé an dú-rud airgid an t-acht a bhí molta a chur i bhfeidhm.
bunús foirmiúil dleathach formal legal basis
" Níl bunús foirmiúil dleathach ag Curaclam Úr na Bunscoile (1999), atá á úsáid i scoileanna na tíre le hocht mbliana anuas.
bunús basis
" An bhfuil bunús ar bith leis na hargóintí seo? Má tá rogha le déanamh ag duine idir deich nóiméad a chaitheamh i ngluaisteán deas nua, nó leathuair a chaitheamh ag déanamh aclaíochta ar rothar – gan cithfholcadán a bheith aige ina oifig – thuigfeá a chinneadh gan úsáid a bhaint as a rothar.
bunús na gcéadchláracha Gaeilge most of the first Irish language programmes
" Ba é Kieran féin a scríobh agus a léirigh bunús na gcéadchláracha Gaeilge a craoladh ar BBC.
a bhfuil bunús bunreachtúil faoi which has a constitutional basis
" Ach is é an t-adhmad is mó atá le baint as Conradh Liospóin ná go mbunófar ollstát feidearálach a bhfuil bunús bunreachtúil faoi – nó “Stáit Aontaithe na hEorpa”, mar a thugtar air go coitianta – agus gur saoránaigh an Aontais a bheas ionainn uilig feasta.
bunús na pobalbhreithe basis of the opinion poll
" Ní raibh bunús na pobalbhreithe iontach soiléir ón tús siocair nach raibh sé cinnte cén seasamh dlíthiúil a bhí aige.
Níl aon bhunús le mo phointe, my point has no basis
" Níl aon bhunús le mo phointe, mar sin.
bunús dá laghad the slightest basis
" Ach de réir thaighde Dymphna Lonergan, ní raibh oiread agus bean amháin ar tugadh Síle uirthi i measc na mban a tháinig ó Éirinn! Dá bhrí sin, is léir nach raibh bunús dá laghad ag baint le teoiric na bhfoclóirithe! Ach tá cúpla teoiric eile ag Lonergan.
bunús ar bith any basis
" Ach an bhfuil bunús ar bith le líomhaintí na Síneach? Neamh ar thalamh, nó *Shangri-La,* a bhí sa Tibéid roimh theacht na Síneach, dar le go leor daoine san Iarthar.
bunús basis
" An bhfuil bunús leis an tuairim go réiteodh rialachas domhanda fadhbanna domhanda? Dá mbeadh níos mó cumhachta ag na Náisiúin Aontaithe, cé d’fhairfeadh ar an bhfear faire? Cibé áit a mbíonn an chumhacht, bíonn caimiléireacht i gceist chomh maith.
bunús mo chuid ama most of my time
" (Seo anois mé ag obair!) Diomaite de lá nó dhó in oifig, caithim bunús mo chuid ama ag scríobh ar an ríomhaire agus ag craobhscaoileadh mo chuid gaoise fud fad na hÉireann agus na cruinne.
bunús bréagach false basis
" Cé go raibh formhór mhuintir na hAstráile i gcoinne an chogaidh, agus gur tháinig sé chun solais ní ba dhéanaí go raibh bunús bréagach leis an ionradh, ní raibh an cogadh riamh róthábhachtach in gcúrsaí polaitiúla abhus.
gan bhunús réadúil without realistic basis
" Tá an tacaíocht seo gan bhunús réadúil mar atá léirithe go ríshoiléir ag USAIG.
bunús na ndaoine most people
" Tá an t-am sin den bhliain buailte linn arís; tá na laethanta saoire thart, tá bunús na ndaoine ar ais ag obair agus caithfear rud inteacht a shocrú chun oícheanta fada an fhómhair agus an gheimhridh a chur isteach go spraíúil.
bunús maith good basis
" Ach tá bunús maith leis an argóint gur cheart agus gur chóir táillí a ghearradh ar mhic léinn.
bhunús basis
" Ar an gcéad dul síos, níl aon bhunús leis an leithscéal a thug lucht bolscaireachta Iosrael go raibh na hionsaithe ag freagairt do na roicéid gan mhaith de dhéantús baile a scaoil Hamas ar dheisceart Iosrael - cuid den talamh a goideadh i 1948 mar chuid den glanadh eitneach inar chaill suas le 800,000 Palaistíneach a gcuid tithe agus gabháltas.
