Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag tuar athruithe bunúsacha predicting basic changes
" Beidh aird á tarraingt sna míonna atá romhainn, ní hamháin ar an chóimheas agus ar an iolrú a chleachtann na páistí seo sa seomra ranga, ach ar an chuntas polaitiúil ar a bunaíodh an stát, cuntas atá anois ag tuar athruithe bunúsacha i nádúr an Tuaiscirt é féin.
fabht bunúsach a basic flaw
" Mar shampla, níos luaithe i mbliana ba é an Seanadóir Shane Ross a thug faoi deara fabht bunúsach sa reachtaíocht chun cosc a chur ar phobalbhreitheanna sna laethanta roimh thoghchán.
na cearta is bunúsaí the most basic rights
" Bhí troid uafásach le déanamh chun na cearta is bunúsaí, fiú amháin, a bhaint amach, chun go nglacfaí le guth ban le meas agus go n-éisteofaí linn.
luachanna bunúsacha basic values
" ar fáil dóibh agus go dtarlóidh athshealbhú ar réimse leathan de ghnéithe an chultúir agus go ndéanfar athbhreithniú ar luachanna bunúsacha an chultúir.
gné bhunúsach basic aspect
" Ceapaim gur éagóir mhór é ó thaobh cúrsaí oideachais de nach dtugtar aon bhuneolas do ghasúir faoi chúrsaí dlí agus iad ag dul amach sa saol mór, mar is gné bhunúsach é d´ár saol.
botún bunúsach basic mistake
" "Ba é an botún bunúsach a rinne na Meiriceánaigh ná gur chreid siad a gcuid bolscaireachta féin," a déarfas duine eile.
bunúsach basic
" B'fhearr liom eolas mion a bheith agam ar cheol traidisiúnta na hÉireann, seachas eolas bunúsach a bheith agam ar shaghsanna éagsúla ceoil.
diúltaítear cearta bunúsacha dóibh they are denied basic rights
" Tá 4,000 eile acu a bhfuil glactha ag an leis rialtas gur teifigh iad, ach diúltaítear cearta bunúsacha dóibh.
scileanna bunúsacha basic skills
" Stíl í atá bunaithe ar scileanna bunúsacha an chluiche, scileanna a dhéantar a láimhseáil agus a iomramháil go beacht agus go héifeachtach, le luas agus le máistreacht.
tuiscint bhunúsach basic understanding
" Níl deireadh leis an scéal fós ná baol air, ach is léir cheana féin gur chóir súil ghéar a choinneáil ar chuid de na daoine atá i mbun gnó san Astráil agus go bhfuil gá ag cuid acu le tuiscint bhunúsach ar chúrsaí eitice.
níos bunúsaí fós more basic still
" Tá an dara ceist atá ag cur as do mhuintir an bhaile níos bunúsaí fós.
hearraí bunúsacha grósaera basic grocery items
" Tá An Siopa Beag in aice leis an ché fosta, inar féidir cupán tae agus ceapaire a fháil, chomh maith le hearraí bunúsacha grósaera.
fadhb bhunúsach basic problem
" Ach taobh amuigh den mhéid sin ar fad tá fadhb bhunúsach le smacht sna cluichí Gaelacha.
an cruth is bunúsaí agus is simplí the most basic and simple shape
" Tá gach rud ann briste síos go dtí an cruth is bunúsaí agus is simplí, mar shampla plánaí geoiméadracha atá le feiceáil i bpíosaí ailtireachta.
an-bhunúsach very basic
" Fear breá láidir a bhí ann, dreapadóir ag am nuair nach raibh ach trealamh an-bhunúsach ar fad ar fáil.
gné bhunúsach basic aspect
" Sin gné bhunúsach de shaothrú ealaíne ar bith.
fadhbanna struchtúrtha bunúsacha basic structural problems
" Míníonn Rodrigo Rato, Leas-Uachtarán na Spáinne agus Aire Eacnamaíochta na tíre, go bhfuil praghas na dtithe ró-ard agus go bhfuil fadhbanna struchtúrtha bunúsacha, ar nós amhantraíochta, leis an talamh sna cathracha.
bunúsach basic
" I mí na Nollag, le linn cruinnithe i halla pobail i Miami, dúirt Ridge: "Go bunúsach, mar thír, caithfidh muid dul i ngleic leis an tslí a bhfuil idir 8 agus 12 milliún duine anseo go mídhleathach, agus stádas dleathach a thabhairt dóibh ar shlí éigin.
saol bunúsach primitive life
" org, is íomhá é den athrú ón saol bunúsach go dtí an tsibhialtacht, ón chogadh go dtí an tsíocháin agus fás aníos daoine óga.
bunúsach basic
" Ba é 'Cúrsaí' an t-aon (seachas ceann nó péire eile) rud as Gaeilge a bhí ag dul amach ar an aer agus bhí na hacmhainní bunúsach go leor.
níos bunúsaí more basic
" Béim eile ======= Ach ní féidir an milleán ar fad a chur ar an aimsir - tá fadhbanna níos bunúsaí ná sin ann.
cuid d'airteagail bhunúsacha an Chaitliceachais some of the most fundamental tenets of Catholicism
" Cuireann scéal Buckley i gcuimhne do dhaoine an chumhacht a bhaineann le creideamh, ag am nuair atá go leor ag ceistiú cuid d'airteagail bhunúsacha an Chaitliceachais; cuireann sé i gcuimhne do dhaoine chomh maith gurb é atá i gceist leis an Eaglais Chaitliceach ná friotháil ar na daoine breoite, na bochtáin agus na díbeartaigh, seachas líomhaintí maidir le mí-úsáid ghnéasach agus cur i bhfolach coireanna amháin.
go bunúsach basically
" An mhí seo caitetuarascálacha mar é sna Stáit Aontaithe agus sa mBreatain agus ba é an scéal céanna go bunúsach a bhí iontu sin.
bunúsach fundamentalist
" Stáit Aontaithe Íosa? ======= An bhféadfadh sé tarlú gur dialathas bunúsach Críostaí a bheadh sna Stáit Aontaithe san am atá romhainn, an rud ar thug an *New Times *in Orlando "Stáit Aontaithe Chríost" air? Déarfadh daoine áirithe gur áibhéil amach is amach é seo, ach tá grúpaí faire reiligiúnda ag maíomh go bhféadfadh sé tarlú, nuair a chuirtear san áireamh chomh láidir is atá an Eite Dheas Chráifeach, agus an tionchar atá acu ar an Pháirtí Poblachtach.
dialathas bunúsach Críostaí fundamentalist Christian theocracy
" Stáit Aontaithe Íosa? ======= An bhféadfadh sé tarlú gur dialathas bunúsach Críostaí a bheadh sna Stáit Aontaithe san am atá romhainn, an rud ar thug an *New Times *in Orlando "Stáit Aontaithe Chríost" air? Déarfadh daoine áirithe gur áibhéil amach is amach é seo, ach tá grúpaí faire reiligiúnda ag maíomh go bhféadfadh sé tarlú, nuair a chuirtear san áireamh chomh láidir is atá an Eite Dheas Chráifeach, agus an tionchar atá acu ar an Pháirtí Poblachtach.
i bhfad níos bunúsaí much more basic
" Tá cúiseanna i bhfad níos bunúsaí ann go bhfuil líon na dturasóirí tite i mbliana.
réabhlóid bhunúsach fundamentalist revolution
" Faoi mar a bhí muintir na hIaráine i 1979, nuair a cuireadh tús le réabhlóid bhunúsach, tá muintir na hAraibe Sádaí fíor-mhíshásta leis na polasaithe a leanann rialtas na tíre i leith na Meiriceánach.
níos bunúsaí more basic
" Bíonn an mac léinn is fearr i bpáirt an léitheora; glacann an mac léinn a bhfuil scileanna níos bunúsaí aige/aici páirt fhear nó bhean na haimsire.
easpa seirbhísí bunúsacha a lack of basic services
" I measc na laigí, luadh go raibh easpa seirbhísí bunúsacha ar nós sláinte agus oideachais i gcuid mhaith den tír, go bhfuil cúrsaí airgeadais an rialtais imithe ó smacht, agus go bhfuil caimiléireacht le fáil go fairsing.
bunúsacha basic
" Sa dóigh sin, faigheann tú focail agus abairtí bunúsacha agus úsáideacha ón tús.
lochtanna bunúsacha basic faults
" Le fada an lá, tá athruithe á ndéanamh ar rialacha na peile mar iarracht ar na lochtanna bunúsacha atá sa chluiche a leigheas.
geallúintí bunúsacha áirithe certain fundamental commitments
"geallúintí bunúsacha áirithe ag baint leis an chóras daonlathach.
freagracht bhunúsach basic responsibility
" “Is freagracht bhunúsach é a bhaineann leis an tsaoránacht sa daonlathas iontach seo.
go bunúsach basically
" Is éard a bhí ann go bunúsach triúr breithiúna ag léamh an bhreithiúnais i mBahasa, teanga nach bhfuil ach ag corrdhuine san Astráil.
taighde bunúsach basic research
" I gcásanna áiríthe, ní raibh taighde bunúsach déanta acu faoi céard atá i gceist leis an Acht.
níos bunúsaí more basic
" Ach tá ceist i bhfad níos bunúsaí ann: Conas is féidir ár sibhialtacht a athrú i rith na haoise seo chun gur féidir linn maireachtáil ar i bhfad níos lú fuinnimh? Is féidir bheith dóchasach, mar shampla, go ndéanfar freasaitheoirí comhtháthála núicléacha (an próiseas céanna a tharlaíonn sa ghrian) a fhorbairt chun fuinneamh glan a dhéanamh, sa chaoi is nach mbeidh níos mó áiteanna mar Sellafield agus a leithéid riachtanach ar fud na domhain.
bunúsacha basic
" Ar smaoinigh tú riamh go dtiocfadh le mogaí s’agat sa bhaile bheith ina phéintéir tréitheach atá ag fanacht le duine éigin é “a aimsiú”? Nó, cuir i gcás an *ornithological dejecta* sin ar scáthlán do chairr: an feidhm nádúrtha éin atá ann nó an fianaise an steall de chac éin sin ar chruthaitheacht ardealaíonta ríocht na n-éan? Is ceisteanna bunúsacha mar sin, agus tuilleadh nach iad, a bhíonn á scrúdú ag foireann an Museum of Non Primate Art (MONPA) (www.
ciníochas bunúsach underlying racism
" I bpobalmheas tar éis na trioblóide i gCronulla, dúirt 75% den phobal go raibh ciníochas bunúsach san Astráil.
bearta bunúsacha basic policies
" Chuir an rialtas nua (treoraithe ag an gComhaontas Glas) bearta bunúsacha i bhfeidhm: cosc ar ghluaisteáin le paisinéir amháin ar roinnt de na príomhbhóithre ag an mbroidtráth; páirceanna rothar i bhfad níos fearr in aice le stáisiúin agus stadanna bus; fáinne carrchlósanna “*Park and Ride*” timpeall na gcathracha; traenacha dhá urlár ag dul go dtí na bruachbhailte; comhartha leictreonach ag gach stad bus ag tabhairt amanna na gcéad bhusanna eile; faoiseamh cánach dóibh siúd a cheannaigh rothar; agus táillí plódaithe tráchta (is gá íoc chun tiomáint sna cathracha idir 7 a.
scileanna bunúsacha teanga basic language skills
" Níor chuir sé fiacail ann nuair a dúirt go raibh ag teip go hiomlán ar an chur chuige atá againn faoi láthair mar nach mbíonn na scileanna bunúsacha teanga ag go leor d’aos óg na tíre ar fhágáil na scoile dóibh, ainneoin go gcaitheann siad ceithre bliana déag á foghlaim.
líofacht bhunúsach basic fluency
" Cad chuige, mar sin, nach bhfuil líofacht bhunúsach sa teanga ach ag fíorbheagán díobh siúd a thagann tríd an chóras oideachais? Fáinne fí atá ann.
riachtanas bunúsach basic need
" Táim den tuairim gur riachtanas bunúsach é ionad éigeandála agus ionad dianchúraim a bheith ar fáil inár n-ospidéal áitiúil.
domhantarraingt bhunúsach basic gravity
" Bogearraí cumhachtacha Ar ndóigh níl sé éasca fiú amháin domhantarraingt bhunúsach a chur i bhfeidhm i ndomhan atá cruthaithe laistigh de ríomhaire.
athrú bunúsach basic change
" In áit dul as gnó, áfach, tá athrú bunúsach tagtha orthu agus iad i mbun gnó anois mar bhialanna Téalannacha nó Áiseacha.
an cur síos is bunúsaí the most basic account
" Ní dhéantar ach an cur síos is bunúsaí ar a dtréithe agus ní chuirtear spás amú ag cur síos ar shaol clainne ach sa mhéid is go mbogann a leithéid de chur síos an scéal ar aghaidh.
mar bhia bunúsach, as a basic food,
" Mar a tharlaíonn, tá an méid sin éilimh sna Stáit Aontaithe ar arbhar Indiach chun eatánól a dhéanamh go bhfuil siad ag iompórtáil an bhairr seo ó Mheicsiceo, áit a bhfuil sé mar bhia bunúsach, agus tá círéibeacha sa tír sin de bharr go bhfuil easpa arbhair ann agus an praghas ag méadú dá bharr.
obair bhunúsach basic work
" “Déanann daoine ar an phá íosta obair bhunúsach agus ní le leas an gheilleagair é pá na ndaoine sin a ghearradh,” ar sé.
leasuithe bunúsacha basic amendments
" Beidh leasuithe bunúsacha le déanamh ar mhodhanna cumarsáide na ngardaí, go háirithe má táimid le fórsa a mhúnlú a mbeidh ar a chumas aige dul i ngleic le fadhbanna nua-aoiseacha.
go bunúsach basically
" Is minic a chuirtear síos ar a n-imeacht as Éirinn i dtéarmaí talaimh amháin, is é sin, d’fhág siad an t-oileán ocrach ina ndiaidh agus sin go bunúsach a raibh i gceist lena gcaill.
an cinneadh bunúsach the basic decision
" Tá scéal an tSaícigh tar éis aird a tharraingt ar rud an-tábhachtach: an cinneadh bunúsach atá le déanamh ag Éirinn anois agus an tír ag crosbhóthar.
earraí bunúsacha basic goods
" “An chuimhne is mó atá agam ar an aimsir sin ná gur bheag a bhí le ceannach sna siopaí agus bhíodh ar dhaoine seasamh i scuainí ar feadh uaireanta an chloig chun earraí bunúsacha mar fheoil a cheannach.
Béarla bunúsach basic English
" “Ní raibh ach Béarla bunúsach agam nuair a shroich mé Éire.
go bunúsach basically
" go bunúsach, tá daoine marbh dá chéile de cheal na féidearthachta go mbeidh caidrimh eatarthu.
na háiseanna ba bhunúsaí the most basic facilities
" Bhí a lán láithreán campála sa tSír - cuid mhór acu nach raibh ach na háiseanna ba bhunúsaí iontu - agus tógadh corrtheach saoire sa cheantar fosta.
ranganna bunúsacha basic classes
" I measc na n-imeachtaí Gaeilge a fógraíodh sa ríomhphost bhí ranganna bunúsacha Gaeilge agus Gàidhlig.
athrú bunúsach elementary change
" Ar fad saor in aisce! Tá athrú bunúsach tagtha ar an tionscal ceoil.
riail bhunúsach dhobhriste pholaitíocht na hÉireann. a basic unbreakable rule of politics in Ireland
" Bhris sé riail bhunúsach dhobhriste pholaitíocht na hÉireann.
Go bunúsach, basically
" Go bunúsach, thug na lipéid luach don phróiseas taifeadta i gcúig shlí: Go teicniúil: chinntigh siad go raibh ardchaighdeán léiriúcháin ann.
rud éigin thar a bheith bunúsach something very basic, fundamental
" Measaim go bhfuil *Aniar *ar cheann de na saothair is suimiúla atá léite agam le tamall mar gheall ar go n-éiríonn leis rud éigin thar a bheith bunúsach a mhúscailt sa léitheoir.
chomh bunúsach so fundamental
" Tá go leor tíortha eile in éad linn as cead a bheith againn ár nguth a chaitheamh ar cheist chomh tromchúiseach agus chomh bunúsach i dtaobh an treo ina bhfuil an tAontas ag gluaiseacht.
Chairt an Chomhphobail um Chearta Sóisialta Bunúsacha le haghaidh Oibrithe Community Charter of Fundamental Social Rights of Workers
" Tabharfar stádas dlíthiúil do Chairt an Chomhphobail um Chearta Sóisialta Bunúsacha le haghaidh Oibrithe agus, seiftiúil go leor, tabharfar cead den chéad uair do bhallstáit an tAontas Eorpach a fhágáil.
in éadan an tsainmhínithe bhunúsaigh against the basic definition
" Ach is é an cheist mhór ná cad é go díreach atá i gceist leis an damhsa ar an sean-nós, agus an bhfuil cineál amháin de ann? Is é an chéad phointe ná go dtéann an nóisean nach bhfuil ann ach cineál amháin de go hiomlán in éadan an tsainmhínithe bhunúsaigh atá ar an fhocal “sean-nós”.
an ghné is bunúsaí the most basic aspect
" Mar sin, b'fhéidir gurb í an tsaoirse an ghné is bunúsaí den damhsa ar an sean-nós.
Ceist bhunúsach basic question
" Ach saoithiúil go leor, níor dhúirt an tAire gur i bPobalscoil Chorca Dhuibhne a chaithfí an freastal sin a dhéanamh orthu siúd gan Ghaeilge nó a bhí lag sa teanga! Ceist bhunúsachMaidir leis an suirbhé agus na ciallachais a bhainfear aisti, tá ceist an-bhunúsach le cur: An dtig torthaí as suirbhé áitiúil a úsáid le polasaí náisiúnta a shocrú? Óir thiocfadh go mbeadh an cheist cheannann chéanna ag teacht chun cinn i nGaeltachtaí eile amach anseo.
cumarsáid bhunúsach basic communication
" Má leanann sé cúrsa atá bunaithe ar na siollabais, táthar ag súil go mbeidh an foghlaimeoir in ann cumarsáid bhunúsach a dhéanamh trí Ghaeilge.
bunúsach basic
" Ach spreagann an ghéarchéim is déanaí ceisteanna bunúsacha, dar liom, faoin gcleachtas: *Lá Nua* féin mar nuachtán laethúil Gaeilge.
tar éis duit sonraí bunúsacha a ionchur after inputting basic details
" Tugann sé deis duit do ghairdín féin a phleanáil agus a chruthú tar éis duit sonraí bunúsacha a ionchur – láthair agus méid na mballaí, cuir i gcás.
shárú saoirsí bunúsacha over-riding basic freedoms
" Ní raibh i marú lucht léirsithe sna caismirtí a bhí ar siúl le déanaí sa Tibéid ach sampla eile den mhaistíneacht agus den ansmacht atá ar bun ag an tSín ansin le fada, idir phríosúnú, chéasadh, chinsireacht, shárú saoirsí bunúsacha agus aimridiú ar mhná i gcoinne a dtola.
ar phríobháidiú na seirbhísí bunúsacha riachtanacha seo on the privatisation of these necessary basic services
" D’fhéadfadh tionchar a bheith aige ar chúrsaí oideachais, sláinte agus seirbhísí poiblí trí leathnú a dhéanamh ar phríobháidiú na seirbhísí bunúsacha riachtanacha seo ar mhaithe le hiomaíocht.
is bunúsaí most basic
" Bhíodh an-chuid taistil á dhéanamh agam thart fán am sin agus nuair a bhíonn tú ag dul anonn is anall idir do bhaile agus an Astráil, an tSeapáin agus an tSín go minic – agus obair le déanamh agat chomh luath is a thig tú den eitleán ar an taobh eile – creideann tú go bhfuil grád gnó tuillte agat agus, i ndáiríre, ar an rud is bunúsaí a thiocfadh le d’fhostóirí a thabhairt duit.
tagann fáth bunúsach chun cinn a fundamental reason emerges
" Ach nuair a chuirtear iad ar fad le chéile, tagann fáth bunúsach chun cinn – fáth atá, mar a deirtear sa Bhéarla, *greater than the sum of its parts*.
prionsabal bunúsach basic principle
" ’ Ba léir nár thuig siad an prionsabal bunúsach nach féidir le duine bás a fháil ach ar an aon ócáid amháin.
go bunúsach basically
" Chuir an reachtaíocht seo deireadh, go bunúsach, le rialú ar an earnáil airgeadais a bhí ann ó chuir an tUachtarán Franklin D.
bunúsach basic
" Chríochnaigh siad sa cheathrú háit ar seacht bpointe faoi dheireadh na sraithe, agus murach cúpla botún bunúsach ag an mbeirt chúl báire i gcoinne Luimnigh agus i gcoinne Thiobraid Árann, d’fhéadfadh sé go mbeidís sa chluiche ceannais den tsraith Náisiúnta i gcoinne Chill Chainnigh.
botún bunúsach a basic flaw
" Is botún bunúsach é sin, dar liomsa.
tuiscint bhunúsach basic understanding
" Cé go bhfuil RSS fite fuaite tríd an ngréasán, níl an tuiscint bhunúsach chéanna ag an saol mór air is atá acu ar r-phost.
go bunúsach basically
" Príobháidiú atá i gceist go bunúsach, dar leo siúd atá ag cur in aghaidh na leasuithe.
bhunúsach basic
" Le leathchéad bliain anuas, d’éirigh le dearcadh bhunúsachas an mhargaidh seo as Ollscoil Chicago a bheith ina chomhdhearcadh na coitiantachta ‘Washington.
is bunúsaí most basic
" Tá an bonneagar is bunúsaí fós in easnamh ar phobal Ogoniland.
bunúsach basic
" An chontúirt agus cruatain bheaga mar seo, go díreach le dinnéar a chur ar an tábla, bhí an fócas go hiomlán ar seo – an rud simplí bunúsach seo – agus bhí fadhbanna beaga laethúil an domhain, a chuireann bliantaí ar dhuine go hiondúil, imithe mar gheall ar an choimhlint chun marthana seo.
ba bhunúsaí most basic
" Titim an Chórais Leasa Shóisialaigh? Nuair a bhuail an meathlú mór, shíl go leor Fionlannach go gcuirfí deireadh leis an chóras leasa shóisialaigh ar fad agus gurbh fholáir córas ní ba bhunúsaí a chur ina áit.
bunúsacha basic
" Tá na hOgiek fós gan seirbhísí bunúsacha riachtanacha cosúil le rochtain ar chúram sláinte.
Chearta Bunúsacha basic rights
" com/scheuer/?articleid=11670 ) De réir an tsainmhiniú a thugann Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (GAECB), is cosúil go bhfuil tú frith-Sheimiteach má aontaíonn tú le Mearscheimer agus Walt go raibh baint mhór ag Iosrael agus a lucht tacaíochta i SAM leis an ionsaí ar an Iaráic, nó má chuireann tú i leith leithéidí Podhoretz agus Ottolenghi go bhfuil siad níos dílse d’Iosrael ná do SAM agus an tAE faoi seach.
bhunúsach basic
" Ba é 2009 an bhliain a tuigeadh go forleathan an fhíric bhunúsach: gur ar mhaithe leis an eagraíocht a chosaint a rialaítear eagraíochtaí ollchumhachtacha agus ní ar mhaithe leis an bpobal ar a mbíonn siad ceapaithe a bheith ag freastal.
bunúsach basic
" Seo ról criticiúl a bhaineann leis an bhféinfhios, agus is botún bunúsach ó thaobh an gheilleagair, a bheith ar an míthuiscint faoi.
bunúsach basic
" **ONT: Mar sin má tá rudaí ag titim in ainneoin na n-eagraíochtaí go léir, céard atá mícheart, céard atá le cur leis, céard a chaithfear fáil réidh leis, agus cén deasadh beag a chaithfear a dhéanamh?** DB: “An moladh atá agamsa ná an Bord Oideachais, mar tá an t-oideachas chomh bunúsach san athrú céime ó theanga go cultúr.
nithe bunúsacha basic matters
" Cuireann sé béim ar na nithe bunúsacha a bhaineann le himirt an tsacair agus le bainistiú foirne: simplíocht, meas, eagrú, féinmhuinín, obair dhian, uaisleacht.
Go bunúsach basically
" Go bunúsach, go bhfuil Lula i bpócaí lucht an tí mhóir.
ina chuid bhunúsach an integral part
" Freagracht ar na hÚdaráis =============== Cé go bhfuil an gortú do rannpháirtithe ina chuid bhunúsach de chluichí páirce leis na cianta cairbreacha, braithim go bhfuil méadú tagtha le tamall de bhlianta ar an ngéarghortú tromchúiseach do bhallnaisc agus d’ailt.
aigneolaíocht bhunúsach basic psychology
" Mar a dúirt an tráchtaire polaitíochta, Fionnuala O Connor, bheadh athrú in aigneolaíocht bhunúsach an stáit.
Go bunúsach basically
" Go bunúsach, ní raibh Éamonn Ó Cuív sásta oiread is vóta amháin a chur i mbaol sna ceantracha sin ina Dháilcheantar féin, a chaillfeadh stádas Gaeltachta in aon athbhreithniú eolaíoch a dhéanfaí ar theorainneacha na Gaeltachta.
bunúsacha basic
" Ní raibh meas ar bith aige ar na rudaí bunúsacha atá mar bhia is mar dheoch ag an daonlathas: oscailteacht, ionracas, agus freagracht.
ráitis bhunúsacha basic statements
" Chun go bhféadfaí athrú agus rath a chur ar staid na hiomána sa phríomhchathair, d’áitigh an mheitheal go raibh na ráitis bhunúsacha seo a leanas lárnach don treoirphlean nó ‘blueprint’: - Theastaigh féiniúlacht shoiléir a chruthú don iomáint i mB.
athrú bunúsach basic change
" An tuiscint a bhain mé as na figiúirí úd go raibh athrú bunúsach tagtha ar na ceantair tuaithe agus gurbh ea gur thit siad isteach leis na hathruithe móra a bhain le nua-aoisiú na tíre.
cheisteanna bunúsacha basic matters
" D’úsáid Mary Robinson agus Mary McAleese an oifig le haird a tharraingt ar cheisteanna bunúsacha agus creidim go bhfuaireamar luach ár gcuid airgid ón mbeirt acu.
bunúsacha basic
" Lasadh na soilse beagaí bunúsacha agus bhogamar ar aghaidh, aon solas amháin ag taisteal go mall i ndomhan dorcha agus ar an domhain dhorcha.
líofacht bhunúsach basic fluency
" Ina ainneoin sin, téann cuid mhór acu tríd an chóras oideachais gan líofacht bhunúsach a bhaint amach sa teanga.
beartais bhunúsacha basic policies
" An Lucht Oibre ar Strae =========== Níl aon locht agam ar an Lucht Oibre a bheith sa Rialtas le Fine Gael, dá mbeadh ag éirí leo beartais bhunúsacha an Lucht Oibre a chur i bhfeidhm ar an rialtas, Ag an bpoinnte seo, tá beagán amhrais orm faoi chinnirí an Lucht Oibre, go speisialta na hAirí atá sa gcomhrialtas: an gcreideann siad go pearsanta sna beartais atá ag an bpáirtí, lena bhfuil siad ceangailte? Mar shampla an gcreideann siad i *“Labour’s Plan for Fairness in Education”* atá ceaptha a bheith i bhfábhar córas oideachais a thabharfaidh an seans céanna do chuile dhuine *“of realizing their full potential”?* Má chreideann siad sa mbeartas sin go pearsanta, cén fáth a mbeadh triúr de Airí an Lucht Oibre sa rialtas seo ag iarraidh buntáistí breise dá gcuid páìstí, tré scolaíocht a roghnú dóibh ar scoileanna iarbhunoideachais a éilíonn táillí breise? Leis na táillí breise seo, bíonn na scoileanna don uasal aicme in ann múinteoirí breise a fhostú thar an méid a bhíonn ceadaithe sna scoileanna ar a mbíonn ar gach duine eile freastal.
Go bunúsach basically
" 2%)</td> </tr> </tbody> </table> Go bunúsach, as gach deichniúr (10.
tionchar bunúsach basic influence
" Cuireadh tús le lonnaíocht Eorpach san Astráil mar áitreabh pionóis agus bhí tionchar bunúsach ag na daoránaigh ar shaíocht na tíre.