Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar a bunaíodh an stát on which the state was founded
" Beidh aird á tarraingt sna míonna atá romhainn, ní hamháin ar an chóimheas agus ar an iolrú a chleachtann na páistí seo sa seomra ranga, ach ar an chuntas polaitiúil ar a bunaíodh an stát, cuntas atá anois ag tuar athruithe bunúsacha i nádúr an Tuaiscirt é féin.
bunaithe based
" Labhraimid ar shochaí atá bunaithe ar eolas, seachas ar scileanna.
lucht bunaithe founders
" Tá ag éirí go han-mhaith le TG4 anois, a bhuíochas sin ar lucht bunaithe an stáisiúin, saineolas an chéad cheannasaí Cathal Goan agus an modh oibre straitéiseach atá ag a chomharba Pól Ó Gallchóir agus a fhoireann.
aithreacha bunaithe na tíre the founding fathers
" Chun casadh a bhaint as cuid focal duine de "aithreacha bunaithe na tíre": Nuair a ghéilleann tú do chuid ceart ar mhaithe leis an tslándáil, ní bhíonn ceachtar agat sa deireadh".
ar tí a bhunaithe about to be founded
" Cuireadh coiste ar bun chun rialacha a dhréachtú don Dublin Hurling Club a bhí ar tí a bhunaithe.
fostóir-bhunaithe employer-based
" Clúdach sláinte fostóir-bhunaithe ======= Tá sé tábhachtach go gcuirfí maoiniú ar fáil do Mary's Center mar go bhfuil sé ag freastal ar dhaoine a d'fhéadfadh titim "idir na scoilteanna" i gcóras cúraim sláinte na Stát Aontaithe.
bunaithe based
" Tá béim na laethanta seo ar gheilleagar bunaithe ar eolas, seachas ar scileanna.
bunaithe ar fhoréigean based on violence
" Tá formhór na gcluichí ríomhaireachta bunaithe ar fhoréigean - agus go deimhin níl sé ceadaithe roinnt cluichí a dhíol le daoine atá faoi bhun 18 mbliana d'aois.
bhunú na Sealadach the founding of the Provisional IRA
" D'iarr sé orm scríobh faoi bhunú na Sealadach agus ansin faoin imtheorannú i 1971.
ó bunaíodh é since it was founded
" com toisc go bhfuil aitheantas bainte amach ag an suíomh sin ó bunaíodh é.
Chuir sé in iúl ag am a bhunaithe he made it known at the time of its founding
" Chuir sé in iúl ag am a bhunaithe go raibh dáimh faoi leith aige leis an Ghaelscolaíocht agus leis an oideachas iomlánaithe.
Chuir sé in iúl ag am a bhunaithe he made it known at the time of its founding
" Chuir sé in iúl ag am a bhunaithe go raibh dáimh faoi leith aige leis an Ghaelscolaíocht agus leis an oideachas iomlánaithe.
bunaithe ar based on
" Go ndéanfaí forbairt láidir bunaithe ar theanga agus chultúr na hÉireann sa tslí is go mbeadh obair as Gaeilge ar fáil do na glúnta atá ag teacht inár ndiaidh.
seirbhísí bunaithe ar an láthair location-based services
" Tá an córas GPS mar chuid de roinnt fón soghluaiste nua den tríú glúin atá ag teacht ar an margadh anois agus, cé gur féidir suíomh aon fón soghluaiste a aimsiú cheana féin, cuirfidh an cruinneas nua seo go mór leis na seirbhísí bunaithe ar an láthair atá ar fáil.
ó bunaíodh Macalla since Macalla was established
" Táim sa phost ó bunaíodh Macalla.
bunaithe ar based on
" Beidh an tionscadal bunaithe ar phrionsabal simplí fisice - éiríonn aer te.
eagraíocht a bhunú to establish an organization
" De réir páipéar oifigiúil atá le fáil in oifig na dtaifead poiblí i Kew sa Bhreatain, is ag an bpointe seo a d'iarr Rialtas na Breataine ar MI6 eagraíocht a bhunú sa stát seo.
bunaithe established
" Tá eastát tionsclaíoch bunaithe le cúpla bliain anuas, ina bhfuil comhlachtaí ar nós More Net Teoranta agus Seaspray ag feidhmiú.
ní mór an aontacht a bhunú ar an éagsúlacht the union must be based on diversity
" Go dtí go gcruthaítear an t-aon aontas amháin ní mór an aontacht a bhunú ar an éagsúlacht.
a bhí bainteach le bunú na heagraíochta who was involved in the founding of the organization
" Cén fáth ar bunaíodh é? D'fhoghlaim gach duine a bhí bainteach le bunú na heagraíochta an Ghaeilge le múinteoirí difriúla agus i ranganna difriúla; nuair a chríochnaigh na ranganna sin, thosaigh na daoine sin ag bualadh le chéile, ag foghlaim na Gaeilge le chéile mar nach raibh aon ranganna ar siúl i Worcester ag an am sin.
bunaithe established
" Tá cainéal teilifíse Breatnaise bunaithe.
a bhunaíonn agus a mhaoiníonn é who establish and finance it
" Ach is annamh a bhíonn struchtúr ar bith neamhspleách ar an dream a bhunaíonn agus a mhaoiníonn é agus, dá réir, ní chreidim go mbeidh seo inghlactha ach oiread.
ó bunaíodh í since it was established
" Na laethanta seo, bíonn ceithre rang Gaeilge ar siúl gach téarma agus tuairim is 60-70 mac léinn ag freastal orthu (bhí suas le 110 mac léinn ar na rollaí am amháin), agus tá tuairim is 600-700 i ndiaidh freastal ar an scoil thar na blianta ó bunaíodh í.
á bhunú being established
" Bhí ionad nua Gàidhlig á bhunú ar an oileán - Ionad Chaluim Chille - agus theastaigh ó Londain féachaint an ndéanfadh an fótavoltachas cúis ann.
bunaithe based
" Níl mórán suime agam in an-chuid den cheol nuachumtha, ach amháin na píosaí ceoil atá bunaithe ar an traidisiún, cosúil leis na tiúin a chum Seán Ryan, Josie McDermott, John Brady agus araile.
bunú establishment
" Ba é David Trimble a mhol bunú an IMC le solas a dhíriú ar na paramílitigh.
bunú establishing
" Chaith sí go leor dua le bunú cumann úr fud fad na Sé Chontae agus aithníodh an tsárobair a rinne sí i 1978 nuair a roghnaíodh í mar chathaoirleach ar an pháirtí, an chéad bhean a bhain cathaoirleacht amach i bpáirtí ar bith polaitíochta ó thuaidh.
bhunú an Chumainn the founding of the Association
" I gcás na hiomána, cuireann sé an cheist is cóir a chur ar Chumann Lúthchleas Gael: cén fáth, 120 bliain tar éis bhunú an Chumainn, nach bhfuil an iománaíocht á himirt go forleathan taobh amuigh de na limistéir chéanna ina raibh sí láidir in 1884? Cuireann sé staid na hiomána i gcomparáid le staid na Gaeilge.
bunaithe ar an gcóras oideachais based on the education system
" I bhfocail eile, tá gá le córas bunaithe ar an gcóras oideachais, is é sin áiseanna a bheith i ngach scoil sa tír agus oiliúnóirí/múinteoirí speisialta chun na gasúir a oiliúint i gceart.
tar éis a bhunaithe after its founding
" I Vinegar Hill a tharla an chéad éirí amach sa gcoilíneacht nua, sé bliana déag tar éis a bhunaithe i 1788.
bunaithe orthu based on them
" Amuigh ansin, áit eigin sa strataisféar, beidh satailít dírithe ar Chorcaigh a chuirfidh íomhánna ar fáil agus déanfaidh na cniotálaithe léarscáil a dhearadh bunaithe orthu.
bhunú establishment
" Is é cuspóir an bhille seo leasú a dhéanamh ar an reacht féinrialach Bascach chun Saorstát Bascach a bhunú a bheadh ceangailte le Stát na Spáinne.
bunaithe ar based on
" Tá cuid acu bunaithe ar dhaoine a bhí beo sa naoú céad déag nó ag tús an fichiú céad, ar nós Jack Riley ("the Man from Snowy River") agus a chumas leis na capaill.
á mbunú ina n-áit being established in their place
" Cé go bhfuil na bancanna móra ag imeacht, tá bancanna réigiúnacha á mbunú ina n-áit.
bhunú an tSaorstáit the foundation of the Free State
" Ach má tá béim le cur ar *chuimhne* ba cheart dúinn ráiteas úd James Craig - "A Protestant parliament for a Protestant people" - a choinneáil i gcuimhne, díreach mar ba cheart dúinn an chaoi ar thit daonra na bProtastúnach ó dheas tar éis bhunú an tSaorstáit a choinneáil i gcuimhne.
bunaithe ar an fhírinne based on the truth
" Ionsaí ======= Tá miotaseolaíocht ann (bunaithe ar an fhírinne) gur shábháil an IRA an Trá Ghearr i mí an Mheithimh 1970 nuair a d'ionsaigh ollscaifte Protastúnach í.
fógrófar sonraí an chiste a bhunófar details will be announced of the fund to be established
" " Ar an 16 Márta in Óstán an Hilton i mBéal Feirste, ag oíche bhliantúil na nGaelscoileanna ó thuaidh, fógrófar sonraí an chiste a bhunófar le hairgead Eoin Mhic Thiarnáin.
bhunú an pháirtí the founding of the party
" B’fhéidir gur ar chomóradh 100 bliain bhunú an pháirtí a bhí ceannairí Shinn Féin ag súil le bheith ag caint i mbliana ach, ina ionad sin, ó thús 2005 táid ag séanadh líomhaintí go bhfuil gluaiseacht na poblachta freagrach as robáil bainc, sciúradh airgid agus dúnmharú fir i mBéal Feirste.
bunaithe orthu based on them
" “Rinne mé féin sraith cláracha do RTÉ, *The Years of Change*, a bhí go hiomlán bunaithe orthu.
bunaithe ar fhigiúirí daonáirimh based on census figures
" Ní chuirfear an cóimheá idir cainteoirí Gaeilge agus Béarla i gceantair Ghaeltachta as a riocht mar go mbeidh an céatadán de thithe a chuirfear ar leataobh do Ghaeilgeoirí bunaithe ar fhigiúirí daonáirimh i leith líon na gcainteoirí Gaeilge sa cheantar.
bunaithe ar an fhírinne based on truth
" Ach cén fáth a gcreidfeá aon scéal eile i nuachtán atá sásta deargchumadóireacht den chineál thuas a chur i gcló? Nuair a d’fhoilsigh *The Sun *na Breataine scéalta ar nós *“Freddie Starr Ate My Hamster”* (níor ith!) agus gur chuir Comhairle Bhrent cosc ar mhálaí bruscair dubha mar go raibh siad ciníoch (níor chuir!), thug siad le fios don saol mór nach gá go mbeadh a gcuid scéalta bunaithe ar an fhírinne.
bhunú foundation
" Tá scéal an Hector mar chuid de scéal bhunú Nova Scotia agus sa bhliain 2000 cuireadh ar snámh macasamhail chuimsitheach den Hector san fharraige ag Pictou.
bunaithe based
" “Bhí cuid áirithe den chlúdach a fuair muid ó chuid de na meáin Bhéarla aontaobhach go maith, cuid de bunaithe ar mhíthuiscintí agus ar dhoiléireacht.
bunaithe established
" Faoin bhliain 1999, mar shampla, bhí Comhairle nan Eilean agus Parlaimint na hAlban bunaithe mar thoradh ar an phróiseas díláraithe cumhachta sa Bhreatain agus Comhaontú Aoine an Chéasta sa tuaisceart, agus chruthaigh sé seo comhthéacs nua polaitiúil ina bhféadfadh tionscadail mar *An Leabhar Mór *bláthú.
go mbunódh muid ár ngnólachtaí féin that we would establish our own businesses
" “Sa cheathrú bliain b’éigean dúinn plean gnó a chur le chéile, so bhí sé mar aidhm fhadtéarmach ag an gcúrsa go mbunódh muid ár ngnólachtaí féin agus is dócha gur sin an ghné is mó a thaitin liom agus a mheall mé chuig an gcúrsa sin, agus toisc go raibh sé trí mheán na Gaeilge.
gur ghá bunscoil a bhunú that it was necessary to establish a primary school
" I ndiaidh tamaill, mheas siad gur ghá bunscoil a bhunú, agus d'oscail siad Scoil an Droichid i 1996.
bunaíodh coistí committees were established
" Amanna eisíodh plécháipeisí faoin ábhar agus bunaíodh coistí.
bunaithe ar chur i gcéill based on pretence
" Ní féidir aon dul chun cinn a dhéanamh bunaithe ar chur i gcéill.
á mbunú being established
" Cén fhís atá agat féin maidir leis an Ghaeilge? Ag breathnú ar an mhéid bunscoileanna lán-Ghaelacha atá á mbunú ar fud na tíre, ar an mhéid clubanna óige atá á mbunú ag na hógeagraíochtaí Gaeilge, agus ar an dearcadh nua atá ag na "seandaoine" ar an chéad ghlúin eile, bheinn ag súil go mbeidh an teanga faiseanta i measc óige na hÉireann agus go mbeidh siad in ann í a thógáil ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile.
atá á mbunú that are being established
" Cén fhís atá agat féin maidir leis an Ghaeilge? Ag breathnú ar an mhéid bunscoileanna lán-Ghaelacha atá á mbunú ar fud na tíre, ar an mhéid clubanna óige atá á mbunú ag na hógeagraíochtaí Gaeilge, agus ar an dearcadh nua atá ag na "seandaoine" ar an chéad ghlúin eile, bheinn ag súil go mbeidh an teanga faiseanta i measc óige na hÉireann agus go mbeidh siad in ann í a thógáil ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile.
a bunaíodh which were established
" Tar éis gur chuir na Sasanaigh an ruaig ar na hÍsiltírigh i Nieuw Amsterdam (Nua-Eabhrac anois) i 1664, b’ag cainteoirí an Bhéarla a bhí an svae sna 13 choilíneacht a bunaíodh ar chósta thoir na mór-roinne nua seo, agus d’fhan an Béarla in uachtar thar na céadta tonn inimirce a bhris ar chóstaí na tíre seo ó shin i leith, bíodh na tonnta sin ó Éirinn, Albain, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Rúis, an Pholainn, an Iodáil, nó an tSín.
bunaithe ar bhréag based on a lie
" Amaidí agus ábhar maslach, a deir urlabhraithe na hEaglaise Chaitlicí é an scannán *The Da Vinci Code* agus go háirithe an tuairim a chuireann sé chun cinn go bhfuil cumhacht na hEaglaise Caitlicí bunaithe ar bhréag, bréag atá á ceilt leis na mílte bliain.
bunaithe ar fhigiúirí daonáirimh based on census figures
" Is chuige sin atá an choinníoll teanga de dhíth mar go mbeidh an céatadán de thithe a chuirfear ar leataobh do Ghaeilgeoirí bunaithe ar fhigiúirí daonáirimh i leith líon na gcainteoirí Gaeilge sa cheantar.
le tionscadal tras-teorainn a bhunú to establish a cross-border project
" “Nuair a chuaigh sé isteach i bhForaois na Gaeilge, agus nuair a bhí siad siúd ag lorg duine le tionscadal tras-teorainn a bhunú, cé eile a gheobhaidís ach Fear Dia? Cé eile a mbeadh tuigbheáil chomh leathan sin aige; cé eile a mbeadh taithí chomh mór sin aige ar an dá thaobh de gach rud a fheiceáil? "Chuir George Bush fios air, ar son NASA, le fáil amach cén dreach a bhí ar an taobh eile de Pluto, ach ní raibh Éamó Ó Caoimhnis sásta scaradh leis, fiú ar an trí chéad milliún a bhí na Poncánaigh ag tairiscint.
a bhunú to establish
" An aisling a bhí ag George Bain ná Coláiste na gCultúr Ceilteach a bhunú sna Garbhchríocha, áit a rachadh daoine áitiúla le staidéar a dhéanamh ar an ealaín, an drámaíocht, an stair agus an talmhaíocht.
bunaithe ar eachtra based on an incident
" Tá an méid seo bunaithe ar eachtra a thit amach i 1982, nuair a dhúisigh banríon Shasana maidin amháin i bPálás Buckingham agus fear ina shuí ar cholbha a leapa.
a bhunaigh an comhlacht who established the company
" Ba in aice le Hillsborough i gContae an Dúin a rugadh Harry Ferguson, an fear a bhunaigh an comhlacht a rinne na tarracóirí.
a bhunú to establish
" Bhí siad páirteach freisin sa bhfeachtas chun Raidió na Gaeltachta a bhunú.
go mbunófaí rialtas buanseasmhach that a stable government be formed
" Ainneoin an ghoimh agus na binbe idir an dá pháirtí sin, ní bheadh sé dodhéanta acu comhghéilleadh áirithe a dhéanamh ar a bpolasaithe ar an bhonn gurb é an leas coitianta agus náisiúnta é go mbunófaí rialtas buanseasmhach.
ó bunaíodh é since it was established
" Tá méadú agus forbairt tagtha ar an nGradam seo ó bunaíodh é cúig bliana ó shin agus chun na forbairtí nua seo a léiriú beidh an Gradam roinnte in dhá chatagóir i mbliana: comhlachtaí a bhfuil níos lú ná fiche fostaí acu agus comhlachtaí a bhfuil níos mó ná an líon sin ag obair iontu.
a bhunaigh mainistir who established a monastery
" Bhí mé ag déanamh an turais chéanna is a rinne naomh ón 6ú haois darbh ainm Moluag, a bhunaigh mainistir ar an oileán.
bunú an chóir tráchta the establishment of the traffic corps
" Cén saghas teachtaireachta a thugann a leithéid do thiománaithe na tíre? Is céim mhór chun tosaigh bunú an chóir tráchta agus an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre ach caithfear na hacmhainní a chur ar fáil dóibh chun gur féidir leo a gcuid oibre a dhéanamh go héifeachtach.
bunaithe ar iar-iarrthóirí based on former candidates
" An fiú dúinn aird a thabhairt ar na healaíontóirí a bhíonn ar taispeáint ann nó an séitéireacht chliste a bhíonn ar siúl acu – éadaí nua an impire, mar a déarfá? Is é an déantóir scannán Phil Collins an duine is mó as an cheathrar atá ar ghearrliosta an chomórtais atá ag díriú ar cheist an ionracais leis an tsraith cláracha a rinne sé bunaithe ar iar-iarrthóirí cláracha de chuid Theilifís na Réaltachta.
Bunaíodh é it was founded
" Bunaíodh é beagnach 20 bliain ó shin nuair a chuir fear as an mBreatain, Martin Copley, a chuid airgid féin isteach ann le hionaid chaomhnaithe a cheannach.
gur bunaíodh go gairmiúil é that it was professionally established
" Leath an cluiche amach i measc choláistí na hAontachta uilig go dtí go raibh an méid sin suime sa spórt gur bunaíodh go gairmiúil é in Ohio i 1920.
troid bunaithe ar thaicticí a fight based on tactics
" Nil duine ar bith ag dúil le *ko* ach le troid bunaithe ar thaicticí agus an poblachtánachas agus an t-aontachas i ndeabhaidh pholaitíochta.
bunaithe ar riachtanais an tsaoránaigh based on the needs of the citizen
" Tá sé róluath le hainm a thabhairt ar an tréimhse ina bhfuil muid faoi láthair, tréimhse ina bhfuil – tá súil againn – tús á chur le polaitíocht úr bunaithe ar riachtanais an tsaoránaigh ó thuaidh.
bunaithe ar an eolas is déanaí based on the latest information
" Tá gá le measúnú agus monatóireacht rialta a dhéanamh ar pholasaithe agus ar thorthaí na bpolasaithe, bunaithe ar an eolas is déanaí faoi rannpháirtíocht sa spórt.
bunú an tSaorstáit the founding of the Free State
" Cé go raibh críoch chaithréimeach leis an scannán *Mise Éire *a tháinig amach dhá bhliain roimhe sin, ní hamhlaidh do *Saoirse?* An chúis atá leis sin ná go gcuimsíonn sé tréimhse inar tharla ní hamháin Cogadh na nDubhchrónach, an sos cogaidh, an Conradh, bunú an tSaorstáit agus córas rialtais Stormont ach ar ndóigh mórthubaiste an Chogaidh Chathartha freisin.
Bunaithe ar based on
" Bunaithe ar scéal as an bhéaloideas atá an scéal.
rialtas a bhunú. to form a government.
" Ghair an Taoiseach Bertie Ahern olltoghchán ar an 29 Aibreán, tharla an toghchán níos lú ná ceithre seachtaine ina dhiaidh sin, agus níl le déanamh anois ag na páirtithe éagsúla ach rialtas a bhunú.
bunú agus forbairt the establishment and development
" Tá sé ina bhall de bhord Choimisiún Scannán agus Teilifíse Thuaisceart Éirinn leis na blianta agus bhí baint lárnach aige le bunú agus forbairt an Chiste Craoltóireachta Gaeilge fosta.
bunaithe ar thaighde a rinneadh cheana féin based on research conducted before
" Tá an obair seo bunaithe ar thaighde a rinneadh cheana féin sna Stáit Aontaithe, taighde ar cuireadh stop leis sa bhliain 1996 toisc nach raibh praghas an bhreosla ag an am sin ard go leor chun costais an taighde a chosaint.
bunú na Ceathrún Gaeltachta. the establishment of the Gaeltacht Quarter.
" Measann sé, cuir i gcás, gur forbairt an-chorraitheach é an dul chun cinn atá déanta maidir le bunú na Ceathrún Gaeltachta.
grúpa ar leith a bhunú to establish a special group
" Réiteach amháin atá molta le déanaí ná grúpa ar leith a bhunú chun an córas smachta a láimhseáil.
cláracha MA á mbunú MA programmes being established
" Ceapadh é le bheith ina chomhairleoir agus cláracha MA á mbunú in Cluj agus in Gdansk.
bunaithe ar thaighde ar chúinsí based on research on factors
" Tá na moltaí seo bunaithe ar thaighde ar chúinsí mar an costas maireachtála, costas tithíochta, boilsciú, etc.
bunaithe, established,
" Dhá bhliain níos déanaí agus an fhéile bunaithe, lonnaithe cois tábhairne ceanúil Uí Mhurchú, nasctha leis an bpobal áitiúil agus an-dea-eagraithe, seo muidne ann, na cailíní ag damhsa go corpchuara chun tosaigh, na buachaillí ina seasamh go craos-shúileach sna heití, an ceol dainséarach, diamhair agus allas stoirmiúil, gáirsiúil, brothallach i lár an tsamhraidh ag meascadh go meangúil san oíche.
bunaithe ar chreideamh based on religion
" Tá scoileanna atá bunaithe ar chreideamh á ndruid mar gheall ar thitim i líon na ndaltaí in áiteacha a mbeadh scoil amháin imeasctha inmharthana.
chun a gcuid ríochtaí féin a bhunú. to establish their own kingdoms.
" B'éigean do na sléibhte eile an ceantar a fhágáil chun a gcuid ríochtaí féin a bhunú.
Bhunaíodar a gcumann féin, They establised their own association,
" Bhunaíodar a gcumann féin, bunaithe ar rialacha peile a tháinig as scoil Rugby, agus dá réir, thugadar Rugby Football Union orthu féin.
bunaithe ar rialacha peile based on football rules
" Bhunaíodar a gcumann féin, bunaithe ar rialacha peile a tháinig as scoil Rugby, agus dá réir, thugadar Rugby Football Union orthu féin.
bunaíodh sraithchomórtas idir na seanollscoileanna, a league was established between the old universities,
" Leath an cluiche amach ó na hollscoileanna mór le rá ar an gcósta thoir, agus roimh i bhfad, bunaíodh sraithchomórtas idir na seanollscoileanna, ar a tugadh The Ivy League.
Ba é seo aimsir bhunaithe agus fháis na n-ollscoileanna móra stáit This was the period during which state universities were establised and grew
" Ba é seo aimsir bhunaithe agus fháis na n-ollscoileanna móra stáit freisin, agus taobh istigh de scór bliain nó mar sin bhí ollscoileanna ag imirt an spóirt nua seo ó chósta go cósta.
bunaithe ar leabhar based on a book
" Rinne Tom scannán eile a stiúradh dar teideal Hush-a-Bye Baby, ar dhráma é, agus tá seans ann go stiúrfaidh sé scannán bunaithe ar leabhar de chuid Séamus Deane, a bhfuil Reading in the Dark mar theideal air, san am atá romhainn.
bunaithe. based
" Ag tabhairt faoi KingsAch cén fáth ar chuir sé spéis an chéad lá riamh i ndráma de chuid Jimmy Murphy dar teideal *Kings of the **Kilburn High Road,* an saothar ar a bhfuil an scannán Kings bunaithe.
gurbh eisean ba chúis lena mbunú. that he was responsible for their foundation
" Tá iarrthóir de chuid an rialtais reatha ag maíomh gurbh eisean ba chúis lena mbunú.
ag am a bhunaithe at the time of its founding
" Maidir leis an gcéad chiste a luadh, Fís agus Fuaim, bhíothas ag tuar ag am a bhunaithe go n-athródh sé an earnáil léirithe neamhspleách ó bhonn, an earnáil léirithe Ghaeilge ach go háirithe.
bhunaigh sé he founded
" "D'éirigh sé as a staidéar agus bhunaigh sé grúdlann bheag.
gur bunaíodh polasaí náisiúnta that national policy was based
" Anuas air sin, dúradh gur bunaíodh polasaí náisiúnta ar thuairisc cigire a scríobhadh i leith scoil amháin i dTrá Lí, agus gur tugadh an chluas bhodhar don mhéid a bhí le rá ag Gaelscoileanna, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG) nó Foras na Gaeilge ar an ábhar.
lena bhunú. with its foundation
chun náisiún cónaidhme neamhspleách a bhunú. to found an independent federated nation
" Cuireadh feachtas ar bun le cur ina luí ar dhaoine sna coilíneachtaí éagsúla gur ghá dóibh teacht le chéile chun náisiún cónaidhme neamhspleách a bhunú.
bunaithe ar thaithí phearsanta. based on first hand experience.
" Tá a thuairimí maidir le coimhlintí éagsúla agus maidir le huafás na cogaíochta bunaithe ar thaithí phearsanta.
fógraíocht a bhí bunaithe ar na heochairfhocail advertising which was based on the key words in the email itself
" Conspóid nuaBhí an chonspóid seo ar fad ag Google roimhe seo nuair a thosaigh siad an tseirbhís ríomhphoist Gmail le fógraíocht mar chuid de – fógraíocht a bhí bunaithe ar na heochairfhocail a bhí sna teachtaireachtaí ríomhphoist féin.
siad ar fad bunaithe ar véarsaíocht dhúchasach Chonamara. they are all based on verses which are native to Conamara
" Is é an snáth a cheanglaíonn na dánta ar fad le chéile ná go bhfuil siad ar fad bunaithe ar véarsaíocht dhúchasach Chonamara.
an chéad bhean de bhunú Áiseach the first woman of Asian stock
" Tá an Seanadóir Penny Wong – an chéad bhean de bhunú Áiseach a toghadh chun na parlaiminte náisiúnta riamh – ina measc.
dhá cheann de bhallstáit bhunaithe an Aontais Eorpaigh, two of the founding states of the EU
" Leagan úr - sin é, níl ach mionathruithe déanta air - is ea an conradh seo de Bhunreacht na hEorpa a aontaíodh i 2004, ach a thug dhá cheann de bhallstáit bhunaithe an Aontais Eorpaigh, an Fhrainc is an Ísiltír, eiteachas dó an bhliain dar gcionn.
a bheadh bunaithe ar mhianta phobal na mballstát which would be based on the wishes of the memberstates
" Déanann a leithéid de mhaistíneacht beag is fiú den imní atá ar dhaoine áirithe faoin luas lasrach - seachas éabhlóid nádúrtha a bheadh bunaithe ar mhianta phobal na mballstát – atá faoi Aontas na hEorpa le scór bliain anuas.
ó uair a bhunaithe from the time of its establishment
" "Fíbín: pléascadh lúcháire agus sonais" Ba sa bhliain 2003 a bunaíodh Fíbín agus ó uair a bhunaithe tá aisteoirí de chuid an chompántais puipéad ag cur gliondair ar chroí na ndaoine a fhreastalaíonn ar a gcuid seónna.
compántas a bhunú. to establish a company.
" ” I ndiaidh dóibh an tsraith a chur i gcrích, shocraigh cuid acu a bhí páirteach sa chúrsa gur chóir dóibh compántas a bhunú.