bunús (ancestral) background
" Ach cad chuige a gcuireann ’ oiread sin daoine anseo suim sa chultúr ghaelach? Cad fúthu siúd nach bhfuil bunús ná oidhreacht Éireannach sa chúlra acu, ach a ghlacann páirt in imeachtaí gaelacha go rialta? An Polannach Mná Tá bean óg áirithe agam sa rang Ghaeilge nach bhfuil rian dá laghad den Éireannachas ina cnámha – is as an Pholainn a tháinig a muintir blianta ó shin, ach ní haon áibhéil a rá nach bhfaca mé a leithéid riamh roimhe.
mbunús sin that basis
" Tugadh faoi deara luath go leor i stair an phopcheoil go dtaitníonn saghasanna ceoil ar leith le daoine a éisteann le bannaí ar leith agus dá bharr, ní haon léim mhór é ón tuiscint seo go dtí feidhmchlár cliste a mholann ceoil nua duit ar an mbunús sin.
bunús an ama most of the time
" Tá tionchar na Mná Iarainn, mar a thugtaí uirthi, le feiceáil sa lá inniu ó thuaidh - feidhmeannas uilepháirtí ag comhoibriú i Stormont, síocháin ar na sráideanna (bunús an ama), an tIRA scortha - is amhlaidh an scéal é mar thoradh ar dhúnghaois Margaret Thatcher.
bunús na n-iriseoirí most of the journalists
" Scaoileadh bunús na n-iriseoirí chun bealaigh agus ní bheidh fágtha ach dornán beag iriseoirí chun scéaltaí a fhiosrú is a bhailiú.
bhunús an fhoréigin the cause of the violence
" Tá dhá chúis á maíomh mar bhunús an fhoréigin.
bunús basis
" An saol crua é a bheith os comhair ceamara sách minic chaon seachtain ar bonn seasta? BNC: Is obair chrua í, caithfidh tú i gcónaí a bheith ar an airdeall, caithfidh tú i gcónaí a bheith aireach faoi céard tá timpeall ort, céard tá ag tarlú sa domhan, bíodh tú i do láithreoir, nó id’ iriseoir, nó aon duine atá ag plé leis na meáin, mura dtuigfidh tú céard tá ag tarlú sa domhan mór, beidh sé sin soiléir! Ó chláracha do ghasúir, cláracha siamsaíochta, is cuma céard é an t-ábhar, mar ag deireadh an lae, tá bunús iriseoireachta leis an bpost.
bhunús origin
" Ach is dócha an fhadhb is mó le Wave, nach raibh ag na feidhmchláracha gréasáin nua eile ar fad, ná toisc a bhunús mar scriostóir r-phoist, ní féidir le Wave r-phost a chur chugat chun d’aird a tharraingt ar an rud go bhfuil duine de do theagmhálaí ag iarraidh tonn a mharcaíocht leat.
bunús a basis
" Tá na Mandaean ar na mionlaigh bheaga seo agus tá bunús leis an argóint gur crua an saol acu ná saol aon dream eile san Iaráic faoi láthair.
ar beagán bunúis on a weak basis
" Lena chois sin, níor mhór idirdhealú a dhéanamh idir na staitisticí a phléitear sa tuarascáil seo agus an chuid eile den staidéar nach bhfuil ann ach tuairimíocht, ar beagán bunúis dar liom.
a mbunús most of them
" Nó an mbeidh? Má tá Brown agus Cameron agus Clegg chomh séimhbhladrach sin, tá siad mar a bheadh réaltaí scannáin ann i gcomórtas leis an drong a bhfuil sé d'uaillmhian ag a mbunús muid a threorú isteach sa 20ú haois (sic).
bunús basis
" Cén fáth gur mar sin a bhíonn? Cén bunús atá leis an rud ar a dtugtar traidisiún agus cén tábhacht a bhaineann leis? An rud é atá ginte sa ghasúr, cuid dá DNA a bheith níos fearr ag an bpeil nó ag an iomáint ná mar a bheadh a mhacasamhail as contae eile? Ceisteanna iad seo nach féidir a fhreagairt ar bhonn eolaíoch, ach is ceisteanna iad a spreagann cur agus cúiteamh agus iaróga bríomhara ar oícheanta dorcha na dúluachra.
bunús most
" Níl aon amhras faoi sin: is ann atá na hollscoileanna is mó cáil ó thaobh innealtóireachta de, cuir i gcás MIT, Berkeley, agus Stanford; is ar thaighdeoirí Meiriceánacha freisin a bhronntar bunús na nduaiseanna Nobel, agus ar ndóigh, i measc na gcomhlachtaí móra teicneolaíochta, tá a bhformhór bunaithe sna Stáit.
bunús basis
" Níl bunús eolaíoch ar bith leis an sprioc de 250,000 cainteoirí laethúla Gaeilge.
bunús most
" Ach chuaigh bunús na seanainmneacha Gaelacha i léig.
bhunús basis
" Ar bhealach mín dioplómaitiúil dúirt na saineolaithe idirnáisiúnta a chuir tuarascáil Fiontair le chéile nach raibh aon bhunús leis an uimhir 250,000.
bunús most
" Bhí bunús na leasaitheoirí Protastúnacha ar aon intinn le Luther maidir leis an aontumhacht: mhaigh Calvin nár chóir go mbeadh sí riachtanach.
bunús most
" Tá sé de bhuntáiste ag Sinn Féin go mbeidh siad sa fhreasúra san am a mbeidh rialtas Fhine Gael/Lucht Oibre ag cur ciorruithe i bhfeidhm a ghortóidh bunús gach duine ó dheas.
bunús éicint some foundation
" Dá ndéanfadh Gilmore a pháirtí a thabhairt isteach sa bhfreasúra, tíocht an chéad olltoghchán eile, bheadh an Lucht Oibre in ann cur go mór leis an líon suíocháin Dála agus b’fhéidir go mbeadh bunús éicint leis an mana ‘Gilmore for Taoiseach’ a bheith ar na postaeirí.
bunús éicint some foundation
" Dá ndéanfadh Gilmore a pháirtí a thabhairt isteach sa bhfreasúra, tíocht an chéad olltoghchán eile, bheadh an Lucht Oibre in ann cur go mór leis an líon suíocháin Dála agus b’fhéidir go mbeadh bunús éicint leis an mana ‘Gilmore for Taoiseach’ a bheith ar na postaeirí mar a bhí.
bunús eolaíoch scientific basis
" Níl bunús eolaíoch ar bith ag baint leis an uimhir 250,000, a cheap Éamonn Ó Cuív as an aer, nuair a bhí an Straitéis á chur le chéile.
bunús tacaíochta a support base
" Faoi dheireadh na gcaogaidí, bhí bunús tacaíochta faoin pháirtí ar fud na tíre a bhí bunaithe ar dhearcadh maoth pobalach: thaobhaigh siad le cúis na poblachta le mórán briathra agus le beagán beart; bhí tuiscint shimplí shoineanta acu ar an tsaol faoin tuaith; mhaígh siad go raibh siad ag seasamh ar son lucht oibre na gcathracha – rud a raibh craiceann na fírinne air ón uair a thug siad faoi shlumaí suaracha Bhaile Átha Cliath a fheabhsú agus a ghlanadh sna tríochaidí.
bunús acu most of them
" ” Chuaigh cúigear nó seisear ó bhliain Uí Uiginn sa Mheánscoil chuig institiúidí tríú leibhéal; cuid eile chuaigh siad isteach sa Státsheirbhís ach bunús acu, d’imigh siad ar an imirce.
a mbunús their majority
"a mbunús dírithe ar an todhchaí.
líomhaintí gan bhunús unfounded accusations
" Soláthraíonn siad deiseanna do Thadhg an mhargaidh a thuairimí aineolacha a léiriú go poiblí agus cuirtear líomhaintí gan bhunús i leith lucht iarrtha tearmainn na mbád go rialta ar a gcláir.
bunús most
" Bí ag caint ar faux amis!) Ar scor ar bith, leanann bunús chairde KIOONI Rangers agus/nó Linfield FC, caitheann siad tatúnna, is breá leo *Mafia Wars* agus *Texas Hold-em* agus tá a mbunús acu óg agus iad ina gcónaí fá cheantar Charraig Fheargusa.
faoi bhunús about the origin
" Rialacha Comhghéillte a thugtar ar an gcluiche freisin, mar shampla ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus is ainm é a thugann nod dúinn faoi bhunús agus faoi chomhdhéanamh an chluiche.
bunús le healaín ar bith the basis of any art
" Sin bunús le healaín ar bith, ná go ndéantar *‘fusing’*.
bhunús origin
" Lochlannais a bhí mar theanga ar an Cilgwri go dtí an 13ú haois agus de réir Stephen Harding tá nios mó ná 600 logainm de bhunús Lochlannach ar Cilgwri, agus os rud é gur tháinig na Lochlannaigh trí Éirinn, tá logainmneacha de bhunús Ghaeilge ann fosta, mar shampla Nochtorum (Cnoc Tirim) agus Liscard (Lios Ard).
aon bhunús mórálta any moral basis
" Dar liomsa, ón uair a pléascadh an chéad bhuama a mharaigh seisear ar shráideanna Bhéal Feirste ar 20 Márta, 1972, ní raibh aon bhunús mórálta le modhanna cogaíochta na bProvos agus is ceart go mbeadh sé ina údar náire d’aon duine a bhí bainteach leis.
mbunús na dtíortha daonlathacha most of the democratic countries
" Tá Teach Uachtarach i mbunús na dtíortha daonlathacha sa domhan iartharach go deimhin.
an bhfuil bunús ar bith is there any basis
" Chomh maith le sin gheofaí amach an bhfuil bunús ar bith leis an smaoineamh go mba cheart aitheantas Gaeltachta a bhronnadh ar ceantair ar nós Cluain Dolcáin agus ba cheart, más féidir, a thaispeáint go bhfuil an Ghaeilge á seachadadh ó ghlúin go glúin i measc sciar suntasach teaghlach in aon phobal ar fud na tíre, mar a sheachadtar í sa méad sin den bhfíor-Ghaeltacht atá fanta.
bunús origin
" Táid ann freisin nach gcreideann go bhféadfaí go mbeadh bunús fírinneach faoin ngaol mídhóchúil idir Natalie agus Markus.
bunús an áitimh the basis of the argument
" Níl aon fhianaise ag tacú leis na bhfigúirí seo, áfach, agus ardaíonn sé ceist maidir le bunús an áitimh i gcoinne an fheachtais.
a mbunús lonnaithe i most of them based in
bunús most
" An bhfuil aon scagadh déanta ar an dream sin as tíortha thar lear?** ENíCh: Tá bunús na n-éisteoirí sin sa Bhreatain Mhóir, i Meiriceá agus san Astráil agus tá cuid mhór den trácht a thagann chugainn ón idirlíon as na tíortha sin.
bunús an chaidrimh the basis of the relationship
" Bhí cruinniú déthaobhach ag Gillard le hUachtarán na hAfganastáine, Hamid Karzai, in Chicago freisin agus shínigh siad comhaontú straitéiseach comhpháirtíochta, a leagann síos bunús an chaidrimh a bheidh idir an dá thír tar éis aistarraingt na bhfórsaí Astrálacha.
Ní hionann bunús the origin is not the same
" (Ní hionann bunús an fhocail Bhéarla ‘trait’ agus ‘tréide’ > ‘tréith’ na Gaeilge.
bunús na most of the
" (Tá roinnt eisceachtaí ann ach seo an scéal i gcás bunús na dTeachtaí).
bunúis éagsúla various origins
" Fiosrúcháin Eile ====== “Suimiúil go leor, tá Coimisiúin Fhirinne ag saothrú i láthair na huaire i 40 tír ar fud an domhain agus bunúis éagsúla le gach ceann acu ach téann siad uilig go mór i bhfeidhm ar an phobal ar bhonn dearfach,” dar le Robinson.
bhunús eacnamúil the economic basis
" In Amhras faoi go Leor ============ Pé uair a léim úrscéalta stairiúla Vidal, scéalta atá lán go béal le leochaileacht agus botúin, tagann saothar daoine cosúil le Charles Beard chun cuimhne, an chéad stairí a chur béim ar bhunús eacnamúil Bhunreacht na Stát Aontaithe agus a tharraing aird ar an nasc idir infheistíochtaí príobháideacha ailtírí an bhunreachta céanna agus a gcuid smaointí polaitiúla.
aon bhunús leis an tuairim sin any basis for that opinion
" ”* Ach an bhfuil aon bhunús leis an tuairim sin anois? An bhfuil an rialtas chomh flaithiúil sin agus an bhfuil an Ghaeltacht chomh lofa le hairgead is a shamhlaítear? Tús an Scéil ==== Níl aon amhras ach go raibh an-ráchairt thar na blianta ar na Deontais Thithíochta Gaeltachta.
bunús acu most of them
" Okay, bunús acu! Cúpla duine ina measc, Protastúnaigh a bhí iontu.
bunús achan uirlis ar gach díolaim basically every instrument on every album
" Cad chuige sin? Mar tá a fhios ag daoine, seinneann Julie bunús achan uirlis ar gach díolaim